EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0006
Case C-6/22: Request for a preliminary ruling from the Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (Poland) lodged on 4 January 2022 — M.B., U.B., M.B. v X S.A.
Cás C-6/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 4 Eanáir 2022 – M.B., U.B., M.B. / X S.A.
Cás C-6/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 4 Eanáir 2022 – M.B., U.B., M.B. / X S.A.
IO C 158, 11.4.2022, p. 4–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 158, 11.4.2022, p. 2–3
(GA)
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 158/2 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 4 Eanáir 2022 – M.B., U.B., M.B. / X S.A.
(Cás C-6/22)
(2022/C 158/05)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: M.B., U.B., M.B.
Cosantóirí: X S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
I bhfianaise chuspóir Threoir 93/13/CEE ón gComhairle maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, (1) an féidir a mheas, a luaithe a dhearbhaíonn cúirt conradh a bheith neamhbhailí i gcomhréir le forálacha na Treorach sin, go scoirfidh an Treoir d’fheidhm a bheith aici, agus leis sin go dtiocfaidh deireadh leis an gcosaint a thugtar don tomhaltóir, ionas nach mór socrú an chonartha idir an tomhaltóir agus an díoltóir nó an soláthraí a bheith faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta na gconarthaí is infheidhme maidir le neamhniú conarthach? |
2. |
I bhfianaise Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle, an 5 Aibreán, 1993, maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, i gcás a dhearbhaíonn cúirt téarma sa chonradh a bheith éagórach agus nach féidir gurb ann dó gan an clásal sin, in éagmais comhaontaithe idir na páirtithe chun an conradh a leasú le forálacha de réir a dtola agus in éagmais rialachán forlíontach [na forálacha is infheidhme go díreach maidir leis an gconradh in éagmais comhaontaithe idir na páirtithe], ar cheart don chúirt sin a dhearbhú go bhfuil an conradh ar neamhní ar bhonn toil an tomhaltóra a cuireadh in iúl ina leith sin, nó ar cheart di staid eacnamaíoch an tomhaltóra a scrúdú ex officio, thar a bhfuil á iarraidh ag na páirtithe, chun a chinneadh an mbeadh iarmhairtí an-díobhálacha ag dearbhú neamhnithe an chonartha ar an dtomhaltóir sin? |
3. |
An féidir Airteagal 6 de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa tslí, i gcás ina dtagann cúirt ar an gconclúid go ndéanfadh dearbhú neamhnithe an chonartha dochar ar leith don tomhaltóir agus go ndéanfadh na páirtithe, in ainneoin gur tathantaíodh orthu é a dhéanamh, nach dtagann siad ar chomhaontú maidir le leasú an chonartha, gur féidir leis an gcúirt seo, ag cur leas oibiachtúil an tomhaltóra san áireamh, an bhearna sa chonradh a líonadh de bharr “neamhní” na dtéarmaí éagóracha ní trí bhíthin forálacha forlíontacha an dlí náisiúnta, de réir bhrí bhreithiúnas C 260/18 ón gCúirt Bhreithiúnais, i.e. na forálacha is infheidhme go díreach chun críoch an conradh a leasú, ach trí fhorálacha sonracha den dlí náisiúnta nach féidir a chur i bhfeidhm ar an gconradh lena mbaineann ach amháin trí thagairt nó mutatis mutandis agus lena léirítear riail de dhlí náisiúnta na gconarthaí? |