EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0226

Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2023 Méan Fómhair 7.
Nexive Commerce Srl e.a. v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Seirbhísí poist san Aontas Eorpach – Treoir Uimh. 97/67/CE – Airteagal 9(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc, agus mír 3 – Airteagal 22 – Gnóthais in earnáil an phoist – Ranníocaíocht le costais oibríochtúla an údaráis rialála d’earnáil an phoist – Oibleagáid – Ualach airgeadais a iompar go heisiach ar an margadh, gan idirdhealú de réir an chineáil seirbhísí a sholáthraítear – Prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe.
Cás C-226/22.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:637

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

7 Meán Fómhair 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Seirbhísí poist san Aontas Eorpach – Treoir Uimh. 97/67/CE – Airteagal 9(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc, agus mír 3 – Airteagal 22 – Gnóthais in earnáil an phoist – Ranníocaíocht le costais oibríochtúla an údaráis rialála d’earnáil an phoist – Oibleagáid – Ualach airgeadais a iompar go heisiach ar an margadh, gan idirdhealú de réir an chineáil seirbhísí a sholáthraítear – Prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe)

I gCás C-226/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Consiglio di Stato (Comhairle Stáit, an Iodáil), arna dhéanamh le cinneadh an 22 Márta 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 31 Márta 2022, sna himeachtaí idir

Nexive Commerce Srl,

Nexive Scarl,

Nexive Services Srl,

Nexive Network Srl,

Nexive SpA,

General Logistics Systems Enterprise Srl,

General Logistics Systems Italy SpA,

v

Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni,

Presidenza del Consiglio dei Ministri,

Ministero dell’Economia e delle Finanze,

Ministero dello Sviluppo economico,

agus

BRT SpA

v

Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni,

Presidenza del Consiglio dei Ministri,

Ministero dell’Economia e delle Finanze,

agus

AICAI – Associazione Italiana Corrieri Aerei Internazionali,

DHL Express (Italy) Srl,

TNT Global Express Srl,

United Parcel Service Italia Srl,

Fedex Express Italy Srl,

Federal Express Europe Inc. Filiale Italiana

v

Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni,

Presidenza del Consiglio dei Ministri,

Ministero dell’Economia e delle Finanze,

Ministero dello Sviluppo economico,

idiragraithe:

Nexive SpA,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: E. Regan, Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias (Rapóirtéir), M. Ilešič, I. Jarukaitis agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolocadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

BRT SpA, ag E. Fumagalli, A. Manzi, agus L. Scambiato, avvocati,

AICAI – Associazione Italiana Corrieri Aerei Internazionali, DHL Express (Italy) Srl, TNT Global Express Srl, Federal Express Europe Inc. Filiale Italiana, United Parcel Service Italia Srl, ag M. Giordano, avvocato,

General Logistics Systems Enterprise Srl agus General Logistics Systems Italy SpA, ag M. Giordano, avvocato,

Rialtas na hIodáile, G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. De Bonis agus B.G. Fiduccia, avvocati dello Stato,

Rialtas na Beilge, ag P. Cottin agus J.-C. Halleux, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gréige, ag V. Baroutas agus K. Boskovits, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis agus S. Grigonis, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, A. Pimenta, J. Ramos, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó S. Gonçalves do Cabo, advogado,

Rialtas na hIorua, ag I. Collett, V. Hauan agus L. Tvedt, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, ag L. Malferrari agus M. Mataija, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 23 Márta 2023

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo leis an léiriú ar Airteagal 9(2) agus (3) agus Airteagal 22 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO 1998 L 15, lch. 14), arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 (IO 2008 L 52, lch. 3; ‘Treoir 97/67’), agus prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe.

2

Rinneadh an t-iarratas seo i gcomhthéacs aighnis idir Nexive Commerce Srl agus oibreoirí eacnamaíocha eile a sholáthraíonn seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta (‘Nexive Commerce agus páirtithe eile’) chuig an Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni (an t-Údarás Maoirseachta Cumarsáide, an Iodáil) (‘AGCOM’), chuig an Presidenza del Consiglio dei Ministri (Uachtaránacht Chomhairle na nAirí, an Iodáil), chuig an Ministero dell’Economia e delle Finanze (an Aireacht um an nGeilleagar agus um Airgeadas, an Iodáil) agus chuig an Ministero dello Sviluppo economico (an Aireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch, an Iodáil), maidir le Cinntí Uimh. 182/17/CONS, 427/17/CONS agus 528/18/CONS, trínar chinn AGCOM, do na blianta 2017 go 2019, méid agus modh íocaíochta na ranníocaíochta is iníoctha ag eintitis atá ag feidhmiú in earnáil na seirbhísí poist chun a chostais oibríochtúla a mhaoiniú (‘na cinntí atá faoi chonspóid’).

An creat dlíthiúil

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 97/67

3

De réir aithris 39 de Threoir 97/67:

‘de bhrí, chun feidhmiú cuí na seirbhíse uilíche a áirithiú agus chun iomaíocht neamhshaofa a áirithiú san earnáil neamh-áirithinte, go bhfuil sé tábhachtach feidhmeanna an rialtóra, ar thaobh amháin, agus feidhmeanna an oibreora, ar an taobh eile, a dheighilt; de bhrí nach féidir le haon oibreoir poist a bheith ina bhreitheamh ná ina pháirtí leasmhar araon; de bhrí gur faoin mBallstát atá sé reacht údaráis rialála náisiúnta amháin nó níos mó a shainiú [(‘URN’)], a fhéadfar a roghnú as údaráis phoiblí nó as eintitis neamhspleácha arna gceapadh chun na críche sin’.

4

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 1 den Treoir sin:

“Bunaítear leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:

[...]

[URN] neamhspleácha a chruthú.”

5

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 9 den Treoir sin:

“1.   I gcás seirbhísí nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, féadfaidh na Ballstáit údaruithe ginearálta a thabhairt isteach a mhéid is gá chun a ráthú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha.

2.   I gcás seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta údarúcháin a thabhairt isteach, lena n-áirítear ceadúnais aonair, a mhéid is gá chun a ráthú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha agus chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú.

Féadfar an méid seo a leanas a dhéanamh trí údaruithe a dheonú:

é a chur faoi réir oibleagáidí seirbhíse uilíche,

más gá agus má tá údar maith leis, ceanglais a fhorchur maidir le cáilíocht, infhaighteacht agus feidhmíocht na seirbhísí ábhartha,

i gcás inarb infheidhme, a bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na sásraí roinnte costais dá dtagraítear in Airteagal 7, más rud é go bhfuil glanchostas ag baint le soláthar na seirbhíse uilíche agus gur ualach airgeadais éagórach é ar an soláthraí seirbhíse uilíche nó ar na soláthraithe seirbhíse uilíche atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4,

i gcás inarb infheidhme, a bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le costais oibriúcháin an [URN] dá dtagraítear in Airteagal 22,

i gcás inarb iomchuí, a bheith faoi réir na hoibleagáide na coinníollacha oibre dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh nó comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhorchur.

Ní fhéadfar na hoibleagáidí agus na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus in Airteagal 3 a fhorchur ach ar sholáthraithe seirbhísí uilíche ainmnithe.

[...]

3.   Tá na nósanna imeachta, na hoibleagáidí agus na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 trédhearcach, inrochtana, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, beacht agus gan athbhrí; foilsítear iad roimh ré agus tá siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cúiseanna le húdarú a dhiúltú nó a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt a chur in iúl don iarratasóir agus bunóidh siad nós imeachta achomhairc.”

6

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 22(1) agus (2) den Treoir sin:

“1.   Ainmneoidh gach Ballstát [URN] amháin nó níos mó le haghaidh earnáil an phoist atá ar leithligh go dlíthiúil ó na hoibreoirí poist agus neamhspleách go hoibríochtúil orthu. Áiritheoidh na Ballstáit a choinníonn úinéireacht nó rialú ar sholáthraithe seirbhísí poist deighilt struchtúrach éifeachtach na feidhme rialúcháin, ar thaobh amháin, ó na gníomhaíochtaí is gné dhílis d’úinéireacht nó do bhainistiú na ngnóthas sin, ar an taobh eile.

[...]

2.   Is é cúram na [URN] go háirithe comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a áirithiú, go háirithe trí nósanna imeachta faireacháin agus nósanna imeachta rialúcháin a bhunú chun soláthar seirbhíse uilíche a ráthú. Féadfar a chur de chúram orthu a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha iomaíochta in earnáil an phoist freisin.

[...]”

Treoir 2008/6

7

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithris 47 de Threoir 2008/6:

“Ba cheart go bhfanfadh ról na n-[URN] bunúsach, go háirithe i mBallstáit nach bhfuil an t-aistriú chuig an iomaíocht curtha i gcrích acu go fóill. I gcomhréir le prionsabal na deighilte idir feidhmeanna rialála agus oibríochtúla, ba cheart do na Ballstáit neamhspleáchas a n-[URN] a ráthú chun neamhchlaontacht a gcinntí a áirithiú. Tá an ceanglas seo maidir le neamhspleáchas gan dochar d’uathriail institiúideach agus d’oibleagáidí bunreachtúla na mBallstát agus do phrionsabal na neodrachta maidir leis an réimeas maoine sna Ballstáit, arna bhunú in Airteagal 295 den Chonradh. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní go léir is gá, ó thaobh pearsanra agus sainscileanna nó modhanna airgeadais, ag [URN] chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích.”

Treoir an “Údaraithe”

8

Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an “Údaraithe”) (IO 2002, L 108, lch. 21), arna haisghairm, an 21 Nollaig 2020, le hAirteagal 125 de Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (athmhúnlú) (IO 2018 L 321, lch. 36, “Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach”), foráiltear, in Airteagal 12(1), dar teideal “Muirir riaracháin”, an méid seo a leanas:

“Na muirir riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhís nó líonra faoin údarú ginearálta nó ar deonaíodh ceart úsáide dóibh:

a)

san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin a thabhófar i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú scéim an údaraithe ghinearálta agus na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(2), lena bhféadfar a áireamh costais maidir le comhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís mhargaidh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le hobair rialála lena ngabhann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh; agus

b)

déanfar iad a fhorchur ar ghnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach lena n-íoslaghdófar costais bhreise riaracháin agus muirir ghaolmhara.”

An Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

9

Faoi Airteagal 16(1) den Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, dar teideal ‘Muirir riaracháin’:

“Na muirir riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta nó ar deonaíodh ceart úsáide dóibh:

a)

san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin arna dtabhú i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú scéim an údaraithe ghinearálta agus na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 13(2), lena bhféadfar a áireamh costais maidir le comhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís mhargaidh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le hobair rialála lena ngabhann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh; agus

b)

déanfar iad a fhorchur ar na gnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach lena n-íoslaghdaítear costais bhreise riaracháin agus muirir ghaolmhara.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gan muirir riaracháin a chur i bhfeidhm ar ghnóthais a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun tairseach áirithe nó nach sroicheann a ngníomhaíochtaí sciar íosta den mhargadh nó a bhfuil raon feidhme críochach an-teoranta acu.”

Dlí na hIodáile

10

Rinneadh Treoir 97/67 a thrasuí i ndlí na hIodáile le Decreto legislativo n. 261 — Attuazione della Direttiva 97/67/CE concernente regole comuni per lo sviluppo del mercato interno dei servizi postali comunitari e per il miglioramento della qualità del servicio (Foraithne Reachtach Uimh. 261 an 22 Iúil 1999 lena dtrasuítear Treoir 97/67/CE maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a fhorbairt agus cáilíocht seirbhíse a fheabhsú) (GURI Uimh. 182 an 5 Lúnasa 1999), foráladh in Airteagal 2(1) gurbh í an Aireacht Cumarsáide an URN in earnáil an phoist.

11

Leasaíodh an fhoráil sin le hAirteagal 1 de Decreto legislativo n. 58 — Attuazione della Direttiva 2008/6/CE che modifica la Direttiva 97/67/CE, per quanto riguarda il pieno completamento del mercato interno dei servizi postali della Comunità (Foraithne Reachtach Uimh. 58 an 31 Márta 2011 lena dtrasuítear Treoir 2008/6/CE lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach sheirbhísí poist an Chomhphobail a chur i gcrích go hiomlán) (GURI Uimh. 98 an 29 Aibreán 2011).

12

Is léir ó Airteagal 2(1) den Fhoraithne Reachtach sin gur ainmníodh an Ghníomhaireacht rialála náisiúnta don earnáil poist mar URN don earnáil sin, de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 97/67. De réir Airteagal 2(12) den fhoraithne sin, bhí na cúraimí ábhartha, a rinne an aireacht inniúil roimhe seo, ‘leis na hacmhainní ábhartha daonna, airgeadais agus oibríochtúla’ le haistriú chuig an ngníomhaireacht sin. Bhí costais oibriúcháin na gníomhaireachta sin le maoiniú, i bpáirt, le ciste sonrach a áiríodh i mbuiséad na hAireachta um Fhorbairt Eacnamaíoch agus, i bpáirt, le ranníocaíocht a d’íoc na hoibreoirí uile san earnáil.

13

Rinneadh cumhachtaí na gníomhaireachta a luaitear sa mhír roimhe seo a aistriú chuig AGCOM le hAirteagal 21(13) agus (14) de Decreto-Legge n. 201– Disposizioni urgenti per la Crescita, l’equità e il consolidamento dei conti pubblici (Dlí Foraithne Uimh. 201 an 6 Nollaig 2011 maidir le forálacha práinneacha a bhaineann le fás, cothroime agus comhdhlúthú cuntas poiblí) (GURI Uimh. 284 an 6 Nollaig 2011), arna thiontú go Dlí Uimh. 214 an 22 Nollaig 2011.

14

De réir Airteagal 1(65) agus (66) de Legge n. 266 – Disposizioni per la formazione del bilancio annuale e pluriennale dello Stato (legge Finanziaria 2006) (Dlí Uimh. 266 an 23 Nollaig 2005 maidir le forálacha chun an buiséad bliantúil agus ilbhliantúil a tharraingt suas (Dlí Airgeadais 2006)) (GURI Uimh. 302 an 29 Nollaig 2005; ‘Dlí Uimh. 266/2005’):

“65.   Ón mbliain 2007 i leith, tá na costais a bhaineann le hoibriú [...] an Údaráis mhaoirseachta cumarsáide [...] á maoiniú ag an margadh lena mbaineann, don chuid nach bhfuil clúdaithe ag an maoiniú arna íoc ag buiséad an Stáit, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis na rialacháin atá i bhfeidhm agus ar bhonn méideanna ranníocaíochta arna gcinneadh le cinneadh ón údarás [sin], i gcomhlíonadh na n-uasteorainneacha dá bhforáiltear le dlí, agus a íoctar go díreach leis [an ceann] seo;

66.   Don chéad bhliain den chur i bhfeidhm, 2006, socrófar méid na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag oibreoirí in earnáil na cumarsáide ag 0.15 % den tuilleamh mar a taifeadadh sa tsraith dheireanach de chuntais cuideachtaí formheasta a formheasadh roimh theacht i bhfeidhm an dlí seo. I gcás blianta ina dhiaidh sin, féadfaidh [AGCOM] méid agus modh íocaíochta na ranníocaíochta a athrú i gcomhréir le hAirteagal 1(65), suas le huasmhéid 0.2 % den tuilleamh mar a taifeadadh sa tsraith dheireanach de chuntais cuideachta formheasta sula nglacfar an cinneadh.”

15

Airteagal 65 den Decreto-Legge n. 50 convertito con modificazioni dalla L. 21 giugno 2017, n. 96 — Disposizioni urgenti in materia Finanziaria, iniziative a favore enti Territoriali, ulteriori interventi per le zone colpite da eventi sismici e misure per lo sviluppo (Foraithne-Dlí Uimh. 50 arna thiontú, le leasuithe, le Dlí Uimh. 96 an 21 Meitheamh 2017 maidir le forálacha práinneacha i dtéarmaí airgeadais, tionscnaimh i bhfabhar comhlachtaí críochacha, cúnamh breise i bhfabhar limistéir atá buailte ag creathanna talún agus bearta forbartha) an 24 Aibreán 2017 (Uimh. 95 GURI an 24 Aibreán 2017; ‘Dlí Foraithne Uimh. 50/2017’) ina luaitear an méid seo a leanas:

“Le héifeacht ó 2017, cumhdófar costais oibriúcháin [AGCOM] i ndáil le cúraimí [URN] d’earnáil an phoist go heisiach leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 1(65) agus sa dara habairt d’Airteagal 1(66) de Dhlí [Uimh. 266/2005], lena dtagraítear d’ioncam arna ghiniúint ag oibreoirí in earnáil an phoist. [...]”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

16

Leis na cinntí atá faoi chonspóid, shainaithin AGCOM na daoine faoi dhliteanas agus na modhanna chun an ranníocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(65) agus (66) de Dhlí Uimh. 266/2005 faoi seach a ríomh do na blianta 2017 go 2019.

17

Tagann sé chun solais ó na cinntí sin go bhfuil “an soláthraí seirbhíse poist uilechoitinne agus na daoine a shealbhaíonn ceadúnas nó údarú ginearálta” faoi dhliteanas an ranníocaíocht seo, de réir bhrí na foraithne reachtaí lena trasuíodh Treoir 97/67. Ina dhiaidh sin, ainmníonn na cinntí sin an bonn measúnaithe don ranníocaíocht mar thuilleamh na ngnóthas atá faoi dhliteanas íocaíochta. Ar deireadh, ba é 0.14 % an ráta is infheidhme do 2017 agus 2018 agus 0.135 % do 2019. De réir na cúirte a rinne an tarchur, d’fhágfadh cur i bhfeidhm an ráta sin go bhféadfaí an caiteachas bliantúil ar fad a bhfuil sé beartaithe ag AGCOM é a thabhú chun críocha rialáil an mhargaidh sin a chumhdach le linn gach ceann de na blianta sin.

18

Thug Nexive Commerce agus páirtithe eile, ar cuideachtaí iad den chuid is mó a sholáthraíonn seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta laistigh de mhargadh na hIodáile, caingne os comhair an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach, Lazio, an Iodáil) ag iarraidh na cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

19

Tar éis na hachomhairc sin a dhíbhe ag an gcéad chéim, thug Nexive Commerce agus páirtithe eile achomhairc i gcoinne na mbreithiúnas atá i gceist os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Mar thaca lena n-achomhairc, tíolacann siad (i) gur léir ó Airteagal 9(2) agus ó Airteagal 22 de Threoir 97/67 nach mór costais oibríochtúla an údaráis sin atá inchurtha i leith a ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an earnáil poist a chómhaoiniú ag oibreoirí margaidh agus as buiséad an Stáit; (II) nach gceadaítear le hAirteagal 9(2) den Treoir ach ‘costais oibríochtúla’ a ghearradh ar na hoibreoirí sin, is é sin le rá, costais dhíreacha a bhfuil dlúthbhaint acu le comhlíonadh na gcúraimí rialála don earnáil sin a thagann faoi réim na seirbhíse uilíche agus (iii) nach gcomhlíonann na cinntí atá á gconspóid Airteagal 9(2) den Treoir sa mhéid nach bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú sonrach agus nach gcuirtear san áireamh leo staid tuillimh na n-oibreoirí atá faoi dhliteanas an ranníocaíocht a íoc, nó staid an mhargaidh nó, ar deireadh, nach bhfuil aon rannpháirtíocht rialála ag teastáil ó ghníomhaíocht gnóthas áirithe.

20

Maidir leis sin, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, áitíonn AGCOM, ar an gcéad dul síos, nár ghá cómhaoiniú ar bhealach ar bith leis na forálacha is infheidhme sa chás seo agus go bhféadfadh an chuid de chostais oibríochtúla an údaráis sin atá cumhdaithe ag an Stát a bheith cothrom le nialas i gcás gach bliana faoi bhreithniú. Os a choinne sin, áitíonn sé go bhfuil an córas bunaithe ar an ngá atá ann neamhspleáchas agus uathriail riachtanach na n-údarás rialála náisiúnta i leith an rialtais a ráthú. I dtaca leis an gceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil na URN sin maidir le hoibreoirí rialáilte, a leagtar amach in Airteagal 22(1) de Threoir 97/67, ní bhaineann sé seo le maoiniú na n-údarás sin, ach le cur i gcrích a gcúraimí. Ar an dara dul síos, maidir le raon feidhme Airteagal 9(2) den Treoir sin, maíonn sí gur chinn an Chúirt go mbaineann an fhéidearthacht atá ag Ballstát deonú na n-údaruithe a eisíonn sé a chur faoi réir na hoibleagáide ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le costais oibríochtúla URN inniúil le húdaruithe chun seirbhísí poist a sholáthar a thagann faoi chuimsiú na seirbhíse uilíche agus na seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta araon. Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, ní mór a mheas go dtagann costais na seirbhísí ‘tras-earnála’ a íocann na URN faoin gcoincheap ‘costais oibríochtúla’ de réir bhrí Airteagal 9(2) den Treoir sin.

21

Sna himthosca sin, chinn Consiglio di Stato (Comhairle Stáit na hIodáile) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil:

“1)

An gá an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2), Airteagal 9(3) agus Airteagal 22 de Threoir [97/67] a léiriú mar a chiallaíonn go gcuireann siad bac ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a leagtar síos i ndlí na hIodáile (in Airteagal 1(65) agus (66) de [Dlí Uimh. 266/2005] agus in Airteagal 65 de Dhlí Foraithne [Uimh. 50/2017]), a fhágann gur féidir an oibleagáid ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh i leith chostais oibriúcháin [URN] do sheirbhísí poist go heisiach ar sholáthraithe seirbhíse poist, lena n-áirítear iad siúd nach soláthraíonn seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, rud a fhágann gur féidir aon chineál cómhaoinithe phoiblí a eisiamh ó bhuiséad an Stáit?

2)

Ar cheart Airteagal 9(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc, agus Airteagal 22 de Threoir [97/67] a léiriú mar a chiallaíonn go gceadaíonn siad na costais a áireamh, i measc na gcostas oibriúcháin a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí poist a mhaoiniú, na gcostas arna dtabhú chun críocha gníomhaíochtaí rialála a bhaineann le seirbhísí poist nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, chomh maith le costais na struchtúr riaracháin agus na gcomhlachtaí polaitiúla (struchtúir “thraidisiúnta” mar a thugtar orthu) a bhfuil a ngníomhaíochtaí, cé nach mbaineann siad go díreach le rialáil na margaí seirbhísí poist, an bhfuil sé beartaithe mar sin féin cumhachtaí institiúideacha [AGCOM] a chomhlíonadh ina n-iomláine, ionas gur féidir iad a chur i leith earnáil na seirbhísí poist go hindíreach agus go páirteach (pro rata)?

3)

An gcuirtear cosc le prionsabal na comhréireachta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2), an tríú fomhír d’Airteagal 9(2) agus Airteagal 22 de Threoir [97/67] ar rialachán náisiúnta, amhail rialachán na hIodáile (mar a eascraíonn sé ó Airteagal 1(65) agus (66) de [Dlí Uimh. 266/2005] agus Airteagal 65 den Fhoraithne-Dlí [Uimh. 50/2017]), a fhorchuireann ar sholáthraithe na hearnála poist an oibleagáid rannchuidiú le maoiniú an [URN] don earnáil poist, gan a bheith indéanta idirdhealú a dhéanamh idir cás na soláthraithe seirbhíse mearsheachadta cúiréireachta agus staid na soláthraithe seirbhíse uilíche agus, dá bhrí sin, gan é a bheith indéanta cuntas a thabhairt ar dhéine éagsúil an údaráis rialála a fheidhmíonn an [URN] de réir na gcineálacha éagsúla seirbhísí poist?”

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

22

Le hAirteagal 9(2), an ceathrú fleasc, de Threoir 97/67, ceadaítear do na Ballstáit deonú údaruithe d’oibreoirí in earnáil an phoist “faoi réir na hoibleagáide ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le costais oibriúcháin” na URN san earnáil. Baineann na ceisteanna láithreacha go léir, go substaintiúil, le raon feidhme na hoibleagáide seo chun rannchuidiú le “costais oibriúcháin” na URN san earnáil seo a mhaoiniú. Is é an coincheap deiridh sin ábhar an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, agus ba cheart, dá bhrí sin, í a scrúdú ar dtús.

An dara ceist

23

Ina dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá a léirmhíniú leis an gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 den Treoir sin, go gciallaíonn sé go n-áirítear sa choincheap ‘costais oibríochtúla’ sa chéad cheann de na forálacha sin, ar an gcéad dul síos, na costais arna dtabhú ag URN in earnáil an phoist chun críocha a ngníomhaíochtaí rialála a bhaineann le seirbhísí poist nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus, sa dara háit, na costais arna nginiúint ag gníomhaíochtaí na URN sin a rannchuidíonn, cé nach bhfuil baint dhíreach acu lena gcúram rialála, le feidhmiú chumhachtaí institiúideacha na n-údarás sin ina n-iomláine, eadhon na costais arna dtabhú ag na URN sin mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí de chineál riaracháin agus institiúideach, atá ullmhúcháin nó riachtanach chun a ngníomhaíochtaí rialála a dhéanamh (‘na costais tras-earnála’).

24

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le foclaíocht an cheathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, go mbaineann an oibleagáid a fhéadfaidh na Ballstáit a thabhairt isteach faoin bhforáil sin le maoiniú chostais oibríochtúla URN dá dtagraítear in Airteagal 22 den Treoir sin, eadhon nach mór do gach Ballstát a ainmniú don earnáil poist, go háirithe chun comhlíonadh na Treorach sin a áirithiú.

25

Mar sin féin, ní shainmhínítear leis an Treoir sin coincheap na ‘costais oibríochtúla’. Go háirithe, déantar an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin a dhréachtú i dtéarmaí an-ghinearálta ina leith sin. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cosúil leis an Abhcóide Ginearálta, i mír 31 dá Thuairim, nach soláthraíonn úsáid na leaganacha éagsúla teanga den Treoir seo aon fhaisnéis ar dóigh dó a shoiléiriú tuilleadh léirithe ar an gcoincheap seo.

26

De réir an chásdlí, i gcás nach réitíonn foclaíocht forála de threoir ceist a tarchuireadh chuig an gcúirt a rinne an tarchur, is gá, chun an fhoráil sin a léiriú, aird a thabhairt ar a comhthéacs, ar an scéim ghinearálta agus ar aidhm na treorach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Samhain 2019, Haqbin, C-233/18, EU:C:2019:956, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27

Maidir, go sonrach, leis an gcéad chuid den dara ceist, bhí an deis ag an gCúirt cheana féin a shonrú go mbaineann na gníomhaíochtaí atá de dhualgas ar URN na hearnála poist leis an earnáil seo ina hiomláine agus ní hamháin le soláthar seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann gníomhaíochtaí URN, atá freagrach, mar is léir ó Airteagal 22(2) de Threoir 97/67, as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir sin agus as rialacha iomaíochta in earnáil an phoist a áirithiú, leis an earnáil sin ina hiomláine agus ós rud é gur é a bhí i gceist le reachtóir an Aontais Eorpaigh ról agus cúraimí na n-údarás sin a bheith chun tairbhe na n-oibreoirí uile in earnáil an phoist, ní mór an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sí go bhféadfaidh gach soláthraí seirbhíse poist, lena n-áirítear na seirbhísí sin nach soláthraíonn seirbhísí poist a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, a bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíocht a dhéanamh le maoiniú na n-údarás sin (breithiúnas an 16 Samhain 2016, DHL Express (an Ostair), C-2/15, EU:C:2016:880, míreanna 29, 31 agus 32).

28

De réir chásdlí na Cúirte, is ‘soláthraithe seirbhíse poist’, de réir bhrí na treorach sin iad gnóthais a chuireann seirbhísí ar fáil a sholáthraíonn seirbhísí lena mbaineann imréiteach, sórtáil, iompar agus dáileadh míreanna poist, ach amháin i gcás ina bhfuil a ngnó teoranta d’iompar míreanna poist (breithiúnas an 31 Bealtaine 2018, Confetra agus páirtithe eile, C-259/16 agus C-260/16, EU:C:2018:370, mír 41). Má dhéantar idirdhealú idir seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta agus an tseirbhís poist uilíoch tríd an mbreisluach a thugann siad do na custaiméirí, a n-aontaíonn na custaiméirí níos mó a íoc ina leith, in éagmais aon léiriú ar a mhalairt agus ag féachaint don oibleagáid atá i gceist, ní féidir an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin a thuiscint sa chiall go ndéantar oibreoirí na seirbhísí sin a eisiamh óna raon feidhme pearsanta leis (féach breithiúnas an 15 Meitheamh 2017, Ilves Jakelu, C-368/15, EU:C:2017:462, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29

Dá bhrí sin, i bhfianaise choincheap foriomlán na gcúraimí a thugtar chuig na URN san earnáil poist agus i bhfianaise na mbuntáistí a d’fhéadfaí a bhaint astu le haghaidh na n-oibreoirí uile san earnáil sin, ní mór an coincheap ‘costais oibríochtúla’ a léiriú sa chaoi go n-áirítear leis, i measc na gcostas a fhéadfaidh soláthraithe seirbhíse poist a mhaoiniú, na costais arna dtabhú ag na URN atá freagrach as an earnáil chun críocha a gcúraimí a bhaineann le rialáil seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus na costais sin a bhaineann le seirbhísí lasmuigh den raon feidhme sin.

30

Maidir leis an dara cuid den dara ceist, ba chóir a thabhairt faoi deara, ar dtús, ag féachaint don mhéid atá leagtha síos i mír 25 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil sé soiléir ó chomhthéacs nó ó scéim ghinearálta Threoir 97/67 mar eilimint atá in ann raon feidhme an choincheapa ‘costais oibriúcháin’ a shrianadh, dá dtagraítear sa cheathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin sa chiall nach n-áirítear costais tras-earnála leis an gcoincheap seo.

31

Mar a luann an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i míreanna 34 go 41 dá Thuairim, ní féidir, thairis sin, léiriú an choincheapa sin a threorú le léiriú an choincheapa ‘costais riaracháin’ dá dtagraítear sa chreat rialála lena rialaítear cumarsáid leictreonach, a luaitear san ordú tarchuir.

32

I ndáil leis sin, sainaithnítear in Airteagal 16 den Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach na costais a bhaineann leis an margadh cumarsáide leictreonaí a rialáil, ar costais iad a fhéadfar a chumhdach le muirir riaracháin arna bhforchur ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Go sonrach, faoi Airteagal 16(1)(a) de, ní chumhdaíonn na muirir dá dtagraítear ann, san iomlán, ach na costais riaracháin arna dtabhú i mbainistiú, i rialú agus i bhforfheidhmiú na scéime um údarú ginearálta agus na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sonracha a fhéadfar a fhorchur ar na gnóthais sin, lena n-áirítear costais maidir le comhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís mhargaidh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú margaidh eile, chomh maith le hobair rialála lena mbaineann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh.

33

Is faoi ábhar Airteagal 12(1) de Threoir an ‘Údaraithe’, arb ionann a raon feidhme go bunúsach agus raon feidhme Airteagal 16(1)(a) dá chomharba, an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, chinn an Chúirt nár chuir sí bac ar reachtaíocht náisiúnta ar dá bhun a bhí gnóthais a oibríonn san earnáil teileachumarsáide faoi dhliteanas muirear a íoc a bhí beartaithe chun na costais go léir arna dtabhú ag URN atá freagrach as an earnáil nach bhfuil maoinithe ag an Stát a chumhdach, ar choinníoll go raibh an muirear sin ceaptha go heisiach chun na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a luaitear san fhoráil sin a chumhdach, agus nár mhó iomlán an ioncaim a fuarthas i leith an mhuirir sin ná na costais iomlána a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Vodafone Omnitel agus páirtithe eile, C-228/12 go C-232/12 agus C-254/12 go C-258/12, EU:C:2013:495, mír 43, agus ord an 17 Deireadh Fómhair 2013, Sky Italia, C-376/12, EU:2013:701, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Ar thaobh amháin, áfach, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil Airteagal 9(2) contrártha leis na forálacha atá luaite sa dá phointe roimhe seo, ina liostaítear go beacht na costais a fhéadfaidh a bheith clúdaithe ag na muirir a fhorchuirtear ar ghnóthais a oibríonn sna hearnálacha lena mbaineann, dreachtaíodh an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67 i dtéarmaí ginearálta gan aon idirdhealú a dhéanamh de réir tionscnaimh ná cineál na gcostas a ghabhann le hoibriú na URN.

35

Ar an taobh eile, tá an léirmhíniú litriúil sin comhsheasmhach leis an gcuspóir a leanann Treoir 2008/6, as a dtagann foclaíocht reatha an cheathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, chun a áirithiú go gcuirfear “na hacmhainní go léir is gá ar fáil do URN, i dtéarmaí foirne, saineolais agus acmhainní airgeadais, chun a gcúraimí a chomhlíonadh.”

36

Dá réir sin, i bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist nach mór an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn go n-áirítear sa choincheap ‘costais oibríochtúla’ sa chéad cheann de na forálacha sin, ar an gcéad dul síos, na costais arna dtabhú ag URN in earnáil an phoist chun críocha a ngníomhaíochtaí rialála a bhaineann le seirbhísí poist nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus, sa dara háit, na costais a ghineann gníomhaíochtaí na URN sin, cé nach bhfuil baint dhíreach acu lena gcúram rialála, agus iad ag comhlíonadh a ról rialála in earnáil an phoist.

An chéad cheist

37

De réir na chéad cheiste, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3) de Threoir 97/67, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 den Treoir sin, a léiriú mar chosc ar chóras chun URN atá freagrach as earnáil an phoist a mhaoiniú, ar córas é atá ag brath ar na ranníocaíochtaí arna bhforchur ar oibreoirí san earnáil sin faoi Airteagal 9, agus ar na ranníocaíochtaí sin amháin, d’eisiamh aon mhaoiniú poiblí.

38

I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, ní féidir tátal a bhaint as úsáid an bhriathair ‘ranníocaíocht’ amháin sa cheathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67 nach bhforáiltear leis an bhforáil sin ach amháin don fhéidearthacht a fhorchur ar oibreoirí na hearnála poist ranníocaíocht shimplí le maoiniú chostais oibriúcháin na URN san earnáil seo. Cé gur féidir a thuiscint go dtagraíonn an briathar ‘ranníocaíocht’ do ghníomhaíocht rannpháirtíochta i gcomhthionscadal, ní gá go mbeadh maoiniú ó bhuiséad an Stáit i gceist leis sin. Os a choinne sin, i bhfianaise fhoclaíocht an-ghinearálta na forála sin, ní mór a thuiscint go dtugtar lánrogha leathan do na Ballstáit san fhoráil sin maidir le foinsí an chórais chun na URN atá freagrach as earnáil an phoist a mhaoiniú a shainaithint.

39

Mar a luann an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 53 dá Thuairim, fágann Airteagal 9 de Threoir 97/67 go bhfuil sé faoi na Ballstáit rogha a dhéanamh idir córas maoinithe atá bunaithe go heisiach ar na muirir a fhorchuirtear ar oibreoirí poist, córas maoinithe ó bhuiséad an Stáit nó, ar deireadh, córas hibrideach chun URN a chómhaoiniú in earnáil an phoist, trí bhíthin ranníocaíochtaí ó oibreoirí san earnáil sin agus ó bhuiséad an Bhallstáit lena mbaineann. Tá mír 3 den Airteagal seo teoranta, ina leith seo, do shonrú go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin trédhearcach, inrochtana, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, beacht agus aonchiallach, go bhfoilsítear roimh ré iad agus go bhfuil siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

40

Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs na forála dá dtagraítear sa phointe roimhe seo, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 97/67, agus go sonraítear leis an gceann deireanach comhrialacha maidir, inter alia, le cruthú na URN den earnáil lena mbaineann, ní sholáthraíonn sí aon sonraí breise maidir leis na rialacha lena rialaítear a modh maoinithe.

41

In aon fhoráil eile den Treoir sin, caitear amhras ar an gconclúid ar thángthas uirthi i mír 39 thuas nó, go sonrach, ar an gcomhoiriúnacht le Treoir 97/67 maidir le córas maoinithe URN atá freagrach as an earnáil poist a mhaoinítear go heisiach trí bhíthin ranníocaíochtaí ó oibreoirí san earnáil sin.

42

Is fíor go gceanglaítear le hAirteagal 22 den Treoir ar na Ballstáit URN a ainmniú atá neamhspleách go hoibríochtúil ar na hoibreoirí poist. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i mír 58 dá Thuairim, a mhéid atá na hacmhainní airgeadais iarbhír ag URN chun a chur ar a chumas a chúraimí a chomhlíonadh agus chun é féin a chosaint ar aon tionchar míchuí ó ghníomhaithe margaidh agus ó údaráis Stáit araon, nach bhfuil modh ná foinsí a mhaoinithe cinntitheach, dá réir sin.

43

Ar an tríú dul síos agus ar deireadh, ní fhágann aidhm an cheathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, dá dtagraítear i mír 35 thuas, nach féidir an tAirteagal sin a léiriú mar ní a chuireann ar chumas na mBallstát modh a roghnú chun URN san earnáil poist a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíochtaí ó oibreoirí san earnáil sin amháin, ar choinníoll go n-áirithítear go mbeidh na hacmhainní is gá ag na URN sin chun go bhfeidhmeoidh siad go cuí agus, dá bhrí sin, go mbeidh na modhanna dlíthiúla chun íocaíocht na n-údarás sin a éileamh ar na hoibreoirí sin.

44

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist go gcaithfear an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3) de Threoir 97/67, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 den Treoir sin, a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar Bhallstát sásra a roghnú chun URN atá freagrach as an earnáil poist a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíochtaí arna bhforchur ar oibreoirí san earnáil sin faoin gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, d’eisiamh aon mhaoiniú ó bhuiséad an Stáit, ar choinníoll go ráthaítear leis an gcóras sin don URN lena mbaineann go mbeidh na hacmhainní is gá aige iarbhír chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go cuí agus go gcomhlíonfaidh sé, ar bhealach iomlán neamhspleách, a chúraimí a bhaineann le rialáil na hearnála poist nó leis an modh dlíthiúil chun na hacmhainní sin a fháil.

An tríú ceist

45

De réir an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe chomh maith leis an gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/6, a léiriú mar chosc ar oibleagáid ranníocaíochta airgeadais a fhorchur ar gach oibreoir in earnáil an phoist, lena n-áirítear ar sholáthraithe seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta, agus ar bhealach aonfhoirmeach, gan aon aird a thabhairt ar mhéid athraitheach déine ghníomhaíocht rialála URN a bhfuil siad faoina réir, ag brath ar cé acu a thagann nó nach dtagann na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche.

46

I ndáil leis sin, ní mór a lua nach leagtar síos i dTreoir 97/67 aon mhodh sonrach chun méid na ranníocaíochta atá i gceist a ríomh. Mar sin féin, mar a tugadh faoi deara i mír 39 den bhreithiúnas seo, ní mór, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, oibleagáid ranníocaíochta den sórt sin, arna forchur de bhun an dara fomhír d’Airteagal 9(2), an ceathrú fleasc den Treoir sin, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, sa bhreis ar a bheith trédhearcach, inrochtana, beacht, aonchiallach chomh maith le bheith foilsithe roimh ré agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n-urramú.

47

Maidir le comhréireacht oibleagáide ranníocaíochta arna forchur faoin gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, ar bhealach aonfhoirmeach ar na hoibreoirí uile in earnáil an phoist, ní mór a mheabhrú gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach, i measúnú foriomlán ar imthosca ábhartha uile an dlí agus fíorais, an bhfuil oibleagáid den sórt sin iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí atá á saothrú agus nach dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun iad a bhaint amach. Mar sin féin, is faoin gCúirt atá sé, áfach, gach Treoir a thabhairt don chúirt náisiúnta maidir leis an léirmhíniú ar dhlí an Aontais is gá chun go mbeidh sí in ann rialú a thabhairt (breithiúnas an 31 Bealtaine 2018, Confetra agus páirtithe eile, C-259/16 agus C-260/16, EU:C:2018:370, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Maidir le, ar an gcéad dul síos, an bhfuil an reachtaíocht sin iomchuí chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, is é cásdlí socraithe na Cúirte é nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú ach amháin má léiríonn sí i ndáiríre gur ábhar imní í a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach córasach (breithiúnas an 31 Bealtaine 2018, Confetra agus páirtithe eile, C-259/16 agus C‑260/16, EU:C:2018:370, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Ós rud é gur amhlaidh atá, sa chás seo, níl aon agóid ann go bhfuil an oibleagáid maoinithe chéanna agus, go háirithe, an ráta ranníocaíochta céanna, á bhforchur ar gach oibreoir in earnáil an phoist ar bhealach aonfhoirmeach, leis an mbeart atá i gceist, gan leibhéal déine ghníomhaíocht rialála an URN maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn gach oibreoir a chur san áireamh, atá in ann a ráthú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú nó go saothródh an reachtaíocht náisiúnta cuspóir den sórt sin ar bhealach comhsheasmhach. Thairis sin, ós rud é gurb é cuspóir an bhirt náisiúnta sin, go bunúsach, maoiniú atá chomh leathan agus is féidir a ráthú don URN lena mbaineann, ionas go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách, ní mór a mheas, i bprionsabal, go bhfuil an beart sin iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir den sórt sin.

50

Ar an dara dul síos, ní féidir a mheas go dtéann an beart sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, toisc, chun críocha na ranníocaíochta atá i gceist a ríomh, nach gcuirtear san áireamh leibhéal déine ghníomhaíocht an URN sin i réimse sholáthar na seirbhíse uilíche, i gcás inarb ábhartha.

51

Ní mór a admháil, mar a thugann an Coimisiún Eorpach le fios ina chuid barúlacha, go gcuimsíonn rialáil na seirbhíse uilíche bearta sonracha a ghlacadh agus, i gcomhthéacsanna áirithe, dianfhaireachán a dhéanann URN lena mbaineann. Is é fírinne an scéil fós nach bhfuil aon difríocht idir an ghníomhaíocht sin agus gníomhaíochtaí eile URN den sórt sin a bhfuil sé mar aidhm acu an margadh lena mbaineann a rialáil ina iomláine agus, mar sin, ní mór í a mheas i gcomhthéacs iomlán léirscaoileadh na hearnála poist. I ndáil leis sin, i bhfianaise fhorbairt na hearnála sin, ní féidir a chur as an áireamh gur dócha go ndéanfaidh na hoibreoirí éagsúla gníomhaíochtaí atá ag éirí níos cosúla de réir a chéile agus, mar a thugann Rialtas na Portaingéile le fios ina chuid barúlacha i scríbhinn, go bhfuil seirbhísí poist idirmhalartaithe.

52

Dá bhrí sin, i bhfianaise na lánrogha dá dtagraítear i mír 38 thuas, ní féidir prionsabal na comhréireachta agus an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) agus Airteagal 9(3) de Threoir 97/67 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn nach mór comhghaol beacht a bheith idir méid na ranníocaíochta a fhorchuirtear ar oibreoir agus na costais a thabhaigh URN lena mbaineann go hiarbhír mar thoradh ar a ghníomhaíocht rialála i leith an oibreora sin.

53

Maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú sa dara háit, is cásdlí socraithe é go n-éilíonn prionsabal na córa comhionainne nach gcaithfear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide agus nár cheart caitheamh le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an gcóir sin (breithiúnas an 7 Márta 2017, RPO, C-390/15, EU:C:2017:174, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54

Cé, mar a mheabhraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo, go bhfuil idirdhealú idir seirbhísí mearsheachadta cúiréireachta agus an tseirbhís poist uilíoch de bharr a mbreisluacha do chustaiméirí, ní féidir a thuiscint go bhfuil soláthraithe na seirbhísí sin, ó thaobh na hoibleagáide a d’fhéadfadh a bheith orthu rannchuidiú le maoiniú chostais oibriúcháin na n-údarás rialála náisiúnta atá freagrach as an earnáil poist faoin gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, i gcás ina dtugtar údar le cóir atá éagsúil leis an gcóir a thugtar d’oibreoirí eile san earnáil sin.

55

Is amhlaidh an cás, ar bhonn níos ginearálta, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 51 den bhreithiúnas seo, maidir le hoibreoirí nach soláthraíonn seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche, nach dtugann a gcás féin údar maith le cóireáil éagsúil leis an gcás a fhorchoimeádtar dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin. Go deimhin, ag féachaint do na buntáistí a bhaineann le gach oibreoir san earnáil poist ó ghníomhaíocht fhoriomlán URN den sórt sin, ní mór a mheas, i bprionsabal, i gcásanna inchomparáide, gan beann ar chineál na seirbhísí arna soláthar ag gach oibreoir.

56

Ba cheart a chur in iúl, in aon chás, nach mór inchomparáideacht dhá chás a mheasúnú i bhfianaise, go háirithe, chuspóir an bhirt lena ndéantar idirdhealú eatarthu nó, os a choinne sin, i bhfianaise chuspóir an bhirt lena ndéileáiltear leo ar an mbealach céanna (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Márta 2011, Association belge des Consommateurs Test-Achats agus páirtithe eile, C-236/09, EU:C:2011:100, mír 29).

57

Mar sin féin, ag féachaint don chuspóir atá á shaothrú ag an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar a shainaithnítear i mír 49 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas go bhfuil oibreoirí nach soláthraíonn seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin i staid inchomparáide.

58

Dá réir sin, agus faoi réir measúnú foriomlán ar na himthosca ábhartha dlíthiúla agus fíorasacha go léir atá ann don chúirt a rinne an tarchur, ní féidir a mheas go bhfuil reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí contrártha do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

59

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór a thuiscint as dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe agus an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) de Threoir 97/67, nach gcuirfear bac ar reachtaíocht náisiúnta, chun críocha ráthaíocht a thabhairt do URN atá freagrach as maoiniú na hearnála poist, ionas go mbeidh sé in ann a chúraimí a bhaineann le rialáil na hearnála sin a chomhlíonadh le neamhspleáchas iomlán, forchuireann sé, ar bhealach aonfhoirmeach, ar gach oibreoir san earnáil sin oibleagáid chun rannchuidiú le maoiniú chostais oibriúcháin URN sin gan aird a thabhairt ar dhéine na gcúraimí rialála agus faireacháin a dhéantar de réir na gcineálacha éagsúla seirbhísí poist agus gan idirdhealú a dhéanamh, chun na críche sin, idir soláthraithe seirbhíse poist uilíoch agus oibreoirí mearsheachadta cúiréireachta, ar choinníoll go bhfuil an oibleagáid a fhorchuirtear leis an reachtaíocht sin ar na hoibreoirí sin trédhearcach, inrochtana, beacht agus gan débhrí, go bhfoilseofar é roimh ré agus go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

Costais

60

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Airteagal 9(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc, agus mír 3 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú, arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 de Threoir 97/67, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar Bhallstát sásra a roghnú chun an t-údarás rialála náisiúnta atá freagrach as an earnáil poist arna maoiniú go heisiach trí bhíthin ranníocaíochtaí arna bhforchur ar oibreoirí san earnáil sin faoin gceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, arna leasú, a eisiamh ó bhuiséad an Stáit, ar choinníoll go ráthaítear leis an gcóras sin an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann go mbeidh na hacmhainní is gá aige iarbhír chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go cuí agus go gcomhlíonfaidh sé, ar bhealach iomlán neamhspleách, a chúraimí a bhaineann le rialáil na hearnála poist nó na modhanna dlíthiúla chun na hacmhainní sin a fháil.

 

2.

Airteagal 9, mír 2, an dara fomhír, an ceathrú fleasc, de Threoir 97/67, arna leasú le Treoir 2008/6, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 de Threoir 97/67, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

áirítear sa choincheap ‘costais oibríochtúla’ sa chéad cheann de na forálacha sin, ar an gcéad dul síos, na costais arna dtabhú ag na húdaráis rialála náisiúnta in earnáil an phoist chun críocha a ngníomhaíochtaí rialála a bhaineann le seirbhísí poist nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus, sa dara háit, na costais arna nginiúint ag gníomhaíochtaí na n-údarás sin a rannchuidíonn, cé nach bhfuil baint dhíreach acu lena gcúram rialála, le comhlíonadh a bhfeidhme maidir le hearnáil an phoist a rialáil.

 

3.

Dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe agus an ceathrú fleasc den dara fomhír d’Airteagal 9(2) agus Airteagal 22 de Threoir 97/67, arna leasú le Treoir 2008/6,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta a dhéanann, d’fhonn a áirithiú go maoinítear an t-údarás rialála náisiúnta atá freagrach as earnáil an phoist ar bhealach a chuirfidh ar a chumas a chúraimí a bhaineann le rialáil na hearnála sin a chomhlíonadh go hiomlán neamhspleách, oibleagáid a fhorchur, ar bhealach aonfhoirmeach, ar gach oibreoir san earnáil sin ranníocaíocht a dhéanamh le costais oibriúcháin an údaráis sin a mhaoiniú, gan aird a thabhairt ar dhéine na gcúraimí rialála agus faireacháin a dhéantar trí thagairt do chineálacha éagsúla seirbhísí poist agus gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu, chuige sin, idir soláthraithe seirbhíse poist uilíoch agus oibreoirí mearsheachadta cúiréireachta, ar choinníoll go bhfuil an oibleagáid a fhorchuirtear leis an reachtaíocht sin ar na hoibreoirí sin trédhearcach, inrochtana, beacht agus gan athbhrí, go bhfoilseofar roimh ré í agus go bhfuil sí bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.

Top