EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0374

Cás C-374/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État (an Bheilg) an 8 Meitheamh 2022 – XXX v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

IO C 326, 29.8.2022, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

29.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 326/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État (an Bheilg) an 8 Meitheamh 2022 – XXX v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

(Cás C-374/22)

(2022/C 326/14)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d'État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

“An gcaithfear Airteagal 2(j) agus Airteagal 23 de ‘Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar’ (1) a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm acu maidir le hathair beirt leanaí a rugadh sa Bheilg agus ar tugadh aitheantas dóibh mar dhídeanaithe ann, de bhrí go sonraítear san Airteagal 2(j) thuasluaite go bhfuil baill teaghlaigh an tairbhí de chosanta idirnáisiúnta, atá cumhdaithe le Treoir 2011/95/AE, ina mbaill teaghlaigh sa chiall sin “a mhéid gurb ann cheana don teaghlach sa tír thionscnaimh?”

2)

“An gciallaíonn na cúinsí a d’agair an t-iarratasóir ag an éisteacht, go bhfuil a leanaí spleách air agus, agus de réir an iarratasóra, go gceanglaítear le leas a leanaí go ndeonófaí cosaint idirnáisiúnta dó, i bhfianaise aithrisí 18, 19 agus 38 de Threoir 2011/95/AE, go gcaithfí an coincheap maidir le baill teaghlaigh an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta, a chumhdaítear le Treoir 2011/95/AE, a leathnú chuig teaghlach nár bunaíodh sa tír thionscnaimh?”

3)

“Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad dá cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, an féidir le hAirteagal 23 de Threoir 2011/95/AE, nár trasuíodh i ndlí na Beilge chun foráil a dhéanamh maidir le cead cónaithe nó cosaint idirnáisiúnta a dheonú d’athair leanaí a aithníodh mar dhídeanaithe sa Bheilg agus a rugadh sa Bheilg, éifeacht dhíreach a bheith aige?”

4)

“Más amhlaidh atá, an dtugtar le hAirteagal 23 de Threoir 2011/95/AE, in éagmais trasuí, d’athair leanaí a aithnítear mar dhídeanaithe sa Bheilg agus a rugadh ann, an ceart chun na sochair dá dtagraítear in Airteagail 24 go 35 a éileamh, lena n-áirítear cead cónaithe lena gceadaítear dó cónaí go dleathach sa Bheilg lena theaghlach, nó an ceart cosaint idirnáisiúnta a fháil fiú mura gcomhlíonann an t-athair féin, ina aonar, na coinníollacha riachtanacha chun an chosaint sin a fháil?”

5)

“An gceanglaítear le héifeacht Airteagal 23 den Treoir maidir le Cáiliú, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 18 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus aithrisí 18, 19 agus 38 den Treoir maidir le Cáiliú, ar na Ballstáit nach bhfuil a ndlíthe náisiúnta leasaithe acu ar bhealach go bhféadfadh baill teaghlaigh [de réir bhrí Airteagal 2(j) den Treoir sin nó a bhfuil cás aonair spleáchais ann ina leith] thairbhí an stádais sin, mura gcomhlíonann siad, ina n-aonar, na coinníollacha riachtanacha do dheonú an stádais chéanna, sochair áirithe a éileamh, an ceart chun stádas dídeanaí dhíorthaithe a dheonú do na baill teaghlaigh sin ionas gur féidir leo na sochair sin a éileamh ar mhaithe le caomhnú aontacht an aonaid teaghlaigh?”

6)

“An gceanglaítear le hAirteagal 23 den Treoir maidir le Cáiliú, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 18 agus 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus aithrisí 18, 19 agus 38 den Treoir maidir le Cáiliú, ar an mBallstát nach bhfuil a ndlíthe náisiúnta oiriúnaithe ar bhealach go bhféadfadh tuismitheoirí dídeanaithe aitheanta leas a bhaint as na buntáistí a liostaítear in Airteagail 24 go 35 den Treoir, [ceadú do na tuismitheoirí sin] leas a bhaint as cosaint dhíorthaithe idirnáisiúnta d’fhonn tús áite a thabhairt do leas an linbh agus éifeachtacht stádas dídeanaí an linbh sin a áirithiú?”


(1)  IO 2011, L 337 lch. 9.


Top