This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0214
Case C-214/22: Action brought on 22 March 2022 — European Commission v Grand Duchy of Luxembourg
Cás C-214/22: Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg
Cás C-214/22: Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg
IO C 191, 10.5.2022, p. 25–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 191, 10.5.2022, p. 21–21
(GA)
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 191/21 |
Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg
(Cás C-214/22)
(2022/C 191/33)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Manhaeve, A. Azéma, I. Zaloguin, Gníomhairí)
Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
A rialú gur mhainnigh Lucsamburg a oibleagáidí faoi Airteagal 12 de Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (1) a chomhlíonadh de bharr nár glacadh, faoin 4 Deireadh Fómhair 2016 ar a dhéanaí, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) den Treoir sin a chomhlíonadh nó, in aon chás, de bharr nár cuireadh bearta den sort sin in iúl don Choimisiún; |
— |
I gcomhréir le forálacha Airteagal 260(3) CFAE, lena bhforchuirtear ar Lucsamburg íocaíocht phionósach 7 096,50 euro in aghaidh an lae in aghaidh gach lae moille ó dháta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí reatha as mainneachtain na beart lena dtrasuítear Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2014/42 a chur in iúl; |
— |
A ordú do Lucsamburg na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Déanann Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach é níos éasca do Bhallstáit na gnóthachain arna ndéanamh ag coirpigh de bharr na coireachta eagraithe tromchúisí a aisghabháil. Bhí ar na Ballstáit an Treoir a thrasuí faoin 4 Deireadh Fómhair 2016. Thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne Lucsamburg i mí na Samhna 2016 agus d’eisigh an Coimisiún tuairim réasúnaithe chucu i mí an Mhárta 2019. Mar sin féin, go dtí seo, níl Lucsamburg tar éis thrasuí na Treorach ina dlí náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún.