Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CJ0112

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 29.
    CU agus ND v Procura della Repubblica Tribunale di Napoli e.a.
    Tarchur chun réamhrialú – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Treoir 2003/109/CE – Airteagal 11(1)(d) – Cóir chomhionann – Bearta maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta – Coinníoll cónaithe 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh sa dá bhliain dheireanacha – Idirdhealú indíreach.
    Cásanna uamtha C-112/22 agus C-223/22.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:636

    Eagrán sealadach

    BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    29 Iúil 2024 (*)

    (Tarchur chun réamhrialú – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Treoir 2003/109/CE – Airteagal 11(1)(d) – Cóir chomhionann – Bearta maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta – Coinníoll cónaithe 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh sa dá bhliain dheireanacha – Idirdhealú indíreach)

    I gCásanna uamtha C‑112/22 agus C‑223/22,

    Iarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunale di Napoli (an Chúirt Dúiche, Napoli, an Iodáil), trí bhreitheanna an 16 Feabhra 2022 agus an 22 Márta 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Feabhra 2022 agus an 29 Márta 2022 faoi seach, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne

    CU (C‑112/22),

    ND (C‑223/22),

    idiragraithe:

    Procura della Repubblica presso il Tribunale di Napoli (C‑112/22 agus C‑223/22),

    Ministero dell’Economia e delle Finanze (C‑112/22 agus C‑223/22),

    Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) (C‑223/22),

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, P. G. Xuereb, I. Jarukaitis (Rapóirtéir), N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

    Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 3 Deireadh Fómhair 2023,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    –        CU agus ND, ag M. Costantino, avvocata,

    –        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó S. Fiorentino agus P. Gentili, avvocati dello Stato,

    –        an Coimisiún Eorpach, ag A. Katsimerou, B.-R. Killmann agus P. A. Messina, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 25 Eanáir 2024,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1        Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 18 agus 45 CFAE, Airteagal 34 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa, arna síniú in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961, mar chuid de Chomhairle na hEorpa agus arna leasú in Strasbourg an 3 Bealtaine 1996 (‘Cairt Shóisialta na hEorpa’), Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO 2004 L 16, lch. 44), Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1), agus Airteagal 29 de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9).

    2        Rinneadh na hiarrataí sin i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla i gcoinne CU i gCás C‑112/22 agus i gcoinne ND i gCás C‑223/22 maidir le ráitis bhréagacha i ndáil le coinníollacha rochtana ar ‘ioncam saoránachta’.

     An dlí lena mbaineann

     Dlí an Aontais

     Treoir 2003/109

    3        Foráiltear le haithrisí 2 go 4, 6 agus 12 de Threoir 2003/109:

    ‘(2)      Thug an Chomhairle Eorpach le fios, ag a cruinniú speisialta in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, gur cheart stádas dlíthiúil náisiúnach tríú tíortha a chomhfhogasú le stádas dlíthiúil náisiúnach na mBallstát agus gur cheart, i gcás duine a bhfuil cónaí air go dlíthiúil i mBallstát ar feadh tréimhse ama a bheidh le socrú agus a bhfuil cead cónaithe fadtéarmach aige, tacar de chearta aonfhoirmeacha a dheonú dó sa Bhallstát sin, ar cearta iad atá chomh gar agus is féidir do chearta atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh.

    (3)      Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus sa Chairt.

    (4)      Tá lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad sna Ballstáit ina phríomhghné de chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, ar cuspóir bunúsach de chuid an Chomhphobail é a luaitear sa Chonradh.

    [...]

    (6)      Ba cheart an tréimhse chónaithe i gcríoch Bhallstáit a bheith mar phríomhchritéar chun stádas cónaithe fadtéarmach a fháil. Ba cheart an tréimhse chónaithe a bheith dleathach agus leanúnach chun a léiriú go bhfuil an duine ag cur faoi sa tír. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le méid áirithe solúbthachta ionas gur féidir imthosca ina bhféadfadh sé go mbeadh ar dhuine an chríoch a fhágáil ar bhonn sealadach a chur san áireamh.

    [...]

    (12)      Chun a bheith ina ionstraim dhílis chun cónaitheoirí fadtéarmacha an Aontais a chomhtháthú sa tsochaí ina bhfuil cónaí orthu, ba cheart cóir chomhionann le saoránaigh an Bhallstáit a bheith ag cónaitheoirí fadtéarmacha an Aontais i réimse leathan gnóthaí eacnamaíocha agus sóisialta, faoi na coinníollacha ábhartha a shainítear sa Treoir seo.’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4        De réir Airteagal 2(a) agus (b) den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:

    ‘Chun críocha na Treorach seo:

    a) ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh;

    b) ciallaíonn “cónaitheoir fadtéarmach” aon náisiúnach tríú tír ag a bhfuil stádas cónaithe fadtéarmach dá bhforáiltear faoi Airteagail 4 go 7’.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5        Foráiltear le hAirteagal 4(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Fad Cónaithe’:

    ‘Deonóidh na Ballstáit stádas cónaithe fadtéarmach do náisiúnaigh tríú tír a raibh cónaí orthu go dleathach agus go leanúnach ar a gcríoch ar feadh 5 bliana díreach roimh thíolacadh an iarratais ábhartha.’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6        Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2003/109 na coinníollacha maidir le stádas cónaithe fadtéarmach a fháil. I gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus (b), ceanglaíonn na Ballstáit ar náisiúnach tríú tír fianaise a sholáthar go bhfuil, dó féin agus do bhaill chleithiúnacha a theaghlaigh, ar an gcéad dul síos, acmhainní cobhsaí rialta leordhóthanacha aige chun é féin agus baill a theaghlaigh a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit sin agus, ar an dara dul síos, árachas breoiteachta maidir leis na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth dá náisiúnaigh féin sa Bhallstát lena mbaineann. Foráiltear le hAirteagal 5(2) go bhféadfaidh na Ballstáit a cheangal ar náisiúnaigh tríú tír coinníollacha lánpháirtíochta a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    7        De bhun Airteagal 7(1) den Treoir sin, chun stádas mar chónaitheoir fadtéarmach a fháil, ní mór don náisiúnach tríú tír atá i gceist iarratas a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air, mar aon le fianaise dhoiciméadach, a bhfuil le cinneadh leis an dlí náisiúnta, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Treoir sin.

    8        Foráiltear le hAirteagal 11(1), (2) agus (4) den Treoir sin, dar teideal ‘Cóir chomhionann’:

    ‘(1)      Teachtfaidh cónaitheoirí fadtéarmacha AE cóir chomhionann le náisiúnaigh a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    [...]

    (d)      slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta mar a shainmhínítear iad sa reachtaíocht náisiúnta;

    [...]

    (2)      I dtaca le forálacha Airteagal 11(1)(b), (d), (e), (f) agus (g), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an chóir chomhionann a shrianadh go cásanna ina bhfuil áit chónaithe chláraithe nó gnátháit chónaithe an chónaitheora fadtéarma, nó áit chónaithe chláraithe nó gnátháit chónaithe a bhall teaghlaigh a ndéanann sé iarratas ar shochair shóisialta ar a son, laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

    [...]

    (4)      Maidir le cúnamh sóisialta agus le cosaint shóisialta, féadfaidh na Ballstáit cóir chomhionann a theorannú go bunshochair.’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     Rialachán Uimh. 492/2011

    9        De réir Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 492/2011, atá ina chuid de Roinn 2, dar teideal ‘Fostaíocht a shaothrú agus an chóir chomhionann’, de Chaibidil I, dar teideal ‘An fhostaíocht, an chóir chomhionann agus teaghlaigh oibrithe’ den Rialachán sin:

    ‘(1)      Maidir le hoibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, ní fhéadfar, ar chríoch na mBallstát eile, cóir atá éagsúil leis an gcóir a chuirtear ar oibrithe náisiúnta a chur air mar gheall ar a náisiúntacht maidir le haon choinníollacha fostaíochta agus oibre, go háirithe maidir le luach saothair, le cur as fostaíocht, agus i gcás ina dtiocfadh sé chun bheith dífhostaithe, maidir le haischur i bhfostaíocht nó maidir le hathfhostú.

    (2)      Teachtfaidh sé na buntáistí céanna sóisialta agus cánach agus a theachtann oibrithe náisiúnta.

    [...]’ ’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     Treoir 2011/95

    10      Foráiltear le hAirteagal 29(1) de Threoir 2011/95, dar teideal ‘Cúnamh sóisialta’:

    ‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear, sa Bhallstát a thug cosaint idirnáisiúnta, an cúnamh sóisialta riachtanach céanna ar fáil do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a chuirtear ar fáil do náisiúnaigh an Bhallstáit sin.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     Dlí na hIodáile

    11      Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Decreto-legge n. 4 ‘Disposizioni urgenti in materia di reddito di cittadinanza e di pensioni’ (Dlí-Foraithne Uimh. 4 lena leagtar síos forálacha práinneacha maidir le hioncam agus pinsin saoránachta) an 28 Eanáir 2019 (GURI Uimh. 23, an 28 Eanáir 2019), arna thiontú ina dhlí trí legge n. 26 (Dlí Uimh. 26) an 28 Márta 2019 (GURI Uimh. 75, an 29 Márta 2019) (‘Dlí-Foraithne Uimh. 4/2019’):

    ‘Ó mhí Aibreáin 2019 ar aghaidh, cuirfear ioncam saoránachta ar bun [...] mar bheart riachtanach de bheartas gníomhach na hoibre chun an ceart chun oibre a ráthú, an bhochtaineacht, an neamhionannas agus an t‑eisiamh sóisialta a chomhrac, agus an ceart chun faisnéise, oideachais, oiliúna agus cultúir a chur chun cinn trí bheartais a bhfuil mar chuspóir acu tacaíocht eacnamaíoch agus cuimsiú sóisialta a chur ar fáil dóibh siúd atá i mbaol eisiata sa tsochaí nó san áit oibre. Is leibhéal fíor-riachtanach na sochar é [ioncam saoránachta] laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá ar fáil.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    12      Sainmhínítear na coinníollacha rochtana ar an ioncam saoránachta in Airteagal 2 den dlí-foraithne sin, dar teideal ‘Tairbhithe’. Baineann na coinníollacha sin, ar thaobh amháin, le náisiúntacht, cónaí agus tréimhse fanachta an iarratasóra agus, ar an taobh eile, go háirithe le hioncam, sócmhainní agus buanearraí de theaghlach an iarratasóra. Maidir leis na chéad choinníollacha sin, foráiltear le hAirteagal 2(1):

    ‘Deonófar (ioncam saoránachta) do theaghlaigh a chomhlíonann na coinníollacha carnacha seo a leanas tráth a dtíolactar an t‑éileamh agus ar feadh thréimhse íoctha an tsochair:

    (a)      maidir le coinníollacha náisiúntachta, cónaithe agus fanachta, ní mór don duine den teaghlach a dhéanann iarratas ar an sochar an méid seo a leanas a dhéanamh go carnach:

    (1)      a bhfuil náisiúntacht Iodálach nó náisiúntacht Bhallstáit den Aontas [...] aige, nó [a bheith] ina bhall dá theaghlach, [...], ag a bhfuil an ceart cónaithe nó an ceart buanchónaithe, nó [a bheith] ina náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe fadtéarmach de chuid an Aontais Eorpaigh aige;

    (2)      go raibh cónaí air san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ar bhonn leanúnach le linn an dá bhliain dheireanacha a breithníodh an tráth a rinneadh an t‑éileamh, agus ar feadh thréimhse íocaíochta an tsochair chomh maith.

    [...]’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    13      Foráiltear le hAirteagal 3(1) den dlí-foraithne sin, dar teideal ‘Buntáiste eacnamaíoch’:

    ‘Is éard atá i gceist le buntáiste eacnamaíoch an [ioncaim saoránachta], ar bhonn bliantúil, ná an dá cuid seo a leanas:

    (a)      cuid a bhfuil mar chuspóir aici cur leis an ioncam teaghlaigh [...] suas le tairseach EUR 6000 in aghaidh na bliana arna hiolrú faoin bparaiméadar comhfhreagrach den scála comhionannais [...] ;

    (b)      cuid a bhfuil mar chuspóir aici cur le hioncam na dteaghlach atá ina gcónaí i lóistín ar cíos, ar ionann í agus an méid cíosa bhliantúil dá bhforáiltear sa léas [...] suas le EUR 3360 in aghaidh na bliana ar a mhéad.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    14      Foráiltear le hAirteagal 7(1) den dlí-foraithne sin, dar teideal ‘Smachtbhannaí’:

    ‘Mura cion níos tromchúisí é an gníomh, déanfar aon duine, a dhéanann nó a úsáideann dearbhuithe bréagacha nó doiciméid atá bréagach nó a dheimhníonn rudaí míchruinne nó a fhágann faisnéis a éilítear ar lár, chun an sochar dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil go míchuí, a phionósú le téarma príosúnachta idir 2 bhliain agus 6 bliana.’
    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

    15      Is náisiúnaigh tríú tír iad CU agus ND ar cónaitheoirí fadtéarmacha san Iodáil iad. Chláraigh CU mar chónaitheoir an 29 Márta 2012. Maidir le ND, chláraigh sí mar chónaitheoir an 24 Márta 2013.

    16      Tá CU agus ND cúisithe ag an Pubblico Ministero della Procura della Repubblica presso il Tribunale di Napoli (Ionchúisitheoir Poiblí ag Cúirt Napoli, an Iodáil) as an gcion dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019 a dhéanamh, toisc go líomhnaítear gur shínigh siad, an 27 Lúnasa 2020 agus an 9 Deireadh Fómhair 2020 faoi seach, iarratais ar ‘ioncam saoránachta’, ag deimhniú go bréagach, sna hiarratais sin, gur chomhlíon siad na coinníollacha maidir le deonú an tsochair sin agus, go háirithe, an coinníoll cónaithe ar feadh 10 mbliana ar a laghad san Iodáil a leagtar síos sa dlí-foraithne sin. Fuair CU agus ND go míchuí, ina leith sin, suim EUR 3 414,40 agus EUR 3 186,66 faoi seach.

    17      Tá amhras ar an Tribunale di Napoli (an Chúirt Dúiche, Napoli, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur, maidir le comhoiriúnacht Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019 le dlí an Aontais, a mhéid a cheanglaítear leis an dlí-foraithne sin, go háirithe ar náisiúnaigh tríú tír, chun ‘ioncam saoránachta’ a fháil, eadhon leas sóisialta a bhfuil mar chuspóir aige íosmhéid maireachtála a chinntiú, a bheith ina gcónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh sa dá bhliain dheireanacha. Measann an chúirt sin, dá thoradh sin, go gcuirtear leis an dlí-foraithne sin cóir dhíobhálach ar na náisiúnaigh sin, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil ceadanna cónaithe fadtéarmacha acu, i gcomparáid le náisiúnaigh na hIodáile.

    18      I ndáil leis sin, cuireann an chúirt sin in iúl, ar an gcéad dul síos, gur leas sóisialta é an ‘t‑ioncam saoránachta’ a bhfuil mar chuspóir aige íosmhéid maireachtála a áirithiú, a thagann faoi cheann de na trí réimse dá bhforáiltear in Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, eadhon slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht náisiúnta. Ina theannta sin, níl Airteagal 11(4) den Treoir sin ábhartha sa chás seo, toisc nár theorannaigh Stát na hIodáile, agus an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann á glacadh aige, an chóir chomhionann do bhunsochair. Ina theannta sin, fiú dá bhforálfaí a leithéid leis an reachtaíocht sin, ní bheadh teorainn den chineál sin i gcomhréir le Treoir 2003/109, a mhéid gur leibhéal fíor-riachtanach na sochar é ‘ioncam saoránachta’ laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní atá ar fáil, de réir na habairte deireanaí d’Airteagal 1(1) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019.

    19      Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, i mbreithiúnas an 24 Aibreán 2012, Kamberaj (C‑571/10, EU:C:2012:233), chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, maidir le cúnamh tithíochta a dheonú, go gcaithfear go difriúil le náisiúnach tríú tír a bhfuil stádas mar chónaitheoir fadtéarmach bainte amach aige i gcomhréir leis na forálacha den Treoir sin i gcomparáid le náisiúnaigh na hIodáile. Déanann sí tagairt freisin do bhreithiúnais an 27 Márta 1985, Hoeckx (249/83, EU:C:1985:139), agus an 27 Márta 1985, Scrivner agus Cole (122/84, EU:C:1985:145), a bhaineann le beart cúnaimh shóisialta atá inchomparáide le ‘hioncam saoránachta’. Sna breithiúnais sin, chinn an Chúirt, faoi Rialachán Uimh. 492/2011, nach mór beart den chineál sin a dheonú d’oibrithe náisiúnta agus d’oibrithe ó Bhallstáit eile araon.

    20      Ar an taobh eile, níor thug an Chúirt rialú go fóill ar an gceist an bhfuil foráil náisiúnta lena bhforáiltear nach dtugtar ‘ioncam saoránachta’ d’iarratasóirí ach amháin má chomhlíonann siad coinníoll cónaithe, amhail an coinníoll atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcomhréir le dlí an Aontais. A mhéid go gcuirfí deireadh le gné ábhartha den chion coiriúil atá i gceist sa chás go gcinnfí go bhfuil an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe 2 d’Airteagal 2(1)(a) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019 neamhdhleathach, bheadh freagair ar an gceist sin ag teastáil chun rialú a thabhairt ar na cásanna sna príomhimeachtaí.

    21      Sna himthosca sin, chinn an Tribunale di Napoli (an Chúirt Dúiche, Napoli) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas, atá scríofa díreach mar a chéile sna cásanna uamtha C-112/22 agus C‑223/22, a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil:

    ‘1)       An gcuirtear cosc le dlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe, [Airteagail 18 agus 45 CFAE], Airteagal 7(2) de [Rialachán Uimh. 492/2011], Airteagal 11(1)(d) de [Threoir 2003/109], Airteagal 29 de Threoir [2011/95], Airteagal 34 den [Chairt] agus Airteagail 30 agus 31 de [Chairt Shóisialta na hEorpa] ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1)(a) de [Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019], a mhéid a chuirtear rochtain ar ioncam saoránachta faoi réir an choinníll a bhaineann le cónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad [nach mór don dá bhliain deiridh, tráth a dhéantar an t‑iarratas agus ar feadh ré iomlán íocaíochta an tsochair, a bheith leanúnach], lena dtugtar níos lú fabhair mar sin do náisiúnaigh na hIodáile, do náisiúnaigh [an Aontais] a bhfuil an ceart cónaithe nó buanchónaithe acu, nó [náisiúnaigh tríú tír] ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, a bhfuil cónaithe orthu [san Iodáil], ar feadh tréimhse níos lú ná 10 mbliana nó ar feadh 10 mbliana, agus nach raibh an dá bhliain deiridh acu sin leanúnach maidir leis na catagóirí céanna a bhfuil cónaí orthu ar feadh 10 mbliana, agus an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

    Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist:

    2)       An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagal 18 [CFAE], Airteagal 45 [CFAE], Airteagal 7(2) de [Rialachán Uimh. 492/2011], Airteagal 11(1)(d) de Threoir [2003/109], Airteagal 29 de Threoir [2011/95], Airteagal 34 den [Chairt] agus Airteagail 30 agus 31 de [Chairt Shóisialta na hEorpa], ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1)(a) de, a mhéid a thugtar leis cóir éagsúil do chónaitheoirí fadtéarmacha, ar féidir leo buancheart cónaithe a fháil i mBallstát de chuid an Aontais tar éis cónaí orthu ar feadh 5 bliana sa Bhallstát óstach agus cónaitheoirí fadtéarmacha a bhfuil cónaí orthu ar feadh 10 mbliana, an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach?

    3)       An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, agus go háirithe [Airteagail 18 agus 45 CFAE], Airteagal 7(2) de [Rialachán Uimh. 492/2011], Airteagal 11(1)(d) de Threoir [2003/109] agus Airteagal 29 de Threoir [2011/95], ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1)(a) de, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, [an Aontais] agus [tríú tír] a bheidh cónaí orthu ar feadh 10 mbliana (an 2 bhliain deiridh ar bhonn leanúnach) d’fhonn rochtain a fháil ar ioncam saoránachta?

    4)       An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, agus go háirithe [Airteagail 18 agus 45 CFAE], Airteagal 7(2) de [Rialachán Uimh. 492/2011], Airteagal 11(1)(d) de Threoir [2003/109], Airteagal 29 de Threoir [2011/95], Airteagal 34 den [Chairt] agus Airteagail 30 agus 31 de [Chairt Shóisialta na hEorpa], ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 7(1) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1)(a) de, a mhéid a cheanglaítear ar náisiúnaigh na hIodáile, náisiúnaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír a dhearbhú go bhfuil cónaí orthu ar feadh 10 mbliana, an dá bhliain deiridh ar bhonn leanúnach, d’fhonn rochtain a fháil ar ioncam saoránachta, rud a fhágann go n‑eascróidh iarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le hábharthacht choiriúil ón dearbhú bréagach?’

     An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

    22      Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 3 Bealtaine 2022, rinneadh Cásanna C‑112/22 agus C‑223/22 a uamadh chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

    23      An 8 Bealtaine 2023, de bhun Airteagal 101(1) dá Rialacha Nós Imeachta, sheol an Chúirt iarraidh ar shoiléiriú chuig an gcúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh uirthi léiriú a thabhairt ar stádas dlíthiúil na ndaoine lena mbaineann na himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí agus forálacha sonracha dhlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis na daoine sin agus atá riachtanach a léiriú chun na cásanna a tugadh os a comhair a réiteach. Thug an chúirt a rinne an tarchur freagraí ar an iarraidh sin an 9 Meitheamh 2023 i gCás C‑223/22 agus an 13 Meitheamh 2023 i gCás C‑112/22, ag sonrú gur náisiúnaigh tríú tír iad na daoine atá i gceist sna príomhimeachtaí ar cónaitheoirí fadtéarmacha san Iodáil iad. Thairis sin, sa fhreagra a tugadh i gCás C‑112/22, shonraigh an chúirt sin gur foráil é Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109 a bhfuil a léiriú úsáideach chun críocha na bpríomhimeachtaí.

    24      I gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, rinne Poblacht na hIodáile iarratas go n‑éistfeadh an Mór-Dhlísheomra na cásanna láithreacha, ar ghlac an Chúirt leis an 10 Iúil 2023.

     Dlínse na Cúirte

    25      Maíonn Rialtas na hIodáile, ina chuid barúlacha i scríbhinn, nach bhfuil dlínse ag an gCúirt chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur, toisc go mbaineann na forálacha náisiúnta atá infheidhme sna príomhimeachtaí le sochar a leagtar síos i reachtaíocht náisiúnta de thoradh inniúlachtaí eisiacha na mBallstát. Ní beart maidir le cosaint sóisialta nó le cúnamh sóisialta é an ‘t‑ioncam saoránachta’ sna príomhimeachtaí, a bhfuil mar chuspóir aige leibhéal áirithe ioncaim a áirithiú do na daoine lena mbaineann, ach is beart casta é a bhfuil mar chuspóir aige, thar aon rud eile, cuimsiú sóisialta agus ath-imeascadh na ndaoine lena mbaineann sa mhargadh saothair a chur chun cinn.

    26      Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú le léiriú ar dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, a thagann go soiléir faoi dhlínse na Cúirte (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí - Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    27      Thairis sin, a mhéid a mhaíonn Rialtas na hIodáile, trína argóint, go dtagann an ‘t‑ioncam saoránachta’ atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Airteagail 11(1)(d) de Threoir 2003/109, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a chonaic an Rialtas é féin ag an éisteacht os comhair na Cúirte, nach féidir leis an argóint sin amhras a tharraingt ar dhlínse na Cúirte chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ach go gcaithfear measúnú a dhéanamh uirthi i gcomhthéacs scrúdú ar shubstaint na gceisteanna sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Aibreán 2012, Kamberaj, C‑571/10, EU:C:2012:233, mír 76).

    28      Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara go luann an chúirt a rinne an tarchur Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa freisin ina cuid ceisteanna. Cé go bhfuil Airteagal 34(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha spreagtha ag Airteagail 30 agus 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa arna leasú, de réir na mínithe a bhaineann léi (IO 2007 C 303, lch. 17), níl dlínse ag an gCúirt léiriú a thabhairt ar Chairt Shóisialta na hEorpa de réir an chásdlí socair (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi, C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    29      Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt réamhrialú a thabhairt ar na hiarrataí, ach amháin má bhaineann siad le forálacha Chairt Shóisialta na hEorpa.

     Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

    30      Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir chásdlí socair na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. I bhfianaise an mhéid sin, is faoin gCúirt atá sé, más iomchuí, na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú agus, ag féachaint ar an ábhar go léir a sholáthair an chúirt náisiúnta, agus go háirithe an t‑ábhar sa ráiteas ar na cúiseanna leis an ordú tarchuir, na heilimintí de dhlí an Aontais is gá a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide a tharraingt amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eesti Vabariik (Põllumajanduse Registrite ja Informatsiooni Amet), C‑437/22, EU:C:2024:176, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    31      Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara go ndéantar tagairtí sna ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú do roinnt catagóirí daoine ar féidir leo, de réir na cúirte a rinne an tarchur, a bheith faoi mhíbhuntáiste de bharr na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, náisiúnaigh na mBallstát áirithe, saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta iad. Ní shonraítear leis na ceisteanna sin cén catagóir ina bhfuil na daoine atá i gceist sna príomhimeachtaí áfach.

    32      Mar sin féin, mar a cuireadh in iúl i mír 23 den bhreithiúnas seo, ina cuid freagraí ar an iarraidh ar shoiléiriú ón gCúirt Bhreithiúnais, chuir an chúirt sin in iúl gur náisiúnaigh tríú tír iad na daoine atá i gceist sna príomhimeachtaí ar cónaitheoirí fadtéarmacha san Iodáil iad. Thairis sin, i gCás C‑112/22, shonraigh sí gur foráil é Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109 a bhfuil a léiriú úsáideach chun críocha na bpríomhimeachtaí. Is í an fhoráil sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt, atá infheidhme maidir leis an gcatagóir daoine sin seachas Airteagail 18 agus 45 CFAE, Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 nó Airteagal 29 de Threoir 2011/95 a luaitear freisin sna ceisteanna arna dtarchur. Is gá na forálacha deireanacha sin a sheachaint mar sin, toisc nach mbaineann siad leis na príomhimeachtaí.

    33      I bhfianaise an mhéid sin, ní mór a mheas, de réir a cuid ceisteanna, ar iomchuí a scrúdú le chéile, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear rochtain náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad ar bheart maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta nó cosaint shóisialta faoi réir an choinníll, atá infheidhme freisin do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, maidir le cónaí sa Bhallstát lena mbaineann ar feadh thréimhse 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh le 2 bhliain anuas, agus lena bhforáiltear do phionós coiriúil i gcás dearbhú bréagach maidir leis an gcoinníoll cónaithe sin.

    34      De réir Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, teachtfaidh cónaitheoirí fadtéarmacha cóir chomhionann le náisiúnaigh maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta, mar a shainítear iad sa reachtaíocht náisiúnta.

    35      Ar an gcéad dul síos, a mhéid a mhaíonn Rialtas na hIodáile go dtagann an ‘t‑ioncam saoránachta’ atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme na forála sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcás ina dhéanann foráil dhlí an Aontais, mar Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, tagairt shainráite do reachtaíocht náisiúnta, nach bhfuil sé faoin gCúirt sainmhíniú neamhspleách agus aonfhoirmeach a thabhairt do na téarma lena mbaineann faoi dhlí an Aontais. Léiríonn tagairt den chineál sin go bhfuil sé de thoil ag reachtas an Aontais meas a léiriú ar na difríochtaí atá ann idir na Ballstáit maidir le sainmhíniú agus raon feidhme na gcoincheap atá i gceist. Mar sin féin, ní thugann an easpa sainmhínithe neamhspleách agus aonfhoirmeach faoi dhlí an Aontais ar na coincheapa slándála sóisialta, cúnaimh shóisialta agus cosanta sóisialta, nó an tagairt do dhlí náisiúnta san fhoráil sin maidir leis na coincheapa sin, le tuiscint go bhféadfadh na Ballstáit an bonn a bhaint d’éifeachtacht Threoir 2003/109 agus prionsabal na córa comhionainne dá bhforáiltear san fhoráil sin á chur i bhfeidhm acu (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Aibreán 2012, Kamberaj, C‑571/10, EU:C:2012:233, míreanna 77 agus 78, agus an 28 Deireadh Fómhair 2021, ASGI agus páirtithe eile, C‑462/20, EU:C:2021:894, mír 31).

    36      Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 51(1) den Chairt go ndírítear forálacha na Cairte chuig na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Cosúil leis sin, is léir ó aithris 3 de Threoir 2003/109 go n‑urramaítear leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt.

    37      Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit, agus bearta á socrú acu maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta, mar a shainmhínítear iad ina reachtaíocht náisiúnta agus a bhfuil faoi réir phrionsabal na córa comhionainne dá bhforáiltear in Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, cearta agus prionsabail a aithnítear sa Chairt a urramú, go háirithe iad siúd a leagtar síos in Airteagal 34 de. De réir Airteagal 34(3) den Chairt, d’fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas - agus mar sin na Ballstáit agus iad ag cur dlí an Aontais i bhfeidhm - ‘an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta’ (breithiúnas an 24 Aibreán 2012, Kamberaj, C‑571/10, EU:C:2012:233, mír 80).

    38      Toisc go ndéantar tagairt le hAirteagal 34 den Chairt agus le hAirteagal 11(1)(d) araon don dlí náisiúnta, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh an ionann an ‘t‑ioncam saoránachta’ atá i gceist sna príomhimeachtaí agus sochar sóisialta cosúil leo siúd dá dtagraítear sa Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Aibreán 2012, Kamberaj, C‑571/10, EU:C:2012:233, mír 81, agus an 28 Deireadh Fómhair 2021, ASGI agus páirtithe eile, C‑462/20, EU:C:2021:894, mír 32).

    39      Mar a cuireadh in iúl i mír 18 den bhreithiúnas seo, cuireann an chúirt sin in iúl, mar chuid dá hiarrataí ar réamhrialú, gur leas sóisialta é an ‘t‑ioncam saoránachta’ a bhfuil mar chuspóir aige íosmhéid maireachtála a chinntiú, a thagann faoi cheann de na trí réimse dá bhforáiltear in Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, eadhon slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht náisiúnta.

    40      Is fíor go bhfuil Rialtas na hIodáile ag cur in aghaidh an chinnidh sin ón gcúirt a rinne an tarchur. Mar sin féin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir cásdlí socair, nach mór don Chúirt Bhreithiúnais a chur san áireamh, i gcomhthéacs dháileadh na n‑inniúlachtaí idir Chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus na cúirteanna náisiúnta, comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, mar a shainmhínítear san ordú tarchuir. Mar sin, beag beann ar na cáintí a rinne Rialtas na hIodáile maidir leis an léiriú ar an dlí náisiúnta de chuid na cúirte a rinne an tarchur, ní mór scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna le haghaidh réamhrialú ar bhonn na measúnaithe sin agus ní faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé a chruinneas a fhíorú (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Meitheamh 2016, New Valmar, C‑15/15, EU:C:2016:464, mír 25, agus an 21 Nollaig 2023, Cofidis C‑340/22, EU:C:2023:1019, mír 31).

    41      Mar sin, i gcomhthéacs na gcásanna idir lámha, ní mór don Chúirt glacadh leis an mbonn gur beart a thagann faoi raon feidhme Airteagail 11(1)(d) de Threoir 2003/109, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt, é an ‘t‑ioncam saoránachta’ atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    42      Thairis sin, cé go bhféadfaidh na Ballstáit, maidir le cúnamh sóisialta agus le cosaint shóisialta, cóir chomhionann a theorannú go bunshochair, i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Threoir 2003/109, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl mar chuid dá hiarrataí ar réamhrialú nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin, a bhfuil le léiriú go docht, sa chás seo. Ar thaobh amháin, níor chuir na húdaráis Iodálacha inniúla chun an Treoir sin a chur chun feidhme in iúl go soiléir go raibh sé i gceist acu leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear san fhoráil sin. Ar an taobh eile, is ‘príomhshocar’ den chineál sin é an ‘t‑ioncam saoránachta’, de réir bhrí na forála céanna. Baineann an coincheap sin le sochair a chabhraíonn le daoine freastal ar a mbunriachtanais, mar shampla bia, lóistín agus sláinte (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Aibreán 2012, Kamberaj,  C‑571/10, EU:C:2012:233, míreanna 86 go 92).

    43      Ar an dara dul síos, is ceart a choinneáil i gcuimhne gur léir ón gcóras arna bhunú ag Treoir 2003/109 go bhfuil nós imeachta áirithe le leanúint chun stádas mar chónaitheoir fadtéarmach a fháil faoin Treoir sin agus, ina theannta sin, nach mór na coinníollacha a shonraítear i gCaibidil II den Treoir sin a chomhlíonadh.

    44      Foráiltear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2003/109 go bhfuil na Ballstáit le stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a dheonú do náisiúnaigh tríú tír a chónaigh go dlíthiúil agus go leanúnach ar a gcríoch ar feadh 5bliana díreach roimh chur isteach an iarratais atá i gceist. Le hAirteagal 5 den Treoir sin cuirtear an stádas sin faoi réir cruthúnais go bhfuil acmhainní leordhóthanacha agus árachas breoiteachta ag an náisiúnach tríú tír atá ag lorg an stádas sin. Ar deireadh, sonraítear le hAirteagal 7 den Treoir sin na ceanglais nós imeachta chun an stádas sin a fháil.

    45      Ina theannta sin, is léir ó aithrisí 2, 4, 6 agus 12 de Threoir 2003/109 go bhfuil sé mar chuspóir aici lánpháirtiú náisiúnach tríú tír atá lonnaithe go buan agus go dleathach sna Ballstáit a áirithiú agus, chuige sin, cearta na náisiúnach sin dóibh siúd atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh a chomhfhogasú, go háirithe trí chóir chomhionann a bhunú leis na saoránaigh sin i raon leathan réimsí eacnamaíocha agus sóisialta. Ciallaíonn stádas cónaitheora fhadtéarmaigh go bhfuil an duine lena mbaineann i dteideal cóir chomhionann sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal sin (breithiúnas an 25 Samhain 2020, Istituto nazionale della previdenza sociale (Sochair theaghlaigh do chónaitheoirí fadtéarmacha), C‑303/19, EU:C:2020:958, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    46      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 35 dá Thuairim, comhfhreagraíonn an stádas sin don leibhéal lánpháirtíochta is rathúla do náisiúnach tríú tír agus ráthaítear leis cóir chomhionann i gcomparáid le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh, go háirithe maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta.

    47      Ar an tríú dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an coinníoll maidir le cónaí san Iodáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, a cheanglaítear faoi Airteagal 2(1)(a)(2) de Dhlí-Foraithne Uimh. 4/2019 chun ‘ioncam saoránachta’ a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil feidhm chomhionann ag an gcoinníoll cónaithe sin maidir le náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad agus maidir le náisiúnaigh na hIodáile araon. Mar sin féin, tugann an chúirt sin faoi deara, go bunúsach, go gcuirtear, leis an gcoinníoll sin, náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le náisiúnaigh na hIodáile a bhfuil cónaí orthu san Iodáil agus nár fhág críoch an Bhallstáit sin chun cónaí thar lear ar feadh tréimhse fhada.

    48      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 50 dá Thuairim, toirmisctear le prionsabal na córa comhionainne dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Threoir 2003/109 ní hamháin idirdhealú sáraithe, bunaithe ar náisiúntacht, ach gach cineál idirdhealaithe ceilte as a dtagann, trí chritéir idirdhealaitheacha eile a chur i bhfeidhm, an toradh céanna.

    49      Mar sin, ní mór a chinntiú, ar an gcéad dul síos, an é an toradh atá ar choinníoll cónaithe 10 mbliana, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, ná cóir neamhionann arb ionann í agus idirdhealú indíreach in aghaidh náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i gcomparáid le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann.

    50      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann coinníoll cónaithe 10 mbliana den chineál sin, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, le neamhnáisiúnaigh den chuid is mó, lena n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír.

    51      Chomh maith leis sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, baineann an choinníoll cónaithe 10 mbliana, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, le leasanna náisiúnaigh na hIodáile a fhilleann ar an Iodáil tar éis tréimhse chónaithe i mBallstát eile. Mar sin féin, is cuma go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste leis an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí, más iomchuí, náisiúnaigh nach bhfuil in ann coinníoll den chineál sin a chomhlíonadh agus náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad araon. Ní gá go mbeadh sé d’éifeacht ag beart buntáiste a thabhairt do gach náisiúnach den Bhallstát lena mbaineann nó náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad amháin a chur faoi mhíbhuntáiste chun é a mheas mar idirdhealú indíreach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 20 Meitheamh 2013, Giersch agus páirtithe eile, C‑20/12, EU:C:2013:411, mír 45).

    52      Mar sin, is ionann cóir neamhionann maidir le náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad agus náisiúnaigh toisc go bhforáiltear le reachtaíocht náisiúnta coinníoll cónaithe 10 mbliana, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, agus idirdhealú indíreach.

    53      Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go gcuirtear cosc, i bprionsabal, ar idirdhealú den chineál sin, mura bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis. Chun bonn cirt a bheith leis, ní mór go bhfuil sé oiriúnach chun cuspóir dlisteanach a bhaint amach agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    54      I ndáil leis sin, sonraíonn Rialtas na hIodáile, ina bharúlacha i scríbhinn, a mhéid gur buntáiste eacnamaíoch é ‘ioncam saoránachta’ a bhfuil a dheonú ag brath ar rannpháirtíocht na mball fásta den teaghlach lena mbaineann i gconair phearsantaithe chun tacú le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta ar bhonn comhaontuithe sonracha, baineann oibríocht lánpháirtíochta sóisialta agus gairme atá casta ó thaobh riaracháin de le deonú an bhuntáiste sin. Dá bhrí sin, dar leis an rialtas sin, chuir an reachtas náisiúnta srian cuí ar an mbeart sin ionas nach féidir le náisiúnaigh tríú tír rochtain a bheith acu air seachas iad siúd a bhfuil cónaí orthu san Iodáil ar bhonn buan agus atá comhtháite go maith ann.

    55      Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhforáiltear go cuimsitheach le hAirteagal 11(2) de Threoir 2003/109 cásanna ina bhféadfaidh Ballstáit maolú ar an gcóir chomhionann a thugtar do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil stádas mar chónaitheoirí fadtéarmacha acu agus náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit. Mar sin, taobh amuigh de na cúinsí sin, is sárú per se ar Airteagal 11(1)(d) den Treoir sin é difríocht sa chaoi a gcaitear leis an dá chatagóir sin de náisiúnaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Samhain 2020, Istituto nazionale della previdenza sociale (Sochair theaghlaigh do chónaitheoirí fadtéarmacha) C‑303/19, EU:C:2020:958, mír 23).

    56      Go háirithe, ní féidir bonn cirt a thabhairt do dhifríocht sa chaoi a gcaitear le náisiúnaigh tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i gcomparáid le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann toisc go mbeadh siad i gcúinsí eile mar gheall ar a nascanna faoi seach leis an mBallstát sin. Sháródh bonn cirt den chineál sin Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, a fhorchuireann cóir chomhionann eatarthu i réimse na slándála shóisialta, cúnaimh shóisialta agus cosanta sóisialta (breithiúnas an 25 Samhain 2020, Istituto nazionale della previdenza sociale (Sochair theaghlaigh do chónaitheoirí fadtéarmacha), C‑303/19, EU:C:2020:958, mír 34).

    57      Mar a cuireadh in iúl i mír 44 den bhreithiúnas seo, foráiltear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2003/109 coinníoll maidir le cónaí dlíthiúil gan bhriseadh ar feadh 5 bliana ar chríoch Ballstáit sula dtabharfar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh do náisiúnach tríú tír sa Bhallstát sin. Is léir ón bhforáil sin, arna léamh in éineacht le haithris 6 den Treoir sin, gur mheas reachtas an Aontais go léirítear le tréimhse chónaithe dhlíthiúil gan bhriseadh ar feadh 5 bliana den chineál sin go bhfuil an duine ‘lonnaithe sa tír’ agus, dá bhrí sin, gur leor an tréimhse sin don duine sin, tar éis stádas cónaitheora fhadtéarmaigh a fháil, chun cóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit sin a fháil, go háirithe maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta agus cosaint shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(d) den Treoir sin.

    58      Mar sin, ní féidir le Ballstát, gan neamhaird a dhéanamh den fhoráil sin agus den chuspóir atá aige, eadhon, mar is léir ó aithris 12 den Treoir sin, gur ionann stádas cónaitheora fhadtéarmaigh agus ‘ionstraim dhílis chun cónaitheoirí fadtéarmacha a chomhtháthú sa tsochaí ina bhfuil cónaí orthu’, síneadh aontaobhach a chur leis an tréimhse chónaithe a cheanglaítear ionas go mbeadh an ceart a ráthaítear le hAirteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109 ag cónaitheoir fadtéarmach den sórt sin.

    59      Dá bhrí sin, sáraítear le coinníoll cónaithe 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh sa 2 bhliain dheireanacha, Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109.

    60      Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, maidir le comhréireacht le dlí an Aontais, agus go háirithe le Treoir 2003/109, forála náisiúnta lena bhforáiltear go gcuirfear pionós coiriúil ar iarratasóirí ar bheart maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta nó cosaint shóisialta i gcás dearbhú bréagach ó na hiarratasóirí sin maidir leis na coinníollacha rochtana ar bheart den chineál sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne gur léir ó chásdlí na Cúirte nach bhfuil foráil pionóis náisiúnta ag luí le forálacha Threoir 2003/109 nuair a fhorchuirtear í chun a bheith cinnte go gcomhlíontar oibleagáid nach gcomhlíonann na forálacha sin í féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, Landespolizeidirektion Steierma agus páirtithe eile (Uastréimhse rialaithe ag teorainneacha inmheánacha), C‑368/20 agus C‑369/20, EU:C:2022:298, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    61      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú nach mór Airteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear rochtain náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad ar bheart maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta nó cosaint shóisialta faoi réir an choinníll, atá infheidhme freisin do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, maidir le cónaí sa Bhallstát lena mbaineann ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh le 2 bhliain anuas, agus lena bhforáiltear do phionós coiriúil i gcás dearbhú bréagach maidir leis an gcoinníoll cónaithe sin.

     Costais

    62      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

    Maidir le hAirteagal 11(1)(d) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle, an 25 Samhain 2003, maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad, arna léamh i bhfianaise Airteagal 34 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear rochtain náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad ar bheart maidir le slándáil shóisialta, cúnamh sóisialta nó cosaint shóisialta faoi réir an choinníll, atá infheidhme freisin do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, maidir le cónaí sa Bhallstát lena mbaineann ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad, gan bhriseadh le 2 bhliain anuas, agus lena bhforáiltear do phionós coiriúil i gcás dearbhú bréagach maidir leis an gcoinníoll cónaithe sin.

    Sínithe


    *      Teanga an cháis: an Iodáilis.

    Top