EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0511

Cás T-511/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Iúil 2022 – AQ v trendtours Touristik GmbH

IO C 441, 21.11.2022, p. 4–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 441/4


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Iúil 2022 – AQ v trendtours Touristik GmbH

(Cás T-511/22)

(2022/C 441/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AQ

Cosantóir: trendtours Touristik GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“an Treoir maidir le taisteal láneagraithe”) a léiriú sa chaoi go bhforáiltear ceart chun foirceannadh leis – de bhreis ar an gceart dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) den Treoir sin – nach mbeidh feidhm ag a iarmhairtí dlíthiúla ach amháin má dhéanann an taistealaí an ceart sin a agairt ina dhearbhú foirceanta?

2.

An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir maidir le taisteal láneagraithe a léiriú sa chaoi nach dtagann deireadh le hoibleagáid táille foirceanta a íoc i gcás nach luann an taistealaí cúis ina dhearbhú maidir le foirceannadh an chonartha taistil láneagraithe nó a luann sé cúis nach mbaineann le himthoisc dhosheachanta agus urghnách?


(1)  IO 2015 L 326, lch. 1.


Top