Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0429

    Cás C-429/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – VK v N1 Interactive Ltd.

    IO C 451, 28.11.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 451/8


    Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – VK v N1 Interactive Ltd.

    (Cás C-429/22)

    (2022/C 451/11)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Oberlandesgericht Wien

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Achomharcóir: VK

    Freagróir: N1 Interactive Ltd.

    An cheist a tharchuirtear:

    An gcaithfear Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 (1) maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (“Rialachán na Róimhe I”) a léiriú sa chaoi nach bhfuil dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir infheidhme i gcás ina bhfuil an dlí is infheidhme faoi Airteagal 4 de Rialachán na Róimhe I, a bhfuil an t-iarratasóir ag iarraidh a chur i bhfeidhm agus a bheadh infheidhme mura raibh stádas tomhaltóra ag an iarratasóir, níos fabhraí don iarratasóir?


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6).


    Top