Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0334

    Cás C-334/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 23 Bealtaine 2022– Audi AG v GQ

    IO C 318, 22.8.2022, p. 27–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/27


    Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 23 Bealtaine 2022– Audi AG v GQ

    (Cás C-334/22)

    (2022/C 318/39)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Okręgowy w Warszawie

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Audi AG

    Cosantóir: GQ

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1.

    Ar cheart Airteagal 14(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (1) a léirmhíniú mar chosc ar dhílseanach trádmhairc nó ar chúirt bac a chur ar thriú páirtí úsáid a bhaint as, i gcúrsa trádála, comhartha atá comhionann le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, i ndáil le páirteanna spártha do mhótarfheithicil (gríleanna radaitheora) sa chás inar eilimint feiste d’oiriúint do mhótarfheithicil (feathal a léiríonn trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh) atá sa chomhartha sin, agus:

    sa chás gur féidir an bun-feathal a léiríonn trádmharc de chuid an Aontais a chur ar an bpáirt spártha den mhótarfheithicil (gríl radaitheora) gan comhartha atá comhionann le trádmharc de chuid an Aontais, nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a chur ar an bpáirt sin;

    sa chás nach féidir go teicniúil an bun-feathal a léiríonn trádmharc de chuid an Aontais a chur ar an bpáirt spártha do mhótarfheithicil (gríl radaitheora) gan comhartha atá comhionann le trádmharc de chuid an Aontais, nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a chur ar an bpáirt sin?

    Más dearfach atá an freagra ar aon cheann de na ceisteanna in 1(a):

    2.

    Céard iad na critéir mheasúnaithe ar cheart a chur i bhfeidhm sna cásanna sin agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil trádmharc de chuid an Aontais á úsáid ar bhealach atá i gcomhréir le cleachtais mhacánta i gcúrsaí tionsclaíochta nó tráchtála?

    3.

    Ar cheart Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú amhail, sa chás go bhfuil an trádmharc mar chuid de chruth na páirte mótarfheithicle agus nach bhfuil foráil i Rialachán 2017/1001 a bheadh cosúil leis an gclásáil deisiúchán in Airteagal 110(1) de Rialachán (CE) 6/2022 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (2), nach gcomhlíonann an trádmharc feidhm ainmniúcháin sa chás sin?

    4.

    Ar cheart Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú amhail, sa chás go bhfuil eilimint feiste do thrádmharc, a léiríonn cruth an trádmhairc nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, mar chuid de cruth na páirte mótarfheithicle agus nach bhfuil foráil i Rialachán 2017/1001 a bheadh cosúil leis an gclásáil deisiúchán in Airteagal 110(1) de Rialachán (CE) 6/2022 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail, nach féidir an eilimint feiste sin a mheas mar thrádmharc le feidhm ainmniúcháin, fiú más ea gurb ionann, nó gur cosúil ar bhealach mearbhlach, an eilimint agus an trádmharc?


    (1)  IO 2017 L 154, lch. 1.

    (2)  IO 2002 L 3, lch. 1.


    Top