EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0142

Cás C-142/22: Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 2 Márta 2022 – Imeachtaí Coiriúla i gcoinne OM

IO C 191, 10.5.2022, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 191, 10.5.2022, p. 16–17 (GA)

10.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 191/16


Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 2 Márta 2022 – Imeachtaí Coiriúla i gcoinne OM

(Cás C-142/22)

(2022/C 191/26)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

Cúirt Uachtarach

Imeachtaí Coiriúla i gcoinne

OM

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

Ar chóir go léireofaí Airteagal 27 den Chinneadh Réime (1) sa tslí go gciallaíonn sé go gcruthaítear caidreamh dlíthiúil le cinneadh duine a thabhairt suas idir é, an Stát forghníomhaitheach agus an Stát iarrthach agus gur gá go dtuigfí aon saincheist a dtuigtear gur cinneadh í go críochnaitheach sa Chinneadh sin a bheith cinnte chomh maith chun críoch an nós imeachta chun comhthoiliú a fháil chun tuilleadh ionchúisithe nó pionóis maidir le cionta eile?

2.

Más é freagra cheist 1 nach n-éilítear an léiriú sin le hAirteagal 27, an sáraítear prionsabal na héifeachtachta le riail nós imeachta náisiúnta má fheidhmíonn sí le cosc a chur ar an duine lena mbaineann, i gcomhthéacs iarratais ar chomhthoil, brath ar bhreithiúnas ábhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna thabhairt sa tréimhse ama i ndiaidh an ordaithe chun tabhartha suas?


(1)  2002/584/JHA: Cinneadh Réime an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Ráitis arna dtabhairt ag Ballstáit áirithe ar ghlacadh an Chinnidh Réime (IO 2002, L 190, lch. 1).


Top