EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0564

Cás C-564/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag LSEGH (Luxembourg) Ltd, London Stock Exchange Group Holdings (Italy) Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 8 Meitheamh 2022 i gCásanna uamtha T-363/19 agus T-456/19, an Ríocht Aontaithe agus ITV v an Coimisiún

IO C 441, 21.11.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/11


Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag LSEGH (Luxembourg) Ltd, London Stock Exchange Group Holdings (Italy) Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 8 Meitheamh 2022 i gCásanna uamtha T-363/19 agus T-456/19, an Ríocht Aontaithe agus ITV v an Coimisiún

(Cás C-564/22 P)

(2022/C 441/15)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: LSEGH (Luxembourg) Ltd, London Stock Exchange Group Holdings (Italy) Ltd (ionadaithe: A. von Bonin, Rechtsanwalt, O.W. Brouwer agus A. Pliego Selie, advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ITV plc

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt agus Cinneadh (AE) 2019/1352 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2019 maidir le Státchabhair SA.44896 arna chur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe maidir le Díolúine um Mhaoiniú Grúpa Cuideachtaí Eachtracha Rialaithe (1) (“an cinneadh a chonspóidtear”) a chur ar neamhní;

nó mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta lena chinneadh i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí sin agus na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí shaobhadh a dhéanamh ar an dlí náisiúnta agus faillí a dhéanamh ar fhianaise agus an córas tagartha á aithint aici mar rialacha na Ríochta Aontaithe maidir le cuideachtaí faoi rialú eachtrach i gCuid 9A den Taxation (International and Other Provisions) Act 2010 (an tAcht Cánachais (Forálacha Idirnáisiúnta agus Forálacha Eile) 2010) (an “TIOPA”), seachas córas cánachais chorparáidigh na Ríochta Aontaithe ar cuid doscartha de iad.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear fiú dá mba rialacha na Ríochta Aontaithe maidir le cuideachtaí faoi rialú eachtrach a bheadh sa chóras tagartha, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus í ag sainaithint chuspóir an chórais tagartha, agus dá bhrí sin rinne sí botún maidir leis na forálacha i gCaibidil 5 de rialacha na Ríochta Aontaithe maidir le cuideachtaí faoi rialú eachtrach a shainaithint mar chinn lena gcinntear an “gnáth” chánachas ar bhrabúis airgeadais neamhthrádála sa chaoi is go dtabharfadh an “díolúine um mhaoiniú grúpa” i gCaibidil 9 de Chuid 9A den TIOPA “buntáiste” dóibh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí maidir le teacht ar bhuntáiste roghnach. Go háirithe, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí theacht ar chonclúid mícheart go raibh oibreoirí eacnamaíocha, a bhí in ann leas a bhaint as an “díolúine um mhaoiniú grúpa” i gCaibidil 9 de Chuid 9A den TIOPA, i staid inchomparáide dlí agus fíorasach le cuideachtaí, nach raibh.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263 CFAE agus Airteagal 296 CFAE toisc gur mhainnigh sí aghaidh a thabhairt ar phléadálacha dlí agus gur sháraigh sí a dualgas cúiseanna a lua, toisc gur chuir an Chúirt Ghinearálta a réasúnaíocht féin in ionad réasúnaíochta an Choimisiúin sa chinneadh a chonspóidtear.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí nuair a chinn sí bonn cirt a chur ar an “díolúine um mhaoiniú grúpa” i gCaibidil 9 de Chuid 9A den TIOPA de bharr nádúr ná struchtúr foriomlán an chórais tagartha.


(1)  IO 2019 L 216, lch. 1.


Top