EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0593

Cás C-593/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Cluj (an Rómáin) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2022 – FS agus WU v First Bank SA

IO C 472, 12.12.2022, p. 31–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/31


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Cluj (an Rómáin) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2022 – FS agus WU v First Bank SA

(Cás C-593/22)

(2022/C 472/35)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Specializat Cluj

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: FS, WU

Cosantóir: First Bank SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 1(2) de Threoir 93/13/CEE (1) ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chiall

(a)

nach mór do “t[h]éarma conarthach ina léirítear forálacha reachtúla” an riail dhlíthiúil chomhfhreagrach san fhoráil reachtúil sin a atáirgeadh, go hiomlán nó go páirteach;

(b)

nach mór do “t[h]éarma conarthach ina léirítear forálacha reachtúla” tagairt shainráite don riail dhlíthiúil chomhfhreagrach san fhoráil reachtúil ábhartha a bheith ann;

nó, mar mhalairt air sin,

(c)

sa chiall, i gcás cinnidh go bhfuil eisiamh ann ó raon feidhme na hanailíse ar éagóir téarma chonarthaigh faoi Airteagal 1(2) de Threoir 93/13/CEE, gur leor riail ghinearálta an dlí shibhialta a chur i bhfeidhm ar dá réir a fhorlíontar conarthaí le dlí, in éagmais aon tagairt nó tagairt shonrach don riail dhlíthiúil chomhfhreagrach san fhoráil reachtach ábhartha?

2.

An gcaithfear forálacha Airteagal 1(2) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léiriú sa chiall, i gcomhthéacs an chórais dlí speisialta chun cearta tomhaltóirí a chosaint, go bhfuil sé iomarcach a mheas go bhfuil oibleagáid ar an tomhaltóir a bheith ar an eolas faoi inneachar fhorálacha dlíthiúla uile na bhforálacha reachtúla lena bhforlíontar an conradh, in éagmais faisnéis roimh ré ón díoltóir nó ón soláthróir chun na críche sin?


(1)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993, L 95, lch. 29).


Top