EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0391

Cás C-391/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Pécsi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 14 Meitheamh 2022 – Tüke Busz Közösségi Közlekedési Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

IO C 326, 29.8.2022, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Pécsi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 14 Meitheamh 2022 – Tüke Busz Közösségi Közlekedési Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-391/22)

(2022/C 326/15)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Pécsi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Tüke Busz Közösségi Közlekedési Zrt.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil cinneadh an Nemzeti Adó- és Vámhivatal (an tÚdarás Cánach agus Custaim) arna ghlacadh sa chás seo, agus an cleachtas arna leanúint ag an údarás sin, “gan an míleáiste riachtanach ar mhaithe le cothabháil a dhéanamh ar fheithiclí iompair paisinéirí rialta ná le hathbhreoslú a áireamh” comhoiriúnach le forálacha Threoir Uimh. 2003/96/CE (1) ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas?


(1)  IO 2003 L 283, lch. 51.


Top