Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0220

    Cás T-220/22: Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

    IO C 257, 4.7.2022, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 257, 4.7.2022, p. 20–20 (GA)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/20


    Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

    (Cás T-220/22)

    (2022/C 257/30)

    Teanga an cháis: an Phortaingéilis

    Páirtithe

    Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Melo Sampaio agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Ghníomhairí)

    Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    a dhearbhú gur mhainnigh an Phortaingéil a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(1) i dtaobh Iarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, (1) tríd an luach teorann bliantúil NO2 a shárú go córasach agus go leanúnach, ón 1 Eanáir 2010 i leith, sna criosanna PT-3001 Lisboa Norte, PT 1004 Porto Litoral agus PT 1009 Entre Douro e Minho (PT 1001 Braga, roimhe seo).

    a dhearbhú gur mhainnigh an Phortaingéil a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 23(1) de Threoir 2008/50/CE, go haonarach agus i dtaobh iarscríbhinn XV, cuid A, den Treoir atá luaite, maidir leis na limistéirí sin go léir, go háirithe a hoibleagáid faoin dara fomhír d'Airteagal 23(1), maidir le bearta iomchuí a ghlacadh, ionas go mbeadh an tréimhse sáraithe chomh gearr agus is féidir.

    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

    Léiríonn na sonraí a sheol an Phortaingéil go bhfuil an Ballstát seo, ón 1 Eanáir 2010 i leith, ag sárú a hoibleagáidí faoi Airteagal 13(1) i dtaobh Iarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50, maidir leis na criosanna Porto Litoral (PT-1004), Entre Douro e Minho (PT 1009) agus Lisboa Norte (PT-3001).

    Ina theannta sin, níor ghlac údaráis na Portaingéile na bearta cuí agus riachtanacha go léir nó níor chuir siad i bhfeidhm iad chun a áirithiú go mbeadh tréimhsí an tsáraithe, in Lisboa Norte (PT-3001), Porto Litoral (PT-1004) agus Entre Douro e Minho (PT) . - 1009), ar luach teorann bliantúil NO2 dá bhforáiltear in Airteagal 13(1), i ndáil le hIarscríbhinn XI, cuid B, de Threoir 2008/50, chomh gearr agus is féidir, mar a cheanglaítear le hAirteagal 23(1) den Treoir thuasluaite.


    (1)  IO L 152, 11.6.2008, lch. 1


    Top