Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0406

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Deireadh Fómhair 4.
CV v Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky.
Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Cosaint idirnáisiúnta – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Airteagail 36 agus 37 – An coincheap ‘tír shábháilte thionscnaimh’ – Ainmniúchán – Iarscríbhinn 1 – Critéir – Airteagal 46 – An ceart chun leighis éifeachtaigh a fháil – Scrúdú breithiúnach ar ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh.
Cás C-406/22.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:841

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

4 Deireadh Fómhair 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Cosaint idirnáisiúnta – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Airteagail 36 agus 37 – An coincheap ‘tír shábháilte thionscnaimh’ – Ainmniúchán – Iarscríbhinn 1 – Critéir – Airteagal 46 – An ceart chun leighis éifeachtaigh a fháil – Scrúdú breithiúnach ar ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh)

I gCás C‑406/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Krajský soud v Brně (Cúirt Réigiúnach, Brno, Poblacht na Seice), trí bhreith an 20 Meitheamh 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 20 Meitheamh 2022, sna himeachtaí

CV

v

Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan (Rapóirtéir), T. von Danwitz, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, I. Jarukaitis, A. Kumin, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 6 Meitheamh 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus P. P. Huurnink, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma agus M. Salyková, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Bealtaine 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 36 agus 27, ar Airteagal 46(3) agus Iarscríbhinn 1 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60) agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir CV agus Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky (Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Seice, an Roinn Beartais Tearmainn agus Imirce; ‘an Aireacht Gnóthaí Baile’), maidir le diúltú dá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

 An dlí lena mbaineann

 An dlí idirnáisiúnta

 Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe

3        Foráiltear le hAirteagal 1A(2) den Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 (United Nations Treaty Series (Sraith de Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)) agus a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 agus a forlíonadh leis an bPrótacal i dtaobh Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a tháinig i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’), ‘[c]hun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh feidhm ag an téarma ‘dídeanaí’ maidir le haon duine atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar bhallraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin; [...] ’

 ECHR

4        Foráiltear le hAirteagal 15 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’), dar teideal ‘Maolú tráth práinne’:

‘(1)      In aimsir chogaidh nó práinne poiblí eile ina mbagraítear ar shaol an náisiúin, féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach bearta a ghlacadh de mhaolú ar a oibleagáidí faoi gCoinbhinsiún seo sa mhéid a cheanglaítear go docht le riachtanais an cháis, ar choinníoll nach mbeidh na bearta sin ar neamhréir lena oibleagáidí eile faoin dlí idirnáisiúnta.

(2)      Ní dhéanfar aon mhaolú ar Airteagal 2, ach amháin i leith básanna de dhroim gníomhartha dleathacha cogaidh, nó ar Airteagail 3, 4 (mír 1) agus 7, faoin bhforáil seo.

(3)      Aon Ardpháirtí Conarthach a bhainfidh leas as an gceart maolaithe seo, coimeádfaidh sé Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na bearta a bheidh glactha aige agus na cúiseanna atá leo. Cuirfidh sé in iúl freisin d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa nuair a scoirfidh bearta den sórt sin d’oibriú agus nuair a bheidh forálacha an Choinbhinsiúin á bhforghníomhú go hiomlán arís.’

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2005/85/CE

5        Rinneadh Treoir 2005/85/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh nó a aistarraingt (IO 2005 L 326, lch. 2013) a aisghairm le Treoir 2013/32. Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 30 de Threoir 2005/85, dar teideal ‘Ainmniúchán náisiúnta tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh’:

‘Gan dochar d’Airteagal 29, féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choinneáil nó a thabhairt isteach faoinar féidir le Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú, ar leibhéal náisiúnta, ar tíortha iad nach bhfuil ar an liosta coiteann íosta de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha iarratais ar thearmann a scrúdú. Féadfar a áireamh leis sin cuid de thír a ainmniú mar thír shábháilte i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha in Iarscríbhinn II i ndáil leis an gcuid sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 31 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘Coincheap na tríú tíre sábháilte tionscnaimh’:

‘Ní fhéadfar tríú tír atá ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 29 nó le hAirteagal 30, tar éis scrúdú aonair ar an iarratas, a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh d’iarratasóir ar leith ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)      go bhfuil náisiúntacht na tíre sin aige nó aici; nó

(b)      gur duine gan stát é nó í agus go raibh gnáthchónaí air nó uirthi sa tír sin roimhe sin,

agus nach bhfuil aon fhorais thromchúiseacha tíolactha aige lena mheas nach tír shábháilte thionscnaimh í an tír ina chúinsí ar leith agus maidir lena cháilíocht mar dhídeanaí i gcomhréir le Treoir 2004/83/CE [ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta ar shlí eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO 2004 L 304, lch. 12)].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Ainmniú na dtíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Airteagal 29 agus Airteagal 30(1)’, sainmhínítear na critéir chun tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh.

 Treoir 2011/95/AE

8        Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9), dar teideal ‘Gníomhartha géarleanúna’

‘(1)      Chun go measfar gur gníomh géarleanúna é de réir bhrí Airteagal 1, Roinn (A) de Choinbhinsiún na Ginéive, ní mór do ghníomh:

(a)      a bheith tromchúiseach go leor de bharr a chineáil nó de bharr a athdhéanamh le bheith ina shárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine, go háirithe na cearta sin nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) de [ECHR]; nó

(b)      a bheith ina bearta éagsúla arna gcarnadh, lena n‑áirítear sáruithe ar chearta an duine, atá tromchúiseach go leor chun difear a dhéanamh do dhuine aonair ar bhealach atá cosúil leis an ngníomh dá dtagraítear i mír (a).

(2)      Féadfar gníomhartha géarleanúna, mar a cháilítear i mír 1 iad, a bheith i bhfoirm an mhéid seo a leanas, inter alia:

(a)      gníomhartha foréigin fhisicigh nó mheabhraigh, lena n‑áirítear gníomhartha foréigin ghnéasaigh;

(b)      bearta dlíthiúla, riaracháin, póilíneachta agus/nó breithiúnacha atá idirdhealaitheach iontu féin nó a chuirtear chun feidhme ar bhealach idirdhealaitheach;

(c)      ionchúiseamh nó pionós atá díréireach nó idirdhealaitheach;

(d)      séanadh sásaimh bhreithiúnaigh arb é is toradh air pionós atá díréireach nó idirdhealaitheach;

(e)      ionchúiseamh nó pionós i leith diúltú seirbhís mhíleata a dhéanamh le linn coinbhleachta, i gcás ina mbeadh coireanna nó gníomhartha atá faoi raon feidhme an fhorais le heisiamh mar a dtagraítear in Airteagal 12(2) é ina gcuid den seirbhís mhíleata sin;

(f)      gníomhartha a bhaineann go sonrach le hinscne nó le leanaí.

(3)      I gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2, ní mór baint a bheith ann idir na fáthanna a luaitear in Airteagal 10 agus na gníomhartha géarleanúna mar a cháilítear i mír 1 den Airteagal seo iad nó an easpa cosanta ar ghníomhartha den sórt sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2013/32

9        Foráiltear le haithrisí 18 agus 20 de Threoir 2013/32:

‘(18)      Is chun leasa na mBallstát agus na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta araon a ndéanfar cinneadh a luaithe is féidir maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus uileghabhálach a dhéanamh.

[...]

(20)      I gcúinsí atá sainithe go soiléir inar dócha go mbeidh iarratas gan bhunús nó i gcás ina bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an tslándáil náisiúnta nó leis an ord poiblí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin, go háirithe trí theorainneacha ama níos giorra, ach réasúnta, a thabhairt isteach le haghaidh céimeanna áirithe nós imeachta, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus iomlán a dhéanamh ná do rochtain éifeachtach an iarratasóra ar na bunphrionsabail agus ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 31(8) den Treoir sin, dar teideal ‘Nós imeachta scrúdúcháin’:

‘Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear dlús le nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II agus/nó go ndéanfar é ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais i gcomhréir le hAirteagal 43 más rud é:

[...]

(b)      gur as tír shábháilte thionscnaimh de réir bhrí na Treorach seo don iarratasóir; [...]’

[...] ’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 32 den Treoir sin, dar teideal ‘Iarrataí gan bhunús’:

‘(1)      Gan dochar d’Airteagal 27, ní fhéadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas gan bhunús ach amháin má tá sé suite ag an údarás cinntitheach nach gcáilíonn an t‑iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95].

(2)      I gcásanna iarratais gan bhunús ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na himthosca a liostaítear in Airteagal 31(8), féadfaidh na Ballstáit a mheas gur léir go bhfuil iarratas go follasach gan bhunús, i gcás ina sainítear amhlaidh é sa reachtaíocht náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Foráiltear le hAirteagal 36 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘Coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh’:

‘(1)      Ní fhéadfar tríú tír atá ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh i gcomhréir leis an Treoir seo, tar éis scrúdú aonair ar an iarratas, a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh d’iarratasóir ar leith ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)      go bhfuil náisiúntacht na tíre sin aige nó aici; nó

(b)      gur duine gan stát é nó í agus go raibh gnáthchónaí air nó uirthi sa tír sin roimhe sin,

agus nach bhfuil aon fhorais thromchúiseacha tíolactha aige nó aici lena mheas nach tír shábháilte thionscnaimh í an tír ina imthosca ar leith agus ó thaobh a cháilithe nó a cáilithe mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Treoir [2011/95].

(2)      Leagfaidh na Ballstáit síos sa reachtaíocht náisiúnta rialacha agus módúlachtaí breise chun coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráiltear le hAirteagal 37 den Treoir sin, dar teideal ‘Ainmniúchán náisiúnta tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh’:

‘(1)      Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choinneáil nó a thabhairt isteach lena gceadaítear, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

(2)      Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

(3)      Bunófar an measúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo i dtaobh an tír shábháilte thionscnaimh í tír ar raon foinsí faisnéise, lena n‑áirítear go háirithe faisnéis ó Bhallstáit eile, [ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)], ó [Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR)], ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

(4)      Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún [Eorpach] maidir leis na tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Foráiltear le hAirteagal 43(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Nós imeachta teorann’:

‘Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta, i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II, chun cinneadh a dhéanamh ag an teorainn nó ag limistéir idirthurais an Bhallstáit maidir leis an méid seo a leanas:

[...]

(b)      substaint iarratais i nós imeachta de bhun Airteagal 31(8).

15      Foráiltear le hAirteagal 46 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘An ceart chun leighis éifeachtaigh’:

‘(1)      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceart ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse, i gcoinne na nithe seo a leanas:

(a)      cinneadh a rinneadh i dtaca lena n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear:

(i)      cinneadh lena meastar go bhfuil iarratas gan bhunús i ndáil le stádas dídeanaí agus/nó stádas cosanta coimhdí;

[...]

(iii)      cinneadh a ghlactar ag an teorann nó i gcriosanna idirthurais de Bhallstáit mar a thuairiscítear orthu in Airteagal 43(1);

[...]

(3)      Chun mír 1 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar riachtanais na cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95], i nósanna imeachta achomhairc os comhair cúirte nó binse céadchéime ar a laghad.

[...]

(5)      Gan dochar do mhír 6, ceadóidh na Ballstáit d’iarratasóirí fanacht ar an gcríoch go dtí go rachaidh an teorainn ama in éag ar laistigh di is féidir a gceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú agus, i gcás inar feidhmíodh ceart den sórt sin laistigh den teorainn ama, go dtí go bhfaighfear toradh an leighis.

(6)      I gcás cinnidh:

(a)      a mheas go bhfuil iarratas go follasach gan bhunús i gcomhréir le hAirteagal 32(2) nó gan bhunús tar éis scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 31(8), ach amháin i gcásanna ina bhfuil na cinntí sin bunaithe ar na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(8)(h);

[...]

beidh sé de chumhacht ag cúirt nó binse a rialú cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit, arna iarraidh sin don iarratasóir nó ag gníomhú ar a thionscnamh féin, más é an toradh a bheidh ar chinneadh den sórt sin ná go gcuirfear deireadh le ceart an iarratasóra fanacht sa Bhallstát agus más rud é, i gcásanna den sórt sin, nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta don cheart fanacht sa Bhallstát go dtí go bhfaighfear toradh an leighis.

[...] ’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Foráiltear le hAirteagal 53 den Treoir sin, dar teideal ‘Aisghairm’:

‘Déantar Treoir [2005/85] a aisghairm, i dtaca leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, le héifeacht ón 21 Iúil 2015, [...]

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17      I gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú chun críocha Airteagal 37(1)’:

‘Meastar gur tír shábháilte thionscnaimh tír i gcás inar féidir a léiriú go ginearálta agus go comhsheasmhach, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na n‑imthosca polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar a shainmhínítear í in Airteagal 9 de Threoir [2011/95], do chéastóireacht ná d’íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d’aon bhagairt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí.

Agus an measúnú sin á dhéanamh, cuirfear san áireamh, inter alia, a mhéid a thugtar cosaint ar ghéarleanúint nó ar dhrochíde tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)      dlíthe agus rialacháin ábhartha na tíre agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm iad;

(b)      na cearta agus na saoirsí atá leagtha síos in [ECHR] agus/nó sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla [, arna ghlacadh an 16 Nollaig 1966 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus a tháinig i bhfeidhm an 23 Márta 1976,] agus/nó i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta, go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) [ECHR], a chomhlíonadh;

(c)      urraim do phrionsabal an nonrefoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive;

(d)      foráil maidir le córas de leigheasanna éifeachtacha i gcoinne sáruithe ar na cearta agus saoirsí sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán (AE) 2024/1348

18      Foráiltear le hAirteagal 61(2) de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348) dar teideal ‘Coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh’:

‘Féadfar tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais [Eorpaigh] agus ar an leibhéal náisiúnta araon cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir.’

19      Foráiltear le hAirteagal 78(1), den Rialachán sin, dar teideal ‘Aisghairm’:

‘Aisghairtear Treoir [2013/32] le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 79(2), gan dochar d’Airteagal 79(3).’

20      Foráiltear le míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 79 den Rialachán sin dar teideal ‘Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm’:

‘(2)       Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026.

(3)      Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú i ndáil le hiarratais a thaiscfear ón 12 Meitheamh 2026. Is le Treoir [2013/32] a rialófar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaiscfear roimh an dáta sin. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcás ina gcuirfear tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar tar éis an 12 Meitheamh 2026. I gcás ina gcuirfear tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar roimh an 12 Meitheamh 2026, is le Treoir [2013/32] a rialófar an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.’

 Dlí Phoblacht na Seice

 An Dlí maidir le Tearmann

21      Foráiltear i § 2(1)(b) agus (k) de zákon č. 325/1999 Sb., o azylu (Dlí 325/1999 maidir le tearmann), sa leagan atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le tearmann’):

‘Chun críocha an Dlí seo, sainítear

[...]

(b)      iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta náisiúnach, mar eachtrach a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i bPoblacht na Seice, nár eascair cinneadh cinntitheach as go fóill. Beidh stádas iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta ag náisiúnach eachtrach freisin ar feadh na teorann ama chun caingean a thionscnamh faoi § 32 agus ar feadh na n‑imeachtaí breithiúnacha sa chaingean i gcoinne chinneadh na haireachta i gcomhréir leis an [zákon č. 150/2002 Sb., soudní řád správní (Dlí Uimh. 150/2002, Cód Ceartais Riaracháin), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Cód um Cheartas Riaracháin’), má tá éifeacht fionraíochta ag an gcaingean sin, nó go dtí go dtabharfaidh an Chúirt Réigiúnach cinneadh gan éifeacht fionraíochta a dheonú, i gcás ina ndearna an náisiúnach eachtrach iarratas uirthi, [...]

[...]

(k)      tír shábháilte thionscnaimh, mar an stát ar shaoránach de an t‑eachtrannach, nó i gcás duine gan stát, an stát ina raibh buanchónaí deireanach air nó uirthi,

(1)      nach bhfuil aon ghéarleanúint, céastóireacht ná íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach ann, go ginearálta agus go comhsheasmhach, agus nach bhfuil aon bhagairt ann mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí,

(2)      nach bhfágann a saoránaigh ná daoine gan stát ar na cúiseanna a luaitear in § 12 nó in § 14a,

(3)      tar éis conarthaí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n‑áirítear na forálacha a bhaineann le leigheasanna éifeachtacha, a dhaingniú agus a urramú, agus

(4)      lena gceadaítear d’eintitis dhlítheanacha faireachán a dhéanamh ar an staid i ndáil le hurraim do chearta an duine,

[...] ’

22      Foráiltear in § 3d den Dlí sin:

‘(1)      Beidh an ceart ag iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar an gcríoch; [...] Ní thabharfaidh an ceart fanacht ar an gcríoch teidlíocht ar chead cónaithe de réir bhrí [zákon č. 326/1999 Sb., o pobytu cizinců na území České republiky a o změně některých zákonů (Dlí Uimh. 326/1999 maidir le cónaí náisiúnach eachtrach i bPoblacht na Seice agus ag leasú dlíthe áirithe)]. Tá sé de cheart ag an aireacht cónaí iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta sa chríoch a shrianadh do chuid den chríoch amháin nó d’ionad glactha an limistéir idirthurais in aerfort idirnáisiúnta mura bhfuil cead ag an iarratasóir dul isteach sa chríoch.

(2)      Más rud é nach duine é an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a rinne ath-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ní féidir deireadh a chur lena fhanacht ar an gcríoch ar bhonn cinneadh riaracháin nó breithiúnach; ...’

23      Is mar seo a leanas atá § 16(2) agus (3) den dlí sin:

‘(2)      Diúltófar freisin d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith go follasach gan bhunús má thagann an t‑iarratasóir isteach ó stát a mheasann Poblacht na Seice gur tír shábháilte tionscnaimh é, ach amháin má léiríonn an t‑iarratasóir nach féidir a mheas, ina chás féin nó ina cás féin, gur tír den sórt sin é an stát atá i gceist.

(3)      Má tá forais ann chun diúltú don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith go follasach gan bhunús, ní gá scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta na forais chun tearmann a dheonú, dá bhforáiltear i §§ 13 agus 14, nó le haghaidh cosaint choimhdeach, dá bhforáiltear i § 14b. Má tá forais ann chun diúltú don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar iarratas atá go follasach gan bhunús de bhun fhomhír 2, ní gá ach oiread scrúdú a dhéanamh ar cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta d’imthosca a léiríonn go bhféadfadh sé nó sí a bheith neamhchosanta ar ghéarleanúint ar na cúiseanna dá dtagraítear i § 12 nó go bhfuil sé nó sí i mbaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt de réir bhrí § 14a.’

24      Foráiltear mar a leanas le § 32(2) den Dlí maidir le tearmann:

‘Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú caingne [...] seachas [...] maidir le caingean i gcoinne cinneadh a tugadh de bhun § 16(2) [...]’ ’

25      Foráiltear mar a leanas le § 85b(1) den Dlí sin:

‘Tar éis [...] cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith go follasach gan bhunús, mura ndearna cúirt é a neamhniú, nó tar éis cinneadh ó chúirt réigiúnach gan éifeacht fionraíochta a dheonú, má iarrtar sin, eiseoidh an aireacht ordú aistrithe ex officio i leith náisiúnach eachtrach a bheidh bailí ar feadh uastréimhse míosa, mura leantar an nós imeachta faoi [Dlí Uimh. 326/1999 maidir le cónaí náisiúnach eachtrach i bPoblacht na Seice agus lena leasaítear dlíthe áirithe] [...] ’

26      Foráiltear don mhéid seo a leanas in § 86(4) den Dlí sin:

‘Bunóidh an Aireacht le foraithne liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh, [...] Déanfaidh sí athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad ar liostaí na dtíortha arna mbunú le foraithne. ’

 Foraithne Uimh. 328/2015 lena gcuirtear chun feidhme an Dlí maidir le tearmann agus cosaint shealadach náisiúnach eachtrach

27      Foráiltear le § 2(15) de vyhláška č. 328/2015 Sb., kterou se provádí zákon o azylu a zákon o dočasné ochraně cizinců (Foraithne Uimh. 328/2015 lena gcuirtear chun feidhme an Dlí maidir le tearmann agus cosaint shealadach náisiúnach eachtrach):

‘Measann Poblacht na Seice gur tír shábháilte thionscnaimh í an Mholdóiv, cé is moite den Tras-dnístria [...] ’

 An Cód um Cheartas Riaracháin

28      Foráiltear le § 75(2) den Chód um Cheartas Riaracháin:

‘Scrúdóidh an Chúirt na pointí den chinneadh atá faoi chonspóid laistigh de theorainneacha na bhforas ar a bhfuiltear ag brath. [...] ’

29      Foráiltear an méid seo a leanas i § 76(1) den Chód sin:

‘Le breithiúnas, gan éisteacht, neamhneoidh an chúirt an cinneadh atá faoi chonspóid ar fhorais easnaimh nós imeachta

(a)      i gcás ina bhfuil athbhreithniú dodhéanta mar gheall ar chineál dothuigthe an chinnidh nó mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua,

(b)      ós rud é nach bhfreagraíonn na fíorais ar ar bhraith an t‑údarás riaracháin chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh do chomhad an cháis nó nach bhfuil aon bhunús acu ann, nó nach mór iad a fhorlíonadh go hiomlán nó go substaintiúil,

(c)      mar gheall ar shárú substaintiúil ar na forálacha a bhaineann leis an nós imeachta os comhair an údaráis riaracháin, má tá an baol ann go ndéanfar cinneadh neamhdhleathach ar na tuillteanais mar thoradh ar an sárú sin.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

30      An 9 Feabhra 2022, rinne CV, náisiúnach de chuid na Moldóive, iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i bPoblacht na Seice. I gcomhthéacs an iarratais sin, dúirt sé go bhfaca sé, in 2015 sa Mholdóiv, timpiste bóthair inar leag tiománaí carr coisí go marfach agus inar theith an tiománaí ón dtimpiste. Oíche na timpiste, tháinig roinnt daoine chuig teach CV, thóg siad isteach san fhoraois é agus rinne siad ionsaí air.

31      Tar éis dó éalú, d’fhan CV i bhfolach le cairde, sular fhill sé ar a bhaile 2 lá ina dhiaidh sin agus fuair sé amach go raibh a theach dóite. Go gairid ina dhiaidh sin, theith sé ón Moldóiv go Poblacht na Seice, ag baint úsáid as pas Rómánach bréige a chuir duine a raibh aithne aige orthu ar fáil dó. In 2016 agus in 2019, d'fhill CV ar an Moldóiv, ag déanamh a ndícheall an méid seo a cheilt ó gach duine seachas a chol ceathracha.

32      Mar thaca lena iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, bhí CV ag brath ar na bagairtí a rinne daoine aonair dó sa Mholdóiv nach raibh na húdaráis phóilíneachta in ann iad a aithint. Chuir sé in iúl chomh maith nár mhian leis filleadh ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin.

33      Le cinneadh an 8 Márta 2022 (‘an cinneadh diúltaithe’), dhiúltaigh an Aireacht Gnóthaí Baile don iarratas sin toisc é a bheith go follasach gan bhunús, de réir bhrí § 16(2) den Dlí maidir le tearmann, i bhfianaise na faisnéise a bhailigh an Aireacht maidir leis an staid pholaitiúil agus slándála sa Mholdóiv agus maidir le hurraim do chearta an duine sa tríú tír sin. Go háirithe, thug an aireacht sin faoi deara go measann Poblacht na Seice, faoi § 2 de Fhoraithne Uimh. 328/2015 lena gcuirtear chun feidhme an Dlí maidir le tearmann agus cosaint shealadach náisiúnach eachtrach , gur mheas Poblacht na Seice, ag an am ábhartha, gur ‘tír shábháilte thionscnaimh’ í an Mholdóiv, cé is moite den Tras-dnístria, agus nár éirigh le CV a léiriú nach mbeadh feidhm aige ina chás sonrach ar leith.

34      Rinne CV agóid i gcoinne an chinnidh sin os comhair Krajský soud v Brně (an Chúirt Réigiúnach, Brno, Poblacht na Seice), an chúirt a rinne an tarchur. Os comhair na cúirte sin, maíonn CV, bunaithe go bunúsach ar na n‑aighneachtaí a rinneadh chun tacú lena iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ainneoin go raibh sé de cheangal ar an Aireacht an fhaisnéis ábhartha go léir a chur san áireamh agus an t‑iarratas sin a mheas ina iomláine, gur ghlac an Aireacht leis é an t‑aon gné chinntitheach ná go dtagann CV ó Phoblacht na Moldóive.

35      Os comhair na cúirte sin, deir an Aireacht Gnóthaí Baile nár thug sí neamhaird ar an staid a d’eascair as an gcoinbhleacht a tharla mar thoradh ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Ar an dáta a glacadh an cinneadh sin, áfach, níor tugadh le fios in aon tuarascáil gur leathnaigh an choinbhleacht sin níos faide ná an Úcráin, nó go raibh ar an aireacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar na faisnéise a bailíodh maidir le Poblacht na Moldóive.

36      Ina theannta sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur aithin an Aireacht go bhfuil easnaimh bhunúsacha ann maidir le hurraim don smacht reachta sa Mholdóiv, go háirithe i réimse an cheartais, agus mar thoradh air sin nach féidir gníomhartha géarleanúna, de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2011/95, a chur as an áireamh. Go háirithe, tá ionchúisimh nó ciontuithe coiriúla díréireacha nó idirdhealaitheacha ann, atá dírithe den chuid is mó ar pholaiteoirí an fhreasúra, dá ndlíodóirí, ar chosantóirí chearta an duine nó ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta. Mar sin féin, bhí an Aireacht Gnóthaí Baile den tuairim nach mbaineann CV le haon cheann de na catagóirí sin. Thairis sin, níor luaigh CV go raibh fadhb ar bith aige le hinstitiúidí Stáit na Moldóive.

37      An 9 Bealtaine 2022, ghlac an chúirt a rinne an tarchur le hiarratas CV go dtabharfaí éifeacht fionraíochta dá chaingean i gcoinne an chinnidh diúltaithe, agus sheas sí lena argóint nach mbeadh ach éifeacht fhoirmiúil aige tar éis dó críoch Phoblacht na Seice a fhágáil, ós rud é, sa Mholdóiv, go mbeadh sé neamhchosanta ar an mbaol go bhfulaingeodh sé díobháil thromchúiseach ó na daoine a d’ionsaigh é roimhe sin. Thairis sin, cuireann an chúirt sin in iúl gur chuir sí san áireamh gur chinn Poblacht na Moldóive, an 28 Aibreán 2022, mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, síneadh a chur le feidhmiú a cirt chun maolú ar na hoibleagáidí faoi ECHR, de bhun Airteagal 15 den choinbhinsiún sin, a d’agair sí an 25 Feabhra 2022, mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh a bhí ann.

38      Ós rud é gur diúltaíodh d’iarratas CV ar chosaint idirnáisiúnta, inter alia, toisc gur ainmnigh Poblacht na Seice Poblacht na Moldóive mar thír shábháilte thionscnaimh, cé is moite den Tras-dnístria, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, saincheist an choincheapa ‘tír shábháilte thionscnaimh’ agus go háirithe, ag féachaint d’Airteagal 37 de Threoir 2013/32 agus d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, na critéir chun tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte tionscnaimh.

39      Fiafraíonn sí an scoireann tríú tír de bheith ainmnithe amhlaidh nuair a agraíonn sí an ceart maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 ECHR.

40      Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin an gcuirtear cosc le dlí an Aontais cosc ar Bhallstát tríú tír a ainmniú mar thír thionscnaimh shábháilte do chuid dá chríoch amháin. I ndáil leis sin, cuireann sí in iúl nach bhforáiltear a thuilleadh in Airteagal 37 den Treoir sin don chumas chun ainmniú a bhaineann le cuid dá chríoch amháin den sórt sin a dhéanamh, a bhí le feiceáil in Airteagal 30 de Threoir 2005/85, arna haisghairm le Treoir 2013/32. Thairis sin, measann an chúirt sin gurb é cuspóir an choincheapa ‘tír shábháilte thionscnaimh’ ná simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, nach bhfuil údar leis ach amháin i gcás tríú tíortha nach dócha i ndáiríre go ndeonófar cosaint idirnáisiúnta nó cosaint choimhdeach dá náisiúnaigh. Is amhlaidh atá ach amháin maidir le tríú tíortha a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/322 ar fud a gcríche ar fad.

41      Ar an dara dul síos, dá nglacfaí leis nach féidir tríú tír a d’fheidhmigh an ceart maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 ECHR a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nó nach féidir le hainmniú den sórt sin cuid de chríoch an tríú tír lena mbaineann a eisiamh, ceistíonn an chúirt a rinne an tarchur méid an athbhreithnithe nach mór di a fheidhmiú ina leith sin faoi Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, foráil nach bhfuil trasuite i ndlí na Seice ach a mheasann sí a bhfuil éifeacht dhíreach aici.

42      Go háirithe, sonraíonn an chúirt sin go bhféadfaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag náisiúnaigh tríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh, amhail an t‑iarratas lena mbaineann an díospóid atá ar feitheamh os comhair na cúirte sin, a bheith faoi réir scéim scrúdaithe speisialta, rud a fhágann gur féidir, faoi fhorálacha na Treorach sin, inter alia, na hiarratais sin a phróiseáil faoi nós imeachta brostaithe agus, i gcás inarb iomchuí, a dhearbhú go bhfuil siad go follasach gan bhunús. Cuireann an chúirt sin in iúl freisin, sna himthosca sin, nach bhféadfaidh an Ballstát inar thaisc iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta iarratas den sórt sin cead a thabhairt dó fanacht ar a chríoch go dtí go mbeidh toradh ar a chaingean i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear an t‑iarratas sin.

43      Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt sin, i gcás ina n‑éisteann cúirt nó binse caingean i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna ghlacadh i gcomhthéacs scéim den sórt sin, an gá, mar chuid den scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí dá bhforáiltear in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, mainneachtain aird a thabhairt ar na rialacha a leagtar síos leis an Treoir sin chun tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, fiú mura ndearna an t‑iarratasóir a thionscain an chaingean sin agóid i gcoinne na mainneachtana sin.

44      Sna himthosca sin, chinn Krajský soud v Brně (an Chúirt Réigiúnach, Brno) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

(1)      Ar cheart na critéir maidir le hainmniú tíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Airteagal 37(1) de Threoir [2013/32] in Iarscríbhinn I. (b) a ghabhann leis – i.e., go dtugann an tír lena mbaineann cosaint ar ghéarleanúint agus drochíde trí urramú na gceart agus na saoirsí atá leagtha síos sa [ECHR], go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) [ECHR] – a léirmhíniú sa chaoi, má tharraingíonn an tír siar óna gealltanais faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint le linn éigeandála faoi Airteagal 15 [ECHR], nach gcomhlíonann sí a thuilleadh na critéir maidir le bheith ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh?

(2)      Ar cheart Airteagail 36 agus 37 de Threoir [2013/32] a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar Bhallstát tír sábháilte thionscnaimh a ainmniú go páirteach amháin, le heisceachtaí maidir le críocha áirithe nach mbeidh feidhm ag an toimhde go bhfuil an chuid sin den tír sábháilte don iarratasóir maidir leo, agus má ainmníonn an Ballstát tír le heisceachtaí críochacha mar seo mar thír shábháilte, nach féidir mar sin an tír lena mbaineann a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh chun críche na Treorach?

(3)      Má tá freagra dearfach ar cheann den dá cheist sin, ar cheart Airteagal 46(3) de Threoir [2013/32], i gcomhar le hAirteagal 47 [den Chairt], a léirmhíniú sa chaoi nach mór do chúirt a dhéanfaidh cinneadh maidir le hachomharc i gcoinne an chinnidh go bhfuil an t‑iarratas gan bhunús go follasach, de bhun Airteagal 32(2) den Treoir sin, arna eisiúint in imeachtaí arna seoladh de bhun Airteagal 31(8)(b) den Treoir sin, a chur san áireamh ex officio go bhfuil ainmniú na tíre mar thír shábháilte contrártha do dhlí an Aontais, mar gheall ar na cúiseanna a luaitear thuas, gan ghá don iarratasóir agóid a dhéanamh? ’

 Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

45      Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 37 de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, a léiriú sa chaoi go scoirfidh tríú tír de chomhlíonadh na gcritéar lena gceadaítear í a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh ar an bhforas amháin go n‑agraíonn an tríú tír sí an ceart chun maolú ar na hoibleagáidí a leagtar síos in ECHR, de bhun Airteagal 15 den choinbhinsiún sin.

46      Mar is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt sin ar fáil, cáineann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí an Aireacht Gnóthaí Baile toisc, cé gur chuir sé in iúl arís na bagairtí a rinneadh air sa Mholdóiv agus gur luaigh sé nár mhian leis filleadh ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, gur bhunaigh an Aireacht sin an cinneadh diúltaithe ar an bhfíoras go dtagann sé ó Phoblacht na Moldóive amháin agus go raibh an tríú tír sin ainmnithe ag Poblacht na Seice mar thír shábháilte thionscnaimh, cé is moite den Tras-dnístria. Dá bhrí sin, is mian leis an gcúirt sin an éifeacht ar an ainmniú sin a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfíoras gur chinn Poblacht na Moldóive, an 28 Aibreán 2022, tráth a bhí an díospóid sna príomhimeachtaí os a comhair, síneadh a chur le feidhmiú a cirt maolú ar na hoibleagáidí a eascraíonn as ECHR, de bhun Airteagal 15 de, mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin.

47      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go mbunaítear le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32, a bhaineann, faoi seach, le coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh agus le hainmniú tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh ag na Ballstáit, scéim scrúdaithe speisialta a bhféadfaidh na Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur faoina réir; go bhfuil an scéim sin bunaithe ar thoimhde infhrisnéise de chosaint leordhóthanach sa tír thionscnaimh, ar féidir leis an iarratasóir í a fhrisnéis i gcás ina maíonn sé cúiseanna sáraitheacha a bhaineann lena chás shonrach ar leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 25).

48      Mar chuid de ghnéithe sonracha na scéime scrúdaithe speisialta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 31(8)(b) den Treoir sin, ar an gcéad dul síos, dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin agus, ar an dara dul síos, é a sheoladh ag an teorainn nó sna criosanna idirthurais, i gcomhréir le hAirteagal 43 den Treoir sin.

49      Ina theannta sin, i gcás inar measadh go raibh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag iarratasóir ó thír shábháilte thionscnaimh gan bhunús, a mhéid, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Threoir 2013/32, gur shuigh an t‑údarás cinntitheach nach gcáilíonn an t‑iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95, féadfaidh na Ballstáit a mheas freisin go bhfuil iarratas den sórt sin gan bhunús go follasach de bhun Airteagal 32(2) de Threoir 2013/32, má shainmhínítear amhlaidh sa reachtaíocht náisiúnta é.

50      Thairis sin, tá sé ar cheann de na hiarmhairtí don duine a ndiúltaítear dá iarratas ar bhonn chur chun feidhme choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh, murab ionann agus an méid dá bhforáiltear i gcás diúltú simplí, nach féidir cead a thabhairt don duine sin fanacht, ar feitheamh thoradh a chaingne i gcoinne an chinnidh lenar diúltaíodh an t‑iarratas sin, ar chríoch an Bhallstáit inar taisceadh an t‑iarratas sin, mar is léir ó fhorálacha Airteagal 46(5) agus (6) de Threoir 2013/32 (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 27).

51      Agus na réamhbharúlacha sin leagtha amach, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann Airteagal 37 den Treoir sin, mar a léirítear ina teideal, le hainmniúchán tríú tíortha ag na Ballstáit mar thíortha sábháilte tionscnaimh. Go háirithe, sonraítear in Airteagal 37(1) den Treoir sin go bhféadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choinneáil nó a thabhairt isteach lena gceadaítear, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

52      Luaitear in Iarscríbhinn I, inter alia, go bhféadfar a mheas gur tír shábháilte thionscnaimh tír i gcás inar féidir a léiriú go ginearálta agus go comhsheasamhach, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na n‑imthosca polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar a shainmhínítear í in Airteagal 9 de Threoir 2011/95, do chéastóireacht ná d’íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d’aon bhagairt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí.

53      I ndáil leis sin, liostaítear san Iarscríbhinn sin na fachtóirí is féidir a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar a mhéid a thugtar cosaint ar ghéarleanúint nó ar dhrochíde. Áirítear sna fachtóirí sin, i bpointe (b) den dara mír den Iarscríbhinn sin, na cearta agus na saoirsí a leagtar síos in ECHR a urramú, go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún sin.

54      Cé go bhforáiltear leis an Airteagal sin de ECHR gur féidir, in aimsir chogaidh nó práinne poiblí eile ina mbagraítear ar shaol an náisiúin, bearta a ghlacadh de mhaolú ar na hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún sin, tá cosaintí áirithe ag gabháil le feidhmiú na rogha sin.

55      De réir fhoclaíocht Airteagal 15(1) de ECHR, ní mór, ar an gcéad dul síos, an rogha sin a fheidhmiú a mhéid is fíorghá de réir riachtanais an cháis, ar choinníoll nach bhfuil na bearta arna nglacadh ar neamhréir leis na hoibleagáidí eile faoin dlí idirnáisiúnta. Ina dhiaidh sin, foráiltear le hAirteagal 15(2) nach bhfuil aon mhaolú le déanamh ar Airteagal 2 ECHR, a bhaineann leis an gceart chun na beatha, ach amháin i gcás básanna a eascraíonn as gníomhartha dleathacha cogaidh, nó ar Airteagal 3 agus ar Airteagal 4(1) den Choinbhinsiún sin, lena leagtar síos, faoi seach, toirmeasc ar chéastóireacht, ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, agus toirmeasc ar an sclábhaíocht, nó ar Airteagal 7 den choinbhinsiún sin, lena gcumhdaítear an prionsabal nach ngearrfar aon phionós d’uireasa an dlí. Ar deireadh, mar a chuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin, tá na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15 fós faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

56      Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 62 dá Thuairim, ní féidir a thuiscint as an bhfíoras go n‑agraíonn tríú tír an ceart maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 ECHR ach an oiread go bhfuil bearta déanta ag an tríú tír lena mbaineann a bhfuil sé d’éifeacht acu maolú ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa choinbhinsiún sin nó, má tá, cineál agus méid na mbeart maolaithe arna nglacadh.

57      Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go scoireann tríú tír de na critéir dá dtagraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh, rud a fhágann gur féidir í a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, de réir bhrí Airteagal 37 de Threoir 2013/32, ar an bhforas amháin gur agair sí an ceart maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 ECHR.

58      Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 85 dá Thuairim, ós rud é go ndearnadh an ceart sin a agairt, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit a d’ainmnigh an tríú tír lena mbaineann mar thír shábháilte thionscnaimh a mheas, ag féachaint do na coinníollacha chun an ceart maolaithe sin a chur chun feidhme, ar cheart ainmniú den sórt sin a choinneáil chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag iarratasóirí ón tríú tír sin.

59      Le hAirteagal 37(2) de Threoir 2013/32 ceanglaítear ar na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh. Ar an gcaoi sin, bhí sé i gceist ag reachtóir an Aontais oibleagáid a chur ar na Ballstáit a chur san áireamh go bhfuil na himthosca is cúis le toimhde shábháilteacht na n‑iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i dtír thionscnaimh ar leith, de bharr a gcineáil féin, imthosca a d’fhéadfadh athrú teacht orthu.

60      Dá bhrí sin, cumhdaítear leis an gceanglas sin maidir le hathbhreithniú rialta a dhéanamh teagmhais shuntasacha freisin, sa mhéid is, mar gheall ar a dtábhacht, go bhféadfadh na teagmhais sin difear a dhéanamh don fhéidearthacht go leanfadh tríú tír, atá ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh, de na critéir a leagtar amach chun na críche sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, glactar leis go bhfuil sí in ann sábháilteacht na n‑iarratasóirí a ráthú.

61      Is teagmhas den sórt sin é an ceart maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15 ECHR a agairt. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 67 dá Thuairim, cé go gcuireann bearta atá contrártha d’Airteagal 15(2), lena maolaítear go háirithe ón toirmeasc iomlán ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach a chumhdaítear in Airteagal 3 den choinbhinsiún sin, cosc, mar gheall ar a gcineál féin, ar thríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh bearta maolaithe a dhéanann difear do chearta bunúsacha seachas iad siúd a eisiatar ó raon feidhme an mhaolaithe sin le hAirteagal 15(2) de ECHR a bheith ar neamhréir freisin leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32 chun críocha tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte tionscnaimh. Ina theannta sin, léiríonn agairt an chirt sin, in aon chás, go bhfuil baol suntasach ann go dtiocfaidh athrú suntasach ar an gcaoi a gcuirtear na rialacha maidir le cearta agus saoirsí i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann.

62      Bunaithe ar an méid sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 37 de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, a léiriú sa chaoi nach scoirfidh tríú tír de chomhlíonadh na gcritéar lena gcumasaítear í a ainmniú mar thír shábháilte tionscnaimh ar an bhforas amháin go n‑agraíonn sí an ceart chun maolú ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an ECHR, de bhun Airteagal 15 den Choinbhinsiún sin; mar sin féin, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit a rinne ainmniúchán den sórt sin a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le cur chun feidhme an chirt sin de chineál a gcaithfeadh amhras ar an ainmniúchán sin.

 An dara ceist

63      Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an cheart Airteagal 37 de Threoir 2013/32 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar thríú tír a bheith ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh, cé is moite de chodanna áirithe dá críoch.

64      Ós rud é gur ainmnigh Poblacht na Seice Poblacht na Moldóive mar thír shábháilte tionscnaimh, cé is moite den Tras-dnístria, cuireann an chúirt sin amhras in iúl an bhfuil ainmniúchán páirteach den sórt sin ag luí leis an Treoir sin.

65      De réir cásdlí socair, agus léiriú á dhéanamh ar fhoráil de dhlí an Aontais, ní mór a chur san áireamh, ní hamháin foclaíocht na forála, ach freisin na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht a bhfuil sí ina cuid di agus, más iomchuí, bunús na forála sin (breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság C‑924/19 PPU agus C‑925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 113 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66      Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 37 de Threoir 2013/32, a bhaineann, i gcomhréir lena theideal, le hainmniúchán tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh ag Ballstát, déantar tagairt, roinnt uaireanta, do na téarmaí ‘tír/tíortha’ agus ‘tríú tír/tríú tíortha’ gan aon léiriú go bhféadfaí a thuiscint, chun críocha ainmniúchán den sórt sin, nach dtagraíonn na téarmaí sin ach do chuid de chríoch an tríú tír lena mbaineann.

67      Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs Airteagal 37 den Treoir sin, is léir, ar an gcéad dul síos, ó Airteagal 37 go bhféadfaidh na Ballstáit tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dála fhoclaíocht Airteagal 37, ní thugtar aon léiriú leis na critéir a leagtar amach san iarscríbhinn sin gur faoi na Ballstáit atá sé gan ach an chuid de chríoch an tríú tír lena mbaineann ina gcomhlíontar na critéir sin a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh.

68      Os a choinne sin, faoin Iarscríbhinn sin, braitheann ainmniú tíre mar thír shábháilte thionscnaimh, mar a tugadh chun cuimhne i mír 52 den bhreithiúnas seo, ar an bhféidearthacht a léiriú go ginearálta agus go comhsheasamhach, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na n‑imthosca polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint mar a shainmhínítear í in Airteagal 9 de Threoir [2011/95], do chéastóireacht ná d’íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d’aon bhagairt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí.

69      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 92 agus 93 dá Thuairim, tugann úsáid na bhfocal ‘go ginearálta (agus go comhsheasmhach)’ le fios, in éagmais aon tagairt do chuid de chríoch an tríú tír lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32 nó in Airteagal 37 den Treoir sin, nach mór na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a chomhlíonadh ar fud chríoch an tríú tír lena mbaineann chun go n‑ainmneofar an tír sin mar thír shábháilte thionscnaimh.

70      Ar an dara dul síos, mar atá leagtha amach i míreanna 47 go 50 den bhreithiúnas seo, fágann ainmniúchán tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh ag Ballstát gur féidir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta iarratasóirí ó na tríú tíortha sin a chur faoi réir scéim scrúdaithe speisialta de chineál eisceachtúil.

71      I ndáil leis sin, dá ndéanfaí Airteagal 37 de Threoir 2013/32 a léiriú mar Airteagal lena gceadaítear tríú tíortha a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh, cé is moite de chodanna áirithe dá gcríoch, bheadh sé d’éifeacht aige sin raon feidhme na scéime scrúdaithe speisialta sin a leathnú. Ós rud é nach bhfuil aon tacaíocht ag léiriú den sórt sin i bhfoclaíocht Airteagal 37 nó, ar bhonn níos leithne, sa Treoir sin, dá n‑aithneofaí cumhacht den sórt sin, thabharfaí neamhaird ar an léirmhíniú docht nach mór forálacha maolaitheacha a bheith faoina réir. (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Márta 2015, an Coimisiún v Lucsamburg, C‑502/13, EU:C:2015:143, mír 61, agus an 8 Feabhra 2024, Bundesrepublik Deutschland (Inghlacthacht iarratais iardain), C‑216/22, EU:C:2024:122, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

72      Ar an tríú dul síos, dearbhaítear le stair reachtach na forála sin an léiriú ar dá réir nach gceadaítear le hAirteagal 37 de Threoir 2013/32 do na Ballstáit tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, cé is moite de chodanna áirithe dá críoch. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2013/32, gur deonaíodh do na Ballstáit le Treoir 2005/85, go háirithe le hAirteagal 30 den Treoir sin, an cumas tríú tíortha a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

73      Foráiltear go sainráite in Airteagal 30 go bhféadfadh na Ballstáit cuid de chríoch tríú tír a ainmniú mar chuid shábháilte freisin dá gcomhlíonfaí na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/85, a fhreagraíonn, go bunúsach, do na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32, i ndáil leis an gcuid sin de chríoch na tríú tíre. Cé gur ceanglaíodh cruthúnas le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/85, amhail Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32, nach raibh aon ghéarleanúint ann ‘go ginearálta agus go comhsheasmhach’, lean sé ó fhoclaíocht iarbhír Airteagal 30 nach raibh feidhm ag an gceanglas sin, i gcás ainmniúchán páirteach den sórt sin, ach amháin maidir leis an gcuid den chríoch atá ainmnithe mar chríoch shábháilte.

74      I gcomhréir le hAirteagal 53 de Threoir 2013/32, rinneadh Treoir 2005/85 a aisghairm leis an Treoir sin, ar cuireadh Airteagal 37 de Threoir 2013/32 in ionad Airteagal 30 di, mar is léir ón tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2013/32. Níl an cumas cuid de chríoch tríú tír a ainmniú mar chríoch shábháilte le feiceáil a thuilleadh in Airteagal 37.

75      Is léir go bhfuil sé beartaithe an rogha sin a bhaint ó fhoclaíocht féin an leasaithe ar Airteagal 30(1) de Threoir 2005/85 atá sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta ar nósanna imeachta i mBallstáit chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (COM (2009) 554 final, lch. 60), tar éis líne a bheith curtha tríd an rogha sin go sainráite i bhformhór mór na leaganacha teanga agus, sna leaganacha eile, bainte amach.

76      Ina theannta sin, dearbhaítear rún den sórt sin leis an míniú mionsonraithe ar an togra sin (COM (2009) 554 final, Iarscríbhinn, 14959/09 ADD 1, lch. 15), a chuir an Coimisiún ar fáil do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus ina luaitear go sainráite an rún deireadh a chur leis an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh a chur i bhfeidhm ar chuid de thríú tír agus iarmhairt an aistrithe sin, eadhon go gceanglaítear anois go gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha maidir le hainmniú den sórt sin do chríoch iomlán an tríú tír lena mbaineann.

77      Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, ní chuirtear bac leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2013/32 ar iarmhairt den sórt sin nó, dá bhrí sin, ar léiriú Airteagal 37 den Treoir sin sa chaoi nach gceadaítear do na Ballstáit tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nach gcomhlíonann codanna dá críoch na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin inti, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

78      I ndáil leis sin, seachas go saothraítear le Treoir 2013/32 an cuspóir foriomlán chun comhchaighdeáin nós imeachta a bhunú, féachtar leis an Treoir sin go háirithe, mar is léir inter alia ó aithris 18, lena áirithiú go ndéileálfar le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ‘a luaithe is féidir [...], gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus uileghabhálach a dhéanamh’ (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 109).

79      I bhfianaise an mhéid sin, luaitear in aithris 20 den Treoir sin, i gcúinsí dea-shainithe, inar dócha, i measc nithe eile, go mbeadh iarraidh gan bhunús, gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin, go háirithe trí theorainneacha ama níos giorra, ach réasúnta, a thabhairt isteach le haghaidh céimeanna áirithe nós imeachta, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus iomlán a dhéanamh ná do rochtain éifeachtach an iarratasóra ar na bunphrionsabail agus ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear sa Treoir sin.

80      Mar a luaitear i míreanna 47 go 50 den bhreithiúnas seo, féadfaidh Ballstát iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tír a d’ainmnigh an Ballstát sin mar thír shábháilte thionscnaimh a chur faoi réir scéim scrúdúcháin speisialta, atá bunaithe ar thoimhde de chosaint leordhóthanach sa tír thionscnaimh, faoinar féidir, inter alia, dlús a chur leis an nós imeachta chun na hiarratais sin a scrúdú.

81      Mar a tugadh faoi deara i mír 78 den bhreithiúnas seo, a mhéid a fhéachann reachtóir an Aontais lena áirithiú, trí Threoir 2013/32, go scrúdaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar bhealach atá tapa agus uileghabhálach araon, is faoin reachtóir sin atá sé, agus an lánrogha atá aige á feidhmiú aige chun nósanna imeachta comhchoiteanna a bhunú chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, cothromaíocht a bhaint amach idir an dá chuspóir sin agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh á gcinneadh aige. Dá bhrí sin, ós rud é nach ndearna an reachtóir sin foráil, i gcomhthéacs na Treorach sin, don rogha do na Ballstáit cuid de chríoch tríú tír a eisiamh chun críocha ainmniúcháin den sórt sin, léirítear leis an gcleachtadh cothromaíochta sin agus lena rogha tús áite a thabhairt do scrúdú uileghabhálach ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag iarratasóirí nach gcomhlíonann a dtír thionscnaimh, ar fud a críche uile, na coinníollacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

82      Cé go dtugtar rogha den sórt sin isteach arís le hAirteagal 61(2) de Rialachán 2024/1348, lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32 le héifeacht ón 12 Meitheamh 2026, trína fhoráil go bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí do chodanna sonracha dá chríoch le hainmniú tríú tír mar thír shábháilte tionscnaimh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, tá sé de shaincheart ag reachtóir an Aontais athmhachnamh a dhéanamh ar an rogha sin, trí chothromaíocht nua a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na ceanglais a eascraíonn, inter alia, as Coinbhinsiún na Ginéive agus as an gCairt. Ina theannta sin, ní mór a mheas go dtacaíonn an fíoras go bhfuil an córas dlí a tugadh isteach leis an Rialachán sin, chun na críche sin, éagsúil leis an gcóras a leagadh síos le Treoir 2005/85 leis an léirmhíniú nach ndearna reachtóir an Aontais foráil don rogha sin i dTreoir 2013/32.

83      I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 37 de Threoir 2013/32 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar thríú tír a hainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh i gcás nach gcomhlíonann codanna áirithe dá críoch na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin, coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

 An tríú ceist

84      Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi, i gcás ina dtugtar caingean os comhair cúirte nó binse i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna scrúdú i gcomhthéacs na scéime speisialta is infheidhme maidir le hiarratais arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tíortha arna n‑ainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Treoir sin, mar thíortha sábháilte tionscnaimh, nach mór don chúirt nó don bhinse sin, mar chuid den scrúdú iomlán agus ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, mainneachtain aird a thabhairt ar na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, fiú mura mbraitear an mhainneachtain sin go sainráite mar thaca leis an gcaingean sin.

85      I gcomhréir lena theideal, baineann Airteagal 46 de Threoir 2013/32 leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Ráthaítear le mír 1 d’Airteagal 46 den Treoir sin ceart den sórt sin chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne cinntí a rinneadh maidir lena n‑iarratas. Sainítear i mír 3 d’Airteagal 46 den Treoir sin raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil trína shonrú nach mór do na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir sin a áirithiú go ndéanfaidh an chúirt nó an binse a ndéantar an cinneadh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta lena mbaineann a chonspóid os a comhair nó os a chomhair ‘scrúdú iomlán agus ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar riachtanais na cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

86      Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú gur léir ó chásdlí na Cúirte nach mór saintréithe an leighis dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Threoir 2013/32 a chinneadh ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, arb ionann é agus athdhearbhú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. Is leor Airteagal 47 den Chairt ann féin agus ní gá é a dhéanamh níos sonraí le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair a bhféadfaidh siad brath air mar sin. Dá bhrí sin, ní mór an rud céanna a dhéanamh maidir le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt (Féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, míreanna 55 agus 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87      Ón taobh sin de, maidir le raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 46(3) den Treoir sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór na focail ‘áiritheoidh [...] go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit, de bhua na forála sin, a ndlí náisiúnta a ordú ar bhealach ina n‑áireofar i bpróiseáil na gcaingne dá dtagraítear scrúdú, ag an gcúirt nó ag an mbinse, ar na fíorais agus ar na pointí dlí uile is gá chun measúnú cothrom le dáta a dhéanamh ar an gcás atá idir lámha (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 110).

88      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, tagraíonn an nath ‘ex nunc’ don oibleagáid atá ar an gcúirt nó ar an mbinse measúnú a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh, más gá, fianaise nua a tháinig chun solais tar éis ghlacadh an chinnidh a bhfuil agóid á déanamh ina choinne. Le measúnú den sórt sin, is féidir déileáil go huileghabhálach leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta gan aon ghá a bheith ann an cás a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach. Dá bhrí sin, tá cumhacht na cúirte nó an bhinse chun fianaise nua a chur san áireamh nár rialaigh an t‑údarás sin ina leith i gcomhréir le cuspóir Threoir 2013/32, dá dtagraítear i mír 78 den bhreithiúnas seo (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto, C585/16, EU:C:2018:584, míreanna 111 agus 112).

89      Ina dhiaidh sin, dearbhaítear leis an aidiacht ‘iomlán’ a úsáidtear in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 go gceanglaítear ar an gcúirt nó ar an mbinse scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a chuir an t‑údarás cinntitheach san áireamh nó a d’fhéadfadh sé a chur san áireamh agus ar an bhfianaise a tháinig chun cinn tar éis don údarás sin an cinneadh a ghlacadh (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto, C585/16, EU:C:2018:584, mír 113).

90      Ar deireadh, leis na focail ‘i gcás inarb infheidhme’, atá i bhfoclaíocht na habairte ‘lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil], cuirtear i bhfios go láidir nach gá scrúdú substainteach ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta a bheith i gceist leis an scrúdú iomlán agus ex nunc atá le déanamh ag an gcúirt nó ag an mbinse agus go bhféadfadh baint a bheith aige, dá réir sin, le gnéithe nós imeachta iarratais ar chosaint idirnáisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 115).

91      Tagann ainmniúchán tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh faoi na gnéithe nós imeachta sin d’iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa mhéid gur dócha, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 48 go 50 den bhreithiúnas seo, go mbeidh tionchar ag ainmniú den sórt sin ar an nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le hiarratais den sórt sin.

92      Ina theannta sin, mar a luaitear i mír 46 den bhreithiúnas seo, cáineann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí an t‑údarás a ghlac an cinneadh diúltaithe toisc, ainneoin go raibh na bagairtí a rinneadh dó sa Mholdóiv curtha in iúl aige agus gur luaigh sé nár mhian leis filleadh ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, bhunaigh an t‑údarás sin an cinneadh sin ar an bhfíoras gur ó Phoblacht na Moldóive a tháinig sé, agus ar an bhfíoras sin amháin, tríú tír a raibh ainmnithe ag Poblacht na Seice mar thír shábháilte thionscnaimh, cé is moite den Tras-dnístria.

93      Dá bhrí sin, tá ainmniúchán an tríú tír sin mar thír shábháilte thionscnaimh ar cheann de na heilimintí sa chomhad a chuireadh faoi bhráid na cúirte a rinne an tarchur agus a iarrtar uirthi a éisteacht agus a chinneadh sa chaingean i gcoinne an chinnidh sin.

94      Ní mór a mheas, in imthosca den sórt sin, cé nár agair an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí go sainráite, sa cháil sin, mainneachtain aird a thabhairt ar na rialacha a leagtar síos le Treoir 2013/32 chun críocha ainmniúcháin den sórt sin d’fhonn an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de chuid iarratasóra a thagann ón tríú tír sin a chur faoi réir na scéime speisialta a eascraíonn as a ainmniúchán mar thír shábháilte thionscnaimh, gur pointe dlí é an mhainneachtain fhéideartha sin nach mór don chúirt a rinne an tarchur a mheas mar chuid den scrúdú iomlán ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) den Treoir sin.

95      Tá an cinneadh diúltaithe bunaithe go heisiach ar an bhfíoras gur ó Phoblacht na Moldóive a thagann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí agus nach mór a mheas gur tír shábháilte thionscnaimh í an tríú tír sin. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go gcumhdaítear an ghné chinntitheach den chinneadh diúltaithe sin atá bunaithe ar ainmniúchán an tríú tír sin mar thír shábháilte thionscnaimh leis an gcaingean a thionscain an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcoinne an chinnidh sin. Dá bhrí sin, ní mór don chúirt a bhfuil dlínse aici rialú a thabhairt ar an gcaingean sin scrúdú a dhéanamh, mar chuid den chaingean sin, ar dhlíthiúlacht ainmniúcháin den sórt sin faoi Airteagal 46(3).

96      Ag féachaint, go háirithe, do na ceisteanna a chuireann an chúirt náisiúnta chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, mar a leagtar amach i míreanna 38 go 40 den bhreithiúnas seo, ní mór dá measúnú, mar chuid den scrúdú iomlán ex nunc sin a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) den Treoir sin agus ar bhonn na fianaise sa chomhad, ar dtús, díriú ar an bhfíoras gur agraíodh Airteagal 15 ECHR, i gcás nach raibh na húdaráis inniúla in ann raon feidhme teagmhais shuntasaigh den sórt sin a mheas a dhéanann difear don fhéidearthacht go leanfadh an tríú tír atá ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh de na critéir a leagtar síos chun na críche sin le Treoir 2013/32 a chomhlíonadh. Anuas ar sin, ní mór baint a bheith ag an measúnú sin le mainneachtain an coinníoll a chomhlíonadh, a eascraíonn as forálacha Threoir 2013/32, nach mór ainmniúchán tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh a leathnú chuig a críoch iomlán.

97      Os a choinne sin, mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, nuair a chomhlíonann náisiúnach tríú tír na coinníollacha chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú mar a leagtar amach sa Treoir sin, go gceanglaítear ar na Ballstáit i bprionsabal an stádas faoi seach atá á lorg a dheonú, ós rud é nach bhfuil aon rogha acu ina leith sin. (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

98      Is léir ón méid go léir roimhe seo gurb é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi, i gcás ina dtugtar caingean os comhair cúirte nó binse i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna scrúdú i gcomhthéacs na scéime speisialta is infheidhme maidir le hiarratais arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tíortha arna n‑ainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Treoir sin, mar thíortha sábháilte tionscnaimh, nach mór don chúirt nó don bhinse sin, mar chuid den scrúdú iomlán agus ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, mainneachtain a léiriú, ar bhonn na faisnéise sa chomhad agus na faisnéise a cuireadh in iúl di le linn na n‑imeachtaí os a comhair, maidir leis na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, fiú mura mbraitear an mhainneachtain sin go sainráite mar thaca leis an gcaingean sin.

 Costais

99      Ós rud é, sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 37 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

ní scoireann tríú tír de chomhlíonadh na gcritéar lena gcumasaítear í a ainmniú mar thír shábháilte tionscnaimh ar an bhforas amháin go nagraíonn sí an ceart chun maolú ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950, de bhun Airteagal 15 den Choinbhinsiún sin; mar sin féin, ní mór d’údaráis inniúla an Bhallstáit a rinne ainmniúchán den sórt sin a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le cur chun feidhme an chirt sin de chineál a gcaithfeadh amhras ar an ainmniúchán sin.

2.      Maidir le hAirteagal 37 de Threoir 2013/32

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

cuirtear cosc leis ar thríú tír a hainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh i gcás nach gcomhlíonann codanna áirithe dá críoch na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin, coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

3.      Maidir le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

i gcás ina dtugtar caingean os comhair cúirte nó binse i gcoinne cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna scrúdú i gcomhthéacs na scéime speisialta is infheidhme maidir le hiarratais arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tíortha arna nainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Treoir sin, mar thíortha sábháilte tionscnaimh, nach mór don chúirt nó don bhinse sin, mar chuid den scrúdú iomlán agus ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, mainneachtain a léiriú, ar bhonn na faisnéise sa chomhad agus na faisnéise a cuireadh in iúl di le linn na nimeachtaí os a comhair, maidir leis na coinníollacha ábhartha d’ainmniúchán den sórt sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, fiú mura mbraitear an mhainneachtain sin go sainráite mar thaca leis an gcaingean sin.

[Sínithe]


*      Teanga an cháis: an tSeicis.

Top