Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0287

    Cás C-287/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 3 Bealtaine 2022 – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A.

    IO C 318, 22.8.2022, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 318/23


    Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 3 Bealtaine 2022 – YQ, RJ v Getin Noble Bank S.A.

    (Cás C-287/22)

    (2022/C 318/33)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Okręgowy w Warszawie

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: YQ, RJ

    Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.

    An cheist a tharchuirtear

    I bhfianaise phrionsabail na héifeachtachta agus na comhréireachta, an gcuireann Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 (1) cosc ar léirmhíniú ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh cúirt náisiúnta, ag cur san áireamh go háirithe oibleagáidí an tomhaltóra íocaíochtaí a shocrú le díoltóir nó le soláthraí nó staid mhaith airgeadais an díoltóra nó an tsoláthraí, iarratas an tomhaltóra ar bhearta eatramhacha a dhiúltú (an chaingean a chur faoi urrús) lena gcuirfí ar fionraí, le linn na n-imeachtaí, feidhmiú conartha, más dócha go ndearbhófar go bhfuil an conradh neamhbhailí de bharr go mbaineadh na téarmaí éagothroma as?


    (1)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).


    Top