EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0569

Cás C-569/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-533/16, YV agus páirtithe eile v an Coimisiún

IO C 441, 21.11.2022, p. 14–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/14


Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-533/16, YV agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-569/22 P)

(2022/C 441/19)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: YV (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, YW, YZ, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-533/16, YV agus páirtithe eile v an Coimisiún a chur ar neamhní;

an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim;

a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go ndearnadh sárú ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta.


Top