EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0128

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Nollaig 5.
BV NORDIC INFO v Belgische Staat.
Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2004/38/CE – Airteagail 27 agus 29 – Bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais ar fhorais na sláinte poiblí – Bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chosc ar imeacht ón gcríoch náisiúnta chun dul ar thurais neamhriachtanacha go Ballstáit a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus don oibleagáid atá ar gach taistealaí a thagann isteach sa chríoch náisiúnta ó cheann de na Ballstáit sin tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 23 – Feidhmiú cumhachtaí póilíneachta i ndáil leis an tsláinte phoiblí – Comhionannas le feidhmiú seiceálacha teorann – Airteagal 25 – An fhéidearthacht rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Rialú arna dhéanamh i mBallstát i gcomhthéacs bearta is cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha ar mhaithe le dul ar thurais neamhriachtanacha ó Bhallstáit limistéir Schengen a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó chuig na Ballstáit sin.
Cás C-128/22.

Court reports – general

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:951

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

5 Nollaig 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2004/38/CE – Airteagail 27 agus 29 – Bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais ar fhorais na sláinte poiblí – Bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chosc ar imeacht ón gcríoch náisiúnta chun dul ar thurais neamhriachtanacha go Ballstáit a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus don oibleagáid atá ar gach taistealaí a thagann isteach sa chríoch náisiúnta ó cheann de na Ballstáit sin tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín – Cód Teorainneacha Schengen – Airteagal 23 – Feidhmiú cumhachtaí póilíneachta i ndáil leis an tsláinte phoiblí – Comhionannas le feidhmiú seiceálacha teorann – Airteagal 25 – An fhéidearthacht rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 – Rialú arna dhéanamh i mBallstát i gcomhthéacs bearta is cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha ar mhaithe le dul ar thurais neamhriachtanacha ó Bhallstáit limistéir Schengen a aicmítear mar limistéir ardriosca i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 nó chuig na Ballstáit sin)

I gCás C‑128/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime labhartha na hOllainnise, an Bhruiséil, an Bheilg), trí bhreith an 7 Feabhra 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Feabhra 2022, sna himeachtaí idir

Nordic Info BV

agus

Belgische Staat,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen agus Z. Csehi, Uachtaráin Dlísheomra, J.–C. Bonichot, M. Safjan (Rapóirtéir), S. Rodin, P. G. Xuereb, J. Passer, D. Gratsias, M.L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 10 Eanáir 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Nordic Info BV, ag F. Emmerechts agus R. Pockelé-Dilles, advocaten,

–        Rialtas na Beilge, ag M. Jacobs, C. Pochet agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó L. De Brucker, E. Jacubowitz agus P. de Maeyer, advocaten,

–        Rialtas na Rómáine, ag M. Chicu agus E. Gane, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hIorua, ag V. Hauan, A. Hjetland, T. B. Leming, I. Thue agus P. Wennerås, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEilvéise, ag L. Lanzrein agus N. Marville‑Dosen, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag E. Montaguti, J. Tomkin agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 7 Meán Fómhair 2023

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77 agus ceartúchán IO 2004 L 229 lch. 35) agus Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Bealtaine 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016 L 77, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2225 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 (IO 2017 L 327, lch. 1) (“Cód Teorainneacha Schengen”).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Nordic Info BV, ar cuideachta í atá bunaithe sa Bheilg, agus Belgische Staat (Stát na Beilge), a bhaineann leis an dochar a mheastar go ndearnadh don chuideachta sin mar gheall ar bhearta náisiúnta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht a chúiteamh, ar bearta iad ar glacadh le linn na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

 Treoir 2004/38

3        Sonraítear an méid seo a leanas amach in aithrisí 22, 25 go 27 agus 31 de Threoir 2004/38:

“(22)      Ceadaítear leis an gConradh srianta, a bhfuil údar leo, ar ghluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. D’fhonn sainiú níos soiléire a dhéanamh ar na coinníollacha agus na ráthaíochtaí nós imeachta faoina réir a bhféadfaí cead chun dul isteach sa chríoch a dhiúltú do shaoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh nó iad a dhíbirt, ba cheart an Treoir seo a chur in ionad Threoir 64/221/CEE ón gComhairle [an 25 Feabhra 1964, maidir le bearta speisialta a chomhordú a bhaineann le gluaiseacht agus cónaí eachtrannach i ndáil le taisteal agus cónaí a thugtar údar leo ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí (IO 1964 56, lch. 850)].

[...]

(25)      Ní mór na ráthaíochtaí nós imeachta a shonrú tuilleadh chomh maith, ionas go n‑áiritheofar ardleibhéal cosanta do chearta shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh i gcás ina ndiúltaítear dóibh dul isteach nó cónaí i mBallstát eile agus go bhfuil an prionsabal gur gá údar leordhóthanach a thabhairt le gníomhartha na n‑údarás á chomhlíonadh.

(26)      I ngach gcás, ní mór leigheas dlí a bheith ar fáil do gach saoránach de chuid an Aontais agus bhaill dá theaghlaigh i gcás ina ndiúltaítear do dhul isteach nó do chónaí i mBallstát eile.

(27)      De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena gcuirtear bac ar na Ballstáit bearta is cosc saoil óna gcríoch a dhéanamh i gcoinne thairbhithe na Treorach seo, ní mór a dheimhniú go bhfuil sé de cheart ag saoránach de chuid an Aontais agus ag ball a theaghlaigh atá faoi réir beart is cosc ó chríoch Bhallstáit iarratas nua a dhéanamh i ndiaidh tréimhse réasúnta agus i ndiaidh thréimhse 3 bliana ón gcinneadh críochnaitheach is cosc a chur chun feidhme ar aon nós.

[...]

(31)      Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta agus saoirsí bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear leis an [gC]airt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh: de réir phrionsabal an choisc ar idirdhealú atá ina measc, ní mór do Bhallstáit an Treoir seo a chur chun feidhme gan idirdhealú bunaithe go háirithe ar ghnéas, ar chine, ar dhath cnis, ar bhunúis eithneacha nó shóisialta, ar airíonna géiniteacha, ar theanga, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar thuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, ar bhaint le mionlach eithneach, ar mhaoin, ar bhreith, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        In Airteagal 1 de Threoir 2004/38, dar teideal “Cuspóir”, foráiltear mar seo a leanas:

“Is éard atá i gceist leis an Treoir seo ná:

(a)      na coinníollacha maidir le feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh an Aontais agus ag baill dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse i gcríoch na mBallstát;

(b)      an ceart buanchónaithe, sna Ballstáit, atá ag saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh;

(c)      srianta ar na cearta dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)      ciallaíonn ‘saoránach den Aontais’ gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige;

[...]

(3)      ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát a thaistealaíonn saoránach chuige d’fhonn a cheart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse a fheidhmiú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]


6        Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Tairbhithe”:

“Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach saoránach den Aontais a théann go Ballstát nach Ballstát dá bhfuil náisiúntacht aige nó a bhfuil cónaí air ann agus maidir le baill dá theaghlaigh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) a théann in éineacht leis nó a thagann chun bheith in éineacht leis.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2004/38, dar teideal “Ceart Imeachta”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Gan dochar do na forálacha maidir le doiciméid taistil is infheidhme maidir le rialuithe teorann náisiúnta, beidh an ceart ag gach saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cárta aitheantais bailí nó pas bailí aige agus ag baill dá theaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus a bhfuil pas bailí acu críoch Bhallstáit a fhágáil chun taisteal chuig Ballstát eile.

2.      Ní cheanglófar ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 víosa imeachta a bheith acu ná a comhionann d’oibleagáid a chomhlíonadh.

3.      I gcomhréir lena reachtaíocht, eiseoidh Ballstáit cárta aitheantais nó pas dá saoránaigh lena léirítear a náisiúntacht, nó déanfaidh siad athnuachan air.

4.      Ní mór don phas a bheith bailí le haghaidh na mBallstát go léir agus le haghaidh tíortha ar idirthuras eatarthu. I gcás nach bhforáiltear le reachtaíocht Bhallstáit do chárta aitheantais a eisiúint, ní fhéadfadh sé go bhfuil an pas bailí ar feadh níos lú na 5 bliana ar a eisiúint nó ar a athnuachan.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        De réir Airteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Ceart chun teacht isteach”:

“1.      Gan dochar do na forálacha maidir le doiciméid taistil is infheidhme maidir le rialú teorann náisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit cead do shaoránaigh an Aontais dul isteach ina gcríoch le cárta aitheantais bailí nó le pas bailí agus tabharfaidh siad cead do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad dul isteach ina gcríoch le pas bailí.

Ní cheanglófar ar shaoránaigh den Aontas víosa imeachta a bheith acu ná a chomhionann d’oibleagáid a chomhlíonadh.

[...]

(5)      Féadfaidh an Ballstát a cheangal ar an duine lena mbaineann a thuairisciú go bhfuil sé sa chríoch laistigh de thréimhse réasúnta neamh-idirdhealaitheach. Féadfar pionóis neamh-idirdhealaitheacha chomhréireacha a leagan ar an té nach gcomhlíonann an oibleagáid sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Baineann Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin, atá i gCaibidil III di maidir leis an gceart cónaithe, leis an gceart cónaithe suas go trí mhí agus an ceart cónaithe ar feadh níos mó ná 3 mhí.

10      Foráiltear le Caibidil VI den Treoir Shaoránachta do “na srianta ar an gceart chun dul isteach agus ar an gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí” agus tá Airteagail 27 go 33 den Treoir sin inti.

11      Seo a leanas atá in Airteagal 27 den Treoir sin, dar teideal “Prionsabail ghinearálta”:

“(1)      Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh na Ballstáit srian a chur le saorghluaiseacht agus cónaí shaoránach an Aontais agus bhall dá theaghlaigh, beag beann ar a náisiúntacht, ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Ní fhéadfaí brath ar na forais sin chun críoch eacnamaíocha.

2.      Ní mór prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh leis na bearta beartais phoiblí nó slándála poiblí agus ní mór dóibh gan bheith bunaithe ach ar iompar pearsanta an duine aonair lena mbaineann. Ní féidir údar a thabhairt lena leithéid de bhearta ach mar gheall ar chiontuithe coiriúla roimhe sin agus mar gheall air sin amháin.

Ní mór iompar an duine lena mbaineann a bheith ina fhíorbhaol láithreach agus tromchúiseach go leor do leas bunúsach na sochaí. Ní fhéadfaí glacadh le húdair nach bhfuil nasctha go díreach leis an gcás aonair lena mbaineann nó atá bunaithe ar chúinsí coisc ghinearálta.

3.      Ar mhaithe lena chruthú an baol nó nach baol an duine lena mbaineann don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, féadfaidh an Ballstát óstach, agus deimhniú clárúcháin á eisiúint acu nó, murab ann do chóras clárúcháin, faisnéis ar thaifead coiriúil an duine lena mbaineann a iarraidh ar an mBallstát tionscnaimh agus ar Bhallstáit eile, mar is féidir, trí mhí ar a dhéanaí ó iontráil an duine lena mbaineann ar a chríoch nó ón dáta ar thuairiscigh an duine sin go bhfuil sé sa chríoch i gcomhréir le hAirteagal 5(5), nó fiú agus an cárta cónaithe á eisiúint agus i gcás ina gcinneann sé go bhfuil géarghá leis. Ní féidir a leithéid a iarraidh go córasach. Seolfaidh an Ballstát iarrtha a fhreagra laistigh de dhá mhí.

(4)      Tabharfaidh an Ballstát a d’eisigh an pas nó an cárta aitheantais cead do shealbhóir an doiciméid ar aistríodh é ó Bhallstát eile ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí filleadh ar a chríoch gan aon rud oifigiúil le déanamh aige, fiú i gcás ina dtéann an doiciméad sin in éag nó i gcás ina gcuirtear náisiúntacht an tsealbhóra faoi chonspóid.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 29 de Threoir 2004/38, dar teideal “Sláinte phoiblí”:

“1.      Na galair a bhfuil baol eipidéime ag gabháil leo, mar atá sainithe in ionstraimí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), chomh maith le galair ghabhálacha eile atá tógálach seadánach, a mhéid a bhaineann forálacha maidir leis an gcosaint shaoránaigh an Bhallstáit óstaigh leo sa Bhallstát óstach, is iad na galair lena dtugtar bonn cirt do bhearta lena gcuirtear srian ar shaoirse gluaiseachta, agus iad sin amháin.

2.      Ní fhéadfadh bonn cirt a thabhairt d’aistriú ón gcríoch le galar a thagann chun cinn i ndiaidh thréimhse trí mhí i ndiaidh sroicheadh air.

3.      I gcás ina dtugtar údar leis trí thásca tromchúiseacha, féadfaidh Ballstát tairbhithe an chirt cónaithe a chur faoi réir scrúdú leighis saor in aisce, laistigh de thrí mhí óna dteacht isteach, ar mhaithe le fianú nach bhfuil na galair dá dtagraítear i mír 1 orthu. Ní fhéadfadh sé gur córasach na scrúdaithe leighis sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 30 den Treoir sin, dar teideal “Fógra a thabhairt faoi chinntí”:

“1.      Tabharfar fógra i scríbhinn don duine leasmhar maidir le gach cinneadh arna dhéanamh de réir Airteagal 27(1) ionas gurb intuigthe leis an t‑ábhar agus na héifeachtaí atá aige.

2.      Cuirfear in iúl don duine leasmhar na forais bheachta iomlána beartais phoiblí, slándála poiblí agus sláinte poiblí atá ina mbonn le cinneadh a bhaineann leis, ach amháin i gcás ina gcuirtear cosc air sin ar fhorais na slándála Stáit.

3.      Cuirfear in iúl leis an bhfógra an chúirt nó an t‑údarás riaracháin ar os a comhair nó os a chomhair a bhféadfaidh an duine leasmhar caingean a thabhairt chomh maith leis an teorainn ama agus, i gcás inarb iomchuí, an tréimhse ama chun imeacht ó chríoch an Bhallstáit. Ní fhéadfadh sé gur lú an tréimhse ama sin ná mí amháin ó dháta a fhógartha ach amháin i gcás práinn a meastar go bhfuil údar léi.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      De réir Airteagal 31 de Treoir sin, dar teideal “Ráthaíochtaí nós imeachta”:

“(1)      Beidh rochtain ag na daoine lena mbaineann ar leigheasanna dlí agus, i gcás inarb iomchuí, ar leigheasanna riaracháin sa Bhallstát óstach le cinneadh a chur faoi chonspóid a rinneadh ina gcoinne ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí.

[...]

3.      Ceadófar scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinnidh agus na fíorais agus na cúinsí lena dtugtar údar don bheart atáthar ag brath a dhéanamh trí na nósanna imeachta achomhairc. Áiritheofar leo freisin nach bhfuil an cinneadh díréireach, go háirithe i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach le hAirteagal 28.

4.      Is féidir le Ballstáit diúltú do dhuine lena mbaineann a bheith ar a gcríoch le linn an nós imeachta achomhairc, ach ní fhéadfaidís cosc a chur air a chosaint a chur in iúl i bpearsa, ach amháin i gcás ina bhfuil baol ann go mbeadh a láithreas ina chúis le cur isteach tromchúiseach ar bheartas agus shlándáil phoiblí nó i gcás ina mbaineann an chaingean le diúltú d’iontráil sa chríoch.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15      Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 32 den Treoir sin, dar teideal “Éifeachtaí ama atá ag ordú eisiaimh”:

“(1)      Féadfaidh daoine lena mbaineann ordú eisiaimh ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí agus na sláinte poiblí iarratas a dhéanamh go dtarscaoilfí an t-ordú eisiaimh i ndiaidh tréimhse ama réasúnta, de réir na n‑imthosca, agus i ndiaidh 3 bliana ó fhorfheidhmiú an ordaithe eisiaimh a glacadh go bailí de réir dhlí an Chomhphobail, trí argóintí a chur chun tosaigh go raibh athrú ábhartha sna himthosca lenar tugadh údar leis an ordú eisiaimh ina choinne.

Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh maidir leis an iarratas sin laistigh de shé mhí óna thaisceadh.

2.      Níl aon chead rochtana ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus scrúdú á dhéanamh ar a n‑iarratas.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Cód Teorainneacha Schengen

16      De réir aithrisí 2 agus 6 de Chód Teorainneacha Schengen:

“(2)      Glactar bearta faoi Airteagal 77(2)(e) de [CFAE], d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon rialuithe ar dhaoine agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, mar chuid de chuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar a bhunú gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine, mar atá leagtha amach in Airteagal 26(2) [CFAE].

[...]

(6)      Ní chun leasa na mBallstát sin a ndéantar rialú teorann ag a dteorainneacha seachtracha amháin atá an rialú teorann, ach chun leasa na mBallstát uile a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart rialú ag teorainneacha a bheith ina chúnamh chun inimirce agus gáinneáil mhídhleathach daoine a chomhrac agus aon bhaol do shlándáil inmheánach, beartas poiblí, sláinte phoiblí agus caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc.”

17      Foráiltear le hAirteagal 1 den Chód sin, dar teideal “Ábhar agus prionsabail”:

“Déanann an Rialachán seo foráil nach ndéanfar rialú teorann ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha inmheánacha atá idir Ballstáit an Aontais.

Leagtar síos leis rialacha lena rialaítear rialú teorann daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais.”

18      Déantar sainmhíniú ar na coincheapa seo a leanas in Airteagal 2(1)(8)(10) go (12) agus (21):

“Chun críocha an Rialacháin seo:

1      ciallaíonn ‘teorainneacha inmheánacha’

(a)      comhtheorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha;

(b)      aerfoirt na mBallstát le haghaidh eitiltí inmheánacha;

(c)      calafoirt fharraige, abhann agus locha na mBallstát i gcás nasc inmheánach rialta bád farantóireachta;

[...]

8.      ciallaíonn ‘pointe trasnaithe teorann’ aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú;

[...]

10.      ciallaíonn ‘rialú ag teorainneacha’ an ghníomhaíocht a dhéantar ag teorainn, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus chun críocha an Rialacháin seo, mar fhreagairt eisiach ar rún an teorainn sin a thrasnú, nó ar thrasnú na teorann sin, beag beann ar aon chúinse eile, a bhfuil seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha mar chuid de;

(11)      ciallaíonn ‘seiceálacha teorann’ na seiceálacha a dhéantar ag pointí trasnaithe teorann, lena n-áirithiú go bhféadfar daoine, lena n-áirítear a modh iompair agus na hábhair atá ina seilbh, a údarú le dul isteach ar chríoch na mBallstát nó imeacht uaithi;

(12)      ciallaíonn ‘faireachas ar theorainneacha’ faireachas ar theorainneacha idir pointí trasnaithe teorann agus faireachas ar phointí trasnaithe teorann lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chun cosc a chur ar dhaoine a bheith ag teacht timpeall ar sheiceálacha teorann;

[...]

(21)      ciallaíonn ‘baol don tsláinte phoiblí’ aon ghalar a mbaineann baol eipidéime leis mar atá sainmhínithe i Rialacha Sláinte Idirnáisiúnta [EDS] agus galair thógálacha nó galair sheadánacha ghabhálacha eile má tá siad faoi réir forálacha cosanta is infheidhme maidir le náisiúnaigh na mBallstát.”

19      Faoi Airteagal 3 den Chód sin, dar teideal “Raon feidhme”:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon duine a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha nó seachtracha na mBallstát, gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)      cearta daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b)      cearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le non-refoulement.”

20      Foráiltear dó go háirithe le hAirteagal 6(1)(e) de Chód Teorainneacha Schengen go gcaithfidh gan a mheas gur baol don tsláinte phoiblí iad saoránaigh tríú tír ar mian leo iontráil i gcríoch Bhallstáit trí ghluaiseacht thar theorainn sheachtrach.

21      I gcomhthéacs an rialaithe ag na teorainneacha inmheánacha, ceanglaítear le hAirteagal 8(2) agus (3) den Chód, go bunúsach, nach mór a sheiceáil nach meastar gur baol don tslándáil inmheánach nó don tsláinte phoiblí iad daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais nó saoránaigh tríú tír.

22      De réir Airteagal 22 den Chód sin, dar teideal “Teorainneacha inmheánacha a thrasnú”:

“Féadfar teorainneacha inmheánacha a thrasnú ag aon phointe gan seiceáil teorann a dhéanamh ar dhaoine, beag beann ar a náisiúntacht.”

23      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 23 den Chód sin, dar teideal “Seiceálacha laistigh den chríoch”:

“Ní dhéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

(a)      feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann; beidh feidhm ag an méid sin i limistéir teorann freisin. De réir bhrí na chéad abairte, ní mheasfar gurb ionann feidhmiú cumhachtaí póilíneachta den sórt sin, go háirithe, agus seiceálacha teorann a dhéanamh nuair is fíor an méid seo a leanas maidir leis na bearta póilíneachta:

(i)      ní rialú ag teorainneacha is cuspóir leo;

(ii)      tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta póilíneachta agus taithí maidir leis an mbaol a d’fhéadfadh bheith ann don tslándáil phoiblí agus tá siad dírithe ar choireacht trasteorann, go háirithe, a chomhrac;

(iii)      ceaptar agus déantar ar bhealach iad ar léir é a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a dhéantar ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha; ;

(iv)      déantar iad ar bhonn spotseiceálacha;

[...]”

24      Foráiltear in Airteagal 25 den Chód sin, dar teideal “Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”, don mhéid seo a leanas:

“(1)      I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach.

(2)      Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagal 27, le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagal 27, Airteagal 28 nó Airteagal 29 faoi seach.

(3)      Más ann fós, tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, don bhaol tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 á gcur san áireamh agus i gcomhréir le hAirteagal 27, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite 30 lá ar a mhéid.

(4)      Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo thar sé mhí. I gcúinsí eisceachtúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 29, féadfar an tréimhse iomlán seo a fhadú d’uasfhad dhá bhliain, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin.”

25      Foráiltear le hAirteagail 26 go 28 den Chód, dar teidil “Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach”, “Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach faoi Airteagal 25” agus “Nós imeachta sonrach le haghaidh cásanna a éilíonn beart láithreach” do na coinníollacha ábhartha agus nós imeachta atá le comhlíonadh ag na Ballstáit chun rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach de réir Airteagal 25 den Chód sin.

 Moladh (AE) 2020/912

26      Tá Iarscríbhinn II i Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san [Aontas Eorpach] agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO 2020 L 208I, lch. 1), agus seo a leanas a ábhar:

“Aicmí sonracha taistealaithe a bhfuil feidhm nó riachtanais bhuntábhachtacha acu:

(i)      gairmithe sláinte, taighdeoirí i réimse na sláinte, agus gairmithe cúraim do dhaoine scothaosta;

(ii)      oibrithe trasteorann;

(iii)      oibrithe séasúracha san earnáil talmhaíochta;

(iv)      pearsanra iompair;

(v)      taidhleoirí, baill foirne eagraíochtaí idirnáisiúnta agus daoine a fhaigheann cuireadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ar gá go bhfuil siad i láthair go fisiciúil ar mhaithe le dea-fheidhmiú na n‑eagraíochtaí sin, pearsanra míleata, oibrithe cabhrach agus pearsanra cosanta sibhialta agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú acu;

(vi)      paisinéirí idirthurais;

(vii)      paisinéirí atá ag taisteal ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh;

(vii)      maraithe;

(ix)      daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar chúiseanna daonnúla eile;

(x)      náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal chun críocha staidéar a dhéanamh;

(xi)      náisiúnaigh tríú tír atá ardoilte i gcás inar gá a bpost ó thaobh na heacnamaíochta de agus nach bhfuil a n‑obair inchurtha ar atráth nó indéanta thar lear.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Beilge

27      Foráladh don mhéid seo a leanas le hAirteagal 18 den ministerieel besluit houdende dringende maatregelen om de verspreiding van het coronavirus COVID-19 te beperken (Foraithne Aireachta maidir le bearta práinneacha chun srian a chur le leathadh an choróinvíreais COVID-19), an 30 Meitheamh 2020 (Belgisch Staatsblad, an 30 Meitheamh 2020, lch. 48715), arna leasú le hAirteagal 3 de ministerieel besluit houdende wijziging van het ministerieel besluit van 30 juni 2020 houdende dringende maatregelen om de verspreiding van het coronavirus COVID-19 te beperken (Foraithne Aireachta lena n‑athraítear Foraithne Aireachta an 30 Meitheamh 2020 maidir le bearta práinneacha chun teorainn a chur le leathadh an choróinvíreais COVID-19), an 10 Iúil 2020 (Belgisch Staatsblad, an 10 Iúil 2020, lch. 51609) (“Foraithne Aireachta leasaithe”):

“§1.      Tá cosc ar thaisteal neamhriachtanach ón mBeilg agus chuig an mBeilg.

§2.      De mhaolú ar an gcéad mhír agus gan dochar d’Airteagal 20, údaraítear an méid seo a leanas:

1°      taisteal ón mBeilg chuig tíortha uile an Aontais Eorpaigh, limistéar Schengen agus an Ríocht Aontaithe, agus taisteal chuig an mBeilg ó na tíortha sin, cé is moite de chríocha atá ainmnithe mar chriosanna dearga, dá bhfoilsítear an liosta ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Poiblí Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha;

[...]”

28      Leagadh amach an méid seo a leanas le hAirteagal 22 den Fhoraithne Aireachta:

“Gearrfar na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 187 de Dhlí an 15 Bealtaine 2007 maidir leis an tslándáil shibhialta as sáruithe ar forálacha na nAirteagal seo a leanas:

[...]

–        Airteagail 11, 16, 18, 19 agus 21a.”

29      Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 187 de Dhlí an 15 Bealtaine 2007 maidir leis an tslándáil shibhialta (Belgisch Staatsblad, an 31 Iúil 2007):

“Gearrfar téarma príosúnachta ocht lá go trí mhí agus fíneáil EUR 26 go 500, nó ceann amháin de na pionóis sin, in aimsir shíochána, as diúltú nó faillí na bearta sin arna n‑ordú de réir Airteagal 181(1) agus 182 a chomhlíonadh.

Thairis sin, d’fhéadfadh an tAire nó, i gcás inarb iomchuí, an méara nó ceannasaí an limistéir a chur faoi deara go gcuirfí na bearta sin chun feidhme ex officio, ar chostas na bpáirtithe easumhla nó faillitheacha.”

30      Ina theannta sin, is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt go ndearnadh sainmhíniú ar thaisteal neamhriachtanach dá dtagraítear in Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe mar thurais nach turais riachtanacha iad, a sainaithníodh i gceisteanna coitianta atá ar fáil ar an suíomh idirlín info-conronavirus.be agus a bhí ag teacht le liosta an taistil riachtanaigh atá i Moladh 2020/912.

31      Is léir ón gcáschomhad sin freisin nach mór do gach taistealaí atá ag imeacht ó limistéar dearg dá dtagraítear in Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín chomh maith. Foráiltear don oibleagáid sin leis na forálacha arna nglacadh ag Réigiún an Fhlóndras, ag Réigiún na Vallúine, ag Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile agus ag Pobal na Gearmáinise.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

32      An 11 Márta 2020, d’aicmigh EDS eipidéim an choróinvíreais COVID-19 mar phaindéim agus dhearbhaigh sí ina dhiaidh sin go raibh an bhagairt i ndáil leis an bpaindéim ar an leibhéal is airde an 16 Márta 2020.

33      Sa chomhthéacs sin, ghlac Ríocht na Beilge Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe an 10 Iúil 2020 chun cosc a chur ar thaisteal neamhriachtanach arb iad an pointe imeachta nó an ceann scríbe an Bheilg ar thaobh amháin agus tíortha an Aontais agus limistéar Schengen chomh maith leis an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile, a mhéid a ainmníodh na tíortha sin mar “limistéir dhearga” i bhfianaise a staide eipidéimeolaíche agus leibhéal na mbeart sláintíochta sriantach arna nglacadh ag a n‑údaráis. Ina theannta sin, bhí ar gach taistealaí a imíonn óna leithéid de thír arna hainmniú mar limistéar dearg dul faoi thastálacha agus dul ar coraintín sa Bheilg. Bhí teacht ar liosta na dtíortha arna n‑ainmniú mar limistéir dhearga den chéad uair an 12 Iúil 2020 ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Poiblí Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha. Bhí an tSualainn ar na tíortha arna n‑aicmiú mar limistéir dhearga.

34      De réir na ndearbhuithe arna ndéanamh aige féin, chuir Nordic Info, ar gníomhaireacht taistil é a dhéanann sainchúram de thaisteal go dtí Críoch Lochlann agus uaithi, a gcuid turais go léir ar ceal a bhí eagraithe aige ón mBeilg go dtí an tSualainn le linn an tsamhraidh chun déanamh de réir reachtaíocht na Beilge. Ina theannta sin, dhearbhaigh sé go raibh bearta glactha aige le turasóirí sa tSualainn a chur ar an eolas agus cabhrú leo agus chun filleadh ar an mBeilg.

35      An 15 Iúil 2020, tugadh an liosta dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo cothrom le dáta agus aicmíodh an tSualainn mar limistéar oráiste, rud a d’fhág nach raibh cosc a thuilleadh ar thaisteal go dtí an tír sin nó uaithi, ach moladh gan é sin a dhéanamh amháin, agus go raibh feidhm ag rialacha eile maidir le dul isteach taistealaithe i gcríoch na Beilge ón tír sin.

36      Agus é den tuairim go raibh earráid déanta ag Stát na Beilge agus an Fhoraithne Aireachta leasaithe á dréachtú aige, thug Nordic Info caingean os comhair Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime labhartha na hOllainnise, an Bhruiséil, an Bheilg), arb í an chúirt a rinne an tarchur, ar mhaithe le cúiteamh a iarraidh as an damáiste a dhearbhaigh sé gur bhain dó mar gheall ar thabhairt isteach agus athrú na gcód dathanna dá dtagraítear leis an bhForaithne Aireachta sin. Dhiúltaigh Stát na Beilge don chaingean toisc nach raibh bunús léi.

37      Go háirithe, d’áitigh Nordic Info gur sháraigh Stát na Beilge Treoir 2004/38 agus na forálacha náisiúnta maidir le hAirteagal 27 go 31 den Treoir sin a thrasuí, ar thaobh amháin agus Cód Teorainneacha Schengen ar an taobh eile.

38      Maidir leis an ngearán lena n‑éilítear sárú ar Threoir 2004/38, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, cé gurb é atá i gceist, go ginearálta, ag Nordic Info leis an tuairisc ar a dhamáiste agus a chuid argóintí ná cosc ar imeacht ó chríoch na Beilge arna fhorchur ar shaoránaigh Bheilgeacha agus ar shaoránaigh an Aontais nach Beilgigh iad a bhfuil sainchónaí orthu sa Bheilg agus arna fhorchur ar bhaill teaghlaigh na ndaoine sin agus an cosc ar theacht isteach sa chríoch sin arna fhorchur ar shaoránaigh an Aontais go léir, bíodh nó ná bíodh siad Beilgeach, agus ar bhaill dá dteaghlaigh, cuireann an chuideachta sin faoi chonspóid, áfach, dleathacht an choisc imeachta réamhluaite agus dleathacht na srianta ar an gceart chun dul isteach sa chríoch sin arna bhforchur ar shaoránaigh nach Beilgigh iad agus baill dá dteaghlaigh, srianta a cuireadh cruth orthu tríd an oibleagáid orthu dul faoi thástálacha agus dul ar coraintín ar a dteacht isteach sa chríoch sin.

39      Sa chomhthéacs sin, ní mór soiléiriú a thabhairt an gá nó nach gá Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir sin a léamh in éineacht lena chéile sa chaoi nach dtabharfaí údar ar fhorais na sláinte poiblí ach le srianta ar an gceart chun dul isteach nó, ina ionad sin, an leagtar amach údair neamhspleácha leis an dá fhoráil sin ionas gurbh amhlaidh gur leor an chéad cheann de na forálacha sin ann féin chun údar a thabhairt le srianta idir ar an gceart chun dul isteach agus ar an gceart imeachta ar na forais sin.

40      Gan beann ar an léiriú arna dhéanamh ar Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur chomh maith an féidir nó nach féidir le Ballstát, ar bhonn na bhforálacha sin, beart neamh-idirdhealaitheach a ghlacadh, i bhfoirm gníomh a bhfuil raon feidhme ginearálta aige, amhail an beart arna thabhairt isteach trí Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe. D’fhéadfaí an méid sin a bhaint de thátal as an bhfíoras nach bhfuil an foras maidir leis an tsláinte phoiblí san áireamh in Airteagal 27(2) den Treoir sin, ach déileáiltear leis ar leithligh in Airteagal 29 den Treoir sin.

41      I gcás ina dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh sé gurb é is bunús lena leithéid de shrian ginearálta neamh-idirdhealaitheach ná Airteagail 20 agus 21 CFAE agus/nó prionsabal ginearálta dhlí an Aontais, agus prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh, chun críocha chuspóir an chomhraic i gcoinne na paindéime, lena bhfuil údar maith, a bhaint amach.

42      Mar chuid den ghearán lena n‑éilítear sárú ar Chód Teorainneacha Schengen, áitíonn Nordic Info, trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfadh údaráis inniúla na Beilge rialú a dhéanamh ar na srianta ar an gceart imeachta agus ar an gceart chun dul isteach, iad a chur chun feidhme ar a dtionscnamh féin agus pionóis a ghearradh i gcás neamhchomhlíonadh na srianta sin, gurb ionann an Fhoraithne Aireachta leasaithe agus rialú a thabhairt isteach ag teorainneacha inmheánacha de shárú ar Airteagail 25 et seq. den Chód sin. Go deimhin, ní cheadófaí rialú sealadach a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha ach amháin i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach, agus ní i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach don tsláinte phoiblí.

43      Ina theannta sin, áitíonn Nordic Info nach bhféadfaí a mheas go dtagann na bearta san Fhoraithne Aireachta leasaithe faoi Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen ós rud é go raibh an éifeacht chéanna ag feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla na Beilge, sa chás seo, agus atá ag seiceálacha ag teorainneacha agus nach bhféadfaí an inniúlacht sin a fheidhmiú i ndail leis an tsláinte phoiblí ach i ndáil leis an tslándáil phoiblí amháin.

44      Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, i bhfianaise na n‑argóintí arna gcur chun tosaigh ag Stát na Beilge os a comhair, an bhféadfaí caitheamh le galar tógálach, in aimsir ghéarchéime, mar bhaol don bheartas poiblí agus don tslándáil phoiblí/inmheánach de réir bhrí Airteagail 23 agus 25 de Chód Teorainneacha Schengen, ionas gurb amhlaidh, ina leithéid de chás, gurbh fhéidir feidhmiú cumhachtaí póilíneachta agus rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn na bhforálacha sin faoi seach.

45      Sna himthosca sin, chinn Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel (Cúirt Chéadchéime labhartha na hOllainnise, an Bhruiséil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      An gcaithfear Airteagail 2, 4, 5, 27 agus 29 de [Threoir 2004/38], lena gcuirtear Airteagail 20 agus 21 CFAE chun feidhme, a léirmhíniú amhail nach gcuirtear toirmeasc ar rialachán Ballstáit (sa chás seo, Airteagail 18 agus 22 den Fhoraithne Aireachta [leasaithe]), lena gcuirtear, trí bheart ginearálta:

–        cosc, i bprionsabal, ar fhágáil i gcomhair taisteal neamhriachtanach ón mBeilg go tíortha san Aontas Eorpach agus i limistéar Schengen a aicmíodh mar dhearg iad i gcomhréir le cód dathanna a dréachtaíodh ar bhonn sonraí eipidéimeolaíocha, do náisiúnaigh de chuid na Beilge agus a mbaill teaghlaigh chomh maith le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i gcríoch na Beilge agus a mbaill teaghlaigh;

–        srianta ar dhul isteach (amhail coraintín agus tástálacha) ar shaoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh de chuid na Beilge iad agus a mbaill teaghlaigh (cibé acu atá nó nach bhfuil sé de cheart acu bheith ina gcónaí i gcríoch na Beilge) i gcomhair taisteal neamhriachtanach ó thíortha san Aontas Eorpach agus i limistéar Schengen chuig an mBeilg a aicmíodh mar dhearg iad i gcomhréir le cód dathanna a dréachtaíodh ar bhonn sonraí eipidéimeolaíocha?

(2)      An gcaithfear Airteagail 1, 3 agus 22 de Chód Teorainneacha Schengen a léirmhíniú amhail nach gcuirtear toirmeasc ar rialacháin Bhallstáit (sa chás seo, Airteagail 18 agus 22 d’Fhoraithne Aireachta [leasaithe] lena gcuirtear cosc ar fhágáil i gcomhair taisteal neamhriachtanach ón mBeilg go tíortha eile san Aontas Eorpach agus i Limistéar Schengen agus cosc ar theacht isteach ó na tíortha sin chuig an mBeilg agus a fhéadfaidh an tAire, an méara agus ceannasaí póilíní ní hamháin seiceáil a dhéanamh nó pionós a ghearradh ina leith ach iad a fhorfheidhmiú ex officio freisin?”

 Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

46      De réir cásdlí socair, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra fónta a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirfear ar a cumas an díospóid atá os a comhair a chinneadh. Chuige sin, d’fhéadfadh sé, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil a mhalairt de fhriotal le cur ar na ceisteanna arna dtarchur chuici (breithiúnas an 15 Iúil 2021, Ministrstvo za obrambo, C‑742/19, EU:C:2021:597, mír 31).

47      Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise go mbunaíonn Nordic Info, de réir na mínithe ón gcúirt a rinne an tarchur, a iarratas ar chúiteamh ar an damáiste a líomhnaítear i ndáil le turais arna n‑eagrú idir an Bheilg agus an tSualainn agus nach mbaineann an chéad cheist le reachtaíocht na Beilge atá faoi cheist sna príomhimeachtaí ach amháin a mhéid a bhain an reachtaíocht sin le saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, ní gá a chur san áireamh, chun freagra a thabhairt ar an gceist sin, gurbh iad a bhí i gceist leis an reachtaíocht sin, seachas Ballstáit an Aontais, na tíortha de limistéar Schengen nach baill iad den Aontas.

48      Ar an dara dul síos, bíodh is go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt, sa chéad cheist, d’Airteagal 2 de Threoir 2004/38, ní mór a thabhairt faoi deara, nach gá an léiriú ar an bhforáil sin chun freagra a thabhairt ar an gceist sin, ar foráil í nach ndéantar léi ach sainmhíniú a thabhairt ar na coincheapa arna n‑úsáid sa Treoir sin.

49      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, lena céad cheist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagail 27 agus 29 de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 4 agus 5 di, amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit a bhfuil raon feidhme ginearálta aici, lena gcuirtear cosc, ar fhorais na sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, ar shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, turais neamhriachtanacha a dhéanamh ón mBallstát sin go dtí na Ballstáit eile a aicmíodh mar limistéir ardriosca ar bhonn na mbeart sláintíochta sriantaí nó na staide eipidéimeolaíche sna Ballstáit eile agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar shaoránaigh an Aontais nach saoránaigh iad den Bhallstát sin dul faoi thástálacha agus dul ar coraintín ar a n-iontráil i gcás ina dtagann siad isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ó cheann de na Ballstáit eile.

50      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, de réir Airteagal 27(1) de Threoir 2004/38, atá i gCaibidil VI den Treoir sin, dar teideal “Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí” agus cuirtear i dtéarmaí nithiúla Airteagal 1(c) di, go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi réir fhorálacha na caibidle sin, srian a chur le saorghluaiseacht agus cónaí shaoránaigh an Aontais nó bhall dá dteaghlaigh beag beann ar a náisiúntacht, ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí, ar choinníoll nach n‑agraítear na forais sin chun críoch eacnamaíocha.

51      Sonraítear le hAirteagal 29(1) den Treoir sin, a bhaineann go sonrach le bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí, nach bhféadfaí údar a thabhairt lena leithéid de bhearta ach i gcás galair áirithe, eadhon na galair a bhfuil baol eipidéime ag gabháil leo, mar atá sainithe in ionstraimí ábhartha EDS agus galair ghabhálacha eile atá tógálach nó seadánach, ar choinníoll go mbaineann forálacha cosanta i ndáil le saoránaigh an Bhallstáit óstaigh leo, is é sin le rá, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den Treoir sin, an Ballstát a dtaistealaíonn saoránach den Aontas chuige d’fhonn a cheart chun gluaiseachta agus cónaí faoi shaoirse a fheidhmiú.

52      Ó thaobh, sa chéad áit, galair lena bhféadfaí údar a thabhairt, ar bhonn Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38, le bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí, is léir ó fhoclaíocht an dá fhoráil sin go bhféadfadh Ballstát, chun críoch neamh-eacnamaíocha agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear i gCaibidil VI den Treoir sin, a leithéid de bhearta a ghlacadh i dtaca le galair áirithe ar glacadh forálacha cosanta i ndáil lena saoránaigh ina leith, eadhon galair a d’fhéadfadh go bhfuil baol eipidéime ag gabháil leo mar a shainítear in ionstraimí ábhartha EDS agus galair ghabhálacha nó galair sheadánacha thógálacha eile agus i dtaca leo siúd amháin.

53      Sa chomhthéacs sin, féadfaidh Ballstát a fortiori bearta a achtú, ar bhonn na bhforálacha sin, lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí chun aghaidh a thabhairt ar bhaol a bhaineann le galar gabhálach tógálach a aithníonn EDS gur galar paindéime é.

54      Sna príomhimeachtaí, is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt nár glacadh na bearta atá in Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe agus na bearta dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo chun críoch eacnamaíocha, ach gur glacadh iad d’fhonn leathadh ghalar gabhálach tógálach COVID-19 a sheachaint i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar galar é a d’aicmigh EDS mar phaindéim an 11 Márta 2020, a aicmíodh mar phaindéim cheana féin le linn na tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí. Faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé chomh maith go raibh na bearta sin ina gcuid de shraith beart a bhí beartaithe, ag an am ábhartha, chun pobal an Bhallstáit sin a chosaint ar leathadh an ghalair sin ar an gcríoch náisiúnta. Dá bhrí sin, dealraíonn sé, faoina réir sin, go gcomhlíontar lena leithéid de ghalar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38 chun údar a thabhairt le bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí.

55      Sa dara háit, maidir leis na cearta a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh le bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht a chumhdaítear le hAirteagail 27 go 32 de Threoir 2004/38, is léir, ar dtús, ó Airteagal 1(a) agus Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2004/38 agus d’Airteagail 20 agus 21 CFAE a léamh i dteannta a chéile, ceart a chuirtear chun feidhme leis an Treoir sin, go n‑áirítear le “saoirse gluaiseachta” an ceart chun imeacht ó chríoch Bhallstáit chun dul go Ballstát eile (“an ceart imeachta”) agus an ceart chun cead isteach ar chríoch Bhallstáit (“an ceart chun dul isteach”).

56      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 61 dá Thuairim, go gcumhdaítear, de réir na bhfocal soiléir lena dtagraítear go sainráite do “s[h]aorghluaiseacht”, an dá chuid den tsaoirse sin le hAirteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38, eadhon an ceart chun dul isteach agus an ceart imeachta, de réir bhrí Airteagail 4 agus 5 den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov, C‑249/11, EU:C:2012:608, míreanna 30 go 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ní fhéadfaí teacht ar an gconclúid nach mbaineann raon feidhme Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38 ach leis an gcuid de shaorghluaiseacht a bhaineann leis an gceart chun dul isteach toisc go dtagann Airteagail 27 agus 29 faoi Chaibidil VI den Treoir sin, dar teideal “Srian ar an gceart chun dul isteach agus an ceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí”, ná toisc go gcumhdaítear srianta ar an gceart chun dul isteach go háirithe le hAirteagal 29(2) agus (3) den Treoir sin.

57      Is amhlaidh is lú é sin toisc go bhféadfadh srianta ar an gceart chun dul isteach agus ar an gceart cónaithe ar fhorais na sláinte poiblí a bheith neamhéifeachtach mura bhféadfaí srianta comhfhreagracha ar an gceart imeachta a fhorchur. Ina leithéid de chás, d’fhéadfaí, de réir na n‑imthosca, an cuspóir a chur i mbaol, atá le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) de Threoir 2004/38, arb é atá ann ná a chur ar chumas na mBallstát srian a chur, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an Treoir sin, ar shaorghluaiseacht d’fhonn cosc a chur le leathadh galair nó le riosca leathadh galair a thagann faoi raon feidhme an dara ceann de na forálacha sin, é a choinneáil faoi smacht nó bac a chur air.

58      Ar an dara dul síos, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór a mheas gur “srianta” ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh é gach beart lena gcuirtear bac nó srian ar fheidhmiú na saoirse sin nó lena bhfágtar gur lú tarraingtí í (féach, de réir analaí, breithiúnais an 12 Iúil 2012, an Coimisiún v an Spáinn, C‑269/09, EU:C:2012:439, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 21 Nollaig 2016, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑503/14, EU:C:2016:979, mír 40).

59      Sna himthosca sin, ní chumhdaítear leis na bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht, a fhéadfaidh Ballstát a ghlacadh ar fhorais na sláinte poiblí faoi Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38, coisc iomlána nó pháirteacha amháin ar iontráil sa chríoch náisiúnta nó ar imeacht uaithi, amhail cosc ar imeacht ón gcríoch chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh. Féadfar a áireamh leo chomh maith, a fortiori, bearta a bhfuil d’éifeacht acu cur isteach ar fheidhmiú cheart na ndaoine lena mbaineann iontráil sa chríoch sin a dhéanamh gur lú tarraingtí é, amhail oibleagáid ar thaistealaithe a théann isteach inti tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín.

60      Sa tríú háit, maidir leis na daoine a fhéadfar bearta srianta gluaiseachta a fhorchur ina leith, ar bhonn Threoir 2004/38, ní mór a thabhairt chun cuimhne go rialaítear leis an Treoir sin na coinníollacha maidir le himeacht ó chríoch Bhallstáit, ní hamháin do náisiúnaigh de Bhallstáit eile, ach náisiúnaigh an Bhallstáit sin chomh maith (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2012, Byankov, C‑249/11, EU:C:2012:608, míreanna 30 agus 32). Os a choinne sin, rialaítear leis an Treoir sin na coinníollacha maidir le hiontráil i gcríoch Bhallstáit le haghaidh náisiúnaigh de Bhallstáit eile amháin (féach, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, A (Gluaiseacht thar theorainneacha le hárthaí áineasa), C‑35/20, EU:C:2021:813, míreanna 67 go 69).

61      Sa chás seo, tagann faoi raon feidhme ratione personae de Threoir 2004/38 na catagóirí daoine a luaigh an chúirt a rinne an tarchur sa chéad cheist a mhéid a bhaineann, faoi seach, leis an gcosc ar imeacht ó chríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus na srianta ar iontráil sa chríoch sin.

62      Sa cheathrú háit, maidir le foirm na mbeart lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht a fhéadfar a ghlacadh ar bhonn Threoir 2004/38 ar fhorais na sláinte poiblí, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuirtear cosc le hAirteagal 27(1) ná le hAirteagal 29(1) den Treoir sin ar na bearta sin a achtú i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

63      Go deimhin, ós rud é nach luaitear i gceachtar den dá fhoráil sin, murab ionann agus Airteagal 27(2) den Treoir sin, nach mór srianta ar an tsaoirse sin “gan bheith bunaithe ach ar iompar pearsanta an duine aonair lena mbaineann” agus nach mór aon údar lena leithéid de srianta a bheith “nasctha go díreach [...] leis an gcás aonair lena mbaineann”, ní mór a mheas gur féidir srianta ar an tsaoirse sin a bhfuil údar leo ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a ghlacadh, de réir na n‑imthosca agus go háirithe ar an staid sláinte, i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige a bhaineann, gan idirdhealú, le haon duine a thagann faoi chás a chumhdaítear leis an ngníomh sin.

64      Cuirtear treise lena leithéid de léiriú toisc go bhféadfaidh galair a chumhdaítear le hAirteagal 29(1) de Threoir 2004/38, mar gheall ar a saintréithe féin, dul i gcion ar phobail iomlána, beag beann ar iompar aonair ar galair iad ar féidir leo a bheith ina n‑údar le bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar bhonn na Treorach sin.

65      Sa chúigiú háit, maidir leis na coinníollacha agus na coimircí nach mór a bheith in éineacht le bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht arna nglacadh ar bhonn Threoir 2004/38, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go gceanglaítear, faoi Airteagal 27(1) den Treoir sin, ar an mBallstát a ghlacann na bearta sin ar fhorais na sláinte poiblí forálacha Chaibidil VI den Treoir sin a urramú, eadhon, go háirithe Airteagail 30 go 32 di.

66      Is fíor go dtagraítear do bhearta sriantacha i bhfoirm cinneadh aonair leis na focail agus na nathanna a úsáidtear in Airteagail 30 go 32.

67      Mar sin féin, mar atá luaite i míreanna 73 agus 115 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta, ní foláir go mbeidh feidhm ag na coinníollacha agus na ráthaíochtaí atá leagtha síos in Airteagail 30 go 32 chomh maith i gcás bearta sriantacha arna nglacadh i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige.

68      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar amach in aithrisí 25 go 27 de Threoir 2004/38, lena léirítear le hAirteagal 30 go hAirteagal 32 di, na prionsabail agus na cúiseanna is bun leis na coinníollacha agus na coimircí dá dtagraítear sna forálacha sin. Dá réir sin, luaitear in aithris 25 den Treoir sin go bhféachtar leis na coinníollacha agus na ráthaíochtaí sin ard-chosaint chearta shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh a áirithiú ar an gcéad dul síos, i gcás ina ndiúltófar iontráil nó cónaí i mBallstát eile agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an prionsabal gur gá údar leordhóthanach a thabhairt le gníomhartha na n-údarás á chomhlíonadh. Luaitear in aithrisí 26 agus 27 den bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin, sa chomhthéacs sin, nach mór leigheas breithiúnach a bheith ar fáil “i ngach cás” agus nach foláir go mbeadh athbhreithniú ar fáil i gcónaí, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, ar na bearta lena gcuirtear cosc orthu ó chríoch Bhallstáit, d’fhonn iad a bhaint.

69      Mar sin, deimhnítear leis na haithrisí sin, i gcás ina n‑achtaíonn Ballstát bearta lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí trí ghníomh an Aontais a chur chun feidhme amhail Treoir 2004/38, nach mór dó, ar dtús, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chomhlíonadh, lena n‑éilítear nach mór do rialacha dlí a bheith soiléir agus beacht agus go mbeidh a gcur i bhfeidhm intuartha do dhaoine aonair, ionas go bhféadfadh na daoine leasmhara a bheith ar an eolas go beacht faoi raon na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an reachtaíocht i gceist agus go bhféadfaidís a bheith ar an eolas gan débhrí faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí agus déanamh dá réir (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Márta 2019, Unareti, C‑702/17, EU:C:2019:233, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms, C‑443/21, EU:C:2022:899, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ar an dara dul síos, ní mór don Bhallstát sin prionsabal ginearálta dhlí an Aontais a bhaineann le dea-riarachán a chomhlíonadh, lena leagtar síos, inter alia, an oibleagáid cúiseanna a lua le gníomhartha agus cinntí arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C‑927/19, EU:C:2021:700, mír 120 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ar an tríú dul síos, agus i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha (“an Chairt”), ní mór di urraim a thabhairt don cheart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a chumhdaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 di, lena bhforáiltear, inter alia, don cheart rochtana ar chúirt a bhfuil dlínse aici chun urraim do na cearta a ráthaítear le dlí an Aontais a áirithiú agus, chuige sin, scrúdú a dhéanamh ar gach ceist dlí agus fíorais is ábhartha maidir le réiteach na díospóide (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Stát Lucscamburg (An ceart caingean a thionscnamh i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis in ábhair chánach), C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear).

70      Dá bhrí sin, is ionann na coinníollacha agus na coimircí go léir a leagtar síos in Airteagail 30 go 32 de Threoir 2004/38 agus cur chun feidhme phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, phrionsabal an dea-riaracháin agus an chirt chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, a bhfuil feidhm acu maidir le bearta sriantacha arna nglacadh i bhfoirm cinntí aonair agus i bhfoirm gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo araon. Sa chomhthéacs sin, agus ós rud é, mar is léir ó mhír 62 den bhreithiúnas seo, go gceadaítear le hAirteagal 27(1) agus le hAirteagal 29(1) den Treoir sin do na Ballstáit bearta a achtú lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige, ní féidir amhras a chaitheamh ar raon feidhme Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) den Treoir sin agus ní féidir a thabhairt le tuiscint nach féidir feidhm a bheith acu maidir le bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfoirm gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige toisc go bhfuil focail agus nathanna ina ndéantar tagairt do bhearta dá leithéid arna leagan síos i bhfoirm cinneadh aonair in Airteagail 30 go 32.

71      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 30(1) agus (2) de Threoir 2004/38, go bhfuil aon ghníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige lena leagtar síos bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí le cur in iúl don phobal i gcomhthéacs foilseachán oifigiúil ag an mBallstát a ghlacann é agus trí bhíthin clúdach oifigiúil leordhóthanach sna meáin ionas gur féidir ábhar agus éifeachtaí an bhirt sin a thuiscint, chomh maith le forais bheachta agus chuimsitheacha na sláinte poiblí a bhfuiltear ag brath orthu chun tacú leis an mbeart sin, agus na modhanna agus na teorainneacha ama a shonrú chun é a chur faoi chonspóid.

72      Ina dhiaidh sin, ar mhaithe leis na coimircí nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31 den Treoir sin a chomhlíonadh, ní mór an gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige a bheith inchurtha faoi chonspóid mar chuid de chaingean dlí agus, i gcás inarb iomchuí, mar chuid de chaingean riaracháin. I ndáil leis sin, ní mór a shonrú, i gcás nach gcuirtear ar chumas leis an dlí náisiúnta do dhaoine atá i gcás a sainítear go ginearálta leis an ngníomh sin bailíocht a leithéide de ghníomh a chur faoi chonspóid go díreach mar chuid de chaingean ar leith, nach mór foráil a dhéanamh dó, ar a laghad, mar is cosúil gurb amhlaidh atá sa chás seo, go bhfuil an bhailíocht sin inchurtha faoi chonspóid mar chuid de chaingean theagmhasach a mbraitheann a toradh air sin.

73      Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 30(3) den Treoir sin nach mór an pobal a chur ar an eolas, sa ghníomh féin nó trí bhíthin foilseacháin nó suíomhanna gréasáin oifigiúla sorochtana, faoin gcúirt nó faoin údarás riaracháin a bhfuil an gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige, i gcás inarb iomchuí, inchurtha faoi chonspóid os a comhair nó os a chomhair agus faoi na tréimhsí ama faoi seach le himeachtaí a thionscnamh.

74      Ar an dara dul síos, mar a luaitear in aithris 31 de Threoir 2004/38, ní mór do na Ballstáit an Treoir sin a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos sa Chairt. Sna príomhimeachtaí, ní léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte, agus níor áitigh aon pháirtí le linn na n‑imeachtaí atá os a comhair go ndearnadh na bearta sriantacha atá i gceist sna príomhimeachtaí a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm de shárú ar an bprionsabal sin.

75      Sa séú háit agus ag an deireadh ar fad, foráiltear le hAirteagal 31(1) agus (3) de Threoir 2004/38 dó nach mór rochtain a bheith ag na daoine lena mbaineann ar leigheasanna breithiúnacha agus, i gcás inarb iomchuí, ar leigheasanna riaracháin sa Bhallstát óstach chun, inter alia, comhréireacht cinnidh a rinneadh ina gcoinne ar fhorais na sláinte poiblí a chur faoi chonspóid.

76      Dá bhrí sin, is léir ó na forálacha sin nach mór aon bheart lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht arna ghlacadh ar fhorais na sláinte poiblí ar bhonn Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38 a bheith comhréireach. Tagann an ceanglas sin as cásdlí socair na Cúirte chomh maith ar dá réir a cheanglaítear ar na Ballstáit prionsabal na comhréireachta a urramú agus gníomh an Aontais amhail Treoir 2004/38 á chur chun feidhme acu, ar prionsabal é atá ina phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Márta 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Éifeacht dhíreach), C‑205/20, EU:C:2022:168, mír 31).

77      Ceanglaítear go sonrach le ceanglas na comhréireachta a fhíorú an bhfuil bearta amhail na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, iomchuí chun cuspóir an leasa ghinearálta atá á shaothrú a bhaint amach, eadhon an tsláinte phoiblí, ar an dara dul síos, an bhfuil na bearta sin teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis, sa mhéid nach bhféadfaí an cuspóir sin a bhaint amach go réasúnach ar dhóigh eile a bheadh chomh héifeachtach céanna, nach ndéanfaí an dochar céanna léi do na cearta agus do na saoirsí a ráthaítear do na daoine lena mbaineann, agus, ar an tríú dul síos, nach bhfuil siad díréireach leis an gcuspóir sin, rud óna dtugtar le tuiscint, inter alia, nach mór machnamh ar an tábhacht a bhaineann leis agus ar a thromchúisí agus atá an cur isteach ar na cearta agus na saoirsí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Orde van Vlaamse B agus páirtithe eile, C‑694/20, EU:C:2022:963, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

78      Agus measúnú á dhéanamh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann Ballstát prionsabal na comhréireachta i réimse na sláinte poiblí, ní mór a chur san áireamh go bhfuil sláinte agus beatha an duine ar thús cadhnaíochta i measc na sócmhainní agus na leasanna a chosnaítear le Conradh FAE agus gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal cosanta is mian leo a thabhairt don tsláinte phoiblí agus maidir leis an gcaoi ina bhfuil sin le baint amach. Ós rud é go bhféadfadh leibhéil éagsúla a bheith ann ó Bhallstát go chéile, ní mór rogha éigin a cheadú do na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní leor go bhforchuireann Ballstát rialacha nach bhfuil chomh dian leis na rialacha a fhorchuireann Ballstát eile chun gur féidir a rá go bhfuil na rialacha deireanacha sin díréireach (féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Deireadh Fómhair 2018, Roche Lietuva, C‑413/17, EU:C:2018:865, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 10 Márta 2021, Ordine Nazionale dei Biologi agus páirtithe eile, C‑96/20, EU:C:2021:191, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

79      Is léir chomh maith ó chásdlí na Cúirte, i gcás ina bhfuiltear éiginnte an bhfuil nó nach bhfuil rioscaí ann do shláinte an duine nó maidir leis an tábhacht a bhaineann leo, nach mór do na Ballstáit a bheith in ann, de bhua phrionsabal an réamhchúraim, bearta cosanta a ghlacadh gan fanacht go léireofar go hiomlán gurb ann do na rioscaí sin. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann aon bheart a dhéanamh ar dócha go n‑íoslaghdódh sé an baol don tsláinte (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Márta 2018, CMVRO, C‑297/16, EU:C:2018:141, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 19 Samhain 2020, B S agus C A (Tráchtálú cannaibidé-óil (CBD)), C‑663/18, EU:C:2020:938, mír 90).

80      Ina theannta sin, agus bearta sriantacha á nglacadh acu ar fhorais na sláinte poiblí, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann fianaise iomchuí a chur ar fáil chun a léiriú go bhfuil anailís déanta acu ar oiriúnacht, riachtanas agus comhréireacht na mbeart atá i gceist agus aon fhianaise eile a chur ar aghaidh chun tacú lena n‑argóintí. Mar sin féin, ní féidir lena leithéid de dhualgas cruthúnais a chur de cheangal ar na húdaráis náisiúnta inniúla a léiriú, go dearfach, nach rabhthas in ann, sna coinníollacha sin, an cuspóir atá á shaothrú, lena bhfuil údar maith, a bhaint amach trí aon bheart insamhlaithe eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Nollaig 2015, Scotch Whisky Association agus páirtithe eile, C‑333/14, EU:C:2015:845, míreanna 54 agus 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

81      Tá sé le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, arb í amháin atá inniúil chun measúnú a dhéanamh ar fhíorais na bpríomhimeachtaí agus léiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta, ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglas na comhréireachta a thugtar chun cuimhne i mír 77 den bhreithiúnas seo leis na bearta sriantacha dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur chun réamhrialú. Tá an Chúirt inniúil, áfach, a bhfuil uirthi freagra fónta a thabhairt ar an gcúirt sin, treoracha a thabhairt bunaithe ar an gcáschomhad sna príomhimeachtaí agus ar na barúlacha i scríbhinn ar cuireadh faoina bráid, ar mhaithe lena chur ar chumas na cúirte sin rialú a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 72 agus 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82      Ar an gcéad dul síos, ó thaobh an bhfuil na bearta sin oiriúnach chun an cuspóir maidir leis an tsláinte phoiblí a chosaint a bhaint amach i gcomhthéacs galar a aicmíonn EDS mar phaindéim, tá sé le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise na sonraí eolaíocha a nglactaí go coitianta leo tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí, eadhon i mí Iúil 2020, maidir le coróinvíreas COVID-19, maidir leis an éabhlóid ó thaobh ionfhabhtú de agus maidir leis na cásanna básmhaireachta mar gheall ar an víreas agus i bhfianaise cé chomh héiginnte is a bhí cúrsaí i ndáil leis an gceist sin, an raibh nó nach raibh na bearta sin agus na critéir maidir lena gcur chun feidhme oiriúnach chun srian a choinneáil nó bac a chur ar leathadh an víris sin i measc phobal an Ballstáit lena mbaineann, mar is cosúil go raibh glacadh ann i measc an phobail eolaíochta ag institiúidí an Aontais agus ag EDS, i bhfianaise go raibh an córas sláinte náisiúnta thar a lán‑acmhainn nó i mbaol a bheith thar a lán‑acmhainn agus go raibh borradh faoi thaisteal áineasa agus faoi thurasóireacht in aimsir an tsamhraidh, rudaí a d’fhág go bhféadfadh ardú teacht ar líon na n-ionfhabhtaithe.

83      Beidh sé le cur san áireamh ag an gcúirt sin chomh maith go mbaineann na bearta sriantacha atá i gceist sna príomhimeachtaí le comhthéacs ina raibh bearta comhchosúla á nglacadh ag Ballstáit eile, agus tacaíocht á tabhairt leo agus iad á gcomhordú ag an Aontas mar chuid de na cumhachtaí tacaíochta atá aige, de bhun Airteagal 168 CFAE, i ndáil leis an bhfaireachas ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann agus móraicídí, i ndáil leis an gcomhrac ina gcoinne agus i ndáil le rabhadh a thabhairt fúthu.

84      Ní mór a thabhairt chun cuimhne chomh maith nach féidir a mheas gur féidir an cuspóir maidir leis an tsláinte phoiblí arna shaothrú a bhaint amach leis na bearta sriantacha amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí ach amháin i gcás ina bhféachtar leis an gcuspóir a bhaint amach i ndáiríre agus i gcás ina gcuirtear iad chun feidhme go comhsheasmhach córasach (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

85      I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 103 go 105 dá Thuairim, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur cosúil gur tugadh aghaidh leis na bearta sriantacha dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú ar an gcuspóir sin a bhaint amach sa mhéid is go raibh siad mar chuid de straitéis níos leithne lenar díríodh ar shrian a chur le leathadh COVID-19 laistigh de phobal an Bhallstáit lena mbaineann agus lena n‑áirítear bearta eile amhail, mar is léir ón ordú tarchuir agus na barúlacha i scríbhinn ó Rialtas na Beilge, bearta chun daoine ionfhabhtaithe a leithlisiú agus a dteagmhálaithe a rianú, bearta chun teorainn a chur le taisteal laistigh de chríoch an Bhallstáit sin agus dúnadh ionad siamsaíochta agus áineasa agus gníomhaíochtaí áineasa chomh maith le gnóthais áirithe.

86      Sa dara háit, is cosúil gur cuireadh na bearta sriantacha dá dtagraítear thuas chun feidhme go comhsheasmhach córasach sa mhéid nach bhfuil sé faoi dhíospóid go raibh cosc, i bprionsabal, ar gach turas neamhriachtanach idir an Bheilg agus aon Bhallstát eile a bhí aicmithe mar limistéar ardriosca de réir critéir is infheidhme gan idirdhealú maidir leis na Stáit sin agus go raibh ceangal ar aon taistealaí a chuaigh isteach i gcríoch na Beilge óna leithéid de Bhallstát tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín.

87      Ar an dara dul síos, maidir leis an ngá atá le bearta sriantacha amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú maidir leis an tsláinte phoiblí, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú ar bhain na bearta sin leis an méid a bhfuil fíorghá leis amháin agus an raibh aon srian ar shaorghluaiseacht daoine nach raibh chomh dian céanna atá chomh héifeachtach céanna chun an cuspóir sin a bhaint amach.

88      I ndáil leis sin, maidir leis an gceist ar bhain nó nár bhain na bearta sin leis an méid a bhfuil fíorghá leis amháin, ní mór a thabhairt faoi deara go raibh feidhm ag an gcosc ar imeacht ón gcríoch náisiúnta, ní maidir le gluaiseacht uile na ndaoine lena mbaineann, ach maidir le turais neamhriachtanacha amháin a rinne na daoine sin, agus maidir leis na Ballstáit sin amháin a measadh a bheith ina limistéir ardriosca, agus go ndearnadh liosta na dtíortha sin, mar is léir ón ordú tarchuir, a thabhairt cothrom le dáta go minic i bhfianaise na sonraí is déanaí a bhí ar fáil ag an am sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh aon duine sa chríoch sin, ar an gcéad dul síos, taisteal gan bhac chuig Ballstáit nach raibh aicmithe mar limistéir ardriosca agus, ar an dara dul síos, turais riachtanacha a dhéanamh, de réir bhrí an liosta atá atáirgthe i mír 26 thuas, chuig Ballstáit a aicmíodh mar limistéir ardriosca. Le linn na héisteachta, dúirt Rialtas na Beilge gur thurais riachtanacha iad turais eile chomh maith mar sin féin, lena n‑áirítear taisteal trasteorann, nach n-áirítear sa liosta sin, amhail taisteal chun siopadóireacht bia a dhéanamh, rud atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur mar sin féin.

89      Ina theannta sin, is cosúil nár bhain na bearta tástála agus coraintín a forchuireadh ar aon taistealaí a tháinig isteach i gcríoch náisiúnta ó Bhallstát a aicmíodh mar limistéar ardriosca ach leis an méid a bhfuil fíorghá leis a mhéid a díríodh iad, go coisctheach sealadach, ar thaistealaithe a tháinig ó Bhallstáit ina raibh siad gan cosaint ar riosca méadaithe ionfhabhtaithe, chun daoine ionfhabhtaithe a bhrath agus chun leathadh an víris ag daoine a d’fhéadfadh a bheith tógálach a chosc ar a dteacht isteach sa chríoch náisiúnta.

90      Thairis sin, maidir leis an gceist an ann do bhearta nach bhfuil chomh dian céanna ach atá chomh héifeachtach céanna, ní mór an corrlach lánroghnach atá ag na Ballstáit a thabhairt chun cuimhne, i dáil le cosaint na sláinte poiblí, mar gheall ar phrionsabal an réamhchúraim dá dtagraítear i mír 79 den bhreithiúnas seo. Sna himthosca sin, ní mór don chúirt a rinne an tarchur gan ach a fhíorú an bhfuil sé soiléir, i bhfianaise, go háirithe, na faisnéise atá ann maidir le gcoróinvíreas COVID-19 tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí, gur leor bearta amhail an oibleagáid maidir le scaradh sóisialta agus/nó masc a chaitheamh agus an oibleagáid ar gach duine tástálacha a dhéanamh go minic chun an toradh céanna a áirithiú agus atá ag na bearta sriantacha dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Márta 2018, CMVRO, C‑297/16, EU:C:2018:141, mír 70).

91      I ndáil leis sin, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur an méid seo a leanas a chur san áireamh: an staid eipidéimeolaíoch sa Bheilg tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí, a mhéid a bhí brú iomarcach ar chóras sláinte na Beilge agus a mhéid a bhí sé thar a acmhainn, an baol go mbrisfeadh ráig mhór ionfhabhtaithe eile amach gan smacht in éagmais na mbeart sriantach dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú, gur féidir nach bhfuil aon siomptóm ar dhaoine áirithe a bhfuil an galar orthu, go bhfuil an galar á ghoradh acu nó go bhfaighfí toradh diúltach ar na tástálacha a rinne siad, an gá le díriú ar an oiread sin daoine agus is féidir chun bac a chur ar leathadh an ghalair i measc an phobail agus daoine ionfhabhtaithe a leithlisiú agus na héifeachtaí atá ag na bearta sriantacha i gceist sna príomhimeachtaí agus na bearta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo in éineacht le chéile, i ndáil leis an bpobal a chosaint.

92      Ar an tríú dul síos, maidir le ceist na comhréireachta, sa chiall dhocht, maidir le bearta sriantacha amhail na bearta sin dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú nach raibh siad díréireach le cuspóir na sláinte poiblí arna shaothrú, ag féachaint don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar shaorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh, ar an gceart go n‑urramófaí a saol príobháideach agus a saol teaghlaigh a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt agus ar an tsaoirse fiontraíochta, a chumhdaítear in Airteagal 16 di, atá ag daoine dlítheanacha amhail Nordic Info.

93      Go deimhin, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach féidir cuspóir leasa ghinearálta, amhail cuspóir na sláinte poiblí a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) de Threoir 2004/38, a shaothrú le beart náisiúnta gan a chur san áireamh go bhfuil sé le réiteach leis na cearta bunúsacha agus prionsabail lena mbaineann an beart sin, mar a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt, tríd an oibleagáid leasa ghinearálta sin ar thaobh amháin agus na cearta agus prionsabail atá i gceist ar an taobh eile a mheá go cothrom, ar mhaithe lena háirithiú nach bhfuil na bearta sin neamh-chomhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú. Mar sin, sa mheasúnú atá le déanamh ar an bhféidearthacht srian a chur ar na cearta arna n-áirithiú le hAirteagail 7 agus 16 den Chairt agus ar phrionsabal na saorghluaiseachta a chumhdaítear in Airteagal 3(2) CAE agus in Airteagail 20 agus 21 CFAE, mar a cuireadh iad chun feidhme le Treoir 2004/38 agus Airteagal 45 den Chairt, ní mór an tromchúis atá ag baint lena leithéid de shrian a mheas agus a fhíorú go bhfuil an tromchúis sin agus tábhacht chuspóir an leasa ghinearálta a shaothraítear leis an srian sin i gcomhréir lena chéile (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94      Sna príomhimeachtaí, ó thaobh chomhréireacht an bhirt is cosc ar imeacht ó chríoch na Beilge chun críocha turais neamh-riachtanacha a dhéanamh, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a chur san áireamh nár cuireadh cosc tríd an srian a cuireadh ar an tsaorghluaiseacht agus ar an gceart chun príobháideachais le gach aon imeacht ón gcríoch sin mar sin, a mhéid nár bhain sé ach le turais neamh-riachtanacha, amhail, sa chás seo, turais áineasa nó turasóireachta, nár cuireadh cosc leis, mar is léir ó liosta na dturas neamh-riachtanach a leagtar amach i mír 26 den bhreithiúnas seo, ar thurais a dtugtar údar leo ar chúiseanna ríthábhachtacha teaghlaigh agus gur tarscaoileadh na srianta ar imeacht a luaithe agus nach raibh an Ballstát is ceann scríbe lena mbaineann aicmithe a thuilleadh mar limistéar ardriosca ar bhonn athmheasúnú rialta a dhéanamh ar chúrsaí sa Bhallstát sin.

95      Ina theannta sin, maidir le daoine dlíthiúla amhail Nordic Info ar cuireadh teorainn lena saoirse fiontraíochta, go háirithe a saoirse chun turais áineasa agus turasóireachta a thairiscint idir an Bheilg agus Ballstáit a bhí aicmithe mar limistéir ardriosca, ní mór a mheas, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur cosúil go bhfuil beart lena gcuirtear cosc ar aon imeacht ó chríoch na Beilge chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh comhréireach i bhfianaise chuspóir na sláinte poiblí arna shaothrú a chosaint, a mhéid, i bhfianaise an chomhthéacs sláinte tromchúisí de dheasca phaindéim COVID-19, gur chosúil nach raibh sé míréasúnta cosc sealadach a chur ar thurais neamhriachtanacha chuig na Ballstáit sin go dtí go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí sláinte sna Ballstáit sin ionas nach n‑imeodh ón gcríoch náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfillfeadh daoine tinne ar an gcríoch sin agus, uime sin, nach leathfadh an phaindéim go neamhrialaithe idir na Ballstáit éagsúla agus laistigh den chríoch sin.

96      Ó thaobh chomhréireacht na mbeart éigeantach tástála agus coraintín do thaistealaithe a thagann isteach i gcríoch na Beilge ó Bhallstát a aicmíodh mar limistéar dearg, ní mór a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, de dheasca luas na dtástálacha, nach gcuirfí isteach leis na bearta tástála amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, ach go pointe áirithe ar cheart na dtaistealaithe sin chun príobháideachais agus chun saorghluaiseachta, agus gur cabhraíodh leo daoine a bhfuil coróinvíreas COVID-19 orthu a shainaithint agus, uime sin, an cuspóir a bhaint amach maidir le srian a choinneáil, agus bac a chur, ar leathadh an víris sin.

97      Ar an taobh eile, is deimhin go gcuirtear srian géar ar an gceart chun príobháideachais agus ar an tsaoirse chun gluaiseachta atá ag gach taistealaí, i bprionsabal, de bharr a chirt chun saorghluaiseachta a fheidhmiú, le coraintín riachtanach arna fhorchur ar gach taistealaí a thagadh isteach i gcríoch na Beilge ó Bhallstát a aicmíodh mar limistéar ardriosca, bíodh nó ná bíodh an taistealaí sin ionfhabhtaithe leis an víreas sin. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil a leithéid de choraintín, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, comhréireach chomh maith i bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim, a mhéid, ar dtús, go raibh dóchúlacht ann, nach féidir neamhaird a dhéanamh uirthi, go raibh an víreas sin ar a leithéid de thaistealaí agus, go háirithe i gcás ina bhfuil sé á ghoradh aige nó nach bhfuil siomptóm air, go n-ionfhabhtóidh sé daoine eile taobh amuigh dá theaghlach i gcás nach dtéann sé ar a leithéid de choraintín agus, chomh maith leis sin, go bhféadfadh toradh bréagdhiúltach a bheith ar na tástálacha scagtha.

98      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór léiriú a dhénamh ar Airteagail 27 agus 29 de Threoir 2004/38, arna léamh in éineacht le hAirteagail 4 agus 5 di, amhail nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit a bhfuil raon feidhme ginearálta léi, lena gcuirtear cosc, ar fhorais na sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, sa chéad áit, ar shaoránaigh den Aontas agus ar bhaill dá dteaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, turais neamhriachtanacha a dhéanamh ón mBallstát sin go Ballstáit eile atá aicmithe aige mar limistéir ardriosca ar bhonn na mbeart sriantach sláinte nó ar bhonn na staide eipidéimeolaíche atá sna Ballstáit eile sin agus, sa dara háit, lena bhforchuirtear oibleagáid ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh den Bhallstát sin iad tástáil a dhéanamh agus dul ar coraintín agus iad ag dul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ó cheann de na Ballstáit eile sin, ar choinníoll go gcomhlíontar leis an reachtaíocht náisiúnta na coinníollacha agus na coimircí uile dá dtagraítear in Airteagail 30 go 32 den Treoir sin, na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus prionsabal na comhréireachta.

 An dara ceist

99      De réir cásdlí socair, sa nós imeachta a leagtar síos le hAirteagal 267 CFAE lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a fhónfaidh di agus lena gcuirtear í ar a cumas cinneadh a dhéanamh ar chás atá os a comhair. Óna thaobh sin de, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt forálacha de dhlí an Aontais a chur san áireamh, ar forálacha iad nach ndearna an chúirt náisiúnta tagairt dóibh i bhfoclaíocht a ceiste. Go deimhin, ní chuirtear constaic gach eolas a chur ar fáil do chúirt náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith fónta di agus rialú á thabhairt aici ar chás atá os a comhair toisc gur i bhfocail lena dtagraítear d’fhorálacha áirithe de dhlí an Aontais a chuir an chúirt náisiúnta an cheist le haghaidh réamhrialú, go foirmiúil, beag beann air an ndearnadh nó nach dearnadh sí tagairt don mhéid sin ina cuid ceisteanna. I ndáil leis sin, is faoin gCúirt atá sé na pointí de dhlí an Aontais dá dteastaíonn léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide a bhaint as an bhfaisnéis ar fad a sholáthair an chúirt náisiúnta, go háirithe ó fhorais an ordaithe tarchuir, (breithiúnas an 20 Aibreán 2023, BVAEB (Pinsin scoir a oiriúnú), C‑52/22, EU:C:2023:309, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

100    Is léir ó mhínithe na cúirte a rinne an tarchur go n‑ardaítear an dara ceist i gcomhthéacs dhá argóint a chuir Nordic Info chun cinn, ar dá réir gurbh ionann an rialú ar shrianta ar an gceart chun dul isteach agus imeachta a forchuireadh le reachtaíocht na Beilge i ndáil le daoine a rinne turais neamhriachtanacha chuig Stáit eile de limistéar Schengen a aicmíodh mar limistéir ardriosca nó uathu, ar an gcéad dul síos, agus rialú ag teorainneacha agus go ndearnadh é ar chúiseanna sláinte poiblí de shárú ar Airteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen agus, ar an dara dul síos, b’ionann sin agus rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú laistigh de limistéar Schengen de shárú ar Airteagal 25 den Chód sin.

101    Sna himthosca sin, ní mór a mheas, faoin dara ceist sin, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear léiriú a dhéanamh ar Airteagail 22, 23 agus 25 de Chód Teorainneacha Schengen amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit lena gcuirtear toirmeasc, ar fhorais sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha an Bhallstáit sin, faoi rialú na n‑údarás inniúil agus faoi réir pionóis, chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh chuig Stáit de limistéar Schengen a aicmíodh mar limistéir ardriosca nó uathu.

102    I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhforáiltear dó le hAirteagal 67(2) CFAE, a thagann faoi Theideal V de Chonradh FAE maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, go n‑áiritheoidh an tAontas Eorpach nach ndéanfar rialú ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha. Luaitear in Airteagal 77(1)(a) CFAE go bhfuil an tAontas Eorpach chun beartas a fhorbairt a bheidh ceaptha chun a áirithiú nach ndéanfar aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag gluaiseacht thar na teorainneacha sin. Tá díothú an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, mar is léir ó aithris 2 de Chód Teorainneacha Schengen, ina chuid de chuspóir an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 26 CFAE, limistéar gan teorainneacha inmheánacha a bhunú ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht daoine le gníomhartha an Aontais a glacadh ar bhonn Airteagal 77(2)(e) CFAE, amhail Cód Teorainneacha Schengen (féach, de réir analaí, breithiúnais an 19 Iúil 2012, Adil, C‑278/12 PPU, EU:C:2012:508, míreanna 48 agus 49, agus an 21 Meitheamh 2017, A, C‑9/16, EU:C:2017:483, míreanna 30 agus 31).

103    Sa chomhthéacs sin, tugtar chun cuimhne in Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen an prionsabal go bhféadfar gluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha, de réir bhrí Airteagal 2(1) den Chód sin, in aon áit agus nach ndéanfar aon seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha, gan beann ar a náisiúntacht.

104    Faoin gceannteideal “Seiceálacha laistigh den chríoch”, foráiltear dó le hAirteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen nach ndéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’fheidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla an Bhallstáit faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann, agus go bhfuil feidhm aige sin i limistéir teorann freisin. Dá bhrí sin, cé go gcuirtear cosc leis an bhforáil sin, arna léamh in éineacht le pointe 11 d’Airteagal 2 agus Airteagal 22 den Chód sin, ar údaráis inniúla na mBallstát a gcumhachtaí póilíneachta a fheidhmiú chun seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann, de réir bhrí phointe 8 d’Airteagal 2 den Chód sin, chun a fhíorú go bhfuil údarú ag daoine chun dul isteach i gcríoch náisiúnta, nó chun imeacht uaithi, lena n‑áirítear a modhanna iompair agus na rudaí atá ina seilbh, tá sé de cheart ag na Ballstáit go fóill seiceálacha a dhéanamh, laistigh den chríoch náisiúnta, lena n‑áirítear i limistéir teorann, a bhfuil údar cuí leo de bharr feidhmiú cumhachtaí póilíneachta, ar choinníoll nach bhfuil an éifeacht chéanna aige sin agus atá ag a leithéid de sheiceálacha.

105    Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear dó le hAirteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen go bhféadfaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha an Aontais a athbhunú mar eisceacht ón bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 22 den Chód sin, mar a thugtar chun cuimhne i mír 103 den bhreithiúnas seo. Ar bhonn Airteagal 25, féadfaidh na Ballstáit rialú a athbhunú ar bhonn sealadach, ar feadh tréimhsí uasta áirithe, ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha, mar atá sainithe in Airteagal 2(1) den Chód sin, i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann dá mbeartas poiblí nó dá slándáil inmheánach, agus ní féidir é sin a athbhunú ach mar rogha dheiridh. I ngach cás, níor cheart go rachadh fad an athbhunaithe shealadaigh sin thar an méid a bhfuil fíorghá leis chun freagairt don bhaol sin agus ní mór dó a bheith comhréireach leis an mbaol sin, agus é á thabhairt faoi deara go leagtar amach go mion, inter alia, an cineál measúnaithe nach mór a dhéanamh chun na críche sin agus an nós imeachta nach mor cloí leis, in Airteagail 26 go 28 den Chód sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, Landespolizeidirektion Steiermark (Uasfhad an rialaithe ag teorainneacha inmheánacha), C‑368/20 agus C‑369/20, EU:C:2022:298, míreanna 54, 63, 67 agus 68).

106    Sa chás seo, is léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt agus ó na dearbhuithe a rinne Rialtas na Beilge ina bharúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht go ndearna na húdaráis náisiúnta seiceálacha ag an am ábhartha chun a fhíorú go raibh an cosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha a leagtar síos le hAirteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe á chomhlíonadh.

107    Ina theannta sin, luaigh Rialtas na Beilge, mar fhreagra ar cheist arna cur ag an gCúirt, go ndearnadh an rialú ar choisc ar theacht isteach agus ar imeacht ó chríoch na Beilge, tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí, mar seo a leanas: sna haerfoirt agus sna stáisiúin traenach, rinneadh spotseiceálacha ar thaistealaithe a chuaigh ar eitilt agus ar nasceitilt idir an Bheilg agus Stáit de limistéar Schengen a aicmíodh mar limistéir ardriosca faoi seach agus rinne foirne gluaiste spotseiceálacha ag teorainneacha le linn na ngnáthuaireanta oibre agus aird ar leith á tabhairt ar phaisinéirí bus.

108    Óna thaobhsa de, dúirt an Coimisiún Eorpach, le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte, go bhfuair sé, an 4 Meitheamh 2020, fógra ó Ríocht na Beilge ónar léir go raibh deireadh curtha ag an mBallstát sin le rialú ag teorainneacha inmheánacha a dhéanamh le linn na tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí.

109    Sna himthosca sin, beidh ar an gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú ar dtús, i gcás ina ndearnadh an rialú ar an gcosc ar ghluaiseacht thar theorainneacha dá dtagraítear i mír 33 thuas laistigh de chríoch na Beilge, lena n‑áirítear limistéir teorann, nach raibh an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí póilíneachta faoina ndearnadh na seiceálacha sin le seiceálacha ag teorainneacha, de réir bhrí Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen, agus, ar an dara dul síos, ar chomhlíon Ríocht na Beilge, i gcás ina ndearnadh an rialú sin ag teorainneacha inmheánacha, na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagail 25 go 28 den Chód sin maidir le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

110    I ndáil leis sin, is féidir leis an gCúirt, agus réamhrialú á thabhairt aici, soiléiriú a thabhairt atá beartaithe chun an chúirt náisiúnta a threorú agus cinneadh á dhéanamh aici (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, Victorinox, C‑179/21, EU:C:2022:353, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear).

111    Sa chéad áit, maidir le hAirteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór a áirithiú go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh, go háirithe Airteagail 22 agus 23 den Chód sin, trí chreat rialála a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh lena ráthaítear nach bhféadfadh an éifeacht chéanna a bheith ag feidhmiú praiticiúil cumhachtaí póilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 23(a) agus atá ag seiceálacha ag teorainneacha (féach, de réir analaí, breithiúnais an 19 Iúil 2012, Adil, C‑278/12 PPU, EU:C:2012:508, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 21 Meitheamh 2017, A, C‑9/16, EU:C:2017:483, mír 37).

112    Foráiltear sa dara habairt d’Airteagal 23(a), (i) go (iv) den Chód sin, mar gheall ar an nath “go háirithe” ag tús na habairte sin, do thásca lenar féidir na Ballstáit a threorú agus a gcumhachtaí póilíneachta agus an creat rialála dá dtagraítear sa mhír roimhe seo á gcur chun feidhme acu ar bhealach nach mbeidh an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann.

113    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tásc atá sa dara habairt d’Airteagal 23(a)(i) de Chód Teorainneacha Schengen, a bhaineann leis nach ceadmhach go mbeadh “rialú ag teorainneacha [de chuspóir]” le bearta póilíneachta, chinn an Chúirt cheana féin gur léir ó phointí (10) go (12) d’Airteagal 2 den Chód sin go bhfuil an cuspóir sin beartaithe, ar an gcéad dul síos, chun a áirithiú go bhféadfar údarú iontrála i gcríoch an Bhallstáit nó údarú imeacht uaithi a thabhairt do dhaoine agus, ar an dara dul síos, chun cosc a chur le daoine seiceálacha ag teorainneacha a sheachaint. Is rialú é sin a fhéadfar a dhéanamh go córasach nó go fánach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de transportes, C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

114    Sa chás seo, is cosúil go bhfuil gnéithe bunúsacha áirithe de na cuspóirí a shaothraítear leis an rialú a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe éagsúil leis na cinn a shaothraítear le seiceálacha ag teorainneacha. Is deimhin gurb é is cuspóir leis an rialú sin, mar a luaitear i mír 106 den bhreithiúnas seo, ná a fhíorú ar tugadh nó nár tugadh údarú imeacht ó chríoch na Beilge, nó údarú dul isteach ann, do dhaoine a raibh sé de rún acu gluaiseacht thar theorainneacha nó a thrasnaigh teorainneacha. Mar sin féin, de réir fhoclaíocht na Foraithne Aireachta leasaithe féin, ba é príomhchuspóir an rialaithe sin, mar ábhar práinne, srian a chur le leathadh COVID-19 sa chríoch sin agus, i bhfianaise na hoibleagáide a leagtar síos, ina theannta sin, maidir le haon taistealaí a thagann isteach sa chríoch sin ó Stát i limistéar Schengen atá aicmithe mar limistéar dearg chun tástáil a dhéanamh agus dul ar coraintín, chun a áirithiú go sainaithneofar na taistealaithe sin agus go ndéanfar faireachán orthu.

115    I bhfianaise an phríomhchuspóra sin, ní féidir a mheas go raibh an éifeacht chéanna ag seiceálacha ag teorainneacha, a chuirtear cosc air le hAirteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen, agus atá ag na seiceálacha a rinneadh chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 18 den Fhoraithne Aireachta leasaithe (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2017, A, C‑9/16, EU:C:2017:483, míreanna 46 agus 51).

116    Ina theannta sin, cé gur cosúil, sa chás seo, go ndearnadh rialú cois bóthair i limistéir teorann den chuid is mó, ní leor sin amháin le léiriú go raibh an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí póilíneachta agus éifeacht na seiceálacha ag teorainneacha. Tagraítear go sainráite sa chéad abairt d’Airteagal 23(a) de Chód Teorainneacha Schengen d’fheidhmiú cumhachtaí póilíneachta ag údaráis inniúla an Bhallstáit faoin dlí náisiúnta, agus i limistéir teorann chomh maith (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2017,A, C‑9/16, EU:C:2017:483, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

117    Ar an dara dul síos, maidir leis an tásc in Airteagal 23(a), an dara habairt, (ii) de Chód Teorainneacha Schengen, ina sonraítear nach mór do bhearta póilíneachta a bheith “bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta póilíneachta agus taithí maidir leis an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí”, ní mór a thabhairt chun cuimhne, cé nach dtagraíonn an fhoráil sin ach do “bhaoil” “don tslándáil phoiblí”, gurb amhlaidh i gcónaí nach bhforáiltear le hAirteagal 23(a) den Chód, mar gheall ar an nath “go háirithe” ag tús a dara habairte, do liosta uileghabhálach de na coinníollacha nach mór do bhearta póilíneachta a chomhlíonadh ionas nach measfaí go bhfuil an éifeacht chéanna acu agus atá ag seiceálacha ag teorainneacha, ná liosta uileghabhálach de na cuspóirí ar féidir leis na bearta póilíneachta sin a shaothrú nó an t‑ábhar a bhféadfaidh baint a bheith acu leo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2017, A, C‑9/16, EU:C:2017:483, mír 48). Is fíre fós é sin ós rud é go sainmhínítear cumhachtaí póilíneachta, faoi Airteagal 23(a) den Chód sin, “faoin dlí náisiúnta” agus dá bhrí sin, go bhféadfaidh siad réimsí a chlúdach seachas réimsí na slándála poiblí dá dtagraítear i mír (ii) den dara habairt den fhoráil sin.

118    Dá réir sin, cé nach luaitear baol don tsláinte phoiblí go sainráite sa dara habairt d’Airteagal 23(a)(ii) de Chód Teorainneacha Schengen, ní chiallaíonn sin féin, ós rud é go gur féidir le cúrsaí sláinte poiblí teacht faoi raon feidhme na gcumhachtaí póilíneachta faoin dlí náisiúnta agus gur féidir leis na bearta a dhéantar de bhun na gcumhachtaí sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta agus ar thaithí na seirbhísí póilíní a bhaineann le baol féideartha nó cruthaithe don tsláinte phoiblí, amhail paindéim nó riosca paindéime, nach féidir le Ballstát brath ar réimse na sláinte poiblí faoi Airteagal 23(a) den Chód sin.

119    Maidir leis go gcaithfidh bearta póilíneachta, faoin dara habairt d’Airteagal 23(a)(ii) de Chód Teorainneacha Schengen, a bheith bunaithe ar “faisnéis ghinearálta póilíneachta agus taithí” sa réimse lena mbaineann, eadhon, sa chás seo, baol don tsláinte phoiblí, ní mór a chur san áireamh nach gcomhlíontar an ceanglas sin i gcás ina bhforchuirtear rialú ar bhonn toirmeasc ginearálta, beag beann ar iompar na ndaoine lena mbaineann agus ar na cúinsí lena mbunaítear go bhfuil baol díobhála ann don réimse sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de transportes, C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

120    Cé gur léir ón gcáschomhad atá ag an gCúirt, tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí, go ndearnadh an rialú lena mbaineann ar bhonn cosc de chineál ginearálta den sórt sin agus beag beann ar iompar taistealaithe, ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, gur bhain an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le comhthéacs ina raibh baol tromchúiseach don tsláinte phoiblí, eadhon paindéim ina raibh víreas a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás i measc aicmí áirithe den phobal agus róbhrú a chur ar an gcóras náisiúnta sláinte nó fiú é a chur thar a lán‑acmhainn. Ní mór aird a thabhairt chomh maith, ar an gcéad dul síos, ar an bpríomhchuspóir a shaothraítear leis an gcosc sin agus leis na bearta rialaithe atá ag gabháil leis araon, eadhon srian a choinneáil, agus bac a chur, ar leathadh nó ar bhaol de leathadh an víris ar bhealach lena sábhálfaí an oiread sin beatha daoine agus ab fhéidir agus, ar an dara dul síos, air go bhfuil sé thar a bheith deacair a thuaradh roimh ré, cé na daoine a bhí ag teacht nó ag imeacht go Ballstáit atá aicmithe mar limistéir ardriosca agus modhanna éagsúla iompair á n‑úsáid acu, mura bhfuil sé dodhéanta. Sna himthosca sin, is leor, chun críocha an dara habairt d’Airteagal 23(a)(ii) de Chód Teorainneacha Schengen, go ndearnadh an rialú a chinneadh agus a chur chun feidhme i bhfianaise cúinsí lena mbunaítear riosca mór tromchúiseach díobhála don tsláinte phoiblí agus ar bhonn an eolais ghinearálta a bhí ag na húdaráis faoi na limistéir isteach agus amach as an gcríoch náisiúnta trínar dócha go mbeadh líon mór taistealaithe a raibh an cosc sin dírithe orthu ar idirthuras.

121    Ar an tríú dul síos, maidir leis na tásca sa dara habairt d’Airteagal 23(a) (iii) agus (iv) de Chód Teorainneacha Schengen, a bhaineann leis gur cheart go “[g]ceaptar agus déantar ar bhealach iad ar léir é a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a dhéantar ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha [an Aontais]” agus go “[n]déantar iad ar bhonn spotseiceálacha”, is léir ó mhínithe Rialtas na Beilge mar fhreagra ar cheist i scríbhinn ón gCúirt go ndearnadh na seiceálacha go léir a rinneadh mar atá faoi cheist sna príomhimeachtaí go randamach agus, uime sin, is “spotseiceálacha” iad, rud atá le fíorú, áfach, ag an gcúirt a rinne an tarchur. Beidh ar an gcúirt sin, áfach, measúnú a dhéanamh fós an ndearnadh nó nach ndearnadh an rialú sin a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach ar léir a bheith éagsúil leis na seiceálacha córasacha a rinneadh ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha an Aontais, arb é atá i gceist leis sin mionscrúdú a dhéanamh ar na mionsonraí agus ar na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaineann le déine, minicíocht agus roghnaíocht na seiceálacha sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Touring Tours und Travel agus Sociedad de transportes, C‑412/17 agus C‑474/17, EU:C:2018:1005, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

122    Cé nach bhfuil aon fhaisnéis ag an gCúirt ina leith sin, ní mór a thabhairt faoi deara ar a laghad, i gcomhthéacs paindéime amhail an ceann a ndéantar cur síos uirthi i mír 120 den bhreithiúnas seo agus ina bhfianaise, mar a tugadh ar aird cheana sa mhír sin, go bhféadfaidh sé a bheith thar a bheith deacair a thuaradh roimh ré, cé na daoine atá ag teacht nó ag imeacht go Ballstáit atá aicmithe mar limistéir ardriosca agus modhanna éagsúla iompair á n‑úsáid acu, mura bhfuil sé dodhéanta, ní mór a aithint go bhfuil corrlach lánroghnach áirithe, a bhfuil údar maith leis de réir phrionsabal an réamhchúraim chomh maith, ag an mBallstát lena mbaineann i gceapadh agus i gcur chun feidhme an rialaithe maidir lena dhéine, lena minicíocht agus lena roghnaíocht. Ní féidir leis an corrlach lánroghnach sin, áfach, a bheith chomh leathan sin nach féidir idirdhealú “soiléir” a dhéanamh idir an rialú arna cheapadh agus arna dhéanamh mar sin agus seiceálacha córasacha ar dhaoine a dhéantar ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus gur seiceálacha córasacha é.

123    Sa dara háit, maidir leis an gceist a bhaineann le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, de réir bhrí Airteagal 25 et seq. de Chód Teorainneacha Schengen, ní mór a thabhairt faoi deara, cé nach bhfuil foclaíocht Airteagal 23(a) den Chód sin socraithe, mar atá luaite i mír 117 den bhreithiúnas seo, a mhéid a fhoráiltear leis go bhfuil sé de cheart go fóill ag na Ballstáit cumhachtaí póilíneachta a fheidhmiú i réimse na sláinte poiblí chomh maith, déantar tagairt go sainráite in Airteagal 25(1) den Chód sin dó gur féidir leis na Ballstáit rialú ag teorainneacha a athbhunú ar bhonn sealadach i gcás ina mbeadh baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach.

124    Ós rud é nach mór léiriú docht a dhéanamh ar an eisceacht a thugtar isteach leis an bhforáil sin in Airteagal 22 de Chód Teorainneacha Schengen (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, Landespolizeidirektion Steiermark (Uasfhad an rialaithe ag teorainneacha inmheánacha), C‑368/20 agus C‑369/20, EU:C:2022:298, míreanna 64 agus 66 agus an cásdlí dá dtagraítear), ní féidir údar a thabhairt le rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú mar gheall ar bhaol don tsláinte phoiblí.

125    É sin ráite, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 154 dá Thuairim, má tá baol don tsláinte ina bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí agus/nó don tslándáil inmheánach, féadfaidh Ballstát rialú ag a theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach mar fhreagairt ar an mbaol tromchúiseach sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá leagtha síos in Airteagal 25 et seq. de Chód Teorainneacha Schengen.

126    Is léir ó na coincheapa maidir le “beartas poiblí” agus “slándáil inmheánach”, mar atá leagtha amach i gcásdlí na Cúirte, go bhféadfadh baol don tsláinte, i gcásanna áirithe, a bheith ina bhaol tromchúiseach don tslándáil phoiblí agus/nó don tslándáil inmheánach (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Nollaig 2010, Josemans, C‑137/09, EU:C:2010:774, mír 65). Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, glactar leis sa choincheap “beartas poiblí” gurb ann, de bhreis ar an ord poiblí a bheith á mheidhriú, mar a bhíonn i gceist i gcás aon sárú a dhéantar ar an dlí, d’fhíorbhagairt láithreach agus tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí. Ar an taobh eile, tá coincheap “na slándála inmheánaí” ag teacht le gné inmheánach na slándála poiblí Ballstáit agus cumhdaítear leis, inter alia, an bonn a bhaint d’fheidhmiú na n-institiúidí agus na seirbhísí poiblí riachtanacha agus de mharthanas an phobail, chomh maith leis an damáiste do leasanna míleata nó do bhagairtí díreacha ar shíocháin agus ar shlándáil fhisiciúil an phobail (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Feabhra 2016, N., C‑601/15 PPU, EU:C:2016:84, míreanna 65 agus 66 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 2 Bealtaine 2018, K. agus H. F. (Ceart cónaithe agus líomhaintí coireanna cogaidh), C‑331/16 agus C‑366/16, EU:C:2018:296, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

127    D’fhéadfaí difear a dhéanamh do leas bunúsach na sochaí, eadhon beatha na saoránach a áirithiú agus dea-fheidhmiú an chórais sláinte agus soláthar cúraim iomchuí don phobal a choimeád ar bun ag an am céanna, le paindéim atá chomh mór sin le COVID-19 lena bhfuil galar gabhálach i gceist a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás i measc aicmí éagsúla an phobail agus le róbhrú a chur ar an gcóras náisiúnta sláinte nó fiú é a chur thar a lán‑acmhainn agus tá baint aici le marthanas coda den phobail chomh maith, go háirithe na daoine is leochailí. Sna himthosca sin, tá a leithéid de chás in‑aicmithe mar bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí agus/nó den tslándáil inmheánach de réir bhrí Airteagal 25(1) de Chód Teorainneacha Schengen.

128    Sa chás seo, i gcás ina gcinnfidh an chúirt a rinne an tarchur go ndearna údaráis na Beilge seiceálacha nó rialú ag teorainneacha inmheánacha le linn na tréimhse atá i gceist sna príomhimeachtaí, is faoin gcúirt sin a bheidh sé a fhíorú, i bhfianaise go raibh na seiceálacha nó an rialú sin beartaithe, mar a luaitear i mír 127 thuas, freagra a thabhairt ar bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, gur comhlíonadh na coinníollacha eile dá dtagraítear in Airteagail 25 go 28 de Chód Teorainneacha Schengen agus a ndearnadh achoimre orthu go bunúsach i mír 105 den bhreithiúnas sin.

129    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an dara ceist nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagail 22, 23 agus 25 de Chód Teorainneacha Schengen amhail nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit, lena gcuirtear toirmeasc, ar fhorais na sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, faoi rialú na n‑údarás inniúil agus faoi réir pionóis, ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha an Bhallstáit sin chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh chuig Stáit de limistéar Schengen nó uathu atá aicmithe mar limistéir ardriosca, ar choinníoll go dtagann na bearta rialaithe sin faoi fheidhmiú cumhachtaí póilíneachta nach féidir an éifeacht chéanna a bheith acu agus atá ag seiceálacha teorann, de réir bhrí Airteagal 23(a) den Chód sin, nó, i gcás inar rialú ag teorainneacha inmheánacha iad na bearta sin, gur chomhlíon an Ballstát sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 25 go 28 den Chód sin chun a leithéid de rialú a athbhunú ar bhonn sealadach, agus é sonraithe go bhfuil an baol a bhaineann lena leithéid de phaindéim ag freagairt do bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, de réir bhrí Airteagal 25(1) den Chód sin.

 Costais

130    Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagail 27 agus 29 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 4 agus 5 di,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit a bhfuil raon feidhme ginearálta léi, lena gcuirtear cosc, ar fhorais na sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, sa chéad áit, ar shaoránaigh den Aontas agus ar bhaill dá dteaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, turais neamhriachtanacha a dhéanamh ón mBallstát sin go Ballstáit eile atá aicmithe aige mar limistéir ardriosca ar bhonn na mbeart sriantach sláinte nó ar bhonn na staide eipidéimeolaíche atá sna Ballstáit eile sin agus, sa dara háit, lena bhforchuirtear oibleagáid ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh den Bhallstát sin tástálacha a dhéanamh agus dul ar coraintín agus iad ag dul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ó cheann de na Ballstáit eile sin, ar choinníoll go gcomhlíontar leis an reachtaíocht náisiúnta sin na coinníollacha agus na coimircí go léir dá dtagraítear in Airteagail 30 go 32 den Treoir sin, na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus prionsabal na comhréireachta.

2.      Maidir le hAirteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arna leasú le Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 30 Samhain 2017,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit lena gcuirtear toirmeasc, ar fhorais na sláinte poiblí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chomhrac, faoi rialú na núdarás inniúil agus faoi réir pionóis, ar ghluaiseacht thar theorainneacha inmheánacha an Bhallstáit sin chun turais neamhriachtanacha a dhéanamh chuig Stáit de limistéar Schengen nó uathu atá aicmithe mar limistéir ardriosca, ar choinníoll go dtagann na bearta rialaithe sin faoi fheidhmiú cumhachtaí póilíneachta nach féidir an éifeacht chéanna a bheith acu agus atá ag seiceálacha teorann, de réir bhrí Airteagal 23(a), den Chód sin, nó, i gcás inar rialú ag teorainneacha inmheánacha iad na bearta sin, gur chomhlíon an Ballstát sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 25 go 28 den Chód sin maidir lena leithéid de rialú a athbhunú ar bhonn sealadach, agus é sonraithe go bhfuil an baol a bhaineann lena leithéid de phaindéim ag freagairt do bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, de réir bhrí Airteagal 25(1) den Chód sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ollainnis.

Top