Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CC0670

    Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta arna thabhairt ar an 2023 Deireadh Fómhair 26.


    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:817

     TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

    ĆAPETA

    arna tabhairt an 26 Deireadh Fómhair 2023 ( 1 )

    Cás C-670/22

    Staatsanwaltschaft Berlin

    v

    M.N.

    (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin))

    (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2014/41/AE – Ordú Imscrúdaithe Eorpach – Airteagal 6(1) – Coinníollacha maidir le hOrdú Imscrúdaithe Eorpach a eisiúint – Aistriú fianaise atá i seilbh Ballstáit eile cheana féin – An coincheap “údarás eisiúna” – Airteagal 2(c)(i) – Inghlacthacht fianaise)

    I. Réamhrá

    1.

    Is ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh é Ordú Imscrúdaithe Eorpach (OIE) lena gcumasaítear comhar trasteorann in imscrúduithe coiriúla. Is le Treoir OIE a rialaítear é. ( 2 ) Iarrtar den chéad uair ar an gCúirt, leis an tarchur seo, an Treoir sin a léiriú i gcás inar eisíodh OIE chun fianaise atá cheana féin i seilbh Stáit eile a aistriú.

    2.

    D’eisigh Generalstaatsanwaltschaft Frankfurt am Main (Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt, an Ghearmáin) roinnt OIEnna chun críoch imscrúdaithe choiriúil sa Ghearmáin, lenar iarradh go n-aistreofaí fianaise a bailíodh le linn imscrúdú coiriúil comhpháirteach idir an Fhrainc agus an Ísiltír ar úsáideoirí EncroChat. Ba líonra teileachumarsáide criptithe é EncroChat lenar cuireadh anaithnideacht a bhí geall le bheith foirfe ar fáil dá úsáideoirí. ( 3 )

    3.

    Eascraíonn an tarchur seo as ceann de na himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh os comhair Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin) i gcoinne M.N. bunaithe ar shonraí teileachumarsáide arna n-idircheapadh, arna n-aistriú bunaithe ar na OIEnna thuasluaite. Is í an cheist a tháinig chun cinn os comhair na cúirte a rinne an tarchur ná ar eisíodh na OIEnna de shárú ar Threoir OIE, agus más rud é gurbh amhlaidh, cad iad na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aige ar úsáid na fianaise sin sa nós imeachta coiriúil.

    II. Fíorais, na ceisteanna arna dtarchur, agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

    4.

    I dtosach an nós imeachta choiriúil sna príomhimeachtaí tá imscrúdú coiriúil a tionscnaíodh sa Fhrainc, agus a lean ar aghaidh mar oibríocht chomhpháirteach idir an Fhrainc agus an Ísiltír, ina ndearnadh idircheapadh ar na sonraí suímh, tráchta agus cumarsáide, lena n-áirítear téacsanna agus íomhánna arna dtarchur i gcomhráite leanúnacha úsáideoirí an líonra EncroChat.

    5.

    Forbraíodh bogearra Traíoch tríd an gcomhoibríocht sin, a uaslódáladh chuig an bhfreastalaí in Roubaix (an Fhrainc), in earrach na bliana 2020 agus, as sin, a suiteáladh ar na críoch-ghléasanna trí nuashonrú ionsamhlaithe. Thug an Tribunal correctionnel de Lille (an Chúirt Choiriúil, Lille, an Fhrainc), údarú chun sonraí cumarsáide a bhailiú le linn na hoibríochta. Bhí tionchar ag an idircheapadh sin ar úsáideoirí EncroChat i 122 thír, lena n-áirítear thart ar 4600 úsáideoir sa Ghearmáin.

    6.

    Le linn físchomhdháil a tionóladh an 9 Márta 2020, chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) faisnéis ar fáil do thíortha maidir leis na bearta faireachais a bhí beartaithe ag póilíní na Fraince agus maidir leis an aistriú sonraí a bhí beartaithe. Chuir ionadaithe an Bundeskriminalamt (Oifig Phóilíní Coiriúla na Cónaidhme, an Ghearmáin), agus Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt in iúl go raibh spéis acu i mbailiú sonraí na n-úsáideoirí Gearmánacha.

    7.

    D’oscail Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt réamh-imscrúdú i gcoinne daoine anaithnide an 20 Márta 2020. Cuireadh na sonraí a bhailigh foireann imscrúdaithe na Fraince-na hÍsiltíre ar fáil, inter alia, d’údaráis na Gearmáine, trí fhreastalaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) ón 3 Aibreán 2020.

    8.

    An 2 Meitheamh 2020, mar chuid de chreat an réamh-imscrúdaithe Ghearmánaigh i gcoinne daoine anaithnide, d’iarr Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt, trí OIE, údarú ó údaráis na Fraince chun sonraí EncroChat a úsáid le haghaidh imeachtaí coiriúla. Bhí an iarraidh sin bunaithe ar an amhras a bhí ann faoi gháinneáil aindleathach ar chainníochtaí substaintiúla drugaí támhshuanacha ag daoine nár sainaithníodh go nuige sin. Bhí drochamhras fúthu, áfach, go raibh siad mar chuid de ghrúpa coireachta eagraithe sa Ghearmáin, a d’úsáid fóin EncroChat. Thug an Chúirt Choiriúil, Lille údarú do OIE ag iarraidh go ndéanfaí na sonraí EncroChat ó úsáideoirí na Gearmáine a tharchur agus a úsáid go breithiúnach. Tarchuireadh sonraí breise ina dhiaidh sin bunaithe ar dhá OIE fhorlíontacha an 9 Meán Fómhair 2020 agus an 2 Iúil 2021 faoi seach.

    9.

    Ar bhonn na fianaise a fuarthas, scar Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt na himscrúduithe a bhí le déanamh i ndáil le húsáideoirí aonair EncroChat agus sannadh ar oifigí ionchúisitheora phoiblí áitiúil iad. Chúisigh Staatsanwaltschaft Beirlín (Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín, an Ghearmáin) an cúisí sa chás seo le hiliomad cúiseamh i ngáinneáil aindleathach ar chainníochtaí substaintiúla de dhrugaí támhshuanacha agus i sealbhú neamhdhleathach ar chainníochtaí substaintiúla drugaí támhshuanacha sa Ghearmáin.

    10.

    Tá an nós imeachta coiriúil sin ar feitheamh faoi láthair os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Fiú mura mínítear go soiléir é sin san ordú tarchuir, is cosúil gur tháinig an cheist chun cinn sna himeachtaí sin ar eisíodh na OIEnna a d’eisigh Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt de shárú ar Threoir OIE agus, más amhlaidh, ar cheart iad a eisiamh mar fhianaise sa nós imeachta coiriúil i gcoinne an chúisí.

    11.

    I bhfianaise na bhfíoras sin, chuir an chúirt a rinne an tarchur na ceisteanna seo a leanas faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “(1)

    Maidir le léiriú ar an gcoincheap ‘údarás eisiúna’ faoi Airteagal 6(1) de [Threoir OIE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(c) de [...]

    (a)

    I dtaobh Ordú Imscrúdaithe Eorpach [OIE] chun fianaise atá ann cheana féin sa Stát forghníomhaitheach (sa chás seo: an Fhrainc) a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe ag breitheamh nuair a chaitear, faoi dhlí an Stáit eisiúna (sa chás seo: an Ghearmáin), i gcás inchomparáide baile, go ndéanfadh breitheamh bailiú na bunfhianaise a ordú?

    (b)

    Mar mhalairt air sin, an mar sin atá, ar a laghad, i gcás inar thug an Stát forghníomhaitheach faoin mbunbheart i gcríoch an Stáit eisiúna agus an aidhm aige na sonraí arna mbailiú a chur ar fáil ina dhiaidh sin do na húdaráis imscrúdaithe sa Stát eisiúna chun críoch imeachtaí coiriúla?

    (c)

    I dtaobh OIE chun fianaise a fháil, an é nach mór don ordú sin a bheith eisithe i gcónaí ag breitheamh (nó údarás neamhspleách nach bhfuil baint aige le himscrúduithe coiriúla), beag beann ar rialacha náisiúnta dhlínse an Stáit eisiúna, nuair a bhaineann an beart le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha ardchéime?

    (2)

    Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(a) de [Threoir OIE]

    (a)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de [Threoir OIE] ar OIE chun sonraí atá ar fáil cheana sa Stát forghníomhaitheach ([sa chás seo:] an Fhrainc) a aistriú, ar sonraí iad a fuarthas ó theileachumarsáid arna hidircheapadh – go háirithe sonraí tráchta agus suímh agus taifid d’inneachair cumarsáidí, i gcás inar bhain an t-idircheapadh arna dhéanamh ag an Stát forghníomhaitheach leis na húsáideoirí go léir atá [cláraithe] le haghaidh seirbhís cumarsáide, ina n-iarrtar leis an OIE go ndéanfar na sonraí atá ar na gléasanna teirminéil arna n-úsáid i gcríoch an Stáit eisiúna a aistriú agus i gcás nach raibh aon fhianaise nithiúil ann i leith cionta coiriúla tromchúiseacha arna ndéanamh ag na húsáideoirí aonair sin nuair a ordaíodh an t-idircheapadh agus nuair a tugadh faoi nó nuair a eisíodh an OIE?

    (b)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de [Threoir OIE] ar OIE den sórt sin i gcás nach féidir leis na húdaráis sa Stát forghníomhaitheach sláine na fianaise arna bailiú faoin mbeart idircheaptha a fhíorú mar gheall ar rúndacht uilechuimsitheach?

    (3)

    Maidir le léiriú ar Airteagal 6(1)(b) de [Threoir OIE]

    (a)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(b) de [Threoir OIE] ar OIE chun sonraí teileachumarsáide atá ar fáil cheana sa Stát forghníomhaitheach ([sa chás seo:] an Fhrainc) a aistriú i gcás nach mbeadh cead le beart idircheaptha an Stáit fhorghníomhaithigh, atá ina bhun do bhailiú na sonraí, faoi dhlí an Stáit eisiúna ([sa chás seo:] an Ghearmáin) i gcás inchomparáide náisiúnta?

    (b)

    Mar mhalairt air sin, an mar sin atá, ar aon chaoi, i gcás inar thug an Stát [forghníomhaitheach] faoin idircheapadh i gcríoch an Stáit eisiúna agus ar mhaithe leis?

    (4)

    Maidir le léiriú ar Airteagal 31(1) agus (3) de [Threoir OIE]

    (a)

    An ionann beart lena n-insíothlaítear gléasanna teirminéil chun sonraí tráchta, suímh agus cumarsáide de chuid seirbhís teileachumarsáide atá bunaithe ar an idirlíon a bhailiú agus teileachumarsáid[í] a idircheapadh de réir bhrí Airteagal 31 de [Threoir OIE]?

    (b)

    An é nach mór i gcónaí an fógra faoi Airteagal 31(1) de [Threoir OIE] a chur in iúl do bhreitheamh nó an mar sin atá, ar a laghad, i gcás nach bhféadfadh, faoi dhlí an Stáit [dár tugadh fógra] ([sa chás seo:] an Ghearmáin), ach breitheamh an beart atá beartaithe ag [Stát an] idircheaptha ([sa chás seo:] an Fhrainc) a ordú i gcás inchomparáide baile?

    (c)

    A mhéid is go gcuirtear, le hAirteagal 31 de [Threoir OIE], cosaint aonair ar fáil do theileachumarsáidí úsáideoirí lena mbaineann freisin, an mbaineann an chosaint sin freisin le húsáid na sonraí le haghaidh imeachtaí coiriúla sa Stát [dár tugadh fógra] ([sa chás seo:] an Ghearmáin) agus, más ea, an bhfuil an luach céanna ag an gcuspóir sin leis an luach atá ag an gcuspóir eile arb é ceannasacht an Bhallstáit [dár tugadh fógra] a chosaint?

    (5)

    Iarmhairtí dlíthiúla ar bhailiú fianaise ar bhealach atá contrártha le dlí an Aontais

    (a)

    I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhféadfadh cosc ar úsáid fianaise a bheith ina thoradh díreach ar phrionsabal na héifeachtachta faoi dhlí an Aontais?

    (b)

    I gcás ina bhfaightear fianaise de bhua OIE atá contrártha le dlí an Aontais, an bhfuil cosc ar úsáid fianaise ina thoradh ar phrionsabal na coibhéise faoi dhlí an Aontais i gcás nár chóir go mbeadh an beart atá ina bhun do bhailiú an fianaise sa Stát eisiúna a ordú i gcás náisiúnta sa Stát eisiúna agus nach bhféadfaí an fhianaise a fuarthas de bhun beart náisiúnta mídhleathach a úsáid faoi dhlí an Stáit eisiúna?

    (c)

    An bhfuil sé contrártha le dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, go dtabharfaí údar le húsáid fianaise in imeachtaí coiriúla, fianaise a fuarthas go contrártha le dlí an Aontais toisc go díreach nach raibh aon amhras faoi chion ann, mar gheall air, i gcothromú leasanna, a thromchúisí is a bhí na cionta, nár tháinig chun solais go dtí go raibh anailís déanta ar an bhfianaise?

    (d)

    Mar mhalairt air sin, an leanann sé ó dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, nach bhféadfai iarmhairtí a eisiaimh go hiomlán maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais agus fianaise á bailiú in imeachtaí coiriúla náisiúnta, fiú i gcás cionta coiriúla tromchúiseacha, agus nach mór iad a chur san áireamh i bhfabhar an chúisí ar a laghad agus fianaise á meas nó pianbhreith á gearradh?

    12.

    Chuir Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín, Rialtais na Gearmáine, na hEastóine, na Fraince, na hÍsiltíre, na Polainne agus na Sualainne agus Éire barúlacha i scríbhinn isteach, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach.

    13.

    Tionóladh éisteacht an 4 Iúil 2023 inar chuir M.N., Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín, Rialtais na Seice, na Gearmáine, na Spáinne, na Fraince, na hUngáire, na hÍsiltíre, na Sualainne agus Éire pléadálacha ó bhéal i láthair, chomh maith leis an gCoimisiún.

    III. Anailís

    A.   Réamhbharúlacha

    14.

    Ar fud na gcúirteanna is airde san Eoraip ( 4 ) tá na hagóidí in aghaidh ciontuithe coiriúla a eascraíonn as na sonraí EncroChat arna n-idircheapadh ag fágáil a lorg, agus ní haon eisceacht í an Chúirt Bhreithiúnais ina leith sin.

    15.

    Déanann formhór na gcásanna sin agóid in aghaidh bearta idircheaptha arna nglacadh ag an bhFrainc. Fiú más léir go bhfuil ceist den sórt sin ábhartha sna nósanna imeachta coiriúla a tionscnaíodh bunaithe ar fhianaise a bailíodh trí idircheapadh den sórt sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach mbaineann an tarchur seo le bailíocht bhearta idircheaptha na Fraince.

    16.

    Ina ionad sin, baineann an cás seo le neamh-chomhoiriúnacht fhéideartha na OIEnna arna n-eisiúint ag Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt leis an Treoir OIE agus na hiarmhairtí a bhaineann le cinneadh den sórt sin. Ní raibh na OIEnna sin ina spreagadh do bhearta na Fraince maidir le teileachumarsáidí idir úsáideoirí EncroChat a idircheapadh. Tharla na bearta idircheaptha go neamhspleách ar na OIEnna atá faoi cheist. Is faoi chúirteanna inniúla na Fraince atá an agóid dhlíthiúil i gcoinne na mbeart idircheaptha sin.

    17.

    Níor fhéach na OIEnna atá faoi cheist sa chás seo le sonraí a bhailiú sa Fhrainc trí theileachumarsáid a idircheapadh, ach d’iarr siad go n-aistreofaí an fhianaise a bailíodh cheana féin ag an idircheapadh sa Fhrainc.

    18.

    Ní mór an tsraith fíricí sin a shaintréithriú i gceart faoi Threoir OIE. Is é sin le rá, foráiltear le hAirteagal 1(1) de Threoir EIO go bhféadfar OIE a eisiúint, ar an gcéad dul síos, “chun beart imscrúdaitheach sonrach amháin (nó níos mó) a bheith ann a dhéanfar i mBallstát eile” agus ar an dara dul síos “chun fianaise a fháil atá i seilbh údaráis inniúla an Stáit fhorghníomhaithigh cheana féin”. ( 5 )

    19.

    Go simplí, is féidir OIE a eisiúint chun fianaise nua a bhailiú nó chun fianaise atá ann cheana féin a aistriú. Bainfidh mé úsáid as an téarmaíocht sin chun tagairt a dhéanamh don dá chineál OIE.

    20.

    Sna príomhimeachtaí, eisíodh na OIEnna chun na críche sin: d’iarr Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín go n-aistreofaí fianaise a bhí i seilbh na Fraince cheana féin.

    21.

    Is léir, áfach, ón ordú tarchuir go measann an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, in ainneoin an idirdhealaithe idir an dá chineál OIE in Airteagal 1(1) de Threoir OIE, ní féidir OIE a eisiúint chun fianaise atá ann cheana féin a aistriú gan aird a thabhairt ar an gcaoi ar bailíodh an fhianaise sin ar dtús. Ar an dara dul síos, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur faoi chomhréireacht, agus dá bhrí sin, faoi dhlíthiúlacht na mbeart bunaidh maidir le fianaise a bhailiú sa Fhrainc a aistríodh go dtí an Ghearmáin ina dhiaidh sin. Ar deireadh, easaontaíonn an chúirt a rinne an tarchur le Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme na Gearmáine, ( 6 ) a chinn go bhféadfaí na sonraí EncroChat arna n-idircheapadh a úsáid mar fhianaise sa Ghearmáin. ( 7 )

    22.

    Agus é sin á thabhairt chun cuimhne, ní mór don Chúirt a shoiléiriú an gá measúnú a dhéanamh ar na bearta bunúsacha chun fianaise a bhailiú sa stát forghníomhaitheach de bhun choinníollacha eisiúna OIE chun fianaise atá ann cheana féin a aistriú. Ba mhian liom a shoiléiriú ón tús, agus déanfaidh mé mionléiriú air sin níos déanaí, nach féidir leis an údarás eisiúna, i gcás den sórt sin, amhras a chaitheamh ar dlíthiúlacht na mbeart lenar bhailigh an stát forghníomhaitheach fianaise. Dá bhrí sin, níl baint ag comhréireacht an bhirt Fhrancaigh lena n-ordaítear idircheapadh fóin EncroChat leis an gcás seo.

    B.   Atheagrú cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur agus struchtúr na Tuairime

    23.

    Measann an chúirt a rinne an tarchur gur eisíodh na OIEnna contrártha le Treoir OIE, toisc (i) gur sáraíodh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de, agus (ii) go raibh siad eisithe ag ionchúisitheoir poiblí agus ní ag cúirt. Ina theannta sin, ba cheart d’údaráis na Fraince, de réir Airteagal 31 de Threoir OIE, fógra a thabhairt do chúirt inniúil na Gearmáine faoi na bearta idircheaptha. Ar deireadh, measann an chúirt sin gur cheart dlí an Aontais, agus go sonrach, prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar úsáid fianaise arna bailiú de shárú ar Threoir OIE, sa nós imeachta coiriúil.

    24.

    Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach an bhfuil a tuiscint ar Threoir OIE agus na hiarmhairtí a leanann aisti sin i gceart. D’eagraigh sí a cuid ceisteanna i gcúig ghrúpa, atá atheagraithe mar seo a leanas agamsa, chun críche mo chuid anailíse.

    25.

    Dírítear leis na chéad trí ghrúpa de cheisteanna ar léiriú mhíniú an údaráis eisiúna inniúil ar OIE chun fianaise atá ann cheana a aistriú agus ar na coinníollacha lena rialaítear eisiúint OIE den sórt sin. Tá na ceisteanna maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1)(a) agus (b) de Threoir OIE fite fuaite leis na ceisteanna faoin údarás eisiúna inniúil. Dá bhrí sin, pléifidh mé leo le chéile faoi cheannteideal C.

    26.

    Féadfar plé ar leith a dhéanamh ar an gceathrú grúpa de cheisteanna, lena n-iarrtar léiriú ar Airteagal 31(1) agus (3) de Threoir OIE. Déanfaidh mé amhlaidh faoi cheannteideal D.

    27.

    Ar deireadh, déanfaidh mé anailís ar an ngrúpa deiridh ceisteanna a bhaineann leis na hiarmhairtí a bhaineann le sárú féideartha ar Threoir OIE, faoi cheannteideal E. D’fhéadfaí a rá go bhfuil na ceisteanna sin hipitéiseach mura dtagann aon sárú ar an Treoir OIE as na freagraí arna dtabhairt ar na ceisteanna roimhe. Mar sin féin, ós rud é go mbraitheann an cinneadh sin ar léiriú an dlí náisiúnta ábhartha, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, molaim go bhfreagródh an Chúirt na ceisteanna sin freisin.

    C.   Coinníollacha chun OIE a eisiúint maidir le haistriú fianaise atá ann cheana agus maidir leis an údarás eisiúna inniúil

    28.

    Leagtar amach in Airteagal 6(1) de Threoir OIE na coinníollacha nach mór don údarás eisiúna measúnú a dhéanamh orthu maidir le OIE a eisiúint. ( 8 ) Mar seo a leanas foclaíocht na forála sin:

    “Ní fhéadfaidh an t-údarás eisiúna OIE a eisiúint ach amháin i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá eisiúint an OIE riachtanach agus comhréireach chun críche na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus cearta an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh; agus

    (b)

    d’fhéadfaí an beart imscrúdaitheach/na bearta imscrúdaitheacha a luaitear in OIE a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás inchomparáide náisiúnta.”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    29.

    Dá bhrí sin, forchuirtear le Treoir OIE dhá choinníoll chun OIE a eisiúint. Is é is aidhm do na coinníollacha sin a áirithiú nach n-eisítear an OIE de shárú ar dhlí an Stáit eisiúna. ( 9 ) Ós rud é go dtarlaíonn an t-imscrúdú coiriúil nó an nós imeachta coiriúil ina dhiaidh sin sa Stát eisiúna, tá na coinníollacha sin dírithe ar chearta an chúisí nó na ndaoine atá faoi amhras a chosaint. Is sa Stát eisiúna amháin a fhéadfar agóid a dhéanamh i gcoinne chomhlíonadh na gcoinníollacha sin, faoi Airteagal 14(2) de Threoir OIE.

    30.

    Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, éilítear in Airteagal 6(1) de Threoir OIE measúnú teibí agus measúnú nithiúil ar an údarás eisiúna.

    31.

    Déantar foráil maidir leis an measúnú teibí in Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE agus ceanglaítear leis go gcinnfidh an t-údarás eisiúna an ann don bheart imscrúdaitheach a bheidh mar chuspóir ag OIE ina dhlí náisiúnta agus na coinníollacha faoina bhféadfar é a ordú.

    32.

    Leis an measúnú nithiúil in Airteagal 6(1)(a) de Threoir OIE, forchuirtear oibleagáid ar an údarás eisiúna a chinneadh an bhfuil OIE ar leith riachtanach agus comhréireach chun críoch nós imeachta choiriúil nithiúil.

    33.

    Ní fhéadfaidh an t-údarás eisiúna dul chuig an gcás nithiúil atá os a chomhair go dtí go gcinneann sé, faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE, go gceadaítear leis an dlí náisiúnta, i bprionsabal, do bheart imscrúdaitheach áirithe, agus an measúnú riachtanais agus comhréireachta a dhéanamh faoi Airteagal 6(1)(a) de Threoir OIE. Dá bhrí sin, measaim go bhfuil sé níos loighciúla a mhíniú an dá choinníoll in ord droim ar ais.

    34.

    Baineann na coinníollacha teibí agus nithiúla araon leis an gceist conas a shainítear cén t-údarás atá inniúil ar OIE a eisiúint. Measann an chúirt a rinne an tarchur nárbh é an t-ionchúisitheoir poiblí, in imthosca an cháis seo, an t-údarás a bhí inniúil ar OIEnna a eisiúint chun fianaise a aistriú ón bhFrainc, ar fianaise í ina raibh sonraí teileachumarsáide arna n-idircheapadh.

    35.

    Leagtar amach in Airteagal 2(c) de Threoir OIE cé na húdaráis ar féidir leo OIE a eisiúint. Léitear an méid seo a leanas leis an bhforáil ábhartha:

    “ciallaíonn ‘údarás eisiúna’:

    (i)

    breitheamh, cúirt, breitheamh imscrúdaithe nó ionchúisitheoir poiblí atá inniúil sa chás lena mbaineann;” ( 10 )

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    36.

    Dá bhrí sin, cuimsítear in Airteagal 2(c)(i) de Threoir OIE údaráis a fhéadfaidh OIE a eisiúint go huathrialach gan aon údarú breise. Murab ionann agus Cinneadh Réime BGE, ( 11 ) liostaítear go sainráite i dTreoir OIE ionchúisitheoirí poiblí i measc na n-údarás sin. ( 12 ) Dá bhrí sin, murab ionann agus Cinneadh Réime BGE, in Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe), chinn an Chúirt go bhféadfadh ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás eisiúna de chuid OIE fiú mura bhfuil sé go hiomlán neamhspleách ar an bhfeidhmeannas. ( 13 )

    37.

    Mar sin féin, ní chiallaíonn cumhachtú prionsabalaithe na n-ionchúisitheoirí poiblí gurb iad an t-údarás eisiúna inniúil iad i ngach cás. Ina ionad sin, braitheann sé ar imthosca an cháis agus tá sé nasctha leis na coinníollacha a fhorchuirtear le hAirteagal 6(1) de Threoir OIE. Dá bhrí sin, déanfaidh mé measúnú ní hamháin ar na coinníollacha sin lena n-éilítear ó údarás eisiúna, ach freisin ar an tionchar a bhíonn acu ar an údarás a d’fhéadfadh a bheith ann.

    1. Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE agus cás inchomparáide náisiúnta

    38.

    Ceanglaítear le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir OIE OIE a eisiúint ar choinníoll go bhfuil an beart imscrúdaithe ar fáil faoi na coinníollacha céanna i gcás inchomparáide náisiúnta.

    39.

    Is gá, dá bhrí sin, léiriú a dhéanamh ar cad is cás inchomparáide náisiúnta ann má eisítear OIE chun fianaise atá ann cheana a aistriú.

    40.

    Tá réamhráiteas ag teastáil sula ndéantar an téarma “cás inchomparáide náisiúnta” a léiriú. Tháinig an tsaincheist sin chun cinn agus phléigh rannpháirtithe sa nós imeachta seo í mar gheall ar sheasamh na Cúirte Breithiúnais Cónaidhme, ( 14 ) agus dá réir nach bhfuil feidhm ag Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE ar chor ar bith maidir le OIE le haghaidh aistriú fianaise atá ann cheana féin. Dar leis an gCúirt sin, ní beart imscrúdaitheach ann féin é an t-aistriú fianaise, agus dá bhrí sin tá sé lasmuigh de raon feidhme na forála sin.

    41.

    Ní aontaím leis an tuairim sin: leagtar amach in Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE na coinníollacha chun OIE a eisiúint gan idirdhealú a dhéanamh idir an dá chineál beart dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir OIE. Ní eisiatar leis an bhfoclaíocht na bearta imscrúdaitheacha lena n-iarrtar go n-aistreofaí fianaise atá ann cheana féin óna raon feidhme. Dá bhrí sin, tá feidhm ag Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE freisin maidir le OIE a eisítear chun críche na fianaise atá ann cheana a aistriú, mar atá sa chás seo. ( 15 )

    42.

    Tá difríocht le sonrú maidir le cás inchomparáide náisiúnta atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh an bhféadfar OIE a eisiúint, ag brath ar cé acu a eisítear OIE chun fianaise nua a bhailiú nó chun fianaise atá ann cheana féin a aistriú. Dá bhrí sin, mar a mhol an Coimisiún, Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín agus Rialtas na Gearmáine, is cás inchomparáide náisiúnta é cás ina n-aistrítear fianaise ó nós imeachta coiriúil amháin go nós imeachta coiriúil eile laistigh den Ghearmáin (mar shampla, ó Oifig Ionchúisitheoir Poiblí München go dtí a mhacasamhail i mBeirlín).

    43.

    Dearbhaítear léiriú den sórt sin le foclaíocht Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE, ina sonraítear gurb iad “an beart imscrúdaitheach/na bearta imscrúdaitheacha a léirítear in OIE” ( 16 ) na bearta sin nach mór don údarás a bheith in ann ordú intíre a dhéanamh. Sa chás seo, is é an beart a léirítear sna OIEnna aistriú na fianaise a bhí i seilbh údaráis na Fraince cheana féin.

    44.

    Is ábhar do dhlí na Gearmáine é an féidir fianaise a aistriú, ar fianaise í a bhaineann le cumarsáid idircheaptha arna bailiú le haghaidh imscrúdú coiriúil amháin nó le haghaidh nós imeachta coiriúil amháin. Ní saincheist é sin a réitítear le Treoir OIE féin; ina ionad sin, tagraítear leis an Treoir sin do dhlí an Stáit eisiúna.

    45.

    An bhfuil aon fheidhm ag na bearta bunúsacha trínar bailíodh an fhianaise sa Fhrainc sa mheasúnú seo?

    46.

    Sa mhéid go leagtar síos leis an dlí náisiúnta coinníollacha maidir le haistriú fianaise idir nósanna imeachta coiriúla, d’fhéadfadh an beart bunúsach a bheith ábhartha. Más rud é, mar shampla, go gcuirfeadh dlí na Gearmáine toirmeasc ar aistriú intíre teileachumarsáidí idircheaptha ó chás coiriúil amháin go cás coiriúil eile, bheadh cosc ar an údarás eisiúna aistriú trasteorann den sórt sin a ordú freisin.

    47.

    Is cosúil nach amhlaidh atá sna himeachtaí seo, áfach. Ag an éisteacht, dheimhnigh Rialtas na Gearmáine gur féidir fianaise a aistriú idir dhá nós imeachta choiriúla faoi dhlí na Gearmáine, lena n-áirítear fianaise a bailíodh trí idircheapadh cumarsáide. Déantar foráil choinníollacha aistrithe den sórt sin i Strafprozessordnung na Gearmáine (Cód um Nós Imeachta Coiriúil; “an StPO”). Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé dlí na Gearmáine a léiriú chun a chinneadh an amhlaidh go deimhin. ( 17 )

    48.

    Mar sin féin, ní cheanglaítear ar an údarás eisiúna le Treoir OIE, cuirtear cosc air fiú amháin, a mheas an ndearnadh na bearta foluiteacha a rinneadh sa Bhallstát forghníomhaitheach trínar bailíodh an fhianaise go dleathach. Agus OIE á eisiúint aige chun fianaise atá ann cheana a aistriú, tá an t-údarás eisiúna faoi cheangal ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, atá mar bhonn agus mar thaca ag an gcomhar in ábhair choiriúla san Aontas Eorpach. Ach amháin má chinntear go bhfuil na bearta bunúsacha neamhdhleathach in imeachtaí breithiúnacha sa Fhrainc, nach mór don duine lena mbaineann a bheith in ann a thionscnamh ( 18 ), ní bheidh an t-údarás eisiúna in ann a ndlíthiúlacht a cheistiú.

    49.

    D’áitigh M.N. go bhféadfaí teacht timpeall ar chosaint daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine cúisithe faoi dhlí an Stáit eisiúna trí idirdhealú a dhéanamh idir aistriú na fianaise agus na bearta trínar bailíodh iad. Dar leis, d’iompaigh údaráis na Gearmáine ar a gcomhghleacaithe Francacha chun fianaise a fháil atá contrártha le dlí na Gearmáine.

    50.

    Ní léirítear amhras go bhfuil mí-úsáid nósanna imeachta imscrúdaithe trasteorann mar thoradh ar imthosca an cháis seo. Fuair an Fhrainc seilbh ar an bhfianaise i gceist le linn a himscrúdaithe choiriúil féin. Fiú má tharla an fhianaise sin a bheith ina díol spéise don Ghearmáin chomh maith, níor thosaigh an Fhrainc á bailiú chun críocha imscrúdú coiriúil na Gearmáine. Dá bhrí sin, fiú dá mba fhíor nach n-údaródh breitheamh Gearmánach idircheapadh den sórt sin dá ndéanfaí é sa Ghearmáin, tá na bearta sin déanta ag údaráis na Fraince i gcomhréir le dlí na Fraince, agus le húdarú ó chúirt inniúil de chuid na Fraince.

    51.

    Cé go bhfuil difríocht shuntasach idir córais dlí choiriúil na mBallstát ( 19 ), ní hionann sin agus go gcosnaítear le córas amháin cearta bunúsacha daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe ach go sáraítear le córas eile iad. Ina ionad sin, braitheann comhar breithiúnach an Aontais in ábhair choiriúla ar an toimhde go n-urramaíonn na Ballstáit uile cearta bunúsacha. Cé go bhféadfaí an toimhde sin a chur ar ceal i gcás ar leith os comhair na cúirte inniúla, ní féidir leis sin amhras a chaitheamh ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí is bun le OIE agus le hionstraimí eile comhair in ábhair choiriúla.

    52.

    Dá bhrí sin, faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE, ní mór don údarás eisiúna a sheiceáil an bhféadfar, laistigh den Ghearmáin, na sonraí arna mbailiú ag idircheapadh teileachumarsáidí chun críoch nós imeachta choiriúil amháin a aistriú chuig nós imeachta coiriúil eile. Más amhlaidh atá, féadfaidh an t-údarás sin OIE a eisiúint le haghaidh aistriú fianaise arna bailiú ag idircheapadh teileachumarsáidí i mBallstát eile de chuid an Aontais. Agus OIE den sórt sin á eisiúint aige, ní fhéadfaidh an t-údarás eisiúna dlíthiúlacht na mbeart trínar bailíodh fianaise sa Bhallstát forghníomhaitheach a cheistiú.

    53.

    Ar deireadh, lena ceist mhalartach 3(b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé ábhartha go raibh sonraí ar fhóin phóca úsáideoirí sa Ghearmáin san áireamh san idircheapadh a rinne an Stát forghníomhaitheach, nó go raibh idircheapadh den sórt sin ar mhaithe le hionchúisimh choiriúla sa Stát sin. Táim den tuairim nach bhfuil baint ar bith ag na himthosca sin, fiú má tá siad ceart, le léiriú Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE.

    54.

    Ar an gcéad dul síos, níl sé ábhartha d’infheidhmeacht Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE go ndearnadh an t-idircheapadh i ndáil le fóin phóca úsáideoirí i gcríoch na Gearmáine: beag beann ar an áit ar bailíodh an fhianaise, chun í a aistriú ón bhFrainc go dtí an Ghearmáin trí OIE, tá sé riachtanach rialacha na Gearmáine is infheidhme maidir le cás inchomparáide náisiúnta a chomhlíonadh.

    55.

    Ar an dara dul síos, is toimhde fhíorasach gan bhunús san ordú tarchuir é an toimhde go ndearna údaráis na Fraince an chumarsáid a idircheapadh ar mhaithe leis an nGearmáin agus ní féidir leis an gCúirt tátail a bhaint aisti; níos tábhachtaí fós, ní eascraíonn aon ní as Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE lena bhféadfaí a mheas go bhfuil leas an Stáit eisiúna ábhartha dá léiriú.

    Conclúid eatramhach

    56.

    I gcás ina n-eisítear OIE chun fianaise atá i seilbh Stáit eile cheana féin a aistriú, ceanglaítear ar an údarás eisiúna leis an tagairt do chás inchomparáide náisiúnta faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE chun a shuíomh cé acu agus faoi cé acu coinníollacha faoinar féidir leis an dlí náisiúnta ábhartha fianaise a aistriú a bhailítear trí chumarsáid a idircheapadh idir nósanna imeachta coiriúla náisiúnta.

    57.

    Agus cinneadh á dhéanamh an féidir leis OIE a eisiúint chun fianaise atá ann cheana a aistriú, ní féidir leis an údarás eisiúna measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht bhailiú bunúsach na fianaise sa Stát forghníomhaitheach a bhfuil a haistriú ag teastáil ó OIE.

    58.

    Ní bheidh tionchar ag an bhfíoras go ndearnadh na bearta bunúsacha ar chríoch an Stáit eisiúna, nó go raibh siad chun leasa an Stáit sin, ar an bhfreagra roimhe sin.

    2. Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE agus an t-údarás eisiúna inniúil

    59.

    Measann an chúirt a rinne an tarchur gur chóir go mbeadh OIEnna sa chás seo eisithe ag cúirt, seachas ag ionchúisitheoir poiblí. I ndáil leis sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an eascraíonn conclúid den chineál sin ó léamh comhcheangailte Airteagal 2(c)(i) agus Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE agus, ar an dara dul síos, an mbíonn tionchar ar fhreagra na ceiste cibé an ndearna údaráis na Fraince fóin phóca a idircheapadh ar chríoch na Gearmáine.

    60.

    Tá mínithe ag an gCúirt cheana féin go bhfuil Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE ábhartha chun an t-údarás eisiúna inniúil a chinneadh i gcás ar leith. In Spetsializirana Prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh), nasc an Chúirt Airteagal 2(c)(i) de Threoir OIE le hAirteagal 6(1)(b) de. ( 20 ) Mhínigh sí nach mór do chúirt OIE a eisiúint má cheanglaítear amhlaidh le dlí an Bhallstáit eisiúna maidir leis an mbeart céanna i gcomhthéacs náisiúnta. ( 21 ) I gcás den sórt sin, is í an chúirt an t-údarás eisiúna inniúil in ainneoin go luaitear an t-ionchúisitheoir poiblí in Airteagal 2(c)(i) den Treoir sin. ( 22 )

    61.

    I mbeagán focal, féadfaidh ionchúisitheoir poiblí a bheith ina údarás eisiúna i bprionsabal, ach is é an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás inchomparáide náisiúnta a chinneann an t-údarás eisiúna atá inniúil i gcás nithiúil.

    62.

    Agus an anailís a rinne mé roimhe seo ar an méid a thuigfear mar chás inchomparáide náisiúnta faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE á cur san áireamh nuair a eisítear OIE chun fianaise atá ann cheana a aistriú, ba cheart go mbeadh OIE eisithe ag cúirt má cheanglaítear le dlí na Gearmáine é in aistriú intíre ar na sonraí teileachumarsáide arna n-idircheapadh.

    63.

    Dá bhrí sin, chun an t-údarás eisiúna inniúil a chinneadh, ní bhaineann sé le hábhar an mbeadh ar chúirt na bearta idircheaptha a údarú faoi dhlí na Gearmáine. Ní gá ach an cheist a chur i dtaobh an mbeadh ar chúirt cás a leithéid inchomparáide náisiúnta a údarú. Ní cosúil gurb amhlaidh faoi dhlí na Gearmáine.

    64.

    Bíodh sé sin ráite, tá buairt amháin thábhachtach fós ann. Dá n-aistreofaí fianaise a bhí ann go hinmheánach, ó ionchúisitheoir poiblí amháin go hionchúisitheoir eile (mar shampla, ó München go Beirlín), d’ordódh cúirt an beart bunúsach maidir le teileachumarsáidí a idircheapadh, faoi dhlí na Gearmáine. Dá bhrí sin, bheadh comhréireacht an chur isteach ar chearta bunúsacha á rialú ag cúirt. Fágann sé sin go bhfuil sé inghlactha, ó thaobh cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe a chosaint, úsáid na fianaise sin a cheadú i nós imeachta coiriúil eile gan baint arís eile a bheith ag cúirt leis.

    65.

    Mar sin féin, nuair atá an bunbheart á rialú de bhun córas dlí eile, bíonn feidhm i gcomhthéacs difriúil, anaithnideacht le riail nach n-éilítear rialú breithiúnach léi ar aistriú fianaise atá ann cheana féin. ( 23 )

    66.

    Mar sin féin, sa chás seo, d’údaraigh cúirteanna na Fraince idircheapadh teileachumarsáidí. ( 24 ) Ceanglaítear le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ar a mbunaítear córas OIE, ar údaráis na Gearmáine an luach céanna ar a leagan ar an gcéim nóis imeachta sin agus a leagfadh siad uirthi ar bhonn intíre. Is amhlaidh atá, fiú más rud é, i gcás nithiúil, go ndéanfadh cúirt Ghearmánach cinneadh éagsúil.

    67.

    Cad a tharlódh mura n-éileofaí údarú breithiúnach ar na bearta idircheaptha le dlí na Fraince? Ag an éisteacht, chuir an Coimisiún in iúl go mbeadh an cás difriúil i gcás den sórt sin, ag líomhain ar an gcaoi sin go bhféadfaí OIE lenar iarradh aistriú fianaise atá ann cheana a mheas a bheith contrártha le dlí an Aontais dá mba rud é nach ndearna cúirteanna na Fraince an beart bunúsach a údarú. Thabharfadh sé sin le fios nach bhfuil Airteagal 6(1)(b) de Threoir OIE go hiomlán difriúil leis an mbeart bunúsach nuair a eisítear OIE chun fianaise atá ann cheana a aistriú.

    68.

    I gcás ina dtugtar de chumhacht leis an dlí náisiúnta d’ionchúisitheoir poiblí aistriú fianaise a iarraidh toisc gur údaraigh cúirt bailiú bunaidh na fianaise sin, i mo thuairim, bíonn an riail náisiúnta sin, ábhartha faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir EIO. Ciallaíonn sé sin nach mór don údarás eisiúna a fhíorú an bhfuair an beart bunúsach údarú breithiúnach mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta. Mar sin féin, ní bheadh an t-údarás eisiúna in ann cáilíocht údaraithe den sórt sin a cheistiú, ach ina ionad sin bheadh air glacadh leis an údarú breithiúnach sa Stát forghníomhaitheach ar an mbealach céanna agus a bheadh sé ina údarú náisiúnta.

    69.

    Más rud é, áfach, nach raibh baint ag an Stát forghníomhaitheach le cúirt maidir leis an mbeart bunúsach a údarú, cé go gceanglódh an Stát eisiúna é i gcás inchomparáide náisiúnta, féadfaidh an Stát sin údarú breithiúnach a éileamh chun OIE a eisiúint chun fianaise atá ann cheana a aistriú. Is é sin an cás fiú mura n-éilíonn sé údarú den sórt sin in aistriú inmheánach fianaise.

    70.

    Sa chás seo, bhí na céimeanna go léir a glacadh chun sonraí a bhailiú tríd an bhfreastalaí EncroChat sa Fhrainc údaraithe ag cúirteanna inniúla na Fraince. ( 25 ) Dá bhrí sin, ní fheicim aon chúis nach mbeadh ionchúisitheoir poiblí Gearmánach in ann OIE a eisiúint chun an fhianaise sin a aistriú.

    71.

    Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur Ceist mhalartach, 1(b), atá ag brath ar an réamhthuiscint gur chuir údaráis na Gearmáine tús le bailiú na sonraí arna dhéanamh ag an bhFrainc ar mhaithe leis an nGearmáin, a tharla ar chríoch na Gearmáine. ( 26 )

    72.

    Tá an cheist sin hipitéiseach i bpáirt, ós rud é gur tionscnamh de chuid na Fraince a bhí i mbailiú fianaise chun críche a imscrúdaithe féin. Ba é an toradh a bhí ar an idircheapadh teileachumarsáidí ná gur thángthas ar úsáideoirí EncroChat na Gearmáine, seachas an chúis a bhí le tionscnamh an idircheaptha.

    73.

    I mo thuairimse, níl aon bhaint ag roinnt úsáideoirí EncroChat le coincheap údaráis eisiúna. Toisc nach féidir OIE a eisiúint ach do bhearta atá ar fáil i gcás inchomparáide náisiúnta, tá feidhm ag na rialacha náisiúnta céanna maidir leis an údarás eisiúna beag beann ar an áit ina ndearnadh an beart imscrúdaitheach agus cé a rinne é. Is é an t-aon difríocht a bheidh ann cé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear ordú OIE nó ordú imscrúdaithe náisiúnta. ( 27 )

    Conclúid eatramhach

    74.

    Nuair a d’údaraigh breitheamh beart bunúsach sa Stát forghníomhaitheach, ní gá go n-eiseodh breitheamh OIE chun fianaise dá leithéid a aistriú chomh maith, fiú más rud é, faoi dhlí an Stáit eisiúna, go mbeadh ar bhreitheamh bailiú bunúsach na fianaise a ordú.

    75.

    Ní hionann an t-idircheapadh a bheith déanta i gcríoch Bhallstáit eile agus difear a dhéanamh do chinneadh a dhéanamh cad é an t-údarás eisiúna.

    3. Airteagal 6(1)(a) de Threoir OIE agus comhréireacht

    76.

    De réir Airteagal 6(1)(a) de Threoir OIE, ní mór OIE a bheith riachtanach agus comhréireach chun críocha na n-imeachtaí coiriúla, agus cearta an duine atá faoi amhras nó atá cúisithe á gcur san áireamh. ( 28 )

    77.

    Tá an measúnú comhréireachta sin á threorú ag dlí an Aontais agus ag dlí an Stáit eisiúna araon. ( 29 )

    78.

    Ní mór don údarás eisiúna a bheith sásta go bhfuil an OIE riachtanach agus comhréireach i bhfianaise na n-imthosca atá ann an tráth a eisíodh an OIE. I ndáil leis sin, tá an ceart ag M.N. argóint a dhéanamh gur cinnte, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht OIE, an raibh an t-imscrúdú coiriúil an-rathúil agus go raibh ciontuithe iomadúla as coireanna tromchúiseacha mar thoradh air.

    79.

    Is í an cheist ábhartha, ina ionad sin, cé acu atá nó nach bhfuil leibhéal an ionraidh isteach i saol príobháideach i gceist le rochtain an ionchúisitheora phoiblí ar an bhfianaise aistrithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar cuí léi mar gheall ar thábhacht leas an phobail san imscrúdú coiriúil nó sa nós imeachta atá i gceist, agus imthosca an cháis ar leith á gcur san áireamh.

    80.

    I ndáil leis sin, ina cásdlí a bhaineann leis an Treoir maidir le r-Phríobháideachas, ( 30 ) chinn an Chúirt gur cur isteach tromchúiseach ar shaol príobháideach na ndaoine lena mbaineann i gcónaí é rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí tráchta agus suímh. ( 31 )

    81.

    Cé nach bhfuil feidhm mar sin ag an Treoir maidir le r-Phríobháideachas maidir leis an gcás áirithe seo, ( 32 ) tá na torthaí maidir le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha mar thoradh ar rochtain ar shonraí tráchta agus suímh ábhartha don chás seo freisin: d’fhéadfaí cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha a bheith mar shaintréith de rochtain údaráis phoiblí na Gearmáine ar shonraí cumarsáide arna n-aistriú ón bhFrainc. Mar sin féin, d’fhéadfadh leas poiblí atá tábhachtach go comhchuimseach bonn cirt a thabhairt do chur isteach tromchúiseach. ( 33 )

    82.

    Ní fhéadfaidh ach an t-údarás eisiúna (nó an chúirt náisiúnta a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh aici faoi Airteagal 14(2) de Threoir OIE) an leas sin a mheasúnú i bhfianaise imthosca uile an cháis, a rialaítear go príomha leis an dlí náisiúnta. ( 34 ) Mar a mhínigh mé cheana féin, is é an dlí náisiúnta ábhartha ná go rialaítear aistriú fianaise ó nós imeachta coiriúil amháin go nós imeachta coiriúil eile.

    83.

    Ní féidir leis an gCúirt teacht in ionad an údaráis eisiúna ná na cúirte náisiúnta athbhreithnithe sa mheasúnú comhréireachta ar OIE nithiúil. Chomh maith le heaspa inniúlachta a bheith aici chun é sin a dhéanamh, níl eolas iomlán ag an gCúirt ar na dlíthe ábhartha ná ar na fíorais ábhartha go léir a bhaineann le himscrúdú coiriúil ar leith. Dá bhrí sin, ní faoin gCúirt atá sé cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé díréireach a ordú go n-aistreofaí sonraí úsáideoirí uile EncroChat sa Ghearmáin mura raibh aon fhianaise nithiúil ann ar na coireanna a rinneadh.

    84.

    Lena ceist 2(b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart rúndacht an mhodha idircheaptha sonraí a chur san áireamh sa mheasúnú comhréireachta, i gcás nach féidir leis na húdaráis sa Stát eisiúna sláine na sonraí a bhailítear a fhíorú.

    85.

    Dar liomsa, d’fhéadfadh an rúndacht tionchar a imirt ar an bhféidearthacht go gcosnófaí daoine a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe. Mar sin féin, tá sé sin ábhartha maidir le hinghlacthacht fianaise, a ndírítear air sa chúigiú grúpa ceisteanna de chuid na cúirte a rinne an tarchur.

    Conclúid eatramhach

    86.

    Is faoin údarás eisiúna atá sé measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus comhréireacht OIE a iarrann aistriú na fianaise atá ann cheana, agus is féidir leis an gcúirt náisiúnta inniúil athbhreithniú a dhéanamh. Ní mór a chur san áireamh i measúnú den sórt sin gurb ionann rochtain an údaráis náisiúnta ar na sonraí cumarsáide arna n-idircheapadh agus cur isteach tromchúiseach ar shaol príobháideach na ndaoine lena mbaineann. Ní mór an cur isteach sin a fhrithchothromú le leas tromchúiseach an phobail maidir le coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    4. An gceanglaítear ar chúirt le dlí an Aontais measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht i gcásanna ina gcuirtear isteach go tromchúiseach ar chearta bunúsacha?

    87.

    Lena ceist 1(c), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gceanglaítear le dlí an Aontais, d’ainneoin an dlí náisiúnta is infheidhme, ar chúirt rochtain a údarú d’ionchúisitheoir poiblí ar fhianaise a fuarthas trí chumarsáidí a idircheapadh.

    88.

    Mhol an chúirt a rinne an tarchur gur gá údarú breithiúnach a fháil i gcónaí chun OIE a eisiúint le haghaidh aistriú fianaise ar dlúthchuid di iad na teileachumarsáidí arna n-idircheapadh. Thagair an chúirt sin don bhreithiúnas in Prokuratuur.

    89.

    Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt go bhfuil gá le húdarú roimh ré ó chúirt nó ó chomhlacht neamhchlaonta eile chun rochtain a thabhairt d’údaráis phoiblí ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí teileachumarsáide. ( 35 ) Bhí an Chúirt ag brath ar argóint láidir a hAbhcóide Ghinearálta, ( 36 ) agus dá réir sin ní féidir a mheas go bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, ar páirtí é sa nós imeachta coiriúil, neamhchlaonta. Ar an gcúis sin, tá amhras ann an féidir le comhlacht den sórt sin an measúnú comhréireachta a dhéanamh gan leasanna an ionchúisimh a chur chun cinn ar mhaithe le príobháideacht agus cosaint sonraí daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe.

    90.

    Ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir OIE go mbeadh OIE comhréireach, féadfar a iarraidh, de réir loighic Prokuratuur, an féidir ionchúisitheoir poiblí a chur de chúram riamh ar measúnú comhréireachta den sórt sin a dhéanamh

    91.

    D’fhág Treoir OIE breithmheas an féidir le hionchúisitheoir poiblí OIE a eisiúint do dhlíchórais náisiúnta. Tá ciall leis sin i bhfianaise na ndifríochtaí in eagrú na gcóras ceartais choiriúil sna Ballstáit. Is é atá i gceist leis an mbreithmheas sin a dhéanann dlíchórais náisiúnta an féidir le hionchúisitheoir poiblí measúnú neamhchlaonta comhréireachta a dhéanamh. Dá mba rud é toisc gur páirtí sna himeachtaí coiriúla é, bheadh sé míchuí d’ionchúisitheoir poiblí Airteagal EIO a eisiúint, bheadh Airteagal 2(c)(i) de Threoir OIE gan bhrí.

    92.

    Mar sin féin, theastaigh ón gcúirt a rinne an tarchur a mholadh nár cheart do dhlí an Aontais seasamh isteach agus údarú breithiúnach a éileamh ach amháin nuair a bhíonn cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha i gceist le bearta. Ba é sin, an staid in Prokuratuur agus cásanna eile a bhaineann leis an Treoir maidir le r-Phríobháideachas.

    93.

    Is é an freagra gearr nach bhfuil feidhm ag an Treoir maidir le r-Phríobháideachas ná ag an gcásdlí ábhartha maidir leis an gcás seo. Níl siad ábhartha ach amháin nuair a cheanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí teileachumarsáide leis an dlí náisiúnta sonraí tráchta agus suímh a bhaineann le teileachumarsáidí a choinneáil agus nuair a éilíonn údaráis phoiblí rochtain ar na sonraí a choinnítear amhlaidh. Nuair a dhéanann na Ballstáit idircheapadh go díreach gan aon oibleagáidí a bheith forchurtha ar sholáthraithe seirbhísí teileachumarsáide, níl feidhm ag an Treoir maidir le r-Phríobháideachas, ach tá feidhm ag an dlí náisiúnta. ( 37 )

    94.

    Má scrúdaimid go grinn, áfach, loighic an bhreithiúnais in Prokuratuur, mar a mhol an chúirt a rinne an tarchur, féadfaimid a iarraidh orainn féin, mar sin féin, cén fáth ar chinn an Chúirt nach bhfuil ionchúisitheoir poiblí, de bharr chineál a feidhmeanna, in ann measúnú neamhchlaonta comhréireachta a dhéanamh maidir le rochtain ar shonraí teileachumarsáide a iarraidh ó sholáthraithe seirbhísí líonra.

    95.

    I gcomhthéacs na Treorach maidir le r-Phríobháideachas, is iad na sonraí a bhfuil rochtain ag ionchúisitheoir poiblí orthu i gcónaí na sonraí sin atá i seilbh oibreoirí teileachumarsáide a gceanglaítear orthu, faoin dlí náisiúnta, sonraí tráchta agus suímh an phobail i gcoitinne a choinneáil. Ní bhaineann cás ar leith leis na sonraí a choinnítear, seachas i gcás ollfhaireachais. Is é an t-iarratas ar rochtain ó ionchúisitheoir poiblí chun críoch imscrúdaithe choiriúil nithiúil an chéad uair inar féidir imthosca aonair a chur san áireamh. Dá bhrí sin, bhí údar maith lena cheangal go ndéanfadh cúirt measúnú ar chomhréireacht na rochtana sin ó tharla go bhfuil gá le rannpháirtíocht cúirte chun cosc a chur ar mhí-úsáid na rochtana ar shonraí a ndéantar ollchoinneáil ghinearálta orthu.

    96.

    Déantar idirdhealú mar sin idir na torthaí sa bhreithiúnas in Prokuratuur agus an staid sa chás seo. Sa chás seo, ní bhailítear na sonraí atá le haistriú go neamh-idirdhealaitheach ón daonra ar fad, ach chun críoch imscrúdaithe choiriúil nithiúil sa Fhrainc. Sa chéad chéim sin inar cuireadh na sonraí sin ar fáil, bhí bailiú na sonraí sin faoi rialú cúirte.

    97.

    Dá bhrí sin, ní hionann an leibhéal ionraidh i gcearta bunúsacha príobháideachais agus cosanta sonraí, a spreag an breithiúnas in Prokuratuur, agus leibhéal an ionraidh i scéim an cháis seo. Bhí na sonraí, ar iarradh leis na trí OIE a d’eisigh Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt iad a aistriú, teoranta d’úsáideoirí EncroChat amháin sa Ghearmáin i gcomhthéacs ina raibh amhras ann go n-úsáidtear an tseirbhís sin go príomha chun cionta coiriúla a dhéanamh.

    98.

    Ní hé sin le rá nach tábhachtach é cur isteach i saol príobháideach na ndaoine sin. Mar sin féin, níl sé fós inchomparáide leis an ollfhaireachas ar an bpobal i gcoitinne.

    99.

    Cé is moite d’oibleagáid a chur ar an údarás eisiúna a mheasúnú comhréireachta a dhéanamh agus a mhíniú, tugtar coimircí breise i dTreoir OIE. Má sháraíonn ionchúisitheoirí poiblí cearta bunúsacha, ceanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir OIE ar na Ballstáit leigheasanna dlí atá coibhéiseach leis na leigheasanna atá ar fáil i gcás inchomparáide náisiúnta a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an duine a bhfuil amhras faoi nó atá cúisithe in ann agóid a dhéanamh i gcoinne an mheasúnaithe comhréireachta a rinne an t-ionchúisitheoir poiblí agus OIE á eisiúint aige chun fianaise a aistriú. ( 38 ) Ní mar sin atá i gcomhthéacs na Treorach maidir le r-Phríobháideachas.

    100.

    Ar deireadh, ba mhaith liom plé gairid a dhéanamh ar ábharthacht na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí ( 39 ) chun an t-údarás eisiúna a chinneadh. Tháinig an cheist sin chun cinn toisc gur mhínigh an Chúirt, ina breithiúnas in La Quadrature du Net, nach bhfuil feidhm ag an Treoir maidir le r-Phríobháideachas maidir le hidircheapadh díreach sonraí; ina ionad sin, tá feidhm ag an dlí náisiúnta, “faoi réir chur i bhfeidhm [na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí]’ ( 40 ). Is í an cheist, dá bhrí sin, an leanann an oibleagáid atá ar chúirt OIE a eisiúint chun fianaise atá ann cheana a aistriú, nuair atá an fhianaise comhdhéanta de na sonraí arna n-idircheapadh, mar thoradh ar an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí.

    101.

    Is féidir an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, lena gcosnaítear sonraí pearsanta i réimse na n-imscrúduithe coiriúla, a chur i bhfeidhm maidir le himthosca an cháis seo. ( 41 ) Mar sin féin, i mo thuairimse, níl aon riail sa Treoir sin lena gcuirtear ar chumas na Cúirte a chinneadh go bhforchuirtear le dlí an Aontais an oibleagáid ar na Ballstáit údarú breithiúnach roimh ré a áirithiú maidir le rochtain dhíreach ag an ionchúisitheoir poiblí ar shonraí a fhaightear trí idircheapadh cumarsáidí.

    102.

    Rialaítear leis an Treoir sin oibleagáidí na n-údarás poiblí a ghníomhaíonn mar rialaitheoirí sonraí, a gceanglaítear orthu, i measc nithe eile, measúnú comhréireachta a dhéanamh ( 42 ), ach ní chinneann sí cé na húdaráis a d’fhéadfadh a bheith ann.

    Conclúid eatramhach

    103.

    Ní cheanglaítear le dlí an Aontais go n-eiseodh cúirt OIE le haghaidh aistriú fianaise atá ann cheana a bailíodh trí theileachumarsáidí a idircheapadh, má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta go bhféadfaidh ionchúisitheoir poiblí aistriú den sórt sin a ordú i gcás inchomparáide náisiúnta.

    D.   Airteagal 31 de Threoir OIE agus an ceanglas maidir le fógra a thabhairt

    104.

    Lena ceathrú grúpa ceisteanna, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart go mbeadh idircheapadh cumarsáide a rinne údaráis na Fraince faoi réir oibleagáide chun fógra a thabhairt faoi Airteagal 31 de Threoir OIE. Más amhlaidh atá, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin ar cheart fógra den sórt sin a chur faoi bhráid breithimh, ós rud é nach bhféadfadh ach breitheamh amháin a údarú cumarsáid a idircheapadh faoi dhlí na Gearmáine.

    105.

    Is mar seo a leanas a fhoráiltear sna codanna ábhartha d’Airteagal 31 de Threoir OIE:

    “(1)   Más rud é, chun críche beart imscrúdaitheach a dhéanamh, go n-údaraíonn údarás inniúil Ballstáit amháin (“Ballstát an idircheaptha”) teileachumarsáidí a idircheapadh agus go bhfuil seoladh cumarsáide an duine is ábhar don idircheapadh atá sonraithe san ordú idircheaptha á úsáid ar chríoch Bhallstáit eile (“an Ballstát dá dtugtar fógra”) nach bhfuil aon chúnamh teicniúil ag teastáil uaidh chun an idircheapadh a dhéanamh, tabharfaidh an Ballstát a dhéanann an t-idircheapadh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit dár tugadh fógra maidir leis an idircheapadh:

    (a)

    roimh an idircheapadh i gcásanna inarb eol d’údarás inniúil Bhallstát an idircheaptha, tráth an idircheapadh a ordú, go bhfuil nó go mbeidh an duine is ábhar don idircheapadh ar chríoch an Bhallstáit dár tugadh fógra;

    (b)

    le linn an idircheaptha nó tar éis don idircheapadh a bheith déanta, díreach tar éis dó teacht ar an eolas go bhfuil nó go raibh an duine is ábhar don idircheapadh le linn an idircheaptha, ar chríoch an Bhallstáit dá dtugtar fógra.

    2.   Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn C.

    […]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    106.

    Baineann Airteagal 31 de Threoir OIE le cásanna ina ndéanann Ballstát amháin teileachumarsáidí a idircheapadh i gcríoch Bhallstáit eile, gan gá le haon chúnamh teicniúil ón dara Stát sin. ( 43 )

    107.

    Tá dhá chuspóir leis an bhforáil sin. Ar an gcéad dul síos, is é an ról atá ag an oibleagáid fógra a thabhairt ná muinín fhrithpháirteach a neartú i measc rannpháirtithe an Limistéir Saoirse, Slándála agus Ceartais ( 44 ), agus é ag leanúint ar aghaidh le cúirtéis idirnáisiúnta ó shocruithe maidir le cúnamh frithpháirteach dlíthiúil a bhí ann roimhe seo. ( 45 )Ar an dara dul síos, is é ról an fhógra a chur ar chumas an Bhallstáit dár tugadh fógra cearta bunúsacha daoine aonair ar a chríoch a chosaint. ( 46 )

    108.

    Tá feidhm ag Airteagal 31 de Threoir OIE maidir le cás ina bhfuil beart trasteorann i bhfeidhm, cé nach bhfuil OIE ann, toisc go bhfuil sé á dhéanamh go haontaobhach ag Ballstát amháin. ( 47 )

    109.

    Eascraíonn an léirmhíniú sin as foclaíocht Airteagal 31 de Threoir OIE, nach luaitear ann go n-eisítear OIE in aon chor, murab ionann agus Airteagal 30. Mar an gcéanna, ní úsáidtear na focail “eisiúint” ná “forghníomhaitheach” in Airteagal 31, ach “Ballstát an idircheaptha” agus “an Ballstát dá dtugtar fógra”. ( 48 )

    110.

    Dar liomsa, tá an fhoráil sin dírithe go beacht ar chásanna amhail sonraí teileachumarsáide ar fhóin phóca sa Ghearmáin a idircheapadh ag an bhFrainc i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil na Fraince. Dá bhrí sin, ba cheart don Fhrainc údaráis na Gearmáine a chur ar an eolas a luaithe a thuig sí gur tháinig cuid de na sonraí arna n-idircheapadh ó fhóin phóca sa Ghearmáin. ( 49 )

    111.

    Cén t-údarás Gearmánach ba cheart don Fhrainc a bheith curtha in iúl? Ní fhorchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit le Treoir OIE a chur in iúl cén údarás náisiúnta atá inniúil chun fógraí den sórt sin a fháil, mar a dhéanann sé i gcásanna áirithe eile. ( 50 ) Dá bhrí sin, ní féidir le Stát an idircheaptha a bheith ar an eolas faoin gcomhlacht atá inniúil chun fógra den sórt sin a fháil sa Bhallstát dá dtugtar fógra.

    112.

    Dá bhrí sin, ní raibh oibleagáid ar an bhFrainc fógra a thabhairt do chúirt inniúil de chuid na Gearmáine, ach d’fhéadfadh sí fógra a thabhairt freisin, mar shampla, d’ionchúisitheoir poiblí. Is faoi na Ballstáit dár tugadh fógra atá sé an fógra sin a fháil agus é a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil faoin dlí náisiúnta.

    Conclúid eatramhach

    113.

    Ní mór do Bhallstát a dhéanann idircheapadh ar theileachumarsáidí ar chríoch Bhallstáit eile le linn a imscrúdaithe choiriúil aontaobhaigh nó a nós imeachta choiriúil aontaobhaigh fógra a thabhairt don Stát eile sin faoin idircheapadh.

    114.

    Féadfar an fógra sin a chur faoi bhráid aon údarás a mheasann Ballstát an idircheaptha a bheith iomchuí, ós rud é nach féidir leis an Stát sin a fhios a bheith aige cén t-údarás atá inniúil i gcás inchomparáide náisiúnta.

    115.

    Tá sé mar chuspóir ag Airteagal 31 de Threoir OIE úsáideoirí teileachumarsáide aonair lena mbaineann agus ceannasacht an Bhallstáit dár tugadh fógra a chosaint.

    E.   Inghlacthacht fianaise

    116.

    Lena cúigiú grúpa ceisteanna, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil neamh-inghlacthacht na fianaise sin sa nós imeachta coiriúil sa Bhallstát eisiúna mar thoradh ar an gcinneadh gur eisíodh OIE ar neamhréir le ceanglais Threoir OIE. Braitheann an chúirt sin ar phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Déantar an dara ceann a agairt ar bhealach a dhéanfadh dochar d’éifeachtacht na Treorach sin dá mba rud é go n-úsáidfí an fhianaise a fhaightear contrártha do Threoir OIE mar sin féin sa Stát eisiúna.

    117.

    Is féidir leis an bhfreagra ar an ngrúpa ceisteanna seo a bheith gearr: ní rialaítear le dlí an Aontais inghlacthacht fianaise i nósanna imeachta coiriúla.

    118.

    Cé go bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas Eorpach faoi Airteagal 82(2)(a) CFAE comhchuibhiú íosta a thabhairt isteach ar inghlacthacht fhrithpháirteach fianaise, níor tharla sé sin go fóill. ( 51 )

    119.

    Is sa dara habairt d’Airteagal 14(7) de Threoir OIE a thugtar an t-aon lua maidir le measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a fhaightear trí OIE: “Gan dochar do rialacha nóis imeachta náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar, in imeachtaí coiriúla sa Stát eisiúna, cearta na cosanta agus cothroime na n-imeachtaí agus measúnú á dhéanamh acu ar fhianaise a fuarthas tríd an OIE”. ( 52 )

    120.

    Ag an éisteacht, nuair a iarradh air an bhfuil aon tionchar ag an bhforáil sin ar na rialacha maidir le hinghlacthacht fianaise sna Ballstáit, d’áitigh an Coimisiún go mbeadh an chonclúid sin ag dul i bhfad rófhada. Mhínigh sé nach bhforáiltear leis an abairt sin ach meabhrúchán gur gá na cearta a chosnaítear le hAirteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), a urramú. D’fhéadfainn aontú le léiriú den sórt sin, ina n-aithnítear nach bhfuil próiseas polaitiúil an Aontais ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir le hinghlacthacht fianaise a rialáil.

    121.

    De réir mar is fearr is eol dom, is é Airteagal 37(1) de Rialachán OIPE an ceann is gaire do rialáil a dhéanamh ar inghlacthacht fianaise i ndlí an Aontais Eorpaigh: ( 53 )“Ní dhiúltófar fianaise a thíolacfaidh ionchúisitheoirí OIPE nó an cosantóir do chúirt toisc gurbh i mBallstát eile nó i gcomhréir le dlí Ballstáit eile a bailíodh í, agus dá thoisc sin amháin.”

    122.

    Mar sin féin, ní chuirtear in iúl leis an bhforáil sin ach nár cheart fianaise a dhiúltú toisc gur bailíodh í thar lear nó faoi dhlí Ballstáit eile. Ní chuirtear srianta breise ar an mbreitheamh náisiúnta maidir leis an gcaoi a bhfuil sé chun inghlacthacht fianaise a mheas.

    123.

    Is féidir teacht ar an gcur chuige céanna i gcásdlí an ECtHR. Chinn an chúirt sin go soiléir gur ábhar dlí náisiúnta é inghlacthacht fianaise, ( 54 ) ach nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 6 ECHR, “breithneoidh an Chúirt na himeachtaí ina n-iomláine, ag féachaint do chearta na cosanta ach freisin do leasanna an phobail agus na n-íospartach in ionchúiseamh cuí na coire agus, i gcás inar gá, do chearta finnéithe”. ( 55 )

    124.

    Cé go bhfuil an litríocht ríthábhachtach maidir le neamhdhóthanacht an chaighdeáin sin, go háirithe i bhfianaise na ndifríochtaí idir dlíthe nóis imeachta na mBallstát, ( 56 ) ní athraítear leis sin nach rialaítear inghlacthacht fianaise ar leibhéal an Aontais faoi láthair.

    125.

    Ar an iomlán, sa staid reatha ina bhfuil dlí an Aontais á fhorbairt, rialaítear le dlíthe na mBallstát an cheist an bhfuil fianaise a fhaightear de shárú ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Aontais inghlactha.

    126.

    Is beag na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mura gcloífí leis na coinníollacha maidir le OIE a eisiúint i dTreoir OIE agus níl a lán acu ann: foráiltear le hAirteagal 6(3) de Threoir OIE, má chreideann an t-údarás forghníomhaitheach nár comhlíonadh Airteagal 6(1), go bhféadfaidh sé dul i gcomhairle leis an údarás eisiúna maidir leis an tábhacht a bhaineann le OIE a fhorghníomhú, agus tar éis comhairliúchán den sórt sin, féadfaidh an t-údarás eisiúna cinneadh a dhéanamh OIE a tharraingt siar.

    127.

    Mar chonclúid, is ábhar a bhaineann leis an dlí náisiúnta, de thuras na huaire, an tsaincheist maidir le hinghlacthacht fianaise. Maidir le hábhair a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais ina leith, áfach, níor cheart go sáródh na forálacha náisiúnta ábhartha Airteagail 47 agus 48 den Chairt. ( 57 )

    128.

    Tá feidhm ag prionsabail nóis imeachta na coibhéise agus na héifeachtachta maidir le cásanna ina ndeonaítear cearta le dlí an Aontais cearta do dhaoine aonair gan leigheasanna. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar ceart an Aontais a bhaint amach faoi na coinníollacha céanna le ceart náisiúnta inchomparáide, agus níor cheart go bhfágfadh na rialacha nóis imeachta is infheidhme go mbeadh forfheidhmiú na gceart sin dodhéanta go fíorúil. ( 58 )

    129.

    Mar sin féin, níl aon cheart ann maidir le h(in)ghlacthacht fianaise a thugtar do dhaoine aonair ar bhonn dhlí an Aontais. Níl aon chur i bhfeidhm ag prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

    130.

    Ar deireadh, fiú más rud é go bhféadfadh neamh-inghlacthacht fianaise mar thoradh ar shárú Threoir OIE (d’fhéadfaí a rá) a héifeachtúlacht a mhéadú, ní thugann sé sin de chumhacht don Chúirt riail den sórt sin a chruthú.

    Conclúid eatramhach

    131.

    Ní rialaítear le dlí an Aontais, ag an gcéim seo dá fhorbairt, inghlacthacht fianaise a bhailítear trí OIE a eisítear contrártha do cheanglais Threoir OIE. Is faoin dlí náisiúnta atá inghlacthacht fianaise, ar gá dó, áfach, ceanglais na gceart cosanta in Airteagail 47 agus 48 den Chairt a chomhlíonadh.

    IV. Conclúid

    132.

    I bhfianaise na mbreithnithe thuas, molaim go dtabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais freagra mar seo a leanas ar na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú ó Landgericht Berlin (Cúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin) a fhreagairt mar a leanas:

    Mar fhreagra ar an gcéad ghrúpa de cheisteanna dá dtarchuirtear:

    Nuair a d’údaraigh breitheamh beart bunúsach sa Stát forghníomhaitheach, ní gá go n-eiseodh breitheamh, Ordú Imscrúdaithe Eorpach (OIE) chun fhianaise a aistriú chomh maith, fiú más rud é, faoi dhlí an Stáit eisiúna, go mbeadh ar bhreitheamh bailiú bunúsach na fianaise a ordú.

    Ní dhéantar difear maidir leis an údarás eisiúna a chinneadh mar gheall ar an idircheapadh a bheith déanta i gcríoch Bhallstáit eile agus an t-údarás eisiúna a chinneadh.

    Ní cheanglaítear ar chúirt le dlí an Aontais OIE a eisiúint le haghaidh aistriú fianaise atá ann cheana féin a bailíodh trí theileachumarsáidí a idircheapadh, má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta go bhféadfaidh ionchúisitheoir poiblí aistriú den sórt sin a ordú i gcás inchomparáide náisiúnta.

    Mar fhreagra ar an dara grúpa de cheisteanna dá dtarchuirtear:

    Is faoin údarás eisiúna atá sé measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus ar chomhréireacht OIE lena n-iarrtar aistriú na fianaise atá ann cheana féin, leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an chúirt náisiúnta inniúil athbhreithniú. Ní mór a chur san áireamh i measúnú den sórt sin gurb ionann rochtain an údaráis náisiúnta ar na sonraí cumarsáide arna n-idircheapadh agus cur isteach tromchúiseach ar shaol príobháideach na ndaoine lena mbaineann. Ní mór an cur isteach sin a fhrithchothromú le leas dáiríre an phobail maidir le coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    Mar fhreagra ar an tríú grúpa de cheisteanna dá dtarchuirtear:

    I gcás ina n-eisítear OIE chun fianaise atá i seilbh Stáit eile cheana féin a aistriú, ceanglaítear ar an údarás eisiúna leis an tagairt a dhéantar do chás inchomparáide náisiúnta, faoi Airteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, a shuíomh cé acu agus faoi na coinníollacha faoinar féidir leis an dlí náisiúnta ábhartha fianaise a aistriú a bhailítear trí chumarsáid a idircheapadh idir nósanna imeachta coiriúla náisiúnta.

    Agus cinneadh á dhéanamh an féidir leis OIE a eisiúint chun fianaise atá ann cheana a aistriú, ní féidir leis an údarás eisiúna measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht bhailiú bunúsach na fianaise sa Stát forghníomhaitheach a bhfuil a aistriú ag teastáil ó OIE.

    Ní bheidh tionchar ag an bhfíoras go ndearnadh na bearta bunúsacha ar chríoch an Stáit eisiúna, nó gur chun leasa an Stáit sin a bhíodar, ar an bhfreagra roimhe sin.

    Mar fhreagra ar an gceathrú grúpa de cheisteanna dá dtarchuirtear:

    Ní mór do Bhallstát a dhéanann idircheapadh ar theileachumarsáidí ar chríoch Bhallstáit eile le linn a imscrúdaithe choiriúil aontaobhaigh nó a nós imeachta choiriúil aontaobhaigh fógra a thabhairt don Stát eile sin faoin idircheapadh.

    Féadfar an fógra sin a chur faoi bhráid aon údarás a mheasann Ballstát an idircheaptha a bheith iomchuí, ós rud é nach féidir leis an Stát sin a fhios a bheith aige cén t-údarás atá inniúil i gcás inchomparáide náisiúnta.

    Tá sé mar chuspóir ag Airteagal 31 de Threoir 2014/41 úsáideoirí teileachumarsáide aonair lena mbaineann agus ceannasacht an Bhallstáit dár tugadh fógra a chosaint.

    Mar fhreagra ar an gcúigiú grúpa de cheisteanna dá dtarchuirtear:

    Ní rialaítear le dlí an Aontais, ag an gcéim seo dá fhorbairt, inghlacthacht fianaise a bhailítear trí OIE a eisítear i gcontrárthacht le ceanglais Threoir 2014/41. Is faoin dlí náisiúnta atá sé inghlacthacht fianaise, lena gcaithfear, áfach, ceanglais na gceart cosanta in Airteagail 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.


    ( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

    ( 2 ) Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in imeachtaí coiriúla (IO 2014 L 130, lch. 1) (“Treoir OIE”).

    ( 3 ) Áiríodh déchóras oibriúcháin (le comhéadan criptithe do-bhraite) leis sin nach raibh aon cheamara, micreafón, GPS ná port USB ar an ngléas. D’fhéadadh teachtaireachtaí a bheith scriosta go huathoibríoch. Tar éis cód PIN speisialta a úsáid nó tar éis pasfhocal mícheart a iontráil i ndiaidh a chéile, d’fhéadadh úsáideoirí na sonraí go léir ar an ngléas a scriosadh láithreach. Ar deireadh, bhí deasc chabhrach chianda nó athdhíoltóir in ann na sonraí go léir ar an ngléas a scriosadh dá mba ghá. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/dismantling-of-encrypted-network-sends-shockwaves-through-organised-crime-groups-across-europe.

    ( 4 ) Mar shampla, chinn an Conseil constitutionnel (an Chomhairle Bunreachtúil, an Fhrainc) in Aibreán 2022 go bhfuil reachtaíocht na Fraince, ar ordaíodh an bunbheart maidir le hidircheapadh cumarsáide sa chás seo, i gcomhréir le Bunreacht na Fraince i gCinneadh Uimh. 2022-987 QPC an 8 Aibreán 2022; chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin) go raibh an t-idircheapadh dlíthiúil faoi dhlí na Gearmáine i mbreithiúnas 5 StR 457/21 an 2 Márta 2022; ar deireadh, tá agóid i gcoinne úsáid a bheith á baint as sonraí EncroChat ón bhFrainc os comhair chúirteanna na Ríochta Aontaithe faoi láthair os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) i gCásanna Uimh. 44715/20 (A.L. v. an Fhrainc) agus Uimh. 47930/21 (E.J. v. an Fhrainc). An 3 Eanáir 2022, chuir ECtHR ceisteanna chuig na páirtithe lenar iarradh, i measc páirtithe eile, an raibh deis acu (ach nár thapaigh siad í) agóid a dhéanamh i gcoinne na mbeart idircheaptha os comhair chúirteanna inniúla na Fraince.

    ( 5 ) Sular tháinig Treoir OIE i bhfeidhm, rinneadh aistriú fianaise a bhí i seilbh Ballstáit eile cheana féin á rialú le Cinneadh Réime 2008/978/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir leis an mbarántas fianaise Eorpach chun críche rudaí, doiciméid agus sonraí a fháil lena n-úsáid in imeachtaí in ábhair choiriúla (IO 2008 L 350, lch. 72). De réir aithrisí 4 go 7 de Threoir OIE, bhí an córas a bhí ann roimhe sin ró-ilroinnte agus róchasta, dá bhrí sin, ceapadh OIE mar ionstraim aonair chun críche fianaise nua agus fianaise a bhí ann cheana féin a fháil.

    ( 6 ) Féach cinneadh na cúirte sin dá dtagraítear i bhfonóta 4.

    ( 7 ) Is sampla í an tarchur seo, dá bhrí sin, den scéal clasaiceach ar dá réir a bhí cumhachtú breithiúnach na ngnáthchúirteanna náisiúnta vis-à-vis a gcúirteanna uachtaracha mar thoradh ar an nós imeachta um tarchur chun réamhrialú, a léirigh Alter, K.J., “The European Court’s Political Power”, West European Politics, Iml. 19(3), 1996, lch. 452. Maidir leis an léiriú eimpíreach ar an dinimic droim ar ais, ceann ina ndéanann uaschúirteanna náisiúnta ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun bac a chur ar a gcomhghleacaithe níos ísle é sin a dhéanamh, féach Pavone, T. agus Kelemen, D.R., “The Evolving Judicial Politics of European Integration: The European Court of Justice and national courts revisited”, European Law Journal, Iml. 25(4), 2019, lch. 352.

    ( 8 ) Féach Airteagal 6(2) de Threoir OIE.

    ( 9 ) Féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 16 Nollaig 2021, Spetsializirana prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh) (C-724/19, EU:C:2021:1020, mír 44). Féach freisin, Csúri, A., “Towards an INCOnsistent European Regime of Cross-Border Evidence: The EPPO and the European Investigation Order”, in Geelhoed, W. et al., Shifting Perspectives on the European Public Prosecutor’s Office, T.M.C. Asser Press, an Háig, 2018, lch. 146.

    ( 10 ) Faoi Airteagal 2(c)(ii) de Threoir OIE, féadfaidh údarás eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta OIE a eisiúint freisin, nuair a bheidh OIE den sórt sin bailíochtaithe ansin ag ceann de na húdaráis a liostaítear in Airteagal 2(c)(i) de.

    ( 11 ) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 lena leasaítear Cinntí Réime 2002/584, 2005/214/CGB, 2006/783/CGB, 2008/909/CGB agus 2008/947/CGB, lena ndéantar, ar an gcaoi sin, cearta nóis imeachta daoine a fheabhsú agus cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chothú maidir le cinntí a dhéantar gan an duine lena mbaineann a bheith as láthair ag an triail (IO 2009 L 81, lch. 24); (“Cinneadh Réime BGE”).

    ( 12 ) I mbreithiúnas an 2 Márta 2023, Staatsanwaltschaft Graz (Oifig Cánach Düsseldorf um ábhair chánach choiriúla) (C-16/22, EU:C:2023:148, míreanna 33 go 36), chinn an Chúirt go raibh pointí (i) agus (ii) d’Airteagal 2(c) de Threoir OIE comheisiatach.

    ( 13 ) Breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe) (C-584/19, EU:C:2020:1002, míreanna 57 go 63). I gcodarsnacht leis sin, i mbreithiúnas an 27 Bealtaine 2019, OG agus PI (Oifigí an Ionchúisitheora Phoiblí, Lübeck agus Zwickau) (C-508/18 agus C-82/19 PPU, EU:C:2019:456, míreanna 88 go 90), chinn an Chúirt nach gcomhlíonann ionchúisitheoirí poiblí na Gearmáine an ceanglas neamhspleáchais is gá chun Barántas Gabhála Eorpach (BGE) a eisiúint sa chás sin. Mar thoradh air sin, ní féidir le hionchúisitheoir poiblí nach bhfuil go hiomlán neamhspleách ar an bhfeidhmeannas BGE a eisiúint, ach gur féidir leis, mar sin féin, OIE a eisiúint. Is fiú a chur i bhfios go láidir gur measadh sa dá bhreithiúnas sin gur leor leigheas dlíthiúil i gcoinne an ionchúisitheora phoiblí chun cearta bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs OIE a eisiúint, ach nár leor é i gcomhthéacs BGE a eisiúint.

    ( 14 ) Féach an cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais Chónaidhme dá dtagraítear i bhfonóta 4.

    ( 15 ) Ba cheart a lua freisin gur tháinig an cheist chun cinn ag an éisteacht arb ionann an fíoras gur tugadh rochtain fíor-ama don Ghearmáin, trí Europol, ar an gcumarsáid arna hidircheapadh (amhail ón 3 Aibreán 2020 ar a laghad), agus go raibh ar an nGearmáin EIO a eisiúint lena n-iarrfaí na sonraí sin. Mar a mhínigh Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín agus Rialtas na Gearmáine, ní rabhthas in ann rochtain dhíreach a fháil chun críoch ionchúisimh choiriúil, ach chun críocha póilíneachta coisctheacha amháin. D’áitigh siad go raibh gá leis na OIEnna ina dhiaidh sin chun an fhianaise sin a úsáid i nós imeachta coiriúil na Gearmáine. Os a choinne sin, ní raibh gá (nó ab fhéidir) le OIE a bhailiú chun na sonraí a cuireadh ar fáil i bhfíor-am trí Europol a bhailiú ós rud é nár tharla rochtain ar shonraí i ndáil le himeachtaí a áirítear in Airteagal 4 de Threoir OIE. Dá bhrí sin, ní raibh feidhm ag an Treoir sin maidir le rochtain na bpóilíní ar shonraí fíor-ama.

    ( 16 ) Béim curtha agamsa leis.

    ( 17 ) De réir mo chuid taighde féin ar StPO, de riachtanas, ach sracfhéachaint a thabhairt air, foráiltear le hAlt 477(2) do tharchur ex officio sonraí pearsanta ó nós imeachta coiriúil amháin go nós imeachta coiriúil eile; foráiltear le hAlt 480(1) go n-ordóidh ionchúisitheoir poiblí é seo in imeachtaí ullmhúcháin agus tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche go críochnaitheach, in aon chás eile, is faoin mbreitheamh ar tugadh an t-ábhar os a comhair a ordú ina leith. Féadfar dualgas fianaise a tharchur a dhíorthú ó phrionsabal an ionchúisimh éigeantaigh a leagtar síos in Alt 152(2). I bprionsabal, ní féidir an tarchur a dhéanamh ach amháin má bhaineann an fhianaise ábhartha le cion coiriúil a bhféadfaí beart den sórt sin a ordú ina leith, murach sin, má tá gá le toiliú an duine dá ndéantar difear. Vogel, B., Köppen, P., agus Wahl, T., “Access to Telecommunication Data in Criminal Justice: Germany”, in Sieber, U., agus von Zur Mühlen, N., (eagarthóirí), Access to Telecommunication Data in Criminal Justice. A Comparative Analysis of European Legal Orders, Duncker & Humblodt, Beirlín, 2016, lch. 518; Gieg, G. in Barthe, C. agus Gericke, J. (eagarthóirí.), Karlsruher Kommentar zur Strafprozessordnung, Alt (1); Alt 479(3), C.H. Beck, München, 2023.

    ( 18 ) Cé acu an raibh nó nach raibh na daoine a mbaineann bearta idircheaptha EncroChat leo in ann agóid a dhéanamh faoin tsaincheist atá ar feitheamh os comhair ECtHR. Féach fonóta 4.

    ( 19 ) Tá éagsúlacht mhór idir na nósanna imeachta coiriúla náisiúnta i measc na mBallstát, ní hamháin ó thaobh na mbeart imscrúdaitheach atá ar fáil (Armada, I., “The European Investigation Order and the Lack of European Standards for Gathering Evidence: Is a Fundamental Rights-Based Refusal the Solution?”, New Journal of European Criminal Law, Iml. 6(1), 2015, lch. 9) ach freisin maidir leis na coinníollacha a ghabhann lena n-inúsáideacht (Bachmaier, L., “Mutual Recognition and Cross-Border Interception of Communications: The Way Ahead for the European Investigation Order” in Brière, C., agus Weyembergh, A., (eagarthóirí), The Needed Balances in EU Criminal Law: Past, Present and Future, Hart Publishing, Oxford, 2018, lch. 317). Mar shampla, a mhéid a bhaineann le cumarsáid a idircheapadh, cuireann roinnt Ballstát liosta ar fáil de chionta coiriúla a bhféadfaí beart den sórt sin a fhorordú lena n-imscrúdú (mar shampla, an Ghearmáin); díríonn Ballstáit eile ar an gceanglas maidir le híosphionós (mar shampla, an Fhrainc); baineann Ballstáit eile leas as meascán den dá chur chuige go fóill. Ina theannta sin, ceadaítear le dlíthe náisiúnta éagsúla beart imscrúdaitheach den sórt sin ar choinníoll go bhfuil méid áirithe amhrais ann nó ar mheasúnú éigeantach ar an riachtanas (cibé acu an mbainfí an toradh céanna amach le beart nach mbeadh ina chur isteach chomh dian sin). Ar deireadh, tá difríocht idir na Ballstáit maidir le fad uasta an ordaithe idircheaptha agus maidir leis an bhféidearthacht é a fhadú (Féach Tropina, T., “Comparative Analysis” in Sieber, U., agus von zur Mühlen, N. (eagarthóirí), Access to Telecommunication Data in Criminal Justice. A Comparative Analysis of European Legal Orders, Duncker & Humblot, Beirlín, 2016, lgh 67-72 agus 77-79).

    ( 20 ) Breithiúnas an 16 Nollaig 2021, Spetsializirana prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh) (C-724/19, EU:C:2021:1020, míreanna 35 agus 44). Féach freisin breithiúnas an 8 Nollaig 2020, Staatsanwaltschaft Wien (Orduithe aistrithe falsaithe) (C-584/19, EU:C:2020:1002, mír 52).

    ( 21 ) Breithiúnas an 16 Nollaig 2021, Spetsializirana prokuratura (Sonraí tráchta agus suímh) (C-724/19, EU:C:2021:1020, míreanna 35 agus 45).

    ( 22 ) Tá ciall leis seo freisin ó thaobh cosc a chur ar shiopadóireacht dlínse: má cheanglaítear leis an dlí náisiúnta go mbeadh cúirt rannpháirteach sa bhaile, níor cheart go gcuirfí deireadh leis an gceanglas sin trí OIE a úsáid. Mangiaracina, A., “A New and Controversial Case in the Gathering of Evidence at the European Level: The Proposal for a Directive on the European Investigation Order”, Utrecht Law Review, Iml. 10(1), 2014, lch. 126.

    ( 23 ) Ba cheart a rá, áfach, go bhfuil ról suntasach ag na hiarrachtaí a dhéantar chun comhchuibhiú íosta a áirithiú i réimse an dlí nóis imeachta choiriúil maidir le córais dlí éagsúla na mBallstát a “chur amach”. Táim ag cuimhneamh ar ionstraimí amhail Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla a neartú (IO 2016 L 65, lch. 1) nó Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO 2012 L 142, lch. 1).

    ( 24 ) Sa chomhthéacs sin, luaigh mé cheana féin gur chinn Comhairle Bhunreachtúil na Fraince i mí Aibreáin 2022 go bhfuil reachtaíocht na Fraince faoinar ordaíodh idircheapadh EncroChat i gcomhréir le Bunreacht na Fraince. Féach fonóta 4.

    ( 25 ) De réir an ordaithe tarchuir, d’údaraigh an Chúirt Choiriúil é seo in Lille.

    ( 26 ) Ós rud é go raibh fóin phóca na n-úsáideoirí Gearmánacha ar a raibh sonraí stóráilte sa Ghearmáin.

    ( 27 ) Pléifear le hábharthacht an idircheap atá á dhéanamh i gcríoch an Stáit eisiúna laistigh de raon feidhme an cheathrú grúpa ceisteanna, maidir le léirmhíniú Airteagal 31 den Treoir OIE. Féach rannán D thíos.

    ( 28 ) Soiléirítear tuilleadh in aithris 11 de Threoir OIE an fhoráil sin trína lua “gur cheart don údarás eisiúna, dá bhrí sin, a fháil amach an bhfuil an fhianaise atá á lorg riachtanach agus comhréireach chun críche na n-imeachtaí, an bhfuil an beart imscrúdaitheach a roghnaíodh riachtanach agus comhréireach chun an fhianaise lena mbaineann a bhailiú, agus ar cheart, trí bhíthin an OIE a eisiúint, go mbeadh baint ag Ballstát eile leis an bhfianaise sin a bhailiú”. Mar a leanann sé ón bhfoclaíocht, tá an aithris sin dírithe den chuid is mó ar an gcéad chineál OIE, is é sin an ceann chun fianaise nua a bhailiú.

    ( 29 ) Soláthraítear leis an bhfoirm ina n-eisítear OIE spás don údarás eisiúna chun míniú mionsonraithe a thabhairt ar cén fáth a bhfuil gá leis an OIE i gcúinsí cáis ar leith (Iarscríbhinn A de Threoir OIE, Roinn G). Maidir le hábharthacht na foirme sin don mheasúnú comhréireachta, féach Bachmaier Winter, L., “The Role of the Proportionality Principle in Cross-Border Investigations Involving Fundamental Rights’, in Ruggeri, S., (eagarthóirí), Transnational Inquiries and the Protection of Fundamental Rights in Criminal Proceedings: A Study in Memory of Vittorio Grevi and Giovanni Tranchina, Springer, Beirlín, 2013, lch. 318.

    ( 30 ) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37) (“an Treoir maidir le r-Phríobháideachas”).

    ( 31 ) Féach, mar shampla, breithiúnais an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2021:152, mír 39), agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258, mír 44).

    ( 32 ) Níl feidhm ag an Treoir sin ach amháin maidir le cásanna ina bhfaigheann údaráis Stáit rochtain ar na sonraí tráchta agus suímh arna gcoinneáil ag na hoibreoirí teileachumarsáide. Os a choinne sin, níl feidhm aige nuair a dhéanann na húdaráis sin sonraí teileachumarsáide a idircheapadh go díreach. Féach, ina leith sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C 511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791 mír 103).

    ( 33 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains (C-817/19, EU:C:2022:491, mír 122).

    ( 34 ) Mar shampla, a mhéid a bhaineann leis an méid amhrais is gá chun beart imscrúdaithe áirithe a ordú.

    ( 35 ) Breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C‑746/18, EU:C:2021:152, míreanna 51, 53 agus 54).

    ( 36 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Pitruzzella in Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2020:18, míreanna 103 go 123).

    ( 37 ) Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 103).

    ( 38 ) Sa chásdlí a d’fhorbair an ECtHR maidir le hAirteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), lena ráthaítear ceart chun príobháideachta, inar aimsíodh sáruithe nuair nár ceanglaíodh inti measúnú comhréireachta leis an dlí agus nach ndearnadh foráil maidir le hathbhreithniú breithiúnach. Féach, mar shampla, ECtHR, 12 Eanáir 2016, Szabó agus Vissy v. an Ungáir, CE:ECHR:2016:0112JUD003713814, § 89.

    ( 39 ) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, 4.5.2016, lch. 89) (“an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí”).

    ( 40 ) Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791) mír 103).

    ( 41 ) Nuair a dhéantar measúnú air i bhfianaise na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí, féadfar cur síos ar an gcás seo mar dhá chás próiseála sonraí pearsanta: ar an gcéad dul síos, ba iad údaráis inniúla na Fraince an rialaitheoir nuair a rinne siad sonraí cumarsáide leictreonaí a idircheapadh agus a bhailiú chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a choinneáil nó a ionchúiseamh; ar an dara dul síos, trí na sonraí sin a aistriú chuig Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Frankfurt, a d’iarr orthu chun críche imscrúdaithe choiriúil sa Ghearmáin bunaithe ar OIEnna, d’iompaigh an tIonchúisitheoir Poiblí ina rialaitheoir.

    ( 42 ) Luaigh an Chúirt, i gcomhthéacs athrú cuspóra faoi Airteagal 4(2) den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, nach mór measúnú ar chomhlíonadh na bprionsabal lena rialaítear próiseáil sonraí faoi raon feidhme na Treorach sin a chur i gcrích gach uair a dhéantar sonraí a phróiseáil mar shonraí sonracha agus sainiúla (féach breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Inspektor v Inspektorata kam Visshia sadeben savet (Cuspóirí atá le próiseáil sonraí pearsanta – Imscrúdú coiriúil), (C-180/21, EU:C:2022:967, mír 56).

    ( 43 ) I gcásanna ina bhfuil cúnamh teicniúil ag teastáil ón mBallstát ar a chríoch atá an t-idircheapadh á dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 30 de Threoir OIE.

    ( 44 ) Bachmaier L, fonóta 19, lch. 330.

    ( 45 ) Freagraíonn téacs Airteagal 31 de Threoir OIE go mór d’Airteagal 20 den Choinbhinsiún a bhunaigh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO 2000 C 197, lch. 3).

    ( 46 ) Go sonrach, ceadaítear le hAirteagal 31(3) de Threoir EIO d’údarás ábhartha an Stáit dár tugadh fógra a fhíorú an gceadófaí idircheapadh den sórt sin i gcás inchomparáide náisiúnta, agus fógra a thabhairt do Bhallstát an idircheaptha, laistigh de 96 uair an chloig ón bhfógra a fháil, nach bhféadfar an t-idircheapadh a dhéanamh, a fhoirceannadh, nó nach féidir na sonraí a fhaightear a úsáid ar chor ar bith nó faoi choinníollacha áirithe amháin.

    ( 47 ) Dá bhrí sin, ní aontaím le Rialtas na Fraince, a d’áitigh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 31 de Threoir OIE maidir leis an gcás seo toisc nach ndearnadh cumarsáid a idircheapadh chun OIE a fhorghníomhú, ach gur tharla sé sular eisíodh aon OIE.

    ( 48 ) Bachmaier L, fonóta 19, lch. 331.

    ( 49 ) Chun an oibleagáid fógra a thabhairt a fhorchuirtear le hAirteagal 31 de Threoir OIE a chomhlíonadh, ba cheart don Fhrainc an fhoirm in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Treoir sin a úsáid.

    ( 50 ) Féach Airteagal 33(1) de Threoir OIE.

    ( 51 ) Cuireann Ligeti, K et al. in iúl go ndiúltaíonn Ballstáit an chéim sin a ghlacadh mar gheall ar ábhair imní a bhaineann le coimhdeacht agus comhréireacht, agus go mbeadh tionchar aige sin ar chórais srianta agus ceartúchán ar an leibhéal náisiúnta. (Ligeti, K., Garamvölgy, B., Ondrejová, A. agus von Galen, M., “Admissibility of Evidence in Criminal Proceedings in the EU”, eucrim, Iml. 3, 2020, lch. 201, lgh. 202 agus fonóta 14).

    ( 52 ) Ina theannta sin, luaitear an méid seo a leanas in aithris 34 de Threoir OIE: “Ina theannta sin, ar an gcúis chéanna, ba cheart an measúnú i dtaobh an bhfuil an mhír le húsáid mar fhianaise agus, dá bhrí sin, a bheith ina ábhar OIE, a fhágáil faoin údarás eisiúna.”

    ( 53 ) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, (IO 2017 L 283, 1.2017, lch. 1) (“Rialachán OIPE”).

    ( 54 ) Breithiúnais ón ECtHR an 12 Iúil 1988, Schenk v. an Eilvéis, CE:ECHR:1988:0712JUD001086284, §§ 45 agus 46; an 11 Iúil 2017, Moreira Ferreira v. an Phortaingéil (uimh. 2), CE:ECHR:2017:0711JUD001986712, § 83; an 1 Márta 2007, Heglas v. Poblacht na Seice, CE:ECHR:2007:0301JUD000593502, § 84.

    ( 55 ) Breithiúnas ón ECtHR an 17 Eanáir 2017, Habran agus Dalem v. an Bheilg, (CE:ECHR:2017:0117JUD004300011), § 96.

    ( 56 ) Hecker, B., “Mutual Recognition and Transfer of Evidence. The European Evidence Warrant”, in Ruggeri, S., (eagarthóir), Transnational Inquiries and the Protection of Fundamental Rights in Criminal Proceedings: A Study in Memory of Vittorio Grevi and Giovanni Tranchina, Springer, Beirlín, 2013, lch. 277; Armada, I., fonóta 19, lch. 30.

    ( 57 ) Breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2023, Rayonna prokuratura(Fouille corporelle) (C-209/22, EU:C:2023:634, míreanna 58 agus 61).

    ( 58 ) A bunaíodh i mbreithiúnas an 16 Nollaig 1976, Rewe-Zentralfinanz agus Rewe-Zentral (33/76, EU:C:1976:188, mír 5) agus an 16 Nollaig 1976, Comet (45/76, EU:1976:191, mír 13). Le déanaí, féach, mar shampla, breithiúnas an 13 Iúil 2023, CAJASUR Banco (C-35/22, EU:C:2023:569, mír 23).

    Top