EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0529

Cás T-529/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Lúnasa 2022 – PA v trendtours Touristik GmbH

IO C 441, 21.11.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/5


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 9 Lúnasa 2022 – PA v trendtours Touristik GmbH

(Cás T-529/22)

(2022/C 441/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir: PA

Cosantóir agus freagróir: trendtours Touristik GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 (1) an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 agus Treoir 2011/83/EU agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/EEC ón gComhairle (“an Treoir maidir le taisteal láneagraithe”) a léiriú sa chaoi go bhforáiltear ceart chun foirceannadh leis – de bhreis ar an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) den Treoir sin – nach mbeidh feidhm ag a iarmhairtí dlíthiúla ach amháin má dhéanann an taistealaí agairt, ina dhearbhú foirceanta, go bhfuil imthosca dosheachanta agus urghnácha a tharlaíonn ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht agus a dhéanann difear suntasach d’fheidhmíocht an phacáiste, nó a dhéanann difear suntasach d’iompar paisinéirí chuig an gceann scríbe?

2.

An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir maidir le taisteal láneagraithe a léiriú sa chaoi nach dtagann deireadh le hoibleagáid táille foirceanta a íoc i gcás nach luann an taistealaí cúis le deireadh a chur leis an bpacáiste agus nach dtugann sé údar leis an bhfoirceannadh ach amháin ina dhiaidh sin faoi threoir imthosca dosheachanta agus urghnácha tráth an fhoirceanta, á chinneadh trí bhíthin prognóis, nó a tharlaíonn tráth an taistil ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht agus a dhéanann difear suntasach d’fheidhmíocht an phacáiste, nó a dhéanann difear suntasach d’iompar paisinéirí chuig an gceann scríbe?


(1)  IO 2015 L 326, lch. 1.


Top