EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0541

Cás C-541/22 P: Achomharc arna thabhairt an 11 Lúnasa 2022 ag Araceli García Fernández agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-523/17, Eleveté Invest Group agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

IO C 441, 21.11.2022, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/5


Achomharc arna thabhairt an 11 Lúnasa 2022 ag Araceli García Fernández agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-523/17, Eleveté Invest Group agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

(Cás C-541/22 P)

(2022/C 441/10)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: Araceli García Fernández, Faustino González Parra, Fernando Luis Treviño de Las Cuevas, Juan Antonio Galán Alcázar, Lucía Palazuelo Vallejo-Nágera, Macon, SA, Marta Espejel García, Memphis Investments Ltd, Pedro Alcántara de la Herrán Matorras, Pedro José de Jesús Benito Trebbau López, Pedro Regalado Cuadrado Martínez, María Rosario Mari Juan Domingo (ionadaithe: B. M. Cremades Román, J. López Useros, S. Cajal Martín agus P. Marrodán Lázaro, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Eleveté Invest Group, SL, Antonio Bail Cajal, Carlos Sobrini Marín, Edificios 1326 de l'Hospitalet, SL, Juan José Homs Tapias, Anna María Torras Giro, Marbore 2000, SL, Tristán González del Valle, an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair (BRA), Ríocht na Spáinne, Banco Santander, SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

(i)

a aithint gur taisceadh an t-achomharc agus na doiciméid tacaíochta a ghabhann leis, chomh maith leis na héilimh a dhéantar ann;

(ii)

i gcomhréir le hAirteagal 256 CFAE, Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 170 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, rialú a dhéanamh mar seo a leanas:

(a)

breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní ina iomláine nó, de rogha air sin, a chur ar neamhní go páirteach, de réir na dtéarmaí a leagtar amach i gCodanna III agus IV den achomharc;

(b)

breithiúnas a thabhairt atá i gcomhréir le pointe 219 den chaingean;

(c)

a ordú do BRA agus don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc;

(d)

a ordú do BRA agus don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí seo a íoc;

(e)

a ordú go bhfabhróidh ús cúiteach ar na suimeanna go léir a bronnadh ar na hachomharcóirí ón 23 Bealtaine 2017 (nó, mar mhalairt rogha, ón 7 Meitheamh 2017) go dtí dáta craolta an bhreithiúnais agus, chomh maith leis sin, go bhforbróidh ús mainneachtana orthu ó dháta an bhreithiúnais, cé is moite de na costais a bhaineann leis na himeachtaí seo, nach bhfabhrófar ach ús mainneachtana orthu ó dháta an bhreithiúnais; agus

(f)

aon leigheas breise a mheastar a bheith cuí de réir an dlí a dheonú do na hachomharcóirí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Conspóideann na hachomharcóirí gach forais dlí agus an chuid oibríochtúil de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta ar an mbonn, inter alia, go gcuirtear é ó bhail mar gheall ar roinnt earráidí maidir le léiriú agus i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais, réasúnaíocht neamhleor agus fhrithráiteach, agus earráidí maidir le haicmiú agus iarmhairtí dlíthiúla na bhfíoras agus measúnú na fianaise.

Chuige sin, maíonn na hachomharcóirí ceithre fhorais achomhairc mar thaca lena n-éilimh.

An chéad fhoras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair (“SRMR”).

Sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí léiriú ar agus cur i bhfeidhm earráideach d’Airteagal 18(1)(a) de SRMR i ndáil leis an gá le cúnamh leachtachta, sárú ar oibleagáidí rúndachta, agus léiriú ar phrionsabal an dea-riaracháin. Sa dara cuid den chéad fhoras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí réasúnaíocht neamhleor agus léiriú earráideach ar Airteagal 18(1)(b) de SRMR. Chuige sin, maítear nach raibh Banco Popular Español dócmhainneach agus go raibh roghanna malartacha eile ar fáil do BRA nach mbeadh chomh díobhálach sin. Sa tríú cuid den chéad fhoras achomhairc maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 18(1)(c) de SRMR.

An dara foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta Airteagal 20 de SRMR a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart. Chuige sin, éilítear earráidí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 20(1), (5), (7), (9), (10) agus (11) de SRMR. Thairis sin, sa chúigiú cuid den dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an chirt chun rochtana ar an gcomhad díshealbhaíochta, toisc a réasúnaíocht a bheith ar neamhréir le forálacha Chairt um Cearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an chéad Phrótacail leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha. Sa séú cuid den dara foras achomhairc, maíonn na hachomharcóirí earráid dlí maidir le measúnú na hoibleagáide cúiseanna a lua.

Tá an tríú foras achomhairc bunaithe ar an éileamh ar chúiteamh i ndáil le cur ar neamhní an chinnidh atá faoi chonspóid agus áirithiú na n-éifeachtaí a ghabhann leis.

An ceathrú foras achomhairc, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm SRMR i leith an éilimh ar dhliteanas neamhchonarthach atá neamhspleách ón éileamh ar neamhniú. Leis an gcéad chuid den cheathrú foras achomhairc, déantar anailís ar an gcaoi go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid follasach trí aithris 116 agus Airteagail 88 agus 91 de SRMR agus Airteagal 339 CFAE a léiriú agus a chur i bhfeidhm le caighdeán cosanta i bhfad níos ísle ná an caighdeán arna leagan síos ag an Aontas maidir le réiteach banc. Ag an am céanna, maítear earráid maidir le SRMR a léiriú agus a chur i bhfeidhm de shárú ar dhualgas an díchill chuí. Ar deireadh, sa dara cuid den cheathrú foras achomhairc, maítear earráid maidir le hAirteagal 20(15) agus (16) de SRMR a léiriú agus a chur i bhfeidhm, agus mainneachtain freagra réasúnaithe a thabhairt.


(1)  IO 2014 L 225, lch. 1.


Top