EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0296
Case C-296/22: Request for a preliminary ruling from the Landgericht Köln (Germany) lodged on 5 May 2022 — A.T.U. Auto-Teile-Unger GmbH & Co. KG and Carglass GmbH v FCA Italy SpA
Cás C-296/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 5 Bealtaine 2022 – A. T. U. Auto-Teile-Unger GmbH & Co. KG agus Carglass GmbH v FCA Italy SpA
Cás C-296/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 5 Bealtaine 2022 – A. T. U. Auto-Teile-Unger GmbH & Co. KG agus Carglass GmbH v FCA Italy SpA
IO C 318, 22.8.2022, p. 24–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/24 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 5 Bealtaine 2022 – A. T. U. Auto-Teile-Unger GmbH & Co. KG agus Carglass GmbH v FCA Italy SpA
(Cás C-296/22)
(2022/C 318/35)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Köln
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: A. T. U. Auto-Teile-Unger GmbH & Co. KG, Carglass GmbH
Cosantóirí: FCA Italy SpA
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil Airteagal 6(1) agus (4) de Rialachán 2018/858, (1) arna léamh i gcomhréir le pointe 2.9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis, lena gcuirtear d’oibleagáid ar an monaróir feithiclí, chun críocha DAB feithicle, diagnóisic, deisiú agus cothabháil, sruth sonraí díreach na feithicle a chur ar fail tríd an bport sonraí srathach ar an nascóir caighdeánaithe nasctha sonraí, agus ag cur san áireamh freisin na ceanglais atá forchurtha ar an monaróir feithicle in Ítim 63 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn II leis an Rialachán sin chun sábháilteacht ghinearálta na feithicile a ráthú
— |
arna léamh i gcomhréir le Rialachán Uimh. 661/2009 (2) maidir le feithiclí cineálcheadaithe roimh an 6 Iúil 2022, go háirithe Airteagal 5(1) den Rialachán sin, agus |
— |
arna léamh i gcomhréir le Rialachán 2019/2144 (3) infheidhme ón 6 Iúil 2022, go háirithe Airteagal 4(4) agus (5) den Rialachán sin, |
le léirmhíniú amhail nach mór don mhonaróir feithicile a áirithiú i gcónaí, lena n-áirítear agus bearta sábháilteachta á gcur i bhfeidhm, go bhféadfaidh deisitheoirí neamhspleácha DAB feithicle, diagnóisic, deisiú agus cothabháil a dhéanamh, lena n-áirítear na hoibríochtaí scríofa is gá chun na gcríoch sin, trí uirlis diagnóisice uilíoch agus cineálach a úsáid, gan gá le haon riachtanas a shásamh, nach sonraítear go sainráite sa Rialachán, go bhfuil nasc idirlín ag an bhfeiste chuig freastalaí atá ainmnithe ag an monaróir agus/nó an t-úsáideoir a bheith cláraithe go pearsanta le monaróir na feithicle roimh ré?
(1) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO 2018 L 151, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2019 maidir leis na ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus aonaid teicniúla ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO 2009 L 200, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO 2019 L 325, lch. 1).