Vyberte pokusně zaváděné prvky, které byste chtěli vyzkoušet

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Dokument 62022CN0191

    Cás C-191/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) an 11 Márta 2022 – ME v État belge

    IO C 213, 30.5.2022, s. 32—32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 213, 30.5.2022, s. 30—30 (GA)

    30.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 213/30


    Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) an 11 Márta 2022 – ME v État belge

    (Cás C-191/22)

    (2022/C 213/43)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Conseil d'État

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: ME

    Cosantóir: État belge

    An cheist a tharchuirtear

    An gcaithfear Airteagal 7 agus 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus [Airteagal 4(1)(c)] de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (1), agus prionsabail na córa comhionainne agus na deimhneachta dlíthiúla, a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit aois an duine atá á athaontú a chur san áireamh, ní nuair a taisceadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh, ach nuair a taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta den urraitheoir a aithníodh mar dhídeanaí, agus a mheas gur mionaoiseach é an duine atá á athaontú de réir bhrí Airteagal 4[(1)(c)] de Threoir 2003/86/CE dá mba rud é go raibh an duine atá á athaontú mionaoiseach nuair a thaisc an t-urraitheoir a iarratas ar thearmann ach gur shroich sé lán-aois roimh don urraitheoir stádas dídeanaí a bhaint amach agus sular taisceadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh?


    (1)  IO 2003 L 251, lch. 12.


    Nahoru