EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0420

Cás C-420/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 24 Meitheamh 2022 – NW v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus Miniszterelnöki Kabinetirodát vezető miniszter

IO C 451, 28.11.2022, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/7


Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 24 Meitheamh 2022 – NW v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus Miniszterelnöki Kabinetirodát vezető miniszter

(Cás C-420/22)

(2022/C 451/10)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Szegedi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NW

Cosantóir: Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság, Miniszterelnöki Kabinetirodát vezető miniszter

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 10(1) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, (1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) – agus, sa chás áirithe seo, le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt – ná go ndlitear ar údarás Ballstáit a ghlac cinneadh lena dtarraingítear siar doiciméad cónaithe fhadtéarmaigh, arna dheonú cheana féin do náisiúnach tríú tír, ar bhonn na slándála náisiúnta, an bheartais phoiblí agus/nó na slándála poiblí, agus go gceanglaítear ar údarás speisialaithe an Bhallstáit a chinneann rúndacht na faisnéise, a áirithiú go ráthaítear i gcás ar bith, go mbeadh ceart ar a laghad ag an náisiúnach tríú tír agus ag a ionadaí dlí teacht ar bhunús na faisnéise agus na sonraí rúnda nó rúnaicmithe atá mar bhonn leis an gcinneadh arna dhéanamh de bhun an fhorais arna thabhairt le fios agus an fhaisnéis seo a úsáid sna himeachtaí a bhaineann leis an gcinneadh, i gcás ina maíonn an t-údarás ar a bhfuil freagracht go mbeadh a leithéid de nochtadh ar neamhréir le leasanna na slándála náisiúnta?

2)

Más ea, céard é an bhrí atá le baint as “bunús” na bhforas rúnda ar a mbunaítear an cinneadh, i bhfianaise Airteagail 41 agus 47 den Chairt?

3)

I bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, an é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 10(1) de Threoir 2003/109 ná nach mór an dlínse is gá chun dleathacht (a riachtanas agus a chomhréireacht) na rúndachta a bheith ag cúirt Ballstáit a rialaíonn a dhleathaí agus atá an tuairim ó udarás speisialaithe an Stáit a bhunaítear ar fhaisnéis rúnda nó rúnaicmithe agus an cinneadh substainteach maidir le hinimirce, agus a ordú dá stuaim féin chomh maith, i gcás ina measann sí an rúnaicmiú a bheith neamhdhleathach, go mbeadh an fhaisnéis go léir ar a mbunaítear an tuairim agus an cinneadh ó na húdaráis riaracháin inrochtana agus inúsáidte ag an duine lena mbaineann agus ag a ionadaí dlíthiúil, nó i gcás ina bhfuil an rúnaicmiú dleathach, go mbeadh bunús na faisnéise rúnda ar a laghad inrochtana don duine lena mbaineann, mar chuid de na himeachtaí maidir le hinimirce a bhaineann leis?

4)

An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagail 9(3) agus 10(1) de Threoir 2003/109, i gcomhar le hAirteagail 7, 24, 51(1) agus 52(1) den Chairt, ná go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit faoinar glacadh cinneadh maidir le hinimirce lena dtarraingítear siar doiciméad cónaithe fhadtéarmaigh arna dheonú roimhe sin ar bhonn measúnú neamh-réasúnaithe

i.)

a bhunaítear ar tharchur uathoibríoch le haghaidh tuairim cheangailteach agus dho-mhaolaithe arna heisiúint ag údaráis speisialaithe an Stáit ar thuairim nach bhfuil réasúnaithe ach an oiread í, agus lena sainaithnítear baol nó dochar don tslándáil náisiúnta, don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí;

ii.)

a glacadh, dá bhrí sin, gan mionscrúdú a dhéanamh ar cibé an ann d’fhorais slándála náisiúnta, slándála poiblí nó ord poiblí sa chás ar leith atá i gceist agus gan imthosca leithleacha ná na ceanglais maidir le riachtanas agus le comhréireacht a chur san áireamh?


(1)  IO 2004 L 16, lch. 44.


Top