This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0083
Case C-83/22: Request for a preliminary ruling from the Juzgado de Primera Instancia de Cartagena (Spain) lodged on 8 February 2022 — RTG v Tuk Travel, S.L.
Cás C-83/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia de Cartagena (an Spáinn) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 –RTG v Tuk Tuk Traval S.L
Cás C-83/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia de Cartagena (an Spáinn) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 –RTG v Tuk Tuk Traval S.L
IO C 213, 30.5.2022, p. 24–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 213, 30.5.2022, p. 22–22
(GA)
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 213/22 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia de Cartagena (an Spáinn) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 –RTG v Tuk Tuk Traval S.L
(Cás C-83/22)
(2022/C 213/33)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de Primera Instancia de Cartagena
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: RTG
Cosantóir: Tuk Tuk Travel S.L.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcaithfear Airteagail 169(1), 169(2)(a), agus 114(3) de CFAE a léirmhíniú de réir an bhrí go gcuirtear cosc leo ar Airteagal 5 de Threoir 205/2302 (1) maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, toisc nach n-áirítear, i measc na faisnéise réamhchonarthaí riachtanaí atá le soláthar don taistealaí, an ceart, a aithnítear in Airteagal 12 den Treoir, chun an conradh a fhoirceannadh sula gcuirfear tús leis agus aisíoc iomlán ar an méid a íocadh a fháil, i gcás go dtarlaíonn imthosca dosheachanta agus neamhghnácha a théann i bhfeidhm ar chomhlíonadh an taistil? |
2. |
An bhfuiltear ag cur cosc le hAirteagail 114 agus 169 CFAE agus le hAirteagal 15 de Threoir 2015/2302 ar chur chun feidhme an dá phrionsabal sin; prionsabal um chinnteacht ábhar na caingne arna socrú ag na páirtithe agus prionsabal um chomhghaol idir na héilimh arna ndéanamh sa chaingean agus na rialaithe atá sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas, a aithnítear in Airteagal 216 agus 218(1) LEC, nuair a d’fhéadfadh na prionsabail nós imeachta sin bac a chur ar chosaint iomlán an tomhaltóra is iarratasóir? |
(1) Treoir (AE) Uimh. 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1)