Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0108

    Cás C-108/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 16 Feabhra 2022 – C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair) v Direktor Krajowej Informacji Skarbowej

    IO C 284, 25.7.2022, p. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 284/13


    Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 16 Feabhra 2022 – C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair) v Direktor Krajowej Informacji Skarbowej

    (Cás C-108/22)

    (2022/C 284/13)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Naczelny Sąd Administracyjny

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: C. Sp. z o.o. (faoi leachtú faoi láthair)

    Cosantóir: Direktor Krajowej Informacji Skarbowej

    An cheist a tharchuirtear:

    An gcaithfear Airteagal 306 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) a léirmhíniú sa chiall is go bhféadfaidh feidhm a bheith aige maidir le duine inchánach a cheannaíonn agus a athdhíolann seirbhísí lóistín le hoibreoirí eacnamaíocha eile mar chomhbhailitheoir seirbhísí óstlainne, i gcás nach bhfuil aon seirbhís bhreise eile ag gabháil leis na hoibríochtaí sin?


    (1)  IO 2006 L 347, lch. 1


    Top