EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0169

Breithiúnas na Cúirte (An Séú Dlísheomra) 2023 Méan Fómhair 7.
Fractal Insolvenţă SPRL, en tant que liquidateur de Groenland Poultry SRL v Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură - Centrul Judeţean Dâmboviţa.
Tarchur chun réamhrialú – An Comhbheartas Talmhaíochta – Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Bearta tacaíochta d’fhorbairt tuaithe – Íocaíochtaí leasa ainmhithe – Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 – Airteagal 44(1) agus (2)(a) – Airteagal 47(1) – Aistriú an ghabháltais talmhaíochta chuig tairbhí nua – Scor ina dhiaidh sin, ag an tairbhí sin, dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta – “Force majeure nó imthosca eisceachtúla” – Oibleagáid an chabhair a fuarthas a aisíoc go páirteach nó ina hiomláine – Prionsabal na comhréireachta.
Cás C-169/22.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:638

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Séú Dlísheomra)

7 Meán Fómhair 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – An Comhbheartas Talmhaíochta – Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Bearta tacaíochta d’fhorbairt tuaithe – Íocaíochtaí leasa ainmhithe – Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 – Airteagal 44(1) agus (2)(a) – Airteagal 47(1) – Aistriú an ghabháltais talmhaíochta chuig tairbhí nua – Scor ina dhiaidh sin, ag an tairbhí sin, dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta – “Force majeure nó imthosca eisceachtúla” – Oibleagáid an chabhair a fuarthas a aisíoc go páirteach nó ina hiomláine – Prionsabal na comhréireachta)

I gCás C-169/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Curtea de Apel Bucureşti (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin), trí bhreith an 19 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 4 Márta 2022, sna himeachtaí idir

Fractal Insolvenţă SPRL, ag gníomhú i gcáil leachtaitheoir Groenland Poultry SRL,

v

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul Judeţean Dâmboviţa,

tugann AN CHÚIRT (an Séú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: P. G. Xuereb, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir) agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Fractal Insolvenţă SPRL, ag gníomhú i gcáil leachtaitheoir Groenland Poultry SRL, ag A. Rusu, avocat,

An Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul Judeţean Dâmboviţa, ag C. A. Gârleanu, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Rómáine, ag R. Antonie, E. Gane agus O.-C. Ichim, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gréige, ag E. E. Krompa, E. Leftheriotou agus M. Tassopoulou, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag T. Isacu de Groot agus A. Sauka, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Márta 2023,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 44(2)(a) agus Airteagal 47(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2006 L 368, lch. 15), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 679/2011 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2011 (IO 2011 L 185, lch. 57) (“Rialachán Uimh. 1974/2006”).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir Fractal Insolvenţă SPRL, ag gníomhú i gcáil leachtaitheoir Groenland Poultry SRL, agus an Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul Judeţean Dâmboviţa (Gníomhaireacht um íocaíochtaí agus idirghabháil don talmhaíocht – lárionad cheantar Dâmboviţa, an Rómáin) (“APIA”) maidir le cinntí na gníomhaireachta sin lenar ceanglaíodh ar Groenland Poultry, mar gheall ar scoradh dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta, an chabhair go léir arna deonú dó le linn na tréimhse cúig bliana a d’oibrigh an chuideachta sin chun tairbhe leas na n-ainmhithe a aisíoc.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

Rialachán Uimh. 1698/2005

3

Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2005 L 277, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 74/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 (IO 2009 L 30, lch. 100) (“Rialachán Uimh. 1698/2005”) le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 487). De bhun Airteagal 88 de Rialachán Uimh. 1305/2013, áfach, lean Rialachán Uimh. 1698/2005 d’fheidhm a bheith aige maidir le hoibríochtaí a bhí curtha chun feidhme de bhun clár a bhí formheasta ag an gCoimisiún Eorpach faoin Rialachán sin roimh an 1 Eanáir 2014.

4

Foráladh le hAirteagal 36(a)(v) de Rialachán Uimh. 1698/2005 gur bhain an chabhair dá bhforáladh de bhun feabhas a chur ar an gcomhshaol agus ar an gceantar tuaithe le bearta dírithe ar úsáid inbhuanaithe na talún talmhaíochta a bhuíochas leis na híocaíochtaí leasa ainmhithe.

5

Foráladh in Airteagal 40 den Rialachán sin:

“1.   Deonaítear na híocaíochtaí leasa ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 36(a)(v) d’fheirmeoirí a ghlacann gealltanais leasa ainmhithe orthu féin go toilteanach.

2.   Ní bhaineann na híocaíochtaí leasa ainmhithe ach le gealltanais a théann níos faide ná na rialacha éigeantacha [...], agus na ceanglais éigeantacha oiriúnacha eile arna leagan síos leis an reachtaíocht náisiúnta agus arna gcur in iúl sa chlár.

Mar riail ghinearálta, déanfar na gealltanais sin ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. [...]

3.   Deonófar na híocaíochtaí ar bhonn bliantúil agus cumhdófar leo costais bhreise agus cailleadh ioncaim mar thoradh ar na gealltanais arna ndéanamh. Más iomchuí, féadfaidh siad costais idirbhirt a chumhdach freisin.

Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

De réir Airteagal 74(1) de Rialachán Uimh. 1698/2005:

“Glacfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin uile is gá [...] chun a áirithiú go mbíonn leasanna airgeadais an Chomhphobail arna gcosaint go héifeachtach.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 1974/2006

7

Aisghaireadh Rialachán Uimh. 1974/2006 le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 807/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha (IO 2014 L 227, lch. 1). De bhun Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 807/2014, áfach, lean Rialachán Uimh. 1974/2006 d’fheidhm a bheith aige maidir le hoibríochtaí a bhí curtha chun feidhme de bhun clár a bhí formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán Uimh. 1698/2005 roimh an 1 Eanáir 2014.

8

De réir Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 1974/2006:

“Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 maidir leis na prionsabail agus na rialacha ginearálta atá infheidhme i leith tacaíocht d’fhorbairt tuaithe, na forálacha coiteanna agus ar leith atá infheidhme i leith bearta forbartha tuaithe agus na forálacha maidir le hincháilitheacht agus bainistiú riaracháin, seachas forálacha maidir le rialú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráladh in Airteagal 44 de Rialachán Uimh. 1974/2006:

“1.   Más rud é, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais arna dhéanamh mar choinníoll ar dheonú tacaíochta, go n-aistrítear gabháltas tairbhí, go hiomlán nó go páirteach, chuig duine eile, is féidir leis an duine sin an gealltanas a ghlacadh ar láimh don tréimhse atá fágtha. Mura nglactar an gealltanas ar láimh, beidh iallach ar an tairbhí an chabhair arna fáil a aisíoc.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an aisíoc dá dtagraítear i mír 1 a cheangal sna cásanna seo a leanas:

a)

scoireann an tairbhí go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta cé go bhfuil cuid shuntasach dá ghealltanas comhlíonta aige cheana féin agus nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh;

b)

tarlaíonn aistriú de chuid de ghabháltas an tairbhí le linn tréimhse ina gcuirtear síneadh leis an ngealltanas i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 27(12), agus baineann an t-aistriú le 50 % den achar a bhain leis an ngealltanas roimh an síneadh ar a mhéid;

c)

aistrítear gabháltas tairbhí, go hiomlán nó go páirteach, chuig comhlacht a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige bainistiú comhshaoil a dhéanamh d’fhonn an comhshaol a chaomhnú, chomh fada is go bhfuil úsáid bhuan den talamh chun an nádúr a chosaint mar aidhm leis an aistriú agus go bhfuil buntáiste suntasach ann don chomhshaol mar thoradh air.

3.   Féadfaidh na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun a sheachaint, i gcás mionathruithe i staid an ghabháltais, nach n-eascróidh torthaí mí-oiriúnacha as cur i bhfeidhm mhír 1 i leith na ngealltanas arna ndéanamh.

Measfar laghdú, ar a uasmhéid de 10 %, ar achar an ghabháltais atá ina ábhar don ghealltanas mar mhionathrú chun críoch na chéad fomhíre.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Leagadh síos an méid seo a leanas in Airteagal 47 den Rialachán sin:

“1.   Féadfaidh na Ballstáit a aithint, go háirithe, na catagóir seo a leanas de force majeure nó d’imthosca eisceachtúla, agus mar gheall orthu sin ní éileoidh siad aisíoc na cabhrach arna fáil ag an tairbhí, go páirteach nó go hiomlán:

a)

bás an tairbhí;

b)

éagumas gairmiúil fadtéarmach an tairbhí;

c)

díshealbhú cuid shuntasach den ghabháltas, mura raibh an díshealbhú sin intuartha an lá a rinneadh an gealltanas;

d)

tubaiste nádúrtha thromchúiseach a bhfuil éifeachtaí móra aici ar thalamh an ghabháltais;

e)

scrios foirgneamh beostoic ar an ngabháltas trí thimpiste;

f)

galar eipeasótach a bhfuil tionchar aige ar bheostoc iomlán an fheirmeora, nó cuid dá bheostoc.

2.   Cuirfidh an tairbhí nó a chomharba i dteideal fógra i scríbhinn chuig an údarás inniúil maidir le force majeure nó imthosca eisceachtúla, laistigh de thréimhse ama de 10 lá oibre ón lá a bhfuil sé in ann a leithéid a dhéanamh, agus cuirfidh sé i gceangal, chun sástacht an údaráis inniúil, an cruthúnas lena mbaineann.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) Uimh. 65/2011

11

Aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 65/2001 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta rialaithe agus coinníollachta do bhearta tacaíochta d’fhorbairt tuaithe (IO 2011 L 25, lch. 8), le héifeacht ón 1 Eanáir 2015, le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48, agus ceartú IO 2015 L 209, lch. 48). De bhun Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 640/2014, áfach, lean Rialachán Uimh. 65/2011 d’fheidhm a bheith aige i leith iarrataí ar íocaíochta agus iarrataí ar thacaíocht a bhain le bliain 2014 agus leis na blianta roimhe sin.

12

De réir Airteagal 18 de Rialachán Uimh. 65/2011:

“1.   Déanfar an chabhair a iarrtar a laghdú nó a dhiúltú nuair nach gcomhlíontar na hoibleagáidí agus na critéir seo a leanas:

a)

do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 36(a)(v) [...] de Rialachán [Uimh. 1698/2005], na rialacha éigeantacha oiriúnacha agus na híoscheanglais oiriúnacha do leasacháin agus do tháirgí cosanta plandaí, na ceanglais eile éigeantacha oiriúnacha dá dtagraítear in [...] Airteagal 40(2) [...] de Rialachán [Uimh. 1698/2005], agus na gealltanais a théann níos faide ná na rialacha agus na ceanglais sin;

b)

na critéir incháilitheachta seachas na critéir a bhaineann le méid an achair nó le líon na n-ainmhithe arna dhearbhú.

I gcás gealltanais ilbhliantúla, beidh feidhm ag na laghduithe ar an gcabhair, na heisiaimh agus na haisghabhálacha freisin i leith méideanna a íocadh cheana le linn na mblianta roimhe maidir leis an ngealltanas sin.

2.   Aisghabhfaidh an Ballstát méid na cabhrach agus/nó diúltóidh sé an chabhair nó cinnfidh sé méid an laghdaithe ar an gcabhair, go háirithe agus é ag féachaint do thromchúis, fairsinge agus cineál seasmhach an neamhchomhlíonadh arna aithint.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014

13

De réir théarmaí Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh (IO 2014 L 227, lch. 69):

“1.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)

ciallaíonn ‘aistriú gabháltais’ oibríocht díolacháin nó léasa, nó aon idirbheart cosúil, a bhfuil na haonaid táirgthe lena mbaineann ina n-ábhar dó;

b)

ciallaíonn ‘aistreoir’ an tairbhí a aistríonn a ghabháltas chuig tairbhí eile;

c)

ciallaíonn ‘aistrí’ an tairbhí a aistrítear an gabháltas chuige.

2.   Má aistrítear gabháltas ina iomláine ó thairbhí amháin go ceann eile i ndiaidh iarraidh ar chabhair, ar thacaíocht nó ar íocaíocht a chur isteach agus sula gcomhlíontar na coinníollacha go léir a bhaineann le deonú na cabhrach nó na tacaíochta, ní dheonófar aon chabhair ná aon tacaíocht don aistreoir don ghabháltas arna aistriú.

3.   Deonófar an chabhair nó an íocaíocht arna hiarraidh ag an aistreoir don aistrí:

a)

ag deireadh tréimhse arna cinneadh ag na Ballstáit, má chuireann an t-aistrí an t-aistriú in iúl don údarás inniúil agus iarrann sé íocaíocht na cabhrach agus/nó na tacaíochta;

b)

má sholáthraíonn an t-aistrí an fhianaise go léir arna héileamh ag an údarás inniúil;

c)

má chomhlíontar na coinníollacha go léir a bhaineann le deonú na cabhrach agus/nó na tacaíochta maidir leis an ngabháltas arna aistriú.

4.   A luaithe a chuireann an t-aistrí an t-údarás inniúil ar an eolas agus a iarrann sé íocaíocht na cabhrach agus/nó na tacaíochta i gcomhréir le mír 3(a):

a)

sannfar cearta agus oibleagáidí uile an aistreora a eascraíonn as an gcaidreamh dlí arna ghiniúint leis an iarraidh ar chabhair, ar thacaíocht nó ar íocaíocht idir an t-aistreoir agus an t-údarás inniúil ar an aistrí;

b)

cuirfear na gníomhartha go léir is gá le haghaidh dheonú na cabhrach agus/nó na tacaíochta agus na dearbhuithe go léir arna ndéanamh ag an aistreoir roimh an aistriú i leith an aistrí d’fhonn rialacha comhfhreagracha an Aontais a chur i bhfeidhm;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

De bhun Airteagal 76 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 809/2014, beidh feidhm aige sin i leith iarrataí ar chabhair, iarrataí ar thacaíocht nó iarrataí ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2015.

Dlí na Rómáine

15

Foráiltear le hAirteagal 17 den ordonanță de urgență a Guvernului nr. 66/2011 privind prevenirea, constatarea și sancționarea neregulilor apărute în obținerea și utilizarea fondurilor europene și/sau a fondurilor publice naționale aferente acestora (reacht éigeandála rialtais Uimh. 66/2011 maidir le neamhrialtachtaí a aimsítear agus Ciste na hEorpa agus/nó an Ciste poiblí náisiúnta lena mbaineann a fháil agus a úsáid a chosc, a aithint agus a phionósú), an 29 Meitheamh 2011 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 461 an 30 Meitheamh 2011), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí:

“Déanfar gach gníomh a dhéantar d’fhonn neamhrialtacht a aithint agus na fiacha buiséadacha a eascraíonn as neamhrialtacht den sórt sin a bhunú de bhun phrionsabal na comhréireachta agus cineál agus tromchúis na neamhrialtachta arna haithint á gcur san áireamh chomh maith lena fairsinge agus a hiarmhairtí airgeadais.”

16

Foráiltear le hAirteagal 30(1) den ordonanța de urgență a guvernului nr. 3/2015 pentru aprobarea schemelor de plăți care se aplică în agricultură în perioada 2015-2020 și pentru modificarea art. 2 din Legea nr. 36/1991 privind societățile agricole și alte forme de asociere în agricultură (reacht éigeandála rialtais Uimh. 3/2015 lena bhformheastar scéimeanna íocaíochta infheidhme i réimse na talmhaíochta don tréimhse 2015-2020 agus lena leasaítear Airteagal 2 de Dhlí Uimh. 36/1991 maidir le cuideachtaí talmhaíochta agus comhlachais d’fhoirm eile i réimse na talmhaíochta), an 18 Márta 2015 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 191 an 23 Márta 2015), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí:

“Chun críocha an Comhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, féadfar ‘force majeure’ agus ‘imthosca eisceachtúla’ a aithint, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

[...]

f) díshealbhú an ghabháltais go léir nó cuid mhór de más rud é nárbh fhéidir a bheith ag coinne leis an díshealbhú sin ar an lá a taisceadh an iarraidh.”

17

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 31 den reacht sin:

“1.   Cuirfear fógra i scríbhinn do APIA maidir le force majeure agus imthosca eisceachtúla, agus cuirfear fianaise gur tharla na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30(1) leis, laistigh de thréimhse de 15 lá oibre ón lá a bheidh an tairbhí nó a chomharba i dteideal in ann a leithéid a dhéanamh.

2.   Mura gcomhlíonann an tairbhí ná a chomharba i dteideal an tréimhse dá bhforáiltear i mír 1, ní chuirfear an fógra san áireamh.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

18

Le hiarraidh ar chabhair a rinneadh do APIA an 18 Eanáir 2013, ghlac Avicola Crevedia SA, a raibh seamlas éanlaithe aige, de bhun Airteagal 40 de Rialachán Uimh. 1698/2005, gealltanas leasa ainmhithe air féin go toilteanach le haghaidh cúig bliana.

19

Le linn na tréimhse cúig bliana den ghealltanas sin, aistríodh an gabháltas atá i gceist sna príomhimeachtaí ina iomláine den chéad uair chuig Abator Avicola Crevedia SRL, a ghlac an gealltanas ar láimh an 15 Samhain 2013, agus den dara huair chuig Groenland Poultry, a ghlac an gealltanas céanna ar láimh agus a chláraigh an gealltanas sin le APIA an 2 Aibreán 2015.

20

Chuige sin, chuir Groenland Poultry dhá chonradh i gcrích an 30 Márta 2015. Ar dtús, chuir sé conradh maidir le haistriú gabháltais talmhaíochta agus glacadh ar láimh gealltanais le Abator Avicola Crevedia, a thug suas an ceart chun íocaíocht na cabhrach a d’iarr sé ar APIA an 13 Samhain roimhe, agus gheall Groenland Poultry na gealltanais arna síniú ag Abator Avicola Crevedia san fhoirm iarrata ar chabhair a urramú agus comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta le haghaidh fáil na cabhrach a léiriú.

21

Sa dara háit, chuir Groenland Poultry conradh léasa i gcrích d’fhad cúig bliana le Agroli Group SRL, cuideachta a bhí ina hábhar d’imeachtaí dócmhainneachta a osclaíodh an 6 Márta 2014, i leith na n-áitreabh agus na saoráidí táirgthe den ghabháltas sin a bhain leis an gcuideachta sin, conradh a raibh coinníoll fionraíochta ag gabháil leis chun tairbhe an léasóra ar dá réir nár mhór do choiste creidiúnaithe na cuideachta sin an conradh sin a fhormheas i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin.

22

Le cinneadh íocaíochta an 4 Nollaig 2015, d’íoc APIA le Groenland Poultry, de bhun iarraidh an 13 Samhain 2014, méid 1506 915.86 lei na Rómáine (RON) (thart ar EUR 337000). I ndiaidh a iarrataí ar íocaíocht arna dtaisceadh agus arna leasú faoi seach an 13 Samhain 2015 agus an 15 Meitheamh 2016, d’íoc APIA freisin le Groenland Poultry, an 5 Deireadh Fómhair 2016, méid RON 850 673.62 (thart ar EUR 190000) agus, an 29 Márta 2017, méid RON 375 941.35 (thart ar EUR 82000), trí chinneadh réamhíocaíochta.

23

Ós rud é nár thaisc Groenland Poultry iarraidh ar íocaíocht i leith an chúigiú bliain den ghealltanas, chuir APIA fógra chuige i leith neamh-thaisceadh iarrata. An 18 Aibreán 2017, chuir leachtaitheoir Groenland Poulty in iúl do APIA go raibh an chuideachta sin ina hábhar d’imeachtaí féimheachta.

24

An 21 Aibreán 2017, d’eisigh APIA ceithre mhiontuairisc de bhun Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 809/2014, lenar aithníodh neamhrialtachtaí agus lenar bunaíodh fiacha buiséadacha, agus lenar ordaíodh aisghabháil suimeanna de mhéid RON 6940 168.72 (thart ar EUR 1527000), de mhéid RON 4562 717.78 (thart ar EUR 1004000), de mhéid RON 1506 915.86 agus de mhéid RON 850 673.62, faoi seach, ó Groenland Poultry, maidir leis an gcéad bhliain go dtí an ceathrú bliain den ghealltanas, ar an bhforas nach raibh an chuideachta sin, a bhí ina hábhair d’imeachtaí féimheachta, i mbun gníomhaíochta a thuilleadh agus nach raibh sí in ann a léiriú a thuilleadh, dá bhrí sin, go raibh an gealltanas cúig bliana sin á chur i gcrích aici.

25

Tar éis do APIA diúltú do na gearáin a thaisc Groenland Poultry i gcoinne na miontuairiscí sin, thionscain an chuideachta sin caingean le haghaidh neamhniú i leith cinntí diúltaithe APIA os comhair Tribunalul Bucureşti (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, an Rómáin), agus í ag maíomh go raibh sé dodhéanta di an gealltanas a chur i gcrích le linn na bliana 2017 mar gheall ar “d[h]íshealbhú” de réir bhrí Airteagal 47(1)(c) de Rialachán Uimh. 1974/2006, nó imthoisc cosúil, eadhon fógra, arna thabhairt ag an léasóir, an 26 Iúil 2016, nár comhlíonadh an coinníoll fionraíochta dá bhforáladh leis an gconradh léasa agus iarratas ar an áitreabh a fhágáil ag gabháil leis, mar thoradh ar oscailt imeachtaí féimheachta in aghaidh Agroli Group an 9 Bealtaine 2016. Mhaígh Groenland Poultry, thairis sin, go raibh feidhm ag Airteagal 44(2)(a) den Rialachán sin agus d’agair sé sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

26

Le breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2018, rinne an chúirt sin an chaingean sin a dhíbhe. Mheas sí, ar dtús, de bhun Airteagal 44 den Rialachán sin agus Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 809/2014, gur fuair Groenland Poultry na cearta agus gur ghlac sé air féin oibleagáidí an aistreora agus mar sin, go hintuigthe, na hiarmhairtí le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta chun an chabhair atá i gceist a fháil. Ina dhiaidh sin, mheas an chúirt sin nach raibh feidhm ag Airteagal 47(1)(c) de Rialachán Uimh. 1974/2006 sa chás sin, ar an bhforas nach ionann na himthosca arna n-agairt ag Groenland Poultry mar eisceacht agus díshealbhú, atá, faoin dlí náisiúnta, aisghabháil earraí ag an Stát ar mhaithe le leas an phobail, agus nach raibh siad intuartha ar an dáta a rinneadh an gealltanas. Thairis sin, níor tugadh fógra i leith na n-imthosca sin laistigh den tréimhse ama arna socrú in Airteagal 47(2) den Rialachán sin. Ar deireadh, mheas an chúirt sin gur urramaíodh prionsabal na comhréireachta. Agus í ag tagairt d’Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, chuir an chúirt chéanna in iúl nár léiríodh gur comhlíonadh an coinníoll maidir le dodhéantacht an gealltanas a ghlacadh ar láimh agus gur ghníomhaigh APIA laistigh den rogha dá bhforáiltear leis an Airteagal sin.

27

Agus achomharc os a comhair arna thabhairt ag Groenland Poultry i gcoinne an bhreithiúnais sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur, Curtea de Apel Bucureşti (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin), in iúl, agus í ag tabhairt breith ag an gcéim dheiridh, go n-eascraíonn sé as léiriú de réir an bhunbhrí ar Airteagal 47(1) de Rialachán sin nach bhfuil an liosta de “force majeure nó imthosca eisceachtúla”, dá dtagraítear san fhoráil sin, uileghabhálach agus nach féidir na coincheapa “force majeure” agus “imthosca eisceachtúla”, in éagmais tagairt don dlí náisiúnta, a shainiú trí thagairt a dhéanamh don dlí sin. Tá amhras ar an gcúirt sin, sa chás seo, an gcuirtear cosc le hoscailt imeachtaí dócmhainneachta i leith an léasóra agus an conradh léasa á chur i gcrích le cur i bhfeidhm na forála sin, agus í feasach nár mheas APIA go raibh an fíoras sin ina chonstaic d’aistriú an ghabháltais agus d’íoc na cabhrach le Groenland Poultry.

28

Tá amhras ar an gcúirt sin, thairis sin, maidir leis an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 44(1) agus (2)(a) den Rialachán sin, ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta, i gcomhthéacs inar fhorchur APIA an oibleagáid ar Groenland Poultry an tsuim de mhéid iomlán RON 14236 417.32 (thart ar EUR 2900000) a aisíoc, cé nach bhfuair sé ach suim de mhéid RON 2658 185.04 (thart ar EUR 540000) agus gur íocadh an difríocht idir an dá shuim sin do na tairbhithe roimhe sin maidir leis an gcéad dhá bhliain den ghealltanas cúig bliana. Thairis sin, maítear gur urramaíodh an gealltanas sin le linn na chéad ceithre bliana agus gur cosúil go raibh scor Groenland Poultry dá ghníomhaíochtaí an bhliain dheireanach den ghealltanas sin mar gheall ar chúiseanna nach raibh smacht aige orthu.

29

Ar deireadh, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur cosúil go n-éilítear leis an gcoinníoll ar dá réir “nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh” dá dtagraítear san fhoráil sin, go soláthraítear fianaise seachas fianaise theibí nach bhfuil aon chomharba ann a mbeadh suim aige. Chuige sin, sonraíonn an chúirt sin gur sholáthair Groenland Poultry fianaise lenar léiríodh go raibh suim ag Vitall SRL an gealltanas céanna sin a ghlacadh ar láimh, ach nach bhfuair sé na húdaruithe sláintíochta agus tréidliachta is gá le gníomhaíocht talmhaíochta a ghlacadh ar láimh, d’ainneoin comhaontú ó choiste creidiúnaithe Agroli Group maidir le ligean ar léas na n-áitreabh atá i gceist sna príomhimeachtaí.

30

Sna himthosca sin, chinn Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

31

“1) Ar cheart Airteagal 47(1) de Rialachán [Uimh. 1974/2006] a léirmhíniú sa chaoi go n-áirítear le “force majeure nó imthosca eisceachtúla” an cás ina gcaillfidh tairbhí na tacaíochta an ceart chun an mhaoin léasaithe a úsáid mar gheall ar fhoirceannadh an chonartha léasa de bharr dhócmhainneacht úinéir na maoine léasaithe (léasóir)?

32

2) Ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta, ar cheart Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006 a léirmhíniú, i gcás go n-aistrítear gabháltas tairbhí, go hiomlán nó go páirteach, chuig duine eile le linn tréimhse comhlíonta gealltanais a dhéantar mar choinníoll chun tacaíocht a dheonú, agus go scoireann an dara tairbhí sin go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta cé go bhfuil cuid shuntasach dá ghealltanas comhlíonta aige cheana féin agus nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh, ar chaoi nach mór don dara tairbhí [den tacaíocht] an tacaíocht a fuair sé a aisíoc (don tréimhse a raibh sé ina thairbhí lena linn), nó an gcaithfidh sé an tacaíocht a fuair an chéad tairbhí den tacaíocht a aisíoc freisin?

33

3) Cad iad na coinníollacha faoina bhféadfadh an chúirt náisiúnta a chinneadh, i gcomhthéacs an léirmhínithe ar Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, ‘nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh’?”

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

Inghlacthacht

34

Déanann APIA agus Rialtas na Rómáine agóid in aghaidh inghlacthacht na chéad cheiste ar an bhforas nach bhfuil feidhm ag Airteagal 47(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006, ar a bhfuil an cheist sin dírithe, i leith na díospóide sna príomhimeachtaí. Is léir ón iarraidh ar réamhrialú nár thug Groenland Poultry fógra do APIA maidir le himthosca a bheith ann arb ionann iad agus force majeure nó imthosca eisceachtúla laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear in Airteagal 47(2) den Rialachán sin.

35

Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon a chinneadh. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tarchuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá iallach ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist a tharchuir cúirt náisiúnta faoin nós imeachta um réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi [breithiúnas an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas monaróirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, míreanna 52 agus 53 agus an cásdlí dá dtagraítear].

36

Sa chás seo, chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl ina hiarraidh ar réamhrialú go raibh léiriú ar Airteagal 47(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006 riachtanach chun rialú a thabhairt i leith an achomhairc os a comhair, a rinneadh i gcoinne an bhreithiúnais de Tribunalul Bucureşti (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist) dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo. Is léir ón iarraidh sin, más rud é, dar leis an gcúirt sin, nár thug Groenland Poultry fógra do APIA maidir leis na himthosca arb ionann iad agus force majeure nó imthosca eisceachtúla laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear in Airteagal 47(2) den Rialachán sin, fíoras a rinne an chuideachta sin agóid ina choinne, gur mheas an chúirt sin freisin nach raibh feidhm ag Airteagal 47(1) den Rialachán sin i leith na díospóide sna príomhimeachtaí ós rud é nárbh ionann na himthosca arna n-agairt ag an gcuideachta sin agus díshealbhú, de réir bhrí na forála sin.

37

Is cosúil mar sin nach léir nach bhfuil aon bhaint ag léiriú na forála sin le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí nó go bhfuil an fhadhb sna príomhimeachtaí de chineál hipitéiseach.

38

Dá bhrí sin, tá an chéad cheist inghlactha.

An tsubstaint

39

Ar dtús, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go dtagann an dodhéantacht do Groenland Poultry leanúint de bheith ag cur a ghealltanas leasa ainmhithe ilbhliantúil i gcrích go dtí go mbeadh deireadh leis mar thoradh ar an bhfíoras gur chuir Agroli Group, i ndiaidh a fhéimheachta, deireadh leis an gconradh léasa atá i gceist sna príomhimeachtaí. Is léir ón iarraidh sin freisin, agus an conradh léasa á chur i gcrích, go raibh Agroli Group cheana ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta, agus ba é sin an fáth go raibh an coinníoll fionraíochta dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo ag gabháil leis an gconradh sin lenar ceadaíodh don chuideachta sin deireadh a chur leis.

40

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 47(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006 a léiriú sa chaoi gurb ionann cailleadh an chirt chun an mhaoin arna fáil ar léas a úsáid mar gheall ar fhoirceannadh an chonartha léasa maidir leis an maoin sin, i ndiaidh fhéimheacht an léasóra, a bhí ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus an conradh sin á thabhairt i gcrích, agus “force majeure nó imthosca eisceachtúla”, de réir bhrí na forála sin.

41

Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil san fhoráil sin liosta uileghabhálach de na teagmhais a d’fhéadfadh a bheith ina force majeure nó imthosca eisceachtúla, agus gur léir an méid sin ón téarma “go háirithe” atá san fhoráil chéanna.

42

Thairis sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ionann agus force majeure aon teagmhas a tharlaíonn mar thoradh ar imthosca nach bhfuil smacht ag an oibreoir orthu, atá neamhghnách agus neamh-intuartha, nach bhféadfaí a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin dhícheall an oibreora sin chuige sin (breithiúnas an 16 Feabhra 2023, Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”, C-343/21, EU:C:2023:111, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Ós rud é go n-eascraíonn an dodhéantacht, do thairbhí, de leanúint de ghealltanas ilbhliantúil leasa ainmhithe a urramú as foirceannadh conartha léasa i ndiaidh fhéimheacht chontrapháirtí an tairbhí sin, contrapháirtí a bhí ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta nuair a chuir na páirtithe sin an conradh sin i gcrích, ní fhéadfadh an dodhéantacht sin teacht as imthosca nach bhfuil smacht orthu, agus atá neamhghnách agus neamh-intuartha de réir bhrí an chásdlí sin.

44

Ag féachaint don mhéid roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 47(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006 a léiriú sa chaoi nach ionann cailleadh an chirt chun an mhaoin arna fáil ar léas a úsáid mar gheall ar fhoirceannadh an chonartha léasa maidir leis an maoin sin, i ndiaidh fhéimheacht an léasóra, a bhí ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus an conradh sin á thabhairt i gcrích, agus “force majeure nó imthosca eisceachtúla”, de réir bhrí na forála sin.

An dara ceist

Inghlacthacht

45

Déanann APIA agus Rialtas na Rómáine agóid in aghaidh inghlacthacht an dara ceist ar an bhforas go mbaineann sí le léiriú Airteagal 44(2) de Rialachán Uimh. 1974/2006, a mhaítear nach bhfuil feidhm aige i leith na díospóide sna príomhimeachtaí. Maíonn siad gur roghnaigh reachtóir na Rómáine gan na cásanna dá bhforáiltear san fhoráil sin inar féidir leis na Ballstáit a chinneadh gan an t-aisíoc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin a éileamh a chur sa dlí náisiúnta.

46

Chuige sin, is léir ón gceist sin agus ón iarraidh ar réamhrialú, leis an gceist sin, go bhfuil amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú Airteagal 44(1) agus (2) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, atá mar chuid de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, agus go háirithe an nasc idir an prionsabal dá bhforáiltear i mír 1 agus na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2.

47

Shonraigh an chúirt a rinne an tarchur, thairis sin, gur bhraith réiteach an achomhairc a bhfuil os a comhair, go mór mór, ar an léiriú ar Airteagal 44(2) den Rialachán sin.

48

Dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú ar dhlí an Aontais a lorg an chúirt a rinne an tarchur le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sin nó go bhfuil an fhadhb sna príomhimeachtaí de chineál hipitéiseach.

49

I gcomhréir leis an gcásdlí arna lua i mír 32 den bhreithiúnas seo, tá an dara ceist inghlactha.

An tsubstaint

50

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhthéacs an nós imeachta comhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra úsáideach a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá os a comhair. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt, más iomchuí, na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú. Ina theannta sin, d’fhéadfaí a chur ina luí ar an gCúirt Bhreithiúnais forálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceiste (breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C-742/19, EU:C:2021:597, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Chuige sin, agus na gnéithe arna gcur in iúl ag an gcúirt a rinne an tarchur á gcur san áireamh, mar a leagadh amach iad i mír 43 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas go bhfiafraíonn an chúirt sin, lena dara ceist, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 44(1) agus (2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, a léiriú sa chaoi, nuair a aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta, chuig duine eile a ghlacann an gealltanas sin ar láimh go toilteanach agus, ina dhiaidh, a scoireann go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta, go bhfuil iallach ar an tairbhí deireanach sin den chabhair an chabhair a fuarthas de bhun an ghealltanais sin a aisíoc, lena n-áirítear na méideanna a fuair na tairbhithe den chabhair sin roimhe, cé go bhfuil cuid mhór dá ghealltanas curtha i gcrích aige agus nach féidir le comharba an gealltanas sin a ghlacadh ar láimh.

52

Ina mbarúlacha i scríbhinn, thagair Rialtas na Rómáine, APIA agus Rialtas na Gréige d’Airteagal 18 de Rialachán Uimh. 65/2011 freisin lenar socraíodh, amhail Rialachán Uimh. 1974/2006, na rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1698/2005, ach, murab ionann agus Rialachán Uimh. 1974/2006, ní na rialacha do chur i bhfeidhm, go háirithe, na bhforálacha coiteanna agus ar leith a bhfuil feidhm acu i leith bearta tacaíochta d’fhorbairt tuaithe ach cur i bhfeidhm nósanna imeachta rialaithe agus coinníollachta do na bearta sin. Rialaítear le hAirteagal 44 de Rialachán Uimh. 1974/2006, áfach, nach ndéantar agóid i gcoinne a infheidhmeacht i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, cásanna sonracha nach dtagraítear dóibh le hAirteagal 18, eadhon cásanna ina n-aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta. Mar sin, is cosúil nach bhfuil Airteagal 18 ábhartha i leith na díospóide seo.

53

De réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá a chur san áireamh, ní hamháin foclaíocht na forála sin, ach na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha lena mbaineann sí agus an comhthéacs ina bhfuil sí chomh maith (breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2021, José Cánovas Pardo, C-186/18, EU:C:2021:849, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54

Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 44(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006, nuair a aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta, chuig duine eile, “is féidir leis an duine sin an gealltanas a ghlacadh air féin don tréimhse atá fágtha” agus “[m]ura nglactar an gealltanas, beidh iallach ar an tairbhí an chabhair arna fáil a aisíoc.”

55

Is léir ó fhoclaíocht na forála sin go gcuirtear in iúl léi, i dtéarmaí soiléire agus beachta, an prionsabal ar dá réir go bhfuil iallach ar an tairbhí an chabhair a fuarthas a aisíoc i gcás go n-aistrítear an gabháltas chuig duine eile le linn thréimhse an ghealltanais, seachas má ghlacann an duine sin an gealltanas ar láimh.

56

Is léir ón méid sin freisin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 42 dá Thuairim, go dtagann an duine a ghlacann an gabháltas ar láimh agus a chinneann freisin an gealltanas a rinne tairbhí na cabhrach a ghlacadh ar láimh in ionad an tairbhí sin le haghaidh na ngealltanas agus na n-oibleagáidí go léir don tréimhse atá fágtha. Dá bhrí sin, i gcomhréir le loighic na forála sin, tagann an duine sin chun bheith ina thairbhí agus tá iallach air, i gcás go n-aistrítear an gabháltas sin chuig duine eile ina dhiaidh sin, an chabhair a fuarthas a aisíoc, seachas má ghlacann an duine deireanach sin an gealltanas sin ar láimh don tréimhse atá fágtha, agus go scaoilfear saor é mar sin óna ghealltanais agus óna oibleagáidí.

57

Foráiltear, thairis sin, le hAirteagal 44(2) de Rialachán Uimh. 1974/2006 go “[bhf]éadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an t-aisíoc dá dtagraítear i mír 1 a cheangal sna cásanna seo a leanas” arna leagan amach i bhfomhíreanna (a) go (c) de mhír 2. Mar sin, i gcomhréir le hAirteagal 44(2), ní féidir an t-aisíoc sin a éileamh, mar is léir ó fhomhír (a), nuair a “scoireann an tairbhí go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta cé go bhfuil cuid shuntasach dá ghealltanas comhlíonta aige cheana féin agus nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh”, mar a cuireadh in iúl i bhfomhír (b), i gcás go n-aistrítear cuid den ghabháltas le linn tréimhse ina gcuirtear síneadh leis an ngealltanas agus, mar a cuireadh in iúl i bhfomhír (c), i gcás go n-aistrítear an gabháltas chuig comhlacht bainistithe comhshaoil.

58

Ceadaítear, thairis sin, le hAirteagal 44(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006 do na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun a sheachaint, i gcás mionathruithe i staid an ghabháltais, go n-eascróidh torthaí mí-oiriúnacha as cur i bhfeidhm Airteagal 44(1) den Rialachán sin i leith na ngealltanas arna ndéanamh.

59

Is léir ón méid sin go bhforáiltear le hAirteagal 44(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 1974/2006 d’eisceachtaí roghnaitheacha ó phrionsabal aisíocaíocht na cabhrach ag an tairbhí i gcás go n-aistrítear an gabháltas gan glacadh ar láimh an ghealltanais ilbhliantúil ag an aistrí, eisceachtaí nach mór, iontu féin, a bheith ina n-ábhar do léiriú dian.

60

Is léir freisin ón léiriú de réir na bunbhrí agus an chomhthéacs ar Airteagal 44(1) den Rialachán sin, nuair a aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta, chuig duine eile a ghlacann an gealltanas sin ar láimh go toilteanach agus, ina dhiaidh, a scoireann go cinntitheach dá ghníomhaíochta talmhaíochta, go bhfuil iallach ar an tairbhí deireanach sin den chabhair an chabhair a fuarthas de bhun an ghealltanais sin ina iomláine a aisíoc, lena n-áirítear na méideanna a fuair na tairbhithe den chabhair sin roimhe, seachas más rud é gur chinn an Ballstát lena mbaineann gan an aisíocaíocht sin a éileamh de bhun na n-eisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(2) agus (3) den Rialachán sin.

61

Murach sin, beidh ar an tairbhí deireanach sin an chabhair iomlán a fuarthas a aisíoc, lena n-áirítear an chabhair a fuair na tairbhithe roimhe, cé gur chuir sé cuid mhór dá ghealltanas i gcrích cheana agus nach féidir le comharba é a ghlacadh ar láimh.

62

A mhéid a d’agair Groenland Poultry, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, cur i bhfeidhm Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, agus ar chuir Rialtas na Rómáine agus APIA in iúl, ina mbarúlacha i scríbhinn os comhair na Cúirte Breithiúnais, gur chinn reachtas na Rómáine gan an eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin a chur sa dlí náisiúnta, ní mór a shonrú nach bhfuil cur chun feidhme Airteagal 44(2)(a) sa dlí náisiúnta éigeantach. Dá bhrí sin, maidir leis an bhforáil roghnaitheach sin, ní mór do na Ballstáit an rogha shonrach a dhéanamh chun an eisceacht sin a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Más féidir leo a roghnú, chuige sin, an modh reachtach a dhealraíonn dóibh a bheith an modh is oiriúnaí, ní mór go mbeidh feidhm cheangailteach doshéanta leis na bearta náisiúnta lena gcuirtear foráil den sórt sin chun feidhme agus ní mór dóibh na ceanglais maidir le beachtas agus soiléireacht a éilítear a chomhlíonadh, d’fhonn dheimhneacht na staideanna dlíthiúla a áirithiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2009, SALIX Grundstücks-Vermietungsgesellschaft, C-102/08, EU:C:2009:345, míreanna 52, 55 go 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Mar sin, in éagmais rialacha náisiúnta lena gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní fhéadfadh tairbhí cabhrach amhail Groenland Poultry an fhoráil sin a agairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

64

Tá an léiriú ar Airteagal 44 de Rialachán Uimh. 1974/2006 atá i míreanna 57 agus 58 den bhreithiúnas seo i gcomhréir le cuspóirí na reachtaíochta a bhfuil Airteagal 44 mar chuid di.

65

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 46 dá Thuairim, chun críocha an chuspóra ar a shon a fuarthas an chabhair, eadhon, i gcomhréir le hAirteagal 36(a)(v) agus Airteagal 40 de Rialachán Uimh. 1698/2005, leasa ainmhithe a chur chun cinn, tá sé riachtanach go gcoinneofaí an gealltanas ilbhliantúil i bhfeidhm go dtí go mbeidh deireadh leis.

66

Chuir an Chúirt Bhreithiúnais chun suntais, thairis sin, an tábhacht na gealltanais ilbhliantúla a choinneáil i bhfeidhm go dtí go mbeidh deireadh leo trína chur in iúl nach mór na coinníollacha le deonú cabhrach a chomhlíonadh le linn na tréimhse iomláine den ghealltanas. Mheas sí, go háirithe, dá mba rud é go raibh ceann amháin de na coinníollacha sin, amhail taisceadh iarrata bliantúla ar íocaíocht, nár comhlíonadh, fiú uair amháin, nach bhféadfaí an chabhair a dheonú, gan go gcuirfí cosc le prionsabal na comhréireachta aisíocaíocht iomlán a fhorchur ar an tairbhí (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Bealtaine 2012, Hehenberger, C-188/11, EU:C:2012:312, míreanna 35 go 37; an 7 Feabhra 2013, Pusts, C-454/11, EU:C:2013:64, míreanna 36 agus 37, agus an 26 Bealtaine 2016, Ezernieki, C-273/15, EU:C:2016:364, míreanna 41 go 46).

67

Sa chaoi chéanna, tá an cuspóir de chosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh nach mór do na Ballstáit a áirithiú, mar a eascraíonn sé as Airteagal 74(1) de Rialachán Uimh. 1698/2005, i bhfabhar an léirithe ar Airteagal 44 de Rialachán Uimh. 1974/2005 mar a eascraíonn sé as míreanna 57 agus 58 den bhreithiúnas seo. Bheadh sé éasca dul timpeall ar phrionsabal na haisíocaíochta a chuirtear in iúl in Airteagal 44(1) den Rialachán sin dá n-aistreodh an chéad tairbhí cabhrach a ghealltanas do thairbhí eile agus go scorfadh an dara tairbhí sin láithreach bonn den ghealltanas ilbhliantúil sula mbeadh deireadh leis, gan aon iarmhairtí airgeadais a bheith ann do cheachtar acu.

68

Ar deireadh, maidir le prionsabal na comhréireachta, ní mór a mheabhrú go n-eascraíonn sé as cásdlí socair go gceanglaítear leis an bprionsabal sin go mbeidh gníomhartha institiúidí an Aontais oiriúnach chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis na rialacha i dtrácht a bhaint amach agus nach sárófaí leo an méid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena dtuigfí, nuair a bheidh rogha ann idir roinnt bearta iomchuí, gur cheart dul ar iontaoibh an bhirt is lú srianta agus nár cheart na míbhuntáistí a eascraíonn as a bheith díréireach leis na haidhmeanna a shaothraítear (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-157/21, EU:C:2022:98, mír 353 agus an cásdlí dá dtagraítear). Sa chás seo, ní mór a chur in iúl, nuair a aistrítear gabháltas tairbhí cabhrach chuig duine eile nach nglacann an gealltanas ilbhliantúil ar láimh don tréimhse atá fágtha, gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh, ní hamháin, de bhun Airteagal 44(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 1974/2006, gan an aisíocaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 44(1) den Rialachán sin a éileamh, ach go bhfuil an oibleagáid aisíocaíochta a eascraíonn as an bhforáil dheireanach sin oiriúnach agus riachtanach chun an cuspóir arb ionann é agus leasa ainmhithe a chur chun cinn a shaothrú, cuspóir ar a shon a deonaíodh an chabhair. Tá an oibleagáid aisíocaíochta sin beartaithe le háirithiú go ndéanfaidh an tairbhí gach ní atá ar a chumas chun an gealltanas ilbhliantúil a chur i gcrích go dtí go mbeidh deireadh leis, agus leis sin cuirtear freisin le cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais.

69

Ní théann an oibleagáid aisíocaíochta thar an méid ar ghá leis ach oiread chun na cuspóirí atá á saothrú léi a bhaint amach, mar a leagadh amach iad sa mhír roimhe seo. Chuige sin, ní mór a chur in iúl, ar dtús, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i mír 51 dá Thuairim, go bhfuil foclaíocht agus loighic Airteagal 44(1) den Rialachán sin leordhóthanach soiléir agus neamhchoinníollach chun a cheadú d’aistrí an ghabháltais a thuiscint, má ghlacann sé an gealltanas ilbhliantúil den aistreoir ar láimh, go bhféadfar a cheangal air an chabhair iomlán a íocadh a aisíoc, lena n-áirítear an chabhair a íocadh leis na tairbhithe roimhe.

70

Ina dhiaidh sin, foráiltear go sainráite le hAirteagal 8(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 809/2014, dá dtagraítear freisin le cinntí APIA a ndéantar agóid ina gcoinne sa chás seo, a luaithe a chuireann aistrí an ghabháltais in iúl don údarás inniúil agus a iarrann sé íoc na cabhrach agus/nó na tacaíochta, go sanntar cearta agus oibleagáidí an aistreora a eascraíonn as an gcaidreamh dlí arna ghiniúint leis an iarraidh ar chabhair, ar thacaíocht nó ar íocaíocht idir an t-aistreoir agus an t-údarás inniúil ar an aistrí.

71

Agus é de chumas ag an aistrí an rogha a dhéanamh gealltanas ilbhliantúil agus oibleagáidí an aistreora a ghlacadh ar láimh ag an am céanna leis an ngabháltas, tá aistrí an ghabháltais shaoir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gealltanas den sórt sin a mheas, ina bhfuil mar chuid dóibh an fhéidearthacht a bheith faoi cheangal an chabhair iomlán a aisíoc, lena n-áirítear na méideanna a fuair na tairbhithe roimhe. Tá aige, thairis sin, an fhéidearthacht chun teacht ar chomhaontú go conarthach leis an aistreoir, roimh ré, maidir leis na freagrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun bheith curtha i leith gach ceann acu i gcás go lorgódh an t-údarás náisiúnta inniúil uaidh, mar an tairbhí deireanach, aisíoc iomlán na cabhrach, mura bhféadfadh sé an gealltanas sin a chur i gcrích go dtí go mbeidh deireadh leis mar gheall ar scor go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta.

72

Ní mór a chur leis sin go mbainfidh an tairbhí deireanach tairbhe as an infheistíocht a rinneadh cheana a bhuíochas leis an gcabhair a deonaíodh chun tairbhe leasa ainmhithe, a bhfuil plean ann ina leith don fhad ilbhliantúil a socraíodh ar dtús.

73

Is léir ón méid sin go bhfuil an oibleagáid chun an chabhair iomlán a aisíoc, a fhorchuirtear, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006, i ndiaidh aistriú an ghabháltais, ar thairbhí deireanach cabhrach a raibh air scor go cinntitheach dá ghníomhaíochtaí talmhaíochta, comhréireach i leith an chuspóra chun leasa ainmhithe a chur chun cinn agus i leith an chuspóra chun cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú.

74

Ag féachaint don mhéid roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 44(1) agus (2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, a léiriú sa chaoi, nuair a aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta, chuig duine eile a ghlacann an gealltanas sin ar láimh go toilteanach agus, ina dhiaidh, a scoireann go cinntitheach dá ghníomhaíochta talmhaíochta, go bhfuil iallach ar an tairbhí deireanach sin den chabhair an chabhair a fuarthas de bhun an ghealltanais sin ina iomláine a aisíoc, lena n-áirítear na méideanna a fuair na tairbhithe den chabhair sin roimhe, seachas más rud é gur chinn an Ballstát lena mbaineann gan an aisíocaíocht sin a éileamh de bhun na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 44(2)(a) den Rialachán sin agus go gcomhlíontar coinníollacha na heisceachta sin.

An tríú ceist

75

Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, maidir leis na himthosca lena gceadaítear an coinníoll ar dá réir “nach féidir le comharba an gealltanas a ghlacadh ar láimh” a mheas mar bheith comhlíonta, mar a thagraítear dó in Airteagal 44(2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006.

76

Mar is léir ó mhír 60 den bhreithiúnas seo, in éagmais rialacha náisiúnta lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 59 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh tairbhí cabhrach amhail Groenland Poultry an fhoráil sin a agairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

77

Dá bhrí sin agus i bhfianaise an fhreagra ar an dara ceist, níl gá freagra a thabhairt ar an tríú ceist.

Costais

78

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 679/2011 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2011,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní hionann cailleadh an chirt chun an mhaoin arna fáil ar léas a úsáid mar gheall ar fhoirceannadh an chonartha léasa maidir leis an maoin sin, i ndiaidh fhéimheacht an léasóra, a bhí ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus an conradh sin á thabhairt i gcrích, agus “force majeure nó imthosca eisceachtúla”, de réir bhrí na forála sin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 44(1) agus (2)(a) de Rialachán Uimh. 1974/2006, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 679/2011, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

nuair a aistrítear gabháltas tairbhí, le linn na tréimhse comhlíonta gealltanais a rinneadh mar choinníoll do dheonú tacaíochta, chuig duine eile a ghlacann an gealltanas sin ar láimh go toilteanach agus, ina dhiaidh, a scoireann go cinntitheach dá ghníomhaíochta talmhaíochta, tá iallach ar an tairbhí deireanach sin den chabhair an chabhair a fuarthas de bhun an ghealltanais sin ina iomláine a aisíoc, lena n-áirítear na méideanna a fuair na tairbhithe den chabhair sin roimhe, seachas más rud é gur chinn an Ballstát lena mbaineann gan an aisíocaíocht sin a éileamh de bhun na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 44(2)(a) den Rialachán sin agus go gcomhlíontar coinníollacha na heisceachta sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.

Top