EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0708

Breithiúnas na Cúirte (An tOchtú Dlísheomra) 2024 Iúil 4.
Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne (Asoprovac) v Administración General del Estado.
Tarchur chun réamhrialú – Íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta – An comhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air – Féarach buan faoi úinéireacht phoiblí – Coinníollacha maidir le rochtain ar an íocaíocht dhíreach le feirmeoirí – Ní mór go mbaineann ainmhithe le gabháltas talmhaíochta an fheirmeora.
Cás C-708/22.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:573

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an tOchtú Dlísheomra)

4 Iúil 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta – An comhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air – Féarach buan faoi úinéireacht phoiblí – Coinníollacha maidir le rochtain ar an íocaíocht dhíreach le feirmeoirí – Ní mór go mbaineann ainmhithe le gabháltas talmhaíochta an fheirmeora)

I gCás C‑708/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), trí bhreith an 21 Deireadh Fómhair 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Samhain 2022, sna himeachtaí

Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne - Asoprovac

v

Administración General del Estado,

tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Piçarra, Uachtarán an Dlísheomra, N. Jääskinen agus M. Gavalec (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – Asoprovac, ag M. J. Marcén Castán, J. C. Martín Aranda, abogados, agus J. M. Rico Maesso, procurador,

–        Rialtas na Spáinne, L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, A. C. Becker, C. Calvo Langdon agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 4 agus Airteagal  32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608), agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1200/2005 agus Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne (Cumann na Spáinne de Tháirgeoirí Mairteola Feola) (‘Asoprovac’) agus an Administración General del Estado (Riarachán Ginearálta an Stáit, an Spáinn) maidir le dlíthiúlacht Foraithne Ríoga lena gceanglaítear go mbeadh féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann mar fhéarach ag ainmhithe ar ghabháltas an fheirmeora féin a dhéanann iarratas ar thacaíocht airgeadais faoin scéim íocaíochta aonair limistéir.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán Uimh. 1306/2013

3        Faoin gceannteideal ‘Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint’, Airteagal 58 de Rialachán Uimh. 1306/2013, arna aisghairm le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO 2021 L 435, lch. 187), ach is infheidhme ratione temporis maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, dá bhforáiltear i mír 1 mar seo a leanas:

‘Glacfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú CBT, na forálacha reachtacha, rialúcháin agus riaracháin ar fad is gá agus glacfaidh siad aon bhearta eile is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)      dlíthiúlacht agus cirte na n‑oibríochtaí a mhaoiníonn na Cístí a sheiceáil;

(b)      cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne calaoise, go háirithe maidir leis na réimsí a mbaineann leibhéal níos airde riosca leo, ar bac í an chosaint sin, ag féachaint do na costais agus do na sochair chomh maith le comhréireacht na mbeart;

(c)      neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)      pionóis a ghearradh atá éifeachtach athchomhairleach agus comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais, nó ina éagmais sin, leis an dlí náisiúnta, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin, de réir mar is gá;

(e)      íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin de réir mar is gá.’

4        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 60 den Rialachán sin, dar teideal ‘Clásal imchéimniúcháin’:

‘Gan dochar d’fhorálacha sonracha, ní dheonófar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin reachtaíocht talmhaíochta earnálach i bhfabhar duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a shuífear ina leith gur go saorga a cruthaíodh na dálaí is gá chun na buntáistí sin a fháil, contrártha le cuspóirí na reachtaíochta sin.’

 Rialachán Uimh. 1307/2013

5        Faoin gceannteideal ‘Sainmhínithe agus forálacha gaolmhara’, Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1307/2013, arna aisghairm le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO 2021 L 435, lch. 1), ach is infheidhme ratione temporis maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, ar choinníoll:

‘1.      Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(b)      ciallaíonn “gabháltas” na haonaid ar fad a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus atá á mbainistiú ag feirmeoir atá lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna;

(c)      ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta”:

(i)      táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thógáil nó a fhás, lena n‑áirítear buaint, bleán, ainmhithe a phórú, agus ainmhithe a choinneáil chun críocha feirmeoireachta,

(ii)      limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú gan aon ghníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh sa bhreis ar ghnáthmhodhanna agus gnáthinnealra talmhaíochta, bunaithe ar na critéir a bhunaítear ag na Ballstáit ar bhonn an chreata a leagfaidh an Coimisiún síos, nó

(iii)      gníomhaíocht íosta, arna sainiú ag na Ballstáit, a dhéanamh ar limistéir talmhaíochta a choimeádtar go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú;

[...]

(e)      ciallaíonn “limistéar talmhaíochta” aon limistéar atá in úsáid mar thalamh arúil, féarthailte buana agus féarthailte buana, nó le haghaidh barr buan;

[...]

2.      Déanfaidh na Ballstáit:

(a)      na critéir a leagan síos is gá d’fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir le limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) de mhír 1;

(b)      nuair is iomchuí, i mBallstát, an ghníomhaíocht íosta a shainiú atá le déanamh ar limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú, dá dtagraítear sa tríú fhleasc de phointe (c)(iii) de mhír 1;

[...]

3.      Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 lena mbunaítear:

(a)      an creat ina mbunóidh na Ballstáit na critéir is gá d’fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir leis an limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú agus dá dtagraítear sa dara fleasc de phointe (c) de mhír 1 a chomhlíonadh;

[...]’

6        Foráiltear an méid seo a leanas le míreanna 1 go 2 d’Airteagal 32 den Rialachán sin, dar teideal ‘Teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú’:

‘1.      Deonófar tacaíocht faoi scéim na híocaíochta bunúsaí d’fheirmeoirí, trí bhíthin dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 33(1), nuair a ghníomhachtófar teidlíocht íocaíochta in aghaidh an heicteáir incháilithe sa Bhallstát inar leithdháileadh í. [...]

2.      Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “heicteár incháilithe”:

(a)      aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochta talmhaíochta nó i gcás ina bhfuil an limistéar in úsáid freisin le haghaidh gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí talmhaíochta iad, aon limistéar a úsáidtear go príomha le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta, lena n-áirítear na limistéir nach raibh riocht maith talmhaíochta orthu an 30 Meitheamh 2003 i mBallstáit a d'aontaigh don Aontas an 1 Bealtaine 2004 agus a roghnaigh an scéim íocaíochta aonair limistéir a chur i bhfeidhm tar éis aontachas a bhaint amach; […]

[...]’

 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014

7        Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht in Aithris 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO 2014 L 181, lch. 1), arna aisghairm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2529 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 (IO 2022 L 328, lch. 74), ach is infheidhme ratione temporis maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí:

‘I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart a shoiléiriú gur cheart do na Ballstáit, agus bearta á nglacadh acu lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, a lánrogha a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabail áirithe, go háirithe prionsabal an neamh-idirdhealaithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 4 den Rialachán Tarmligthe sin, dar teideal ‘Creat maidir leis na critéir chun an limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú’ mar seo a leanas:

‘1.      Chun críocha Airteagal 4(1)(c)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, sainmhíneoidh na Ballstáit ar cheann amháin nó ar an dá bhealach seo a leanas na critéir nach mór d’fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir le limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú gan aon ghníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh sa bhreis ar ghnáthchleachtais talmhaíochta nó ar innealra:

(a)      Éilíonn na Ballstáit go ndéanfaidh feirmeoir gníomhaíocht bhliantúil amháin ar a laghad. I gcás ina bhfuil údar leis ar chúiseanna comhshaoil, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh aitheantas a thabhairt freisin do ghníomhaíochtaí nach ndéantar ach gach dara bliain;

(b)      Leagann na Ballstáit amach na saintréithe nach mór do limistéar talmhaíochta a chomhlíonadh chun go measfar é a bheith á cothabháil i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú.

2.      Agus na critéir dá dtagraítear i mír 1 á mbunú acu, féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla limistéar talmhaíochta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Spáinne

9        Foráiltear le hAirteagal 11(2) agus (3) de Real Decreto 1075/2014, sobre la aplicación a partir de 2015 de los pagos directos a la agricultura y a la ganadería y otros regímenes de ayuda, así como sobre la gestión y control de los pagos directos y de los pagos al desarrollo rural (Foraithne Ríoga 1075/2014 maidir le híocaíochtaí díreacha le talmhaíocht, feirmeoireacht beostoic agus scéimeanna tacaíochta eile a chur i bhfeidhm ó 2015, agus maidir le bainistiú agus rialú íocaíochtaí díreacha agus íocaíochtaí forbartha tuaithe), an 19 Nollaig 2014 (BOE Uimh. 307 an 20 Nollaig 2014, lch. 103644), arna leasú le Real Decreto 41/2021, por el que se establecen las disposiciones específicas para la aplicación en los años 2021 y 2022 de los Reales Decretos 1075/2014, 1076/2014, 1077/2014 y 1078/2014, todos ellos de 19 de diciembre, dictados para la aplicación en España de la Política Agrícola Común (Foraithne Ríoga 41/2021, lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm Fhoraitheanta Ríoga 1075/2014, 1076/2014, 1077/2014 agus 1078/2014 an 19 Nollaig 2014 le haghaidh 2021 agus 2022 arna nglacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a chur chun feidhme sa Spáinn) an 26 Eanáir 2021 (BOE Uimh. 23, an 27 Eanáir 2021, lch. 7955), mar seo a leanas:

‘2.      Maidir le gach dáileacht talún nó gach feireadh, cuirfidh an t‑iarratasóir in iúl ina iarratas ar chabhair an barr nó an úsáid atá beartaithe nó, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé in iúl go bhfuil an feireadh faoi réir obair chothabhála. Luafar go sainráite san iarratas an bhfuil na hiatáin féaraigh le húsáid le haghaidh táirgeadh atá bunaithe ar innilt nó, i gcás féarthailte, le húsáid ar innilt nó lomadh, nó an bhfuil siad le húsáid le haghaidh cothabhála amháin, bunaithe ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

I gcás féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann, ní ghlacfar ach le táirgeadh atá bunaithe ar innilt ag ainmhithe ar de chuid ghabháltas an iarratasóra iad féin, cé is moite d’ainmhithe de chuid an údaráis ar leis an bhféarach sin iad, ainmhithe ar le hidirghabhálaithe margaidh iad agus ainmhithe de chuid feirmeoirí beostoic nach ndeimhníonn a n‑úsáid as an bhféarach, de réir mar a bheidh, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar deonaíodh é a úsáid ar bhonn bardasach do thairbhithe an fhéaraigh sin, nó i gcomhréir leis na coinníollacha, arna bhfianú go cuí san ionstraim ábhartha, a raibh úsáid an fhéaraigh sin faoina réir mar mhaoin phríobháideach nó phoiblí. In imthosca áirithe, féadfaidh údaráis inniúla na gcomhphobal féinrialaitheacha táirgeadh atá bunaithe ar lomadh féarthailte faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a údarú freisin, ar choinníoll go nglactar leis gur le húsáid an iarratasóra ar chabhair ar leis an ngabháltas é an bhaint mar chuid den ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann an t‑iarratasóir sin. Ní cheadaítear na gníomhaíochtaí cothabhála atá liostaithe in Iarscríbhinn IV in imthosca ar bith.

3.      Ní mór don iarratasóir a leagan amach go soiléir agus go cruinn ina iarratas gur léiriú fíor agus cruinn ar ghníomhaíocht talmhaíochta an iarratasóra na barraí, na húsáidí agus na gníomhaíochtaí cothabhála dearbhaithe. I gcás ina léirítear le seiceálacha riaracháin, ar an láthair nó leantacha, arna ndéanamh ag an údarás inniúil nach ndearnadh na barraí ná na gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid nó cothabháil na limistéar agus go bhfuil na dearbhuithe bréagach, míchruinn nó faillíoch agus go ndearna an neamhrialtacht difear freisin do chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann leis an ngníomhaíocht talmhaíochta sna limistéir lena mbaineann, féadfaidh an t‑údarás inniúil a mheas gur cruthaíodh dálaí incháilitheachta cabhrach go saorga agus go mbeidh an chabhair sin faoi réir an chórais pionóis dá dtagraítear in Airteagal 102.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

10      Thug Asoprovac caingean os comhair an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) inar iarradh go gcuirfí an cúigiú mír den chéad fhoráil chríochnaitheach d’Fhoraithne Ríoga 41/2021 lena leasaítear Airteagal 11(2) agus (3) d’Fhoraithne Ríoga 1075/2014 ar neamhní.

11      Mar thaca lena chaingean, mhaígh an comhlachas sin, go háirithe, gur ceanglas nua é nach mór d’ainmhithe atá ag innilt ar an bhféarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a bheith ó ghabháltas an iarratasóra ar chabhair agus go sáraíonn sé Rialachán Uimh. 1307/2013 agus Rialachán Uimh. 1306/2013.

12      Ar an gcéad dul síos, sáraíonn Airteagal 11(2) agus (3) d’Fhoraithne Ríoga 1075/2014, arna leasú le Foraithne Ríoga 41/2021, Airteagail 4 agus 32 de Rialachán Uimh. 1307/2013 agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 639/2014 ar an bhforas go leagann Stát na Spáinne síos coinníollacha incháilitheachta do chabhair dhíreach a bhaineann le limistéir i dteannta na gcoinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

13      Ar an dara dul síos, sáraíonn an reachtaíocht náisiúnta sin Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus cásdlí na Cúirte maidir le coinníollacha a chruthú go saorga le haghaidh rochtain ar chabhair, ós rud é go mbunaítear léi toimhde dhofhrisnéise calaoise agus go n‑eisiatar léi feirmeoirí atá ag gabháil do dhiantógáil eallaigh ó thairbhe a bhaint as an gcabhair sin.

14      Ar an tríú dul síos, déanann an reachtaíocht náisiúnta sin idirdhealú idir feirmeoirí atá ag gabháil do dhian‑tógáil eallaigh ar dhá bhealach. Ar thaobh amháin, déantar idirdhealú idir feirmeoirí ón Spáinn agus feirmeoirí ó Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh. Ar an taobh eile, is cosúil go mbeadh an dara cineál idirdhealaithe ann i measc fheirmeoirí na Spáinne iad féin, ag brath ar cibé an bhfuil a gcuid eallach ag innilt ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí nó ar fhéarach príobháideach.

15      Sna himthosca sin, chinn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.      An gcaithfear Airteagail 4 agus 32(2) de [Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Airteagal 60 de [Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021 (Foraithne Ríoga 41/2021) lena bhforáiltear, d’fhonn a sheachaint go gcruthófaí dálaí saorga maidir le féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú do thairbhithe nach n‑úsáideann an féarach sin, nach gceadófar gníomhaíocht na hinnilte ach amháin má dhéantar í le hainmhithe a bhaineann leis an ngabháltas?

2)      An gcaithfear Airteagal 60 de [Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013], maidir le cruthú dálaí saorga chun cabhair a fháil a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021, lena mbunaítear toimhde gur cruthaíodh dalaí maidir le rochtain ar chabhair go saorga i gcásanna ina ndéantar gníomhaíocht talamhaíochta na hinnilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí agus ar thalamh d’úsáid choiteann le hainmhithe nach mbaineann le gabháltas féin an iarratasóra ar an gcabhair?

3)      An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de [Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013] a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 (Foraithne Ríoga 1075/2014) [...] lena bhforáiltear nach féidir innilt ar limistéir talamhaíochta a mheas mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt?

4)      An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de [Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013] a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 [...] lena bhforáiltear nach gcuireann daoine, nach bhfuil acu ach ceart innilte neamh-eisiach i leith tailte feirmeoireachta nach leo iad, agus a ghéilleann an ceart sin do thríú páirtí ionas go bhféadfadh an páirtí sin an féarach a úsáid chun a dtréada a chur ag innilt, gníomhaíocht talamhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)(c)(i) i gcrích?

5)      An gcaithfear Airteagal 4(1)(b) agus (c) de [Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013] a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 [...] lena bhforáiltear nach féidir caitheamh le daoine, nach bhfuil ach ceart innilte neamh-eisiach acu i leith tailte feirmeoireachta d’úsáid choiteann nach leo iad, mar riarthóirí an fhéaraigh lena mbaineann an ceart innilte sin, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun na limistéir talamhaíochta sin a choinneáil i riocht oiriúnach chun innilte?’

 Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

16      Maidir leis an gcéad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 4 agus Airteagal  32(2) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn cruthú saorga coinníollacha a sheachaint chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltas ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach n‑úsáideann an féarach sin, go ndéanfaidh ainmhithe an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin, ar ainmhithe iad a bhaineann le gabháltas an fheirmeora a dhéanann iarratas ar an gcabhair

17      I gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán Uimh. 1307/2013, tá tacaíocht faoi scéim na híocaíochta bunúsaí le deonú d’fheirmeoirí, trí bhíthin dearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin, ar ghníomhachtú teidlíochta íocaíochta in aghaidh an ‘heicteáir incháilithe’ sa Bhallstát inar leithdháileadh í.

18      Go bunúsach, leis an gcoincheap ‘heicteár incháilithe’, a shainmhínítear in Airteagal 32(2) den Rialachán sin, cumhdaítear aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht talmhaíochta. Dá bhrí sin, chun go bhféadfar é a chur isteach mar thaca le hiarratas ar thacaíocht airgeadais faoin scéim íocaíochta dírí dá bhforáiltear le dlí an Aontais, ní mór heicteár amháin trí choinníoll a chomhlíonadh, eadhon chun limistéar talmhaíochta a chur ar bun ina ndéantar gníomhaíocht talmhaíochta, atá nasctha le gabháltas.

19      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús, go sainmhínítear coincheap an ‘limistéar talmhaíochta’ in Airteagal 4(1)(e) den Rialachán sin mar limistéar iomlán na talún arúla, an fhéaraigh bhuain agus na bhféarthailte buana nó na mbarr buan.

20      Ansin, sainítear in Airteagal 4(1)(c) de Rialachán Uimh. 1307/2013 an coincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ mar choincheap lena gcumhdaítear, go bunúsach, trí chineál gníomhaíochta, ar an gcéad dul síos, táirgeadh, tógáil nó fás táirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear buaint, bleán, ainmhithe pórúcháin agus ainmhithe a choimeád chun críocha feirmeoireachta, ar an dara dul síos, limistéar talmhaíochta a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt nó saothrú é gan gníomhaíocht ullmhúcháin a théann thar na gnáth-mhodhanna talmhaíochta, bunaithe ar chritéir arna mbunú ag na Ballstáit agus, ar an tríú dul síos, íosmhéid gníomhaíochta a dhéanamh ar limistéir talmhaíochta a choinnítear go nádúrtha i riocht atá oiriúnach d’innilt.

21      Dá bhrí sin, i gcás nach ndéanann an feirmeoir aon cheann de na trí ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) de Rialachán Uimh. 1307/2013 maidir leis an limistéar talmhaíochta dearbhaithe, nó nach ndéanann sé ach gníomhaíocht dhiomaibhseach sa limistéar sin, ní féidir a mheas go bhfuil gníomhaíocht talmhaíochta á déanamh aige ann.

22      Mar sin féin, ní luaitear san fhoráil sin an gcaithfidh an feirmeoir a dhéanann iarratas ar an gcabhair féin an ghníomhaíocht talmhaíochta sin a dhéanamh nó cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh tríú páirtí an ghníomhaíocht sin a dhéanamh i gcomhthéacs ceart innilte neamh-eisiach a aistriú ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann.

23      Ar deireadh, sainmhínítear an coincheap ‘gabháltas’ in Airteagal 4(1)(b) de Rialachán Uimh. 1307/2013 mar na haonaid ar fad a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus atá á mbainistiú ag feirmeoir atá lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna.

24      Chinn an Chúirt, dá bhrí sin, go n‑áirítear le haonaid táirgthe arna mbainistiú ag feirmeoir, ní hamháin limistéir thalmhaíochta, ach ainmhithe a úsáidtear le haghaidh innilte freisin, ar choinníoll go bhfuil smacht leordhóthanach ag an bhfeirmeoir ar na hainmhithe sin chun críocha a ghníomhaíochta talmhaíochta a dhéanamh, agus gur faoin gcúirt náisiúnta inniúil atá sé measúnú a dhéanamh air sin, agus na himthosca go léir den chás atá os a comhair á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 36).

25      Ní thugtar le tuiscint le coincheap na bainistíochta go bhfuil smacht neamhtheoranta ag an bhfeirmeoir ar an limistéar atá i gceist, ná ar na hainmhithe atá i gceist agus na hainmhithe sin á n‑úsáid aige chun críocha talmhaíochta, ach glactar leis go bhfuil neamhspleáchas leordhóthanach ag an bhfeirmeoir sin chun críocha a ghníomhaíochta talmhaíochta a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Landkreis Bad Dürkheim, C‑61/09, EU:C:2010:606, míreanna 61 agus 62, agus an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑116/20, EU:C:2022:273, mír 49).

26      Dá bhrí sin, ní mór don fheirmeoir a bheith in ann méid áirithe cumhachta cinnteoireachta a fheidhmiú agus an limistéar lena mbaineann á úsáid aige (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑116/20, EU:C:2022:273, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27      Dá bhrí sin, le bheith incháilithe faoi scéim na híocaíochta dírí a leagtar síos in Airteagal 32 de Rialachán Uimh. 1307/2013, ní mór don fheirmeoir cumhacht áirithe a fheidhmiú maidir leis an limistéar talmhaíochta a dhearbhaíonn sé mar thaca lena iarratas chun cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid an limistéir lena mbaineann chun críche a ghníomhaíocht talmhaíochta a chur i gcrích. Sa chomhthéacs sin, ní cheart ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ a mheas, de réir bhrí Airteagal 4(1)(c) den Rialachán sin, mar cheart neamh-eisiach féaraigh ar féarach buan faoi úinéireacht phoiblí a aistriú chuig póraitheoir tríú páirtí, i gcás nach bhfuil aon chumhacht cinnteoireachta ag an bhfeirmeoir a dhéanann iarratas ar an gcabhair maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanann ainmhithe de chuid póraitheora tríú páirtí ar an bhféarach sin.

28      Sa chás seo, is léir ón gcéad fhomhír d’Airteagal 11(2) d’Fhoraithne Ríoga 1075/2014, arna leasú le Foraithne Ríoga 41/2021, go ndearbhóidh an t‑iarratasóir ina iarratas ar chabhair an úsáid atá beartaithe don imfhálú nó don dáileacht talún dearbhaithe, is é sin le rá, go sonrach, i gcás féaraigh, úsáid innilte. Foráiltear leis an dara fomhír den fhoráil sin, go bunúsach, i gcás féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann, i bprionsabal, nach n‑údarófar ach táirgeadh atá bunaithe ar ghníomhaíocht innilte ainmhithe ar le gabháltas an iarratasóra féin iad.

29      Trína cheangal go ndéanfaidh ainmhithe ar le gabháltas an iarratasóra féin iad an ghníomhaíocht innilte, ní cosúil go bhfuil coinníollacha incháilitheachta breise bunaithe ag údaráis na Spáinne i ndáil leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(2) de Rialachán Uimh. 1307/2013, mar a leagtar amach i mír 18 thuas. Os a choinne sin, dealraíonn sé go dtagann an ceanglas sin faoin sainmhíniú ar ghabháltas, ós rud é nach meabhraítear leis an reachtaíocht náisiúnta sin ach nach mór don iarratasóir smacht leordhóthanach a bheith aige ar na hainmhithe sin chun críocha a ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanamh, gan a cheangal air, áfach, ceart úinéireachta a bheith aige ar na hainmhithe sin.

30      Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara, i bhfianaise na discréide atá acu maidir le scéimeanna tacaíochta faoi CBT, nach mór do na Ballstáit, mar is léir ó chásdlí na Cúirte, an discréid sin a fheidhmiú i gcomhréir leis na cuspóirí a shaothraítear le reachtaíocht an Aontais agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta, lena gceanglaítear nach mór do bhearta a chuirtear chun feidhme trí fhorálacha a bheith iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus nach mór dóibh gan dul thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, míreanna 40 agus 42).

31      I ndáil leis sin, cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú ar comhlíonadh an prionsabal sin i gcomhthéacs na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil agus ó bharúlacha Rialtas na Spáinne agus an Choimisiúin araon, gur forchuireadh an ceanglas sin chun, ar thaobh amháin, cleachtais mhí-úsáideacha agus calaois a chomhrac agus, ar an taobh eile, chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta. I bhfianaise chineál an fhéaraigh atá i gceist, eadhon na limistéir shléibhtiúla ar minic gur féidir le hainmhithe a bhaineann le gabháltais éagsúla innilt agus gluaiseacht faoi shaoirse orthu, tá sé thar a bheith deacair a áirithiú ní hamháin go bhfuil an innilt éifeachtach ach thar aon rud eile a chinneadh cé hiad na feirmeoirí a dhéanann an ghníomhaíocht talmhaíochta innilte ar an bhféarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann.

32      Sa chás seo, comhfhreagraíonn an dá chuspóir sin do na cuspóirí a shaothraítear le reachtaíocht an Aontais. Ar an gcéad dul síos, luaitear in Airteagal 39(1)(b) CFAE go ndéantar foráil leis na scéimeanna tacaíochta faoi CBT do thacaíocht dhíreach ioncaim, atá ceaptha chun caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh aonair daoine atá ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú.

33      Ar an dara dul síos, mar a thug Rialtas na Spáinne agus an Coimisiún dá n‑aire ina mbarúlacha i scríbhinn, gur glacadh reachtaíocht náisiúnta chun Airteagal 58(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013 a chur chun feidhme, lena n‑údaraítear do na Ballstáit na bearta reachtacha, rialála agus riaracháin is gá a ghlacadh chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus, go sonrach, chun dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑oibríochtaí a mhaoinítear le Cistí an Aontais a áirithiú, chomh maith le cosc éifeachtach ar chalaois a áirithiú, go háirithe i réimsí a bhfuil leibhéal níos airde riosca ag baint leo.

34      Maidir le hoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór a thabhairt faoi deara, faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur a dhéanamh, go ndealraíonn sé go bhféadfaidh an reachtaíocht iad a bhaint amach, toisc go bhféachann sí, mar is léir ó mhír 31 den bhreithiúnas seo, lena áirithiú go ndéantar gníomhaíocht talmhaíochta innilte iarbhír ar an bhféarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann.

35      Is cosúil nach dtéann an ceanglas dá dtagraítear i mír 29 den bhreithiúnas seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú, ós rud é nach gceanglaítear leis ach go ndéanfaidh ainmhithe ar le gabháltas an iarratasóra féin iad an ghníomhaíocht talmhaíochta innilte ar an bhféarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann sin, gan ceangal a chur ar an iarratasóir, áfach, ceart úinéireachta a bheith aige ar na hainmhithe sin.

36      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 4 agus Airteagal  32(2) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn coinníollacha a chruthú go saorga chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltais ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach n‑úsáideann an féarach sin, go ndéanfar an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin ag ainmhithe ó ghabháltas an fheirmeora a chuir isteach ar an gcabhair.

 An dara ceist

37      Maidir leis an dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1306/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn coinníollacha a chruthú go saorga chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltais ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach n‑úsáideann an féarach sin a sheachaint, go ndéanfar an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin ag ainmhithe ó ghabháltas an fheirmeora a chuir isteach ar an gcabhair.

38      Faoi Airteagal 60 den Rialachán sin, gan dochar d’fhorálacha sonracha, ní dheonófar aon bhuntáiste dá bhforáiltear faoin reachtaíocht talmhaíochta earnálach i bhfabhar duine nádúrtha nó dlítheanach a suitear ina leith gur go saorga a cruthaíodh na dálaí is gá chun na buntáistí sin a fháil, contrártha le cuspóirí na reachtaíochta sin.

39      I bhfianaise na dtéarmaí sin, is ionann Airteagal 60 den Rialachán sin, go bunúsach, agus athrá ar fhorálacha níos luaithe, lena gcódaítear an cásdlí atá ann cheana ar dá réir nach féidir brath ar rialacha an Aontais chun críocha calaoiseacha nó mí-úsáideacha (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 68, agus an 9 Feabhra 2023, Druvnieks, C‑668/21, EU:C:2023:82, mír 31).

40      Is cásdlí socair é nár cheart raon feidhme Rialacháin an Aontais a leathnú chun cleachtais mhí-úsáideacha oibreoirí eacnamaíocha a chumhdach (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41      Chinn an Chúirt go n‑éilíonn cruthúnas ar chleachtas mí-úsáideach d’fhaighteoir ionchasach na tacaíochta, ar thaobh amháin, sraith imthosca oibiachtúla as a leanann sé, in ainneoin chomhlíonadh foirmiúil na gcoinníollacha a leagtar síos leis an reachtaíocht ábhartha, nár baineadh amach an cuspóir a shaothraítear leis an reachtaíocht sin agus, ar an taobh eile, gné shuibiachtúil arb é atá inti rún buntáiste a fháil a eascraíonn as rialacha an Aontais trí na coinníollacha is gá chun é a fháil a chruthú go saorga (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Thairis sin, shonraigh an Chúirt gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé a shuíomh gurb ann don dá ghné sin, nach mór fianaise orthu a thabhairt ar aird i gcomhréir le rialacha an dlí náisiúnta, ar choinníoll nach ndéantar dochar dá bhrí sin d’éifeachtacht dhlí an Aontais (breithiúnas an 7 Aibreán 2022, Avio Lucos, C‑176/20, EU:C:2022:274, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Dá bhrí sin, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos, go ginearálta agus go neamhspleách ar aon anailís ar na himthosca sonracha, toimhde go gcruthaítear na coinníollacha maidir le rochtain ar thacaíocht go saorga i gcásanna ina ndéantar an ghníomhaíocht talmhaíochta innilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann le hainmhithe nach mbaineann le gabháltas an iarratasóra ar chabhair féin, tá an reachtaíocht sin contrártha d’Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1306/2013.

44      Sa chás seo, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, ní bhunaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí toimhde gur cruthaíodh na coinníollacha maidir le rochtain ar an gcabhair dá dtagraítear in Airteagal 60 go saorga.

45      Mar is léir ón ordú tarchuir, foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 11(2) d’Fhoraithne Ríoga 1075/2014, arna leasú le Foraithne Ríoga 41/2021, go bunúsach, go ndearbhóidh an t‑iarratasóir ina iarratas ar chabhair an úsáid atá beartaithe don imfhálú nó don dáileacht talún dearbhaithe, is é sin le rá, go sonrach, i gcás féaraigh, úsáid innilte. Foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 11(2) den Fhoraithne Ríoga sin, go bunúsach, i gcás féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann, i bprionsabal, nach n‑údarófar ach táirgeadh atá bunaithe ar ghníomhaíocht innilte ainmhithe ar le gabháltas an iarratasóra féin iad. Le hAirteagal 11(3), fágtar faoin údarás inniúil riaracháin é a mheas, in imthosca sonracha, an bhfuil dearbhú bréagach, mícheart nó faillíoch, agus an ndearna an easpa comhsheasmhachta sin difear do chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta sna limistéir lena mbaineann, ionas go bhféadfaidh sé a mheas gur cruthaíodh coinníollacha incháilitheachta na cabhrach go saorga.

46      Mar a cuireadh in iúl i mír 33 den bhreithiúnas seo, glacadh an reachtaíocht sin i gcomhthéacs chur chun feidhme Airteagal 58(1) den Rialachán sin, lena n‑údaraítear do na Ballstáit na bearta reachtacha, rialála nó riaracháin is gá a ghlacadh, faoi chuimsiú CBT, chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus, go sonrach, chun dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart arna maoiniú ag na Cistí a áirithiú agus chun cosc éifeachtach ar chalaois a áirithiú, go háirithe i réimsí a bhfuil leibhéal níos airde riosca ag baint leo.

47      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 60 de Rialachán Uimh. 1306/2013 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn cosc a chur le coinníollacha a chruthú go saorga chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltais ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach n‑úsáideann an féarach sin, go ndéanfar an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin ag ainmhithe ó ghabháltas an fheirmeora a chuir isteach ar an gcabhair.

 An tríú ceist

48      Maidir leis an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑eisiatar gníomhaíocht na hinnilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a aicmiú mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt.

49      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur i bhfianaise mhír (ii) den fhoráil sin, lena bhforáiltear, go bunúsach, go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ limistéar talmhaíochta a chothabháil i riocht atá oiriúnach d’innilt gan réamhbheart a dhéanamh a théann thar na gnáthmhodhanna talmhaíochta bunaithe ar chritéir arna mbunú ag na Ballstáit ar bhonn creat arna bhunú ag an gCoimisiún.

50      Ní mór Airteagal 4(1)(c)(ii) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léamh in éineacht le hAirteagal 4(2)(a) den Rialachán sin, lena sonraítear nach mór do na Ballstáit na critéir a shainiú atá le comhlíonadh ag feirmeoirí chun an oibleagáid maidir le limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú.

51      Ós rud é nach sainmhínítear an ghníomhaíocht chothabhála sna forálacha sin ná in aon fhoráil eile den Rialachán sin, tá sé de rogha ag na Ballstáit na critéir a leagan síos maidir le cothabháil limistéir talmhaíochta i riocht atá oiriúnach d’innilt.

52      Maidir leis an gceist an áirítear leis an lánrogha sin an fhéidearthacht go n‑eisiafadh Ballstát, ina reachtaíocht náisiúnta, gníomhaíocht limistéar talmhaíochta innilte mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear le hAirteagal 4(3)(a) de Rialachán Uimh. 1307/2013, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an creat a bhunú ar laistigh de nach mór do na Ballstáit na critéir a bhunú a chaithfidh feirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir le limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d’innilt a chomhlíonadh.

53      Sonraítear in aithris 4 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 639/2014, a glacadh chun na críche sin, gur cheart do na Ballstáit, agus bearta á nglacadh acu chun dlí an Aontais a chur chun feidhme, a lánrogha a fheidhmiú i gcomhréir, go háirithe, le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus foráil teoranta á déanamh acu, in Airteagal 4(1) de, go mbunóidh na Ballstáit na critéir nach mór d’fheirmeoirí a chomhlíonadh chun an oibleagáid maidir leis an limistéar talmhaíochta a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú, gan gníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh a théann thar ghnáthchleachtais nó innealra talmhaíochta, ar cheachtar de na bealaí seo a leanas nó ar an dá bhealach: eadhon, go bunúsach, trí cheangal a chur ar an bhfeirmeoir gníomhaíocht bhliantúil amháin ar a laghad a dhéanamh agus/nó trí na saintréithe a leagan amach nach mór do limistéar talmhaíochta a chomhlíonadh chun go measfar iad a bheith á gcothabháil i riocht atá oiriúnach d’innilt nó do shaothrú. Foráiltear le mír 2 den Airteagal sin go bhféadfaidh na Ballstáit, agus na critéir sin á sainiú acu, idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla limistéar talmhaíochta.

54      Dá bhrí sin, cé nach mór don fheirmeoir an ghníomhaíocht chothabhála a dhéanamh, i bprionsabal, ar limistéar talmhaíochta ar leith uair sa bhliain ar a laghad, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 639/2014 ar Bhallstát a eisiamh go n‑aicmeofaí an ghníomhaíocht innilte ar fhéarach faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt.

55      Tá an léiriú sin comhsheasmhach leis an gcuspóir dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí neamhrialtachtaí agus calaois a chomhrac. I bhfianaise chineál an fhéaraigh atá i gceist, dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, is é sin le rá, na limistéir shléibhtiúla go minic inar féidir ainmhithe ar ghabháltais éagsúla innilt agus inar féidir leis na gabháltais sin gluaiseacht faoi shaoirse, bheadh sé thar a bheith deacair, mura mbeadh sé dodhéanta, fíorú a dhéanamh ar an bhféarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dhéanann feirmeoirí gníomhaíocht na hinnilte táirgthe iarbhír agus iad siúd a dhéanann gníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt, ós rud é gurb ionann an dá ghníomhaíocht sin go bunúsach.

56      I bhfianaise an mhéid sin go léir, ní mór Airteagal 4(1)(c)(ii) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑eisiatar gníomhaíocht na hinnilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann ó bheith aicmithe mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt.

 An ceathrú agus an cúigiú ceist

57      Maidir leis an gceathrú agus an cúigiú ceist, arb iomchuí iad a mheas le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 4(1)(b) agus (c) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach ndéanann duine nach bhfuil aige ach ceart innilte neamh-eisiach ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann agus a aistríonn an ceart sin chuig póraitheoir tríú páirtí chun gníomhaíocht na hinnilte a dhéanamh lena ainmhithe féin, gníomhaíocht talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(i) den Rialachán sin agus nach féidir a mheas go bhfuil an féarach sin á bhainistiú aige chun gníomhaíocht a dhéanamh chun an limistéar sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt, de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(ii) den Rialachán sin.

58      Ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 4(1)(c)(i) de Rialachán Uimh. 1307/2013, cumhdaítear leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ táirgeadh, tógáil nó saothrú táirgí talmhaíochta, lena n‑áirítear bleán, pórúchán ainmhithe agus ainmhithe a choinneáil chun críocha feirmeoireachta.

59      Dá bhrí sin, ní eisiatar go sainráite leis an bhforáil sin ón gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ ceart innilte neamh-eisiach a aistriú thar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann chuig póraitheoir tríú páirtí chun go ndéanfaidh an feirmeoir sin an ghníomhaíocht innilte trína chuid ainmhithe féin.

60      Mar sin féin, agus mar a luadh i mír 27 den bhreithiúnas seo, chun bheith incháilithe do scéim na híocaíochta dírí dá bhforáiltear in Airteagal 32 de Rialachán Uimh. 1307/2013, ní mór don fheirmeoir méid áirithe cumhachta cinnteoireachta a bheith aige maidir leis an limistéar talmhaíochta a dhearbhaíonn sé mar thaca lena iarratas maidir le húsáid an limistéir lena mbaineann chun críocha a ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanamh, rud a chiallaíonn go bhfuil rialú agus neamhspleáchas leordhóthanach aige chun críocha a ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanamh.

61      Dá réir sin, ní féidir a mheas gur ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ de réir bhrí Airteagal 4(1)(c) den Rialachán sin é ceart innilte neamh-eisiach ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a aistriú chuig póraitheoir tríú páirtí, ar ceart é nach gcoinníonn an feirmeoir a dhéanann iarratas ar an gcabhair aon chumhacht cinnteoireachta ar an ngníomhaíocht a dhéanann ainmhithe de phóraitheoir tríú páirtí ar an bhféarach sin.

62      Ar an dara dul síos, is léir ó Airteagal 4(1)(c)(ii) de Rialachán Uimh. 1307/2013 go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ an ghníomhaíocht chun limistéar talmhaíochta a chothabháil i riocht atá oiriúnach d’innilt ar bhonn critéir atá le sainiú ag na Ballstáit ar bhonn creat arna bhunú ag an gCoimisiún.

63      Mar sin féin, ní eisiatar go sainráite leis an bhforáil sin ón gcoincheap ‘gníomhaíocht talmhaíochta’ ceart innilte neamh-eisiach thar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a aistriú chuig póraitheoir tríú páirtí ionas gur féidir leis an bpóraitheoir sin an ghníomhaíocht innilte a dhéanamh lena ainmhithe féin.

64      Mar sin féin, agus mar a luaitear i mír 18 den bhreithiúnas seo, ní mór innilt a dhéanamh mar chuid de ghabháltas, rud a chiallaíonn go bhfuil smacht leordhóthanach ag an bhfeirmeoir is aistrí ar na hainmhithe chun críocha a ghníomhaíocht talmhaíochta a dhéanamh.

65      Ní léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go bhfuil aistriú cirt innilte neamh-eisiach ar fhéarach ag gabháil le forálacha lena gcoimeádtar cumhacht leordhóthanach diúscartha ó thaobh an fheirmeora aistrí ar an ngníomhaíocht innilte agus ar ainmhithe an phóraitheora tríú páirtí chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíocht á déanamh ag an bhfeirmeoir sin chun limistéar talmhaíochta a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt.

66      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gceathrú agus ar an gcúigiú ceist nach mór Airteagal 4(1)(b) agus (c) de Rialachán Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta nach ndéanann duine nach bhfuil aige ach ceart innilte neamh-eisiach chun féaraigh bhuain faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann agus a aistríonn an ceart sin chuig póraitheoir tríú páirtí ionas go bhféadfaidh an feirmeoir sin an ghníomhaíocht innilte a dhéanamh lena ainmhithe féin, gníomhaíocht talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(i) den Rialachán sin agus nach féidir a mheas go bhfuil an féarach sin á bhainistiú aige chun gníomhaíocht a dhéanamh chun an limistéar sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt, de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(ii) den Rialachán sin.

 Costais

67      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 4 agus Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn coinníollacha a chruthú go saorga chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltas ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach núsáideann an féarach sin, go ndéanfar an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin ag ainmhithe ó ghabháltas an fheirmeora a chuir isteach ar an gcabhair.

2.      Maidir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1200/2005 agus Uimh. 485/2008 ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, d’fhonn coinníollacha a chruthú go saorga chun cabhair a fháil i ndáil le lamháltas ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú d’fheirmeoirí nach núsáideann an féarach sin, go ndéanfar an ghníomhaíocht innilte ar an bhféarach sin ag ainmhithe ó ghabháltas an fheirmeora a chuir isteach ar an gcabhair.

3.      Maidir le hAirteagal 4(1)(c)(ii) de Rialachán Uimh. 1307/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena neisiatar gníomhaíocht innilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann ó bheith aicmithe mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht atá oiriúnach d’innilt.

4.      Maidir le hAirteagal 4(1)(b) agus (c) de Rialachán Uimh. 1307/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach ndéanann duine nach bhfuil aige ach ceart innilte neamh-eisiach ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann agus a aistríonn an ceart sin do phóraitheoir tríú páirtí ionas go ndéanfadh an póraitheoir sin gníomhaíocht innilte trína ainmhithe féin, nach ndéanann sé gníomhaíocht talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(i) den Rialachán sin agus nach féidir a mheas go bhfuil an féarach sin á bhainistiú aige chun an ghníomhaíocht a dhéanamh an limistéar sin a chothabháil i riocht atá oiriúnach d’innilt, de réir bhrí Airteagal 4(1)(c)(ii) den Rialachán sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Spáinnis.

Top