Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CC0652

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Collins arna thabhairt ar an 2024 Márta 7.


Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:212

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 7 Márta 2024 ( 1 )

Cás C‑652/22

Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A.Ș.

v

Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave,

páirtithe uamtha:

HŽ Infrastruktura d.o.o.,

Strabag AG,

Strabag d.o.o.,

Strabag Rail a.s.

(Iarraidh ar réamhrialú ón Visoki upravni sud Republike Hrvatske (an Chúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit))

(Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhíse poist – Treoir 2014/25/AE – Airteagal 43 – Rochtain oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tír nár thug comhaontú idirnáisiúnta ar sholáthar poiblí i gcrích leis an Aontas Eorpach – Cur isteach tairiscintí – An fhéidearthacht do thairgeoir fianaise bhreise a chur ar fáil maidir le cáilíochtaí teicniúla agus gairmiúla tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach – Prionsabal na córa comhionainne)

I. Réamhrá

1.

Leis an tarchur chun réamhrialú seo ó Visoki upravni sud Republike Hrvatske (an Chúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit), tugtar deis don Chúirt Bhreithiúnais na himthosca a shoiléiriú ina bhféadfaidh údaráis chonarthacha ceartúcháin nó soiléirithe a iarraidh ó thairgeoirí, tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach. Sula dtapaítear an deis sin, áfach, ní mór don Chúirt breithniú a dhéanamh ar dtús ar dhá shaincheist dlí maidir le hinghlacthacht an tarchuir. An bhfuil sé de cheart ag oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta ag an Aontas Eorpach leo maidir le soláthar poiblí ( 2 ) a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach? Má tá, an féidir leis na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh faoinar féidir leis na hoibreoirí sin é sin a dhéanamh nó an faoin Aontas Eorpach amháin atá sé é sin a chinneadh?

II. Creat Dlíthiúil

A.   Dlí an Aontais Eorpaigh

1. Treoir 2014/25/AE

2.

Sonraítear an méid seo a leanas in Aithris 27 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE ( 3 ):

‘D’fhormheas Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle, ( 4 ) go háirithe Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais’). Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais creat iltaobhach a bhunú le haghaidh cearta agus oibleagáidí cothromaithe a bhaineann le conarthaí poiblí d’fhonn léirscaoileadh agus leathnú na trádála domhanda a bhaint amach. Maidir le conarthaí a chumhdaítear le hIarscríbhinní 3, 4 agus 5 agus leis na Nótaí Ginearálta a ghabhann le hIarscríbhinn I an Aontais Eorpaigh a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, chomh maith le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, ba cheart d’eintitis chonarthacha na hoibleagáidí faoi na comhaontuithe sin a chomhlíonadh tríd an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha is sínitheoirí leis na comhaontuithe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 36(1) de Threoir 2014/25, dar teideal ‘Prionsabail an tsoláthair’:

‘Caithfidh eintitis chonarthacha go cothrom agus gan idirdhealú le hoibreoirí eacnamaíocha agus gníomhóidh siad ar bhealach trédhearcach agus comhréireach.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.

Faoi Airteagal 43 de Threoir 2014/25, dar teideal ‘Coinníollacha a bhaineann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile’:

‘A mhéid go gcumhdaítear iad le hIarscríbhinní 3, 4 agus 5 agus na Nótaí Ginearálta a ghabhann le Foscríbhinn I an Aontais Eorpaigh a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil an tAontas faoina gceangal, déanfaidh eintitis chonarthacha, de réir bhrí Airteagal 4(1)(a), cóir a dhéanamh le hoibreacha, le soláthairtí, le seirbhísí agus le hoibreoirí eacnamaíocha shínitheoirí na gcomhaontuithe sin nach lú fabhar ná an chóir a dhéantar le hoibreacha, le soláthairtí, le seirbhísí agus le hoibreoirí eacnamaíocha an Aontais.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 76(4) de Threoir 2014/25:

‘I gcás ina bhfuil nó ina ndealraíonn sé go bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméadacht atá le tíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha neamhiomlán nó earráideach, nó i gcás ina bhfuil doiciméid shonracha ar iarraidh, féadfaidh eintitis chonarthacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme, a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis nó an doiciméadacht ábhartha a thíolacadh, a fhorlíonadh, a shoiléiriú nó a chomhlánú laistigh de theorainn ama iomchuí, ar choinníoll go ndéanfar na hiarrataí sin i gcomhréir go hiomlán le prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.

Foráiltear le hAirteagal 86 de Threoir 2014/25, faoin gceannteideal ‘Caidreamh le tríú tíortha maidir le conarthaí oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí’:

‘1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon deacracht ghinearálta dlí nó fíorais, ar ar tháinig a gcuid gnóthas agus a thuairiscigh siad chun dámhachtain conarthaí seirbhíse i dtríú tíortha a áirithiú.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle faoin 18 Aibreán 2019, agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, maidir le conarthaí seirbhíse a oscailt i dtríú tíortha agus maidir le dul chun cinn sa chaibidlíocht leis na tíortha sin ar an ábhar sin, go háirithe faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

3.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht, trí dhul i dteagmháil leis an tríú tír lena mbaineann, aon chás a leigheas ina gcinnfidh sé, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 nó ar bhonn aon fhaisnéis eile, i gcomhthéacs conarthaí seirbhíse a dhámhachtain, go ndéanann tríú tír an méid seo a leanas:

(a)

nach dtugann sé rochtain éifeachtach do ghnóthais an Aontais atá inchomparáide leis an rochtain a dheonaíonn an tAontas do ghnóthais ón tír sin;

(b)

nach dtugann sé cóir náisiúnta do ghnóthais an Aontais ná na deiseanna iomaíochta céanna atá ar fáil do ghnóthais náisiúnta; nó

(c)

go dtugann sé cóir níos fabhraí do ghnóthais ó thríú tíortha eile ná do ghnóthais de chuid an Aontais.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon deacracht dlí nó fíorais, ar ar tháinig a gcuid gnóthas agus a thuairiscigh siad agus a tharla mar gheall ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an dlí idirnáisiúnta saothair a liostaítear in Iarscríbhinn XIV i gcás ina mbeidh iarracht déanta ag na gnóthais sin dámhachtain conarthaí i dtríú tíortha a áirithiú.

5.   Sna himthosca dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, féadfaidh an Coimisiún a mholadh tráth ar bith go nglacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme chun dámhachtain conarthaí seirbhíse a chur ar fionraí nó a shrianadh, thar thréimhse atá le leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir le:

(a)

gnóthais arna rialú ag dlí an tríú tír atá i gceist;

(b)

gnóthais atá cleamhnaithe leis na gnóthais a shonraítear i bpointe (a) agus a bhfuil a n‑oifig chláraithe san Aontas ach nach bhfuil aon nasc díreach agus éifeachtach aige le geilleagar Ballstáit;

(c)

gnóthais a chuireann tairiscintí isteach arb iad a seirbhísí ábhair de thionscnamh an tríú tír atá i gceist.

Gníomhóidh an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, a luaithe is féidir.

Féadfaidh an Coimisiún na bearta sin a mholadh as a stuaim féin nó ar iarraidh ó Bhallstát.

6.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do ghealltanais an Aontais i ndáil le tríú tíortha a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le soláthar poiblí, go háirithe faoi chuimsiú EDT.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

2. Treoir 2014/24/AE

7.

Sonraítear an méid seo in Airteagal 59 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE, ( 5 ) dar teideal ‘Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar’:

‘1.   Tráth a chuirfear isteach iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí, glacfaidh údaráis chonarthacha leis an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (DAES), ina mbeidh féindearbhú nuashonraithe mar réamhfhianaise in ionad deimhnithe arna n‑eisiúint ag údaráis phoiblí nó ag tríú páirtithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t‑oibreoir eacnamaíoch ábhartha na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfuil sé i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 57 ina ndéanfar oibreoirí eacnamaíocha a eisiamh nó ina bhféadfar iad a eisiamh;

(b)

go gcomhlíonann sé na critéir roghnúcháin ábhartha a leagtar amach de bhun Airteagal 58;

(c)

i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann sé na rialacha oibiachtúla agus na critéir oibiachtúla a leagtar amach de bhun Airteagal 65.

I gcás ina mbraitheann an t‑oibreoir eacnamaíoch ar inniúlachtaí eintiteas eile de bhun Airteagal 63, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i leith na n‑eintiteas sin in DAES freisin.

Is éard a bheidh in DAES ná ráiteas foirmiúil ón oibreoir eacnamaíoch lena gcuirtear in iúl nach bhfuil feidhm ag an bhforas eisiaimh ábhartha agus/nó go bhfuil an critéar roghnúcháin ábhartha comhlíonta agus go gcuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fáil de réir mar a éilíonn an t‑údarás conarthach. Ina theannta sin, sainaithneofar sa DAES an t‑údarás poiblí nó an tríú páirtí atá freagrach as na doiciméid tacaíochta a bhunú agus beidh ráiteas foirmiúil ann lena gcuirtear in iúl go mbeidh an t‑oibreoir eacnamaíoch in ann, arna iarraidh sin agus gan mhoill, na doiciméid tacaíochta sin a sholáthar.

[…]

4.   Féadfaidh údarás conarthach a iarraidh ar thairgeoirí agus ar iarrthóirí, tráth ar bith le linn an nós imeachta, na doiciméid tacaíochta uile nó cuid díobh a thíolacadh i gcás inar gá sin chun seoladh cuí an nós imeachta a áirithiú.

Sula ndámhfar an conradh, iarrfaidh an t‑údarás conarthach, ach amháin i leith conarthaí atá bunaithe ar chreat‑chomhaontuithe i gcás ina dtugtar na conarthaí sin i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 33(3) nó pointe (a) d’Airteagal 33(4), ar an tairgeoir a chinn sé an conradh a dhámhachtain air doiciméid tacaíochta atá cothrom le dáta a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 60 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 62. Féadfaidh an t‑údarás conarthach cuireadh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha na deimhnithe arna bhfáil de bhun Airteagail 60 agus 62 a fhorlíonadh nó a shoiléiriú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3. An dlí idirnáisiúnta

8.

An 12 Meán Fómhair 1963, rinneadh an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc (‘an Comhaontú Comhlachais’). ( 6 ) An 23 Samhain 1970, shínigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc Prótacal Breise (‘an Prótacal Breise’). ( 7 ) Cé nach bhforáiltear leis na comhaontaithe seo do rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha i nósanna imeachta um sholáthar poiblí, faoi Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha staonadh ó aon srian nua ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a thabhairt isteach eatarthu féin.

9.

An 22 Nollaig 1995, ghlac an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais Cinneadh Uimh. 1/95 maidir leis an gcéim dheireanach den Aontas Custaim a chur chun feidhme. ( 8 ) Foráiltear le hAirteagal 48 de Chinneadh Uimh. 1/95 go socróidh an Chomhairle Comhlachais, a luaithe is féidir tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, dáta chun caibidlíocht a thionscnamh a bheidh dírithe ar mhargaí soláthair phoiblí na bPáirtithe faoi seach a oscailt go frithpháirteach agus ina dhiaidh sin athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar an dul chun cinn sa réimse sin.

10.

An 11 Aibreán 2000, ghlac an Chomhairle Comhlachais le Cinneadh Uimh. 2/2000 maidir le tús a chur le caibidlíocht atá dírithe ar sheirbhísí a léirscaoileadh agus margaí soláthair a oscailt go frithpháirteach idir an Comhphobal agus an Tuirc. ( 9 ) Níl an chaibidlíocht sin tugtha chun críche go fóill. ( 10 ) Murab ionann agus an tAontas Eorpach, níl an Tuirc ina páirtí den Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais.

Dlí na Cróite

11.

Foráiltear le hAirteagal 3(8) den Zakon o javnoj nabavi ( 11 ) (an tAcht um Sholáthar Poiblí):

‘Ciallaíonn oibreoir eacnamaíoch aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n‑áirítear brainse, nó eintiteas poiblí nó grúpa de dhaoine nó d’eintitis den sórt sin, lena n‑áirítear aon chomhlachas sealadach den mhéid sin, a chuireann oibreacha nó obair a thabhairt i gcrích ar fáil, earraí a sholáthar nó seirbhísí a sholáthar ar an margadh’.

12.

Le hAirteagal 4(1) den Acht um Sholáthar Poiblí:

‘I gcur i bhfeidhm na hIonstraime seo, maidir le gach oibreoir eacnamaíoch, urramóidh an t‑údarás conarthach prionsabail na saorghluaiseachta earraí, na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus na prionsabail a eascraíonn astu, amhail prionsabail na hiomaíochta, na córa comhionainne, an neamh-idirdhealaithe, an aitheantais fhrithpháirtigh, na comhréireachta agus na trédhearcachta.’

13.

Le hAirteagal 84 den Acht um Sholáthar Poiblí:

‘I nósanna imeachta soláthair phoiblí, déanfaidh an t‑údarás conarthach cóir le hoibreoirí eacnamaíocha Stát a shínigh an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais) nó comhaontuithe idirnáisiúnta eile lena bhfuil an tAontas Eorpach faoi cheangal nach lú fabhar ná an chóir a dhéantar le hoibreoirí eacnamaíocha na mBallstát.’

14.

Foráiltear le hAirteagal 263(2) den Acht um Sholáthar Poiblí go bhféadfaidh údaráis chonarthacha cuireadh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha doiciméid a fhaigheann siad ó na hoibreoirí eacnamaíocha a chomhlánú nó a mhíniú. De bhun Airteagal 293 de:

‘(1)   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis nó na doiciméid atá le tíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha neamhiomlán nó mícheart, nó i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil siad neamhiomlán nó mícheart, nó i gcás ina bhfuil doiciméid áirithe ar iarraidh, féadfaidh an t‑údarás conarthach a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta, an fhaisnéis nó na doiciméid is gá a fhorlíonadh, a shoiléiriú, a shonrú nó a thíolacadh laistigh de thréimhse iomchuí cúig lá ar a laghad.

(2)   Ní bheidh caibidlíocht maidir leis na critéir dhámhachtana nó ábhar an chonartha atá beartaithe mar thoradh ar ghníomhartha arna ndéanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’

III. An díospóid sna príomhimeachtaí, an iarraidh ar réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

15.

An 7 Meán Fómhair 2020, sheol HŽ Infrastruktura d.o.o. (‘HŽ Infrastruktura’), an t-eintiteas conarthach, nós imeachta chun conradh a dhámhachtain chun bonneagar iarnróid a uasghrádú idir dhá bhaile sa Chróit. Éilíodh sa ghlao ar thairiscintí go mbeadh leibhéal íosta cumais theicniúil agus ghairmiúil ag tairgeoirí. Chun an critéar roghnúcháin sin a chomhlíonadh, ceanglaíodh ar thairgeoirí liosta a chur isteach de na hoibreacha a bhí curtha i gcrích acu le linn na 10 mbliana roimhe sin, mar aon le cur síos mionsonraithe orthu.

16.

Chinn HŽ Infrastruktura gur chomhlíon 6 cinn de na 15 thairiscint na critéir roghnúcháin. Chuir Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A.Ş. (‘Kolin’), cuideachta atá bunaithe sa Tuirc, ceann amháin de na tairiscintí a roghnaíodh. An 25 Eanáir 2022, bhronn HŽ Infrastruktura an conradh poiblí ar Strabag AG (‘an cinneadh dámhachtana tosaigh’).

17.

Tar éis an ghearáin a rinne Kolin, an 10 Márta 2022, chuir Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave (Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar na Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí, an Chróit) an cinneadh dámhachtana tosaigh ar ceal. Mheas sé gur theip ar HŽ Infrastruktura bunús a thabhairt lena chinneadh gur chomhlíon Strabag an riachtanas maidir le cumais teicniúil agus gairmiúil. Níor chomhlíon na hoibreacha a luaitear i dtairiscint Strabag, eadhon iad siúd a rinne sé ar líne iarnróid Pragersko-Hodoš (an tSlóivéin), coinníollacha an ghlao ar thairiscintí.

18.

An 6 Aibreán 2022, d’iarr HŽ Infrastruktura ar Strabag liosta leasaithe oibreacha a chur ar fáil dó, mar aon le deimhnithe ábhartha gur cuireadh i gcrích go sásúil iad. Chuir Strabag deimhniú den sórt sin i leith na n‑oibreacha a rinneadh ar líne iarnróid Pragersko-Hodoš ar fáil. Thapaigh sé an deis freisin tagairt a dhéanamh d’oibreacha a rinne sé ar mhótarbhealach ghleann Steyr (an Ostair) agus deimhnithe a chur ar fáil ina leith. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid sin go léir, bhronn HŽ Infrastruktura an conradh poiblí ar Strabag (‘cinneadh deiridh na dámhachtana’) an 28 Aibreán 2022.

19.

Chuir Kolin gearán isteach os comhair an Choimisiúin Stáit um Maoirseacht ar na Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí i gcoinne chinneadh deiridh na dámhachtana, ag éileamh nach bhféadfadh HŽ Infrastruktura cuireadh a thabhairt do Strabag fianaise bhreise a sholáthar maidir lena chumas teicniúil agus gairmiúil. An 15 Meitheamh 2022, dhiúltaigh an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí don ghearán sin, ar an bhforas – cé nár chomhlíonadh ceanglas teicniúil agus gairmiúil an ghlao ar thairiscintí leis an tagairt do na hoibreacha ar líne iarnróid Pragersko-Hodoš – nach raibh aon ní ann lenar cuireadh cosc ar HŽ Infrastruktura na hoibreacha ar mhótarbhealach ghleann Steyr a chur san áireamh sa chomhthéacs sin.

20.

Thionscain Kolin caingean os comhair an Visoki upravni sud Republike Hrvatske (Cúirt Achomhairc Riaracháin) chun cinneadh críochnaitheach na dámhachtana a chur ar neamhní. Tá an Chúirt sin den tuairim, tar éis an cinneadh dámhachtana tosaigh a chur ar ceal, go bhféadfadh HŽ Infrastruktura, agus go mb’éigean dó fiú amháin, fianaise bhreise a iarraidh ó Strabag faoi na hoibreacha a rinne sé ar líne iarnróid Pragersko-Hodoš. Mar a chinn an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, mar ba cheart, níor léirigh na hoibreacha sin gur shásaigh Strabag an ceanglas maidir le cumas teicniúil agus gairmiúil.

21.

Mar sin féin, tá amhras ar an Visoki upravni sud Republike Hrvatske (Cúirt Achomhairc Riaracháin) go raibh sé de cheart ag Strabag tagairt a dhéanamh d’oibreacha ar mhótarbhealach ghleann Steyr, ós rud é nach raibh siad luaite ina tairiscint bhunaidh. Is mian léi a fháil amach an bhféadfadh breithiúnas na Cúirte in Esaprojekt ( 12 ) de réir analaí, treoir a thabhairt maidir leis an tsaincheist sin. ( 13 ) Dá réir sin, chinn sí bac a chur ar na himeachtaí os a comhair agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil:

‘(1)

An gceadaítear doiciméid arna soláthar ag an tairgeoir den chéad uair i ndiaidh dhul in éag na teorann ama chun tairiscintí a thaisceadh a bheith á gcur san áireamh ag an eintiteas conarthach le hAirteagal 76 [de Threoir 2014/25/AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, i gcás nach raibh na doiciméid sin sa chéad tairiscint agus ina léirítear cúinsí nár thug an tairgeoir le fios sa chéad tairiscint leo?

(2)

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 76 [de Threoir 2014/25/AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n aisghairtear Treoir 2004/17/CE, i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, ná go gcuirtear cosc leis ar dhoiciméid sa bhreis ón gconraitheoir nach raibh sa chéad tairiscint, lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair phoiblí á gcomhlíonadh, ar nós liosta na n oibreacha arna gcríochnú a fhorlíontar le tagairt nach raibh sa chéad liosta oibreacha, is é sin le rá, nach raibh sa chéad tairiscint, a bheith á n‑iarraidh ag údarás conarthach, i ndiaidh an chéad chinnidh maidir le bronnadh conartha a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an eintiteas conarthach chun athbhreithniú agus athmheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí?

(3)

An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 76 [de Threoir 2014/25/AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE, i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, ná go gcuirtear cosc leis ar dhoiciméid nach raibh sa chéad tairiscint, lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair phoiblí á gcomhlíonadh, ar nós liosta na n‑oibreacha arna gcríochnú a fhorlíontar le tagairt nach raibh sa chéad liosta oibreacha, is é sin le rá, nach raibh sa chéad tairiscint, a bheith á soláthar don údarás conarthach ag eintiteas conarthach, i ndiaidh an chéad chinnidh maidir le bronnadh conartha a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an eintiteas conarthach chun athbreithniú agus athmheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí?’

22.

Chuir Kolin, Strabag, HŽ Infrastruktura, an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, Rialtas na Seice, Rialtas na hEastóine, Rialtas na Fraince, Rialtas na Cróite agus Rialtas na Polainne agus an Coimisiún barúlacha i scríbhinn isteach.

23.

Cé nach ndearna aon cheann de bharúlacha na bpáirtithe i scríbhinn agóid i gcoinne inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, de réir cásdlí socair, ní mór don Chúirt scrúdú a dhéanamh, as a stuaim féin, an bhfuil dlínse aici freagra a thabhairt ar iarraidh ar réamhrialú nó an bhfuil an iarraidh sin inghlactha. ( 14 ) Agus amhras ar an gCúirt maidir le ceart oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí faoi rialú ag Treoir 2014/25, d’fháiltigh an Chúirt roimh na páirtithe a luaitear in Airteagal 23(1) de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dhá cheist a fhreagairt i scríbhinn. Thug Kolin, an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta maidir le Soláthar Poiblí, Rialtas na hEastóine, Rialtas na Fraince, Rialtas na Cróite, Rialtas na hOstaire agus Rialtas na Polainne agus an Coimisiún freagra ar na ceisteanna sin.

24.

Ag éisteacht an 21 Samhain 2023, rinne Kolin, HŽ Infrastruktura, an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí, Rialtas na Cróite, Rialtas na Seice, Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Fraince agus an Coimisiún argóint ó bhéal agus thug siad freagra ar cheisteanna na Cúirte.

IV. Measúnú

A.   Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

25.

Braitheann inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú ar fhreagra na Cúirte ar na ceisteanna arna dtarchur chuici a bheith riachtanach chun go ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur réiteach a thabhairt ar an díospóid atá ar feitheamh os a comhair. Fágann sé sin nach mór do fhreagraí ar cheisteanna maidir le léiriú nó bailíocht fhorálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, ar bhealach éigin, maidir le toradh na díospóide sin. ( 15 )

1. Rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe i nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas Eorpach

– Barúlacha arna gcur isteach

26.

Is cosúil go bhfuil an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí agus Rialtas na Cróite á thabhairt le fios go bhfuil gach oibreoir eacnamaíoch san áireamh i gcur i bhfeidhm ratione personae Threoir 2014/25, gan beann ar a thír bhunaíochta. Áitíonn Rialtas na hOstaire, cé nach bhfuil feidhm ag Treoir 2014/25 i bprionsabal maidir le hoibreoirí eacnamaíoch ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe, go bhféadfadh na hoibreoirí sin brath ar an treoir sin a luaithe a cheadódh údarás conarthach dá rannpháirtíocht i nós imeachta um dhámhachtain conradh poiblí.

27.

Áitíonn Rialtais na hEastóine, na Fraince agus na Polainne nach dtagann oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe faoi réir raon feidhme ratione personae Threoir 2014/25. Is léir sin, inter alia, ó Airteagal 43 de Threoir 2014/25, nach mbeadh aon aidhm leis murab amhlaidh an cás.

28.

Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon cheart ag oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha, seachas na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir 2014/25, a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach agus go bhféadfar, dá réir sin, iad a eisiamh uathu. ( 16 ) Tá Kolin agus an Coimisiún den tuairim, cé nach rialaítear nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí le haon chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, go bhféadfadh oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa stát sin an ceart sin a dhearbhú trí dhul i muinín an chlásail neamhghníomhaíochta in Airteagal 41 den Phrótacal Breise maidir le srianta nua a thabhairt isteach ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

– Anailís

29.

A mhéid a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha, foráiltear le hAirteagal 43 de Threoir 2014/25 go mbainfidh an Treoir sin le hoibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtír is páirtí don Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais nó maidir le comhaontú idirnáisiúnta eile maidir le dámhachtain conarthaí poiblí a bhfuil an tAontas faoina cheangal. Dá bhrí sin, is cosúil go dtugtar le fios i dtéacs na forála sin nach mbaineann Treoir 2014/25 le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe.

30.

Is é Airteagal 86, ( 17 ) atá atáirgthe i mír 6 den Tuairim seo, an t‑aon fhoráil eile de Threoir 2014/25 a bhfuil feidhm aici maidir le soláthraithe seirbhíse ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe. ( 18 ) Ós rud é go n‑éascaíonn an t‑airteagal sin rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí san Aontas Eorpach, is féidir a thuiscint uaidh go bhfuil rannpháirtíocht den sórt sin beartaithe, i gcúinsí áirithe ar a laghad. ( 19 ) Arna léamh i gcomhar le hAirteagal 43 de, tugtar le fios freisin le hAirteagal 86 de Threoir 2014/25 go bhféadfar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí den sórt sin a chinneadh de réir gach cás ann féin. ( 20 )

31.

Léirítear go soiléir i mír 10 den Tuairim seo nach rialaítear le haon fhoráil de dhlí an Aontais, ná le haon fhoráil de chomhaontú idirnáisiúnta dá bhfuil an tAontas Eorpach agus an Tuirc ina bpáirtithe, do rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa Tuirc i nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas Eorpach. Mar sin féin, measann an Coimisiún agus Kolin go bhféadfaidh oibreoirí den shaghas sin brath ar an bhforáil neamhghníomhaíochta in Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise sa chomhthéacs sin.

32.

Tá an Chúirt tar éis a chinneadh go chomhsheasmhach go bhfuil Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise tar éis a bheith dréachtaithe i dtéarmaí chomh soiléir, beacht agus neamhchoinníollach go bhfuil éifeacht dhíreach aige. ( 21 ) Mar sin féin, ní féidir go dtabharfaí ceart d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa Tuirc seirbhísí a sholáthar san Aontas Eorpach leis an bhforáil sin. Is éard atá ann ná toirmeasc ar aon bheart nua a thabhairt isteach a bheadh mar chuspóir nó d’éifeacht aige na hoibreoirí sin a chur faoi réir aon choinníoll níos déine ná na coinníollacha a bhí i bhfeidhm tráth a tháinig an Prótacal Breise i bhfeidhm i mBallstát. ( 22 ) Is é atá i bhforáil neamhghníomhaíochta, amhail an fhoráil sin in Airteagal 41(1) den Phrótacal Breise, ná riail shamhail-nóis imeachta ina leagtar síos, ratione temporis, forálacha dhlí Ballstáit a bhféadfaí tagairt a dhéanamh dóibh d’fhonn a mheas an bhféadfaidh gnóthas atá bunaithe sa Tuirc an tsaoirse bunaíochta a fheidhmiú sa Bhallstát sin. Dá bhrí sin, tagann sé in ionad aon riail dhlíthiúil ina dhiaidh sin lena bhféachtar le srian nua a thabhairt isteach. ( 23 ) Nuair a tháinig an tsaincheist sin chun cinn ag an éisteacht, ní raibh an Coimisiún in ann aon fhoráil dlí a bhí i bhfeidhm tráth aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach a shainaithint lenar tugadh rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa Tuirc ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí sa Bhallstát sin.

33.

Fágann sé sin nach dtagann oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe faoi réim raon feidhme ratione personae Threoir 2014/25. ( 24 ) Cé gur ábhar don chúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a fhíorú, is cosúil ón bhfaisnéis atá os comhair na Cúirte seo, go bhfuil an t‑iarratasóir i staid den sórt sin. Ós rud é nach bhfuil an t‑iarratasóir i dteideal rannpháirtíocht a ghlacadh i nós imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí a rialaítear le Treoir 2014/25, ní féidir leis féachaint le brath ar na forálacha os comhair cúirt de chuid Ballstáit. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur freagra a fháil ar tharchur le haghaidh réamhrialú maidir le léiriú na bhforálacha sin, ós rud é nach mbeadh éifeacht cheangailteach ag aon fhreagra a d’fhéadfadh an Chúirt a thabhairt ar a hiarraidh. Is leor an chúis sin chun údar a thabhairt le cinneadh go bhfuil an tarchur sin chun réamhrialú do-ghlactha.

34.

Mar sin féin, d’fhéadfaí a áitiú, más rud é gur faoi na Ballstáit atá sé rialáil a dhéanamh ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe i nósanna imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin brath ar chearta a thugtar leis an dlí náisiúnta, fiú i gcás inar glacadh na bearta náisiúnta infheidhme sin chun forálacha dhlí an Aontais a thrasuí. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, déanfaidh mé measúnú ar an dara ceist a d’ardaigh an Chúirt as a stuaim féin.

2. An chumhacht chun rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta soláthair san Aontas Eorpach a rialáil

– Barúlacha arna gcur isteach

35.

Tá beagnach gach páirtí sa nós imeachta os comhair na Cúirte den tuairim go bhféadfadh na Ballstáit rialú a dhéanamh ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí. Bhíothas ag brath ar dhá phríomhargóint chun tacú leis sin. Measann roinnt páirtithe go dtagann an rannpháirtíocht sin faoi réim na n‑inniúlachtaí a roinntear idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit. ( 25 ) Cé go nglacann páirtithe eile leis gur faoin Aontas Eorpach amháin atá an chumhacht rannpháirtíocht den sórt sin a rialáil, maíonn siad gur féidir leis na Ballstáit gníomhú sa réimse sin mar sin féin. ( 26 )

36.

Gan a chur in iúl go sainráite an dtagann an t‑ábhar faoi inniúlacht eisiach an Aontais nó an ábhar é a roinneann sé leis an Aontas, áitíonn Rialtas na Cróite nach bhfuil aon toirmeasc ginearálta i ndlí an Aontais ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach. ( 27 ) Maíonn sé go ndeimhníonn an Treoir ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí ó thríú tíortha ( 28 ) an tairiscint ina sonraítear gur féidir oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a eisiamh ó na nósanna imeachta sin, gan an eisiamh sin a bheith ina riachtanas. D’áitigh an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí) go bhfuil feidhm ag na prionsabail chéanna maidir le gach oibreoir eacnamaíoch a ghlacann páirt i nósanna imeachta soláthair phoiblí sa Chróit, gan beann ar a dtír bhunaíochta.

37.

Maíonn Kolin gur inniúlacht roinnte idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit é rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí. Fad nach bhfuil aon fhoráil shonrach déanta ag an gcéad cheann acu sin chun an rannpháirtíocht úd a rialáil, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit gníomhú. Ar an gcaoi chéanna, measann Rialtas na Polainne nach dtagann cur i bhfeidhm Threoir 2014/25 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála, inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh, ach faoin margadh inmheánach, ar inniúlacht roinnte é. Dá bhrí sin, ní chuirtear cosc, le dlí an Aontais, ar na Ballstáit, a chinneadh go bhfuil feidhm ag prionsabal na córa comhionainne maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha seachas na hoibreoirí sin dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir 2014/25.

38.

Áitíonn Rialtas na hEastóine, ós rud é gur le forálacha CFAE maidir leis an margadh inmheánach a thugtar an bunús dlí do Threoir 2014/25, go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú chun rialú a dhéanamh ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tíortha i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin sna nósanna imeachta sin a theorannú ach níl sé d’oibleagáid orthu amhlaidh a dhéanamh.

39.

Cé go measann Rialtas na Danmhairge, Rialtas na Fraince agus Rialtas na hOstaire go dtagann rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, maíonn siad, ar chúiseanna éagsúla, go bhféadfadh na Ballstáit gníomhú sa réimse sin.

40.

Glacann Rialtas na hOstaire leis go dtagann rialú ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta den sórt sin faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. In éagmais aon fhoráil i dTreoir 2014/25 chuige sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit bearta a ghlacadh chun na críche sin. Áitíonn Rialtas na Danmhairge, i gcás nach bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach a inniúlacht eisiach chun comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um chonarthaí poiblí a dhámhachtain, go bhféadfadh na Ballstáit na socruithe a chinneadh trína bhféadfaidh oibreoirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta sin. Measann Rialtas na Fraince freisin go dtagann bearta chun oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a eisiamh ó nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. Dá bhrí sin, cuirtear cosc ar na Ballstáit bearta ginearálta a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta den sórt sin ach féadfaidh siad bearta a ghlacadh i gcásanna aonair.

41.

Áitíonn an Coimisiún go dtagann na socruithe faoinar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí arna n‑eagrú laistigh den Aontas Eorpach faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, sa chaoi is gurb é féin amháin is féidir gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhéanamh lena ndéantar cóir chomhionann le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha. ( 29 )

– Anailís

42.

Foráiltear le hAirteagal 3(1)(e) CFAE gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhbheartas tráchtála. De bhun Airteagal 207(1) CFAE, tá an beartas sin bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha agus cumhdaítear trádáil earraí agus seirbhísí leis. ( 30 ) Ós rud é nach luaitear dámhachtain conarthaí poiblí sna Conarthaí, eascraíonn an cheist uaidh sin an dtagann na nósanna imeachta lena rialaítear dámhachtainí den sórt sin faoin margadh inmheánach, inniúlacht a roinntear idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ( 31 ) nó an comhbheartas tráchtála. Sa chomhthéacs sin, is fiú a mheabhrú go rialaíonn an margadh inmheánach an trádáil idir na Ballstáit, cé go mbaineann an comhbheartas tráchtála leis an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha. ( 32 ) Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gné inmheánach agus gné eismheánach araon a bheith ag baint le conarthaí poiblí a dhámhachtain.

43.

Foráiltear le hAirteagal 53 CFAE, a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta, Airteagal 62 CFAE a bhaineann leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus Airteagal 114 CFAE a bhaineann le bearta a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir leo a ghlacadh, don bhunús dlí atá le Treoir 2014/25. ( 33 ) Tá an chuma air go leanann sé go dtagann an ghné laistigh den Aontas a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear dámhachtain conarthaí poiblí, lena n‑áirítear Treoir 2014/25, faoi raon feidhme an mhargaidh inmheánaigh.

44.

Tagann beart atá ceaptha chun trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn, a éascú nó a rialú agus a bhfuil éifeachtaí díreacha agus láithreacha aige ar thrádáil, faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála. ( 34 ) Ní thagann beart a bhfuil impleachtaí coimhdeacha amháin aige do thrádáil idirnáisiúnta faoi raon feidhme an bheartais sin. ( 35 ) An dtagann socruithe chun rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí laistigh den Aontas Eorpach a éascú faoin gcéad cheann nó faoin dara ceann de na catagóirí sin?

45.

I dTuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála AE-Singeapór), scrúdaigh an Chúirt roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit i gcomhthéacs comhaontú trádála atá beartaithe a thabhairt i gcrích le Poblacht Shingeapór. Bhí caibidil sa chomhaontú idirnáisiúnta sin maidir le soláthar poiblí lenar cinneadh na socruithe lena bhféadfadh oibreoirí eacnamaíocha gach páirtí a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí arna n‑eagrú ag údaráis an pháirtí eile. Ós rud é go raibh éifeachtaí díreacha agus láithreacha ag an gcaibidil sin ar thrádáil earraí agus seirbhísí idir na páirtithe sa chomhaontú idirnáisiúnta sin, tháinig sé faoin gcomhbheartas tráchtála. ( 36 ) Dá bhrí sin, is cosúil go dtacaíonn an rialú sin leis an smaoineamh go dtagann an ghné eismheánach de dhámhachtain conarthaí poiblí faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas Eorpach a chinneadh an féidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach agus, más féidir, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach. ( 37 ) Léirítear in Airteagal 207 CFAE go n‑áirítear glacadh beart aontaobhach i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus, i gcás inar gá, caibidliú comhaontuithe idirnáisiúnta leis an gcumhacht sin. Is sa chomhthéacs sin a d’fhógair an tAontas Eorpach go bhfuil sé ar intinn aige deiseanna gnó a chruthú do ghnóthais atá bunaithe ann trí fhéachaint le margaí soláthair phoiblí i dtríú tíortha a oscailt ar bhonn cómhalartach. ( 38 )

46.

Faoi Airteagal 2(2) CFAE, nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht don Aontas Eorpach a roinneann sé leis na Ballstáit i réimse sonrach, féadfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit reachtaíocht a rith agus gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh sa réimse sin. Féadfaidh na Ballstáit a n‑inniúlacht a fheidhmiú a mhéad nach bhfeidhmeoidh an tAontas a inniúlacht. Dá réir sin, féadfaidh na Ballstáit a n‑inniúlacht a fheidhmiú a mhéid (i) nach bhfuil sé sin déanta ag an Aontas Eorpach go fóill nó a mhéid a scoirfidh sé a leithéid a dhéanamh. ( 39 )

47.

Nuair a dhéantar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a dheonú don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin, ( 40 ) agus ní bheidh cead ag na Ballstáit amhlaidh a dhéanamh ach amháin má thugann an tAontas amhlaidh de chumhacht dóibh nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme. ( 41 ) Fiú i gcás nár fheidhmigh an tAontas Eorpach a inniúlacht eisiach i réimse ar leith, ní féidir le Ballstát brath ar mhainneachtain an Aontais Eorpaigh a inniúlacht a fheidhmiú chun údar a thabhairt le glacadh forála sa réimse sin. ( 42 ) A luaithe a thugtar inniúlacht eisiach don Aontas Eorpach, cailleann na Ballstáit inniúlacht láithreach agus tagann an deonú sin i bhfeidhm beag beann ar an Aontas Eorpach a bheith tar éis an inniúlacht sin a fheidhmiú. ( 43 ) Ós rud é, le hinniúlacht eisiach a bheith á bronnadh ar an Aontas Eorpach, go mbaintear inniúlacht ar bith sa réimse atá i gceist de na Ballstáit, fágann sé sin go bhfuil aon ghníomhaíocht de chuid na mBallstát, a priori, i gcoinbhleacht leis na Conarthaí. ( 44 )

48.

Trí chineál eisceachtúil in Airteagal 2(1) CFAE amháin a thugtar an chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, ( 45 ) agus gur de ghnáth a dhéantar eisceachtaí a léiriú agus a chur i bhfeidhm go docht, ní mór aon údarú a thugtar do Bhallstát a bheith sonrach, ( 46 ) teoranta ó thaobh raon feidhme de, agus sealadach. ( 47 )

49.

Scrúdaigh breithiúnas na Cúirte in an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe ( 48 ) na himthosca inar ghlac Ballstát bearta mar thoradh ar neamhghníomhaíocht Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i ndáil leis an gcomhbheartas iascaigh. ( 49 ) Níor fhág an Chúirt as an áireamh, mar gheall ar éabhlóid imthosca bitheolaíocha agus teicneolaíocha, go bhféadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit bearta caomhnaithe a leasú ( 50 ) agus, sna himthosca sin, go bhféadfaidh Ballstáit gníomhú mar iontaobhaithe ar chomhleasanna an Aontais Eorpaigh. ( 51 ) Sula nglactar leis na bearta sin, áfach, ní mór don Bhallstát lena mbaineann formheas an Aontais Eorpaigh a lorg de mheon macánta agus ní fhéadfaidh sé bearta a ghlacadh a chuireann an tAontas Eorpach sin ina gcoinne nó ar a fhorchuireann sé coinníollacha ina leith. ( 52 ) Tugtar le fios leis an mbreithiúnas sin go bhféadfaidh Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, bearta a ghlacadh i réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh i gcás nár ghníomhaigh an tAontas Eorpach, ar choinníoll go bhfuil gá oibiachtúil leis na bearta sin, gur thug an Ballstát fógra don Aontas Eorpach faoina bhfuil beartaithe aige agus nach ndéanann an Ballstát aon agóid.

50.

Maidir leis an gcás seo, trí Airteagal 43 de Threoir 2014/25 a ghlacadh, d’fheidhmigh an tAontas Eorpach a inniúlacht i ndáil le hoibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtír is páirtí don Chomhaontú Comhlachais nó i ndáil le comhaontú idirnáisiúnta eile maidir le dámhachtain conarthaí poiblí a bhfuil an tAontas faoina cheangal. Mar a mhínítear i mír 10 den Tuairim seo, ní thagann oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa Tuirc faoin gcatagóir sin. Cé nár fheidhmigh an tAontas Eorpach a inniúlacht eisiach chun a shuí an bhféadfadh oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe a bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit brath air sin chun inniúlacht chun gníomhú a athghnóthú sa réimse sin.

51.

Cé mar a thug an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí agus Kolin le fios, tá údaráis na Cróite den tuairim go bhfuil Airteagal 3(8) den Ghníomh um Sholáthar Poiblí, ar cosúil go ndéantar coincheap an ‘oibreoir eacnamaíoch’ a thrasuí in Airteagal 2(6) de Threoir 2014/25 isteach i ndlí na Cróite leis, le léiriú sa chaoi go bhfuil nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí sa Chróit oscailte do gach oibreoir eacnamaíoch, gan beann ar áit a mbunaithe, faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ó Bhallstáit eile.

52.

Eascraíonn trí dheacracht ar a laghad as an gcur chuige sin. Ar an gcéad dul síos, ní cheadaítear do na Ballstáit glacadh le reachtaíocht i réimse atá faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh, ach amháin má fhéachtar leo le dlí an Aontais a chur chun feidhme. Ós rud é gur cosúil nár fheidhmigh an tAontas Eorpach a inniúlacht eisiach chun rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit ar mian leo bearta a dhéanamh i ndáil leis sin institiúidí inniúla an Aontais a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht atá á beartú, d’fhonn an t‑údarú riachtanach a fháil. Ní thugann aon ní i gcomhad na Cúirte le fios go bhfuil céim den sórt sin glactha ag an gCróit. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh gníomhaíocht aontaobhach ó na Ballstáit an bonn a bhaint de sheasamh margála an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs a iarrachtaí margaí a oscailt, ar bhonn cómhalartach, le haghaidh conarthaí poiblí i dtríú tíortha. Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh sé cur isteach ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais, ós rud é go bhféadfadh cur i bhfeidhm ratione personae Threoir 2014/25 a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile sna himthosca sin.

53.

Cé nach bhfuil feidhm ag Treoir 2014/25 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sa Tuirc, cuirfidh mé trí chéile anois an bhféadfadh feidhm a bheith ag dlíthe na mBallstát mar sin féin maidir le cásanna nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin. Ina breithiúnas in Dzodzi, scrúdaigh an Chúirt cás inar leathnaíodh cur i bhfeidhm rialacha mhargadh inmheánach an Aontais chuig staideanna inmheánacha amháin chun idirdhealú aisiompaithe a sheachaint leis an dlí náisiúnta. ( 53 ) Cé nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais Eorpaigh maidir le himthosca inmheánacha go haonarach, ( 54 ) chinn an Chúirt nach gcuirtear cosc ar na Ballstáit an méid sin a dhéanamh. Sna himthosca sin, d’fhreagair an Chúirt na ceisteanna a tarchuireadh chuici d’fhonn léiriú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais a áirithiú. ( 55 )

54.

Murab ionann agus an imthoisc a bhí mar bhunús leis an mbreithiúnas sin, ní ceist inmheánach amháin é an cás os comhair na cúirte tarchuir agus ní bhaineann sé le hinniúlacht a roinntear idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit. Ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear sa chás seo le hinniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh, ní féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh go haontaobhach raon feidhme rialacha ábhartha an Aontais a leathnú. Dá bhrí sin, molaim don Chúirt nach féidir ceisteanna na cúirte a rinne an tarchur a fhreagairt trí bheith ag brath ar an mbreithiúnas in Dzodzi.

55.

Ós rud é go mbaineann ceisteanna uile na cúirte a rinne an tarchur le léiriú Threoir 2014/25, ní féidir, ar na cúiseanna a leagtar amach go mion i míreanna 29 go 33 agus 42 go 54 den Tuairim seo, go mbeadh feidhm ag baint léi i gcomhthéacs na díospóide os comhair na cúirte a rinne an tarchur, molaim don Chúirt a dhearbhú go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ina hiomláine.

56.

Má chinneann an Chúirt go bhfuil an tarchur inghlactha, tá sé ar intinn anois agam scrúdú a dhéanamh ar gach ceann de cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur.

B.   Substaint

(1) An chéad cheist agus an dara ceist

– Barúlacha na bpáirtithe

57.

Tá Kolin, Rialtas na hEastóine agus an Coimisiún den tuairim nach mór Airteagail 36 agus 76 de Threoir 2014/25 a léiriú sa chaoi nach féidir leis an údarás conarthach, tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a fháil, doiciméid ná faisnéis a bhaineann le hábhair nach raibh san áireamh sa tairiscint bhunaidh a iarraidh. Cé nach gcuirtear cosc ar thairgeoirí le prionsabal na córa comhionainne, i bprionsabal, sonraí a dtairiscintí a cheartú nó a mhéadú, ní fhéadfaidh faisnéis den sórt sin substaint tairisceana a leasú. Ní mór aon iarraidh ar shoiléiriú a dhéanamh freisin ar na tairgeoirí ar fad atá i gcúinsí comhchosúla. Áitíonn Kolin, Rialtas na hEastóine agus an Coimisiún nach gcomhlíontar na ceanglais sin le fíorais an cháis seo.

58.

Sonraíonn Rialtas na hEastóine freisin, ina thuairim, gur sháraigh HŽ Infrastruktura Airteagal 59 de Threoir 2014/24. Ós rud é go bhfuil an fhoráil sin teoranta do shoiléiriú ar fhaisnéis in DAES agus do sholáthar doiciméad tacaíochta, ní fhoráiltear ann d’fhaisnéis nua a thíolacadh. ( 56 ) Ós rud é nár luaigh DAES Strabag ach na hoibreacha ar líne iarnróid Pragersko-Hodoš ina thairiscint, b’éigean aon iarraidh ó HŽ Infrastruktura ar shoiléiriú agus doiciméid tacaíochta a theorannú do na hoibreacha sin.

59.

Áitíonn na páirtithe eile sna himeachtaí os comhair na Cúirte, tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach, go bhféadfaidh údarás conarthach a iarraidh ar thairgeoir doiciméid a thíolacadh a bhaineann le himthosca nach ndearnadh tagairt dóibh sa tairiscint bhunaidh.

60.

Áitíonn Rialtas na Cróite, le tacaíocht ón gCoimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, Rialtas na Seice, Rialtas na Fraince agus Rialtas na Polainne, go bhféadfaidh údaráis chonarthacha cuireadh a thabhairt do thairgeoirí faisnéis nó doiciméid a shoiléiriú nó a chomhlánú, fad nach ionann an cuireadh sin agus leasú substaintiúil ar thairiscint. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir critéir roghnúcháin agus critéir dhámhachtana. Cé nach féidir le tairgeoirí a dtairiscintí a leasú i ndáil leis na critéir dhámhachtana, ós rud é gur leasú substaintiúil a bheadh i gceist, féadfaidh siad faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na critéir roghnúcháin a fhorlíonadh. Dar leis an gCoimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí agus Rialtas na Seice, nochtann comparáid idir Airteagal 51 de Threoir 2004/18 Airteagal 56(3) de Threoir 2014/24 agus Airteagal 76(4) de Threoir 2014/25, ( 57 ) gur glacadh an dá fhoráil dheireanacha sin chun níos mó saoirse a thabhairt d’údaráis chonarthacha faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh chun roghnú na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch a éascú.

61.

Ina theannta sin, áitíonn Rialtas na Cróite agus an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí go dtugtar, leis na rialacha lena rialaítear an DAES, cumhacht don údarás conarthach, ag céim ar bith le linn an nós imeachta, iarraidh ar thairgeoirí doiciméid tacaíochta a thíolacadh agus doiciméid a bhí faighte cheana aige a fhorlíonadh nó a shoiléiriú. Is é an ghné chinntitheach i dtaobh an féidir le húdarás conarthach doiciméid den sórt sin a fháil agus iad a chur san áireamh ná an mbaineann an fhaisnéis fhorlíontach arna lorg le fíorais a tharla roimh dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach. Ós rud é go ndearna Strabag tagairt d’oibreacha a bhí curtha i gcrích aige roimh dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach, bhí sé de cheart aige iad a lua, fiú den chéad uair, tar éis dhul in éag don spriocdháta sin.

62.

Áitíonn an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, le tacaíocht ó Rialtas na Seice, nach bhfuil an tairgeoir ar éirigh leis sa chás céanna leis na tairgeoirí nár éirigh leo, de bhua gur roghnaigh an t‑údarás conarthach é. Dá bhrí sin, ní sháraítear prionsabal na córa comhionainne tríd iarraidh ar an tairgeoir sin faisnéis bhreise a chur ar fáil.

63.

Áitíonn Rialtas na Cróite, le tacaíocht ó HŽ Infrastruktura, an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí agus Rialtas na Seice agus Rialtas na Polainne, thairis sin nach féidir feidhm a bheith ag breithiúnas Esaprojekt de réir analaí. Scrúdaíodh sa bhreithiúnas sin an cheist an bhféadfadh tairgeoir a n‑éireodh leis, i bhfianaise amhrais maidir lena chumas teicniúil, doiciméad nua a thíolacadh chun brath ar chonradh a rinne oibreoir eile, a ghlac ar féin na hacmhainní ba ghá chun an conradh poiblí faoi dhámhachtain a chur ar fáil don tairgeoir ar éirigh leis. Murab ionann agus na soiléirithe a iarradh sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, a bhain le hoibreacha a rinne an tairgeoir féin, bhí tionchar ag brath ar an gconradh sin ar bhunghné riachtanach den tairiscint, eadhon aitheantas an tairgeora agus a chumas teicniúil.

64.

Cuireann an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí leis sin gur chinn an Chúirt, sa bhreithiúnas in Manova, go bhféadfadh tairgeoir doiciméad a thíolacadh ina dhiaidh sin nach raibh san áireamh ina thairiscint tosaigh, eadhon a chlár comhardaithe, fad a bhí an doiciméad sin ann roimh an spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach. ( 58 )

– Anailís

65.

Leis an gcéad cheist agus leis an dara ceist, a d’fhéadfadh a fhreagairt le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 76 de Threoir 2014/25, arna léamh i gcomhar le prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 36 de, a léiriú ionas go gceadófaí d’údarás conarthach doiciméid nua a bhaineann lena chumas teicniúil agus gairmiúil a iarraidh ar thairgeoir trí thagairt a dhéanamh d’oibreacha nach luaitear sa tairiscint bhunaidh, in imthosca inar cuireadh an cinneadh dámhachtana tosaigh ar ceal agus inar tarchuireadh an t‑ábhar ar ais le haghaidh athmheastóireacht.

66.

I dtosach báire, tugaim faoi deara go bhfuil téacs Airteagal 76(4) de Threoir 2014/25, an treoir de réir na hearnála is infheidhme, i dtéarmaí comhionanna le hAirteagal 56(3) de Threoir 2014/24, an treoir ghinearálta. Dealraíonn sé nach bhfuil aon chúis ann nár cheart an dá fhoráil sin a léiriú ar an mbealach céanna. A mhéid a luaitear in aithris 6 de Threoir 2014/25 gurb iomchuí coincheap an tsoláthair sa Treoir sin a léiriú chomh gar agus is féidir don choincheap a chuirtear i bhfeidhm i dTreoir 2014/24, faoi réir shainiúlachtaí na treorach earnála, tacaítear léi leis an moladh sin. Cinneadh, thairis sin, go bhfuil feidhm de réir analaí ag an gcásdlí maidir le léiriú Airteagal 51 de Threoir 2004/18 maidir le hAirteagal 56(3) de Threoir 2014/24. ( 59 )

67.

Is é is aidhm don cheanglas atá ar údarás conarthach prionsabail na córa comhionainne tairgeoirí agus na trédhearcachta a urramú, iomaíocht shláintiúil agus éifeachtach a chur chun cinn idir gnóthais a ghlacann páirt i nósanna imeachta soláthair agus, ar an gcaoi sin, saorghluaiseacht seirbhísí a áirithiú. ( 60 ) Cuirtear bac le prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta ar aon idirbheartaíocht idir údarás conarthach agus tairgeoir le linn nós imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí. A luaithe a chuirtear tairiscint isteach, ní féidir í a leasú, ar iarraidh ó údarás conarthach nó ón tairgeoir. Mar thoradh air sin, i gcás ina measann údarás conarthach go bhfuil tairiscint neamhbheacht nó go mainníonn sé ceanglas teicniúil a chomhlíonadh, ní féidir leis iarraidh ar an tairgeoir a thairiscint a shoiléiriú nó a mhíniú. ( 61 ) Chun é a chur ar a chumas údaráis chonarthaigh a cheangal ar thairgeoir soiléiriú nó míniú a thabhairt ar thairiscint a mheasann sé a bheith neamhbheacht nó nach gcomhlíontar ceanglais theicniúla nó sonraíochtaí ábhartha léi, tá an baol ann go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an t‑údarás conarthach i mbun caibidlíocht leis an tairgeoir sin ar bhonn rúnda, agus prionsabal na córa comhionainne á shárú ar an gcaoi sin. ( 62 )

68.

Ní chuirtear cosc, le prionsabal na córa comhionainne, ar shonraí tairisceana a cheartú nó a fhorleathnú i gcás inar léir go bhfuil gá leis sin chun earráidí soiléire cléireachais a cheartú. Chun é sin a cheadú, ní mór dhá choinníoll a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ní fhéadfaidh leasú substaintiúil den sórt sin ar an tairiscint, a d’fhéadfaí a mheas, i ndáiríre, mar thairiscint nua, teacht as iarraidh ar shoiléiriú. ( 63 ) Ní féidir le hiarraidh ar shoiléiriú cúiteamh a dhéanamh ar éagmais doiciméid nó faisnéise atá ina riachtanas den ghlao ar thairiscintí, ( 64 ) a bhfuil tairgeoir le heisiamh dá n‑uireasa. ( 65 ) Ar an dara dul síos, ní mór iarraidh den sórt sin a dhéanamh ar na tairgeoirí go léir a bhíonn i gcúinsí comhchosúla. ( 66 )

69.

Ní mór scrúdú a dhéanamh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist de chuid na cúirte a rinne an tarchur i bhfianaise na bprionsabal seo.

70.

Ní hionann doiciméid nua a bhaineann le cumas teicniúil agus gairmiúil tairgeora a thíolacadh, trí thagairt a dhéanamh d’oibreacha nach luaitear sa tairiscint bhunaidh, agus ceartúchán, soiléiriú nó míniú. Ina ionad sin, is leasú suntasach ar an tairiscint sin é, agus diúltófaí an tairiscint sin dá uireasa. Dealraíonn sé ó na doiciméid i gcomhad na Cúirte gur cuireadh an cinneadh dámhachtana tosaigh ar ceal go díreach toisc nárbh fhéidir leis an tairgeoir a léiriú gur comhlíonadh ceanglais theicniúla agus ghairmiúla an ghlao ar thairiscintí trí thagairt a dhéanamh don fhaisnéis agus do na doiciméid ina thairiscint bhunaidh.

71.

De réir Airteagal 59(1) de Threoir 2014/24, is dearbhú ón tairgeoir é DAES go gcomhlíonann sé, inter alia, na critéir roghnúcháin is infheidhme. Is réamhfhianaise chuige sin é an féindearbhú sin, rud a thagann in ionad an cheanglais deimhnithe arna n‑eisiúint ag údaráis phoiblí nó ag tríú páirtithe a thíolacadh. ( 67 ) Tá sé d’aidhm le DAES léargas beacht cruinn a thabhairt d’údaráis chonarthacha ar imthosca gach oibreora eacnamaíoch a fhéachann le tairiscint a thíolacadh. ( 68 ) Mar sin féin, ní mór an laghdú ar an ualach riaracháin faoina gcuirtear údaráis chonarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha a chur ag réiteach le cuspóir cur chun cinn na hiomaíochta sláintiúla agus éifeachtaí agus le cur i bhfeidhm phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta. ( 69 )

72.

Is é an teideal atá ar Chuid IV d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/7 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016 lena mbunaítear an fhoirm chaighdeánach le haghaidh Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar ( 70 ) ná ‘Critéir roghnúcháin’. Faoi Roinn C, dar teideal ‘Cumas teicniúil agus gairmiúil’, ceanglaítear ar thairgeoir roinnt sonraí faoi na hoibreacha ábhartha atá déanta aige a liostú agus a chur ar fáil. Cé go gceadaítear leis an bhforáil sin, dá bhrí sin, do thairgeoir deimhnithe iomchuí agus doiciméid tacaíochta a sholáthar arna iarraidh, ní cheadaítear dó, tar éis dhul in éag don spriocdháta chun a thairiscint a chur isteach, leasú a dhéanamh ar na gnéithe riachtanacha ar a mbonn a dhearbhaigh sé gur chomhlíon sé na critéir roghnúcháin is infheidhme, eadhon feidhmíocht oibreacha sonracha.

73.

Maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne sa chás atá i gceist, dúirt an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta um Sholáthar Poiblí agus HŽ Infrastruktura ag an éisteacht, as na naoi dtairiscint a diúltaíodh mar gheall ar mhainneachtain na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh leo, go raibh fianaise neamhleor ar chumas teicniúil agus gairmiúil i gceithre cinn acu, cé go líomhnaítear go raibh easnaimh eile ag baint leo.

74.

Gan dochar do na teorainneacha ar an bhféidearthacht soiléiriú a dhéanamh ina dhiaidh sin, ceanglaítear le prionsabal na córa comhionainne go seolfaidh an t‑údarás conarthach iarrataí ar shoiléiriú chuig na rannpháirtithe uile a n‑ardaíonn a dtairiscintí amhras faoi na critéir roghnúcháin a bheith á gcomhlíonadh agus gan na hiarrataí sin a theorannú don tairgeoir ar roghnaigh sé an tairiscint a dhámhachtain dóibh. Ag an éisteacht, dúirt an Coimisiún Stáit um Maoirseacht ar Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí agus HŽ Infrastruktura, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na tairiscintí agus diúltú do naonúr toisc nár chomhlíon siad na critéir roghnúcháin, gur scrúdaigh HŽ Infrastruktura na sé thairiscint a bhí fágtha faoi threoir na gcritéar dámhachtana. Dá bhrí sin, ní féidir an fhéidearthacht a eisiamh, dá dtabharfaí deis don naonúr tairgeoirí a diúltaíodh ar dtús, toisc nár chomhlíon siad na critéir roghnúcháin a dtairiscintí a mhíniú, go bhféadfaí a mheas gur chuir duine dóibh an tairiscint is tairbhiúla ó thaobh na heacnamaíochta de isteach. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a fhíorú.

75.

Mar a thug roinnt páirtithe faoi deara i gceart, ní hionann na fíorais ar tugadh an breithiúnas in Esaprojekt ina leith agus na fíorais atá os comhair na cúirte a rinne an tarchur. De réir an bhreithiúnais sin, d’iarr an t‑údarás conarthach soiléiriú ar an tairiscint sin tar éis dó a mheas nár chomhlíon taithí an tairgeora ceanglais an ghlao ar thairiscintí. Chuir an tairgeoir doiciméad ar fáil a bhí ag brath ar thaithí fochonraitheora a luaigh sé sa tairiscint bhunaidh. ( 71 ) Tugtar le fios i gcinneadh na Cúirte, ós rud é go ndearna sé difear d’aitheantas an tairgeora agus dá inniúlacht, gur leasú substaintiúil ar an tairiscint tosaigh a bhí sa fhreagra ar an iarraidh. ( 72 ) Maidir leis na difríochtaí fíorasacha sin a d’fhéadfadh a bheith ann idir na himthosca inar tugadh an breithiúnas in Esaprojekt agus na himthosca a thagann chun cinn lena mbreithniú sa chás seo, níl aon tionchar acu ar na prionsabail dhlíthiúla is infheidhme, a leagtar amach i míreanna 67 agus 68 den Tuairim seo.

76.

Déanann roinnt páirtithe sa nós imeachta os comhair na Cúirte an agóid go dtacaíonn an breithiúnas in Manova leis an moladh go dtugtar cumhacht d’údarás conarthach doiciméid nó faisnéis nach raibh sa tairiscint bhunaidh a iarraidh in imthosca atá cosúil leo sin sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur le hAirteagal 76(4) de Threoir 2014/25. Áitím le hurraim go bhfuil an argóint sin bunaithe ar léamh míchruinn ar an mbreithiúnas sin. Is cinnte gur chinn an Chúirt go bhféadfadh údarás conarthach ceartú teoranta nó sonrach, nó forleathnú ar shonraí ar thairiscint a iarraidh, mar shampla trí chóip de chlár comhardaithe a lorg a foilsíodh roimh an spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach. Cháiligh sí an toradh sin trína chur in iúl go mbeadh toirmeasc ar iarraidh den sórt sin i gcás inar ghá an doiciméad sin a bhí in easnamh a chur ar fáil sa ghlao ar thairiscintí nó faisnéis ar phian eisiata ón nós imeachta um dhámhachtain. ( 73 ) Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, in éagmais na tagartha do na hoibreacha ar mhótarbhealach ghleann Steyr, nach gcomhlíonfaí na critéir roghnúcháin le tairiscint bhunaidh Strabag agus go ndiúltófaí di dá bhrí sin, agus dá réir sin gur laistigh den choinníoll a rinne an Chúirt i mbreithiúnas Manova a thiocfadh sí.

77.

I bhfianaise an mhéid thuas, molaim go dtabharfadh an Chúirt freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist ar chaoi nach mór Airteagal 76 de Threoir 2014/25, arna léamh in gcomhar le prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 36 di, a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc ar údarás conarthach leis doiciméid nua a iarraidh ó thairgeoir a bhaineann lena chumas teicniúil agus gairmiúil trí thagairt a dhéanamh d’oibreacha nach luaitear sa tairiscint bhunaidh, in imthosca inar cuireadh an cinneadh dámhachtana tosaigh ar ceal agus inar tarchuireadh an t‑ábhar ar ais le haghaidh athmheastóireacht.

(2) An tríú ceist

78.

Sa tríú ceist atá ag an gcúirt a rinne an tarchur, fiafraítear an gá Airteagal 76 de Threoir 2014/25, arna léamh in gcomhar le prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 36 den Treoir sin, a léiriú ar chaoi go gceadaítear do thairgeoir doiciméid nua a bhaineann lena chumas teicniúil agus gairmiúil a chur ar fáil trí thagairt a dhéanamh d’oibreacha nach luaitear sa tairiscint bhunaidh, i gcás inar cuireadh an cinneadh tosaigh dámhachtana ar ceal agus inar tarchuireadh an t‑ábhar ar ais le haghaidh athmheastóireacht.

79.

Ní dhírítear ar an tríú ceist go seachtrach le formhór na mbarúlacha atá os comhair na Cúirte. Cuireann Rialtas na Fraince in iúl, cé go bhféadfadh údarás conarthach cuireadh a thabhairt do thairgeoirí soiléirithe a chur ar fáil tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a chur isteach, nach bhfuil sé de cheart ag tairgeoirí soiléiriú a sholáthar as a stuaim féin. I gcodarsnacht leis sin, áitíonn an Coimisiún go gcuirtear cosc le Treoir 2014/25 ar aon leasú substainteach ar thairiscint tar éis dhul in éag don spriocdháta chun tairiscintí a fháil. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé le hábhar cibé ar iarr an t‑údarás conarthach na soiléirithe nó ar sholáthair an tairgeoir iad as a stuaim féin.

80.

I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair amháin atá sé, agus ní mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna arna dtarchur ag na cúirteanna náisiúnta le léiriú ar fhoráil de dhlí an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. I gcomhthéacs an nós imeachta um chomhar idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, tá toimhde na hábharthachta ag baint le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin más rud é, mar shampla, nach gcomhlíontar na ceanglais a bhaineann le hinneachar iarrata ar réamhrialú a leagtar amach in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, nó i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú ar fhoráil maidir le dlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír na príomhchaingne ná lena cuspóir, nó i gcás ina bhfuil an fhadhb hipitéiseach. ( 74 )

81.

Sa chás seo, is léir ó na doiciméid i gcomhad na Cúirte gur chuir Strabag na doiciméid bhreise agus an fhaisnéis bhreise ar fáil ar iarraidh ón údarás conarthach. Dá bhrí sin, fágann sé go bhfuil an tríú ceist bunaithe ar hipitéis agus, ar an gcúis sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil sí do-ghlactha. Mura mbeadh an Chúirt den tuairim sin, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 67 go 76 den Tuairim seo, mholfainn go bhfreagródh sí an tríú ceist lena n‑áirítear nach gceadaítear le hAirteagal 76 de Threoir 2014/25, arna léamh i gcomhar le prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 36 den Treoir sin, do thairgeoir doiciméid nua a chur ar fáil, as a stuaim féin, a bhaineann lena chumas teicniúil agus gairmiúil trí thagairt a dhéanamh d’oibreacha nár luadh sa tairiscint bhunaidh, in imthosca inar cuireadh an cinneadh dámhachtana tosaigh ar ceal agus inar tarchuireadh an cás ar ais le haghaidh athmheastóireacht.

V. Conclúid

82.

I bhfianaise an mhéid thuas, molaim go rialódh an Chúirt go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú ó Visoki upravni sud Republike Hrvatske (Cúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit), arna déanamh le cinneadh an 10 Deireadh Fómhair 2022, do-ghlactha.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( 2 ) ‘Oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe’.

( 3 ) IO 2014 L 94, lch. 243.

( 4 ) Cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a bhaineann leis na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de na caibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, i ndáil le hábhair a thagann faoina inniúlacht (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

( 5 ) IO 2014 L 94, lch. 65.

( 6 ) IO 1977 L 361, lch. 29.

( 7 ) IO 1977 L 361, lch. 60.

( 8 ) IO 1996 L 35, lch. 1.

( 9 ) IO 2000 L 138, lch. 27.

( 10 ) Maidir le Cinneadh Uimh. 1/2006 ó Choiste CE-na Tuirce um Chomhar Custaim an 26 Meán Fómhair 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 1/95 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (IO 2006 L 265, lch. 18), níl aon fhoráil maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí.

( 11 ) Narodne novine Uimh. 120/2016.

( 12 ) Breithiúnas an 4 Bealtaine 2017 (C‑387/14, EU:C:2017:338; ‘an breithiúnas in Esaprojekt’).

( 13 ) Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara gur léirigh an breithiúnas in Esaprojekt Airteagal 51 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO 2004 L 134, lch. 114) maidir leis an bhféidearthacht cuireadh a thabhairt do thairgeoirí doiciméid de bhreis ar a dtairiscintí a chur ar fáil. Ós rud é gur aisghaireadh an treoir sin le Treoir 2014/24, níl an chúirt sin cinnte an féidir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le Treoir 2004/18 agus Treoir 2014/24 feidhm a bheith aige de réir analaí maidir le cásanna a rialaítear le Treoir 2014/25.

( 14 ) Breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 59).

( 15 ) Breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Viagogo (C‑70/22, EU:C:2023:350, mír 23).

( 16 ) Braitheann an Coimisiún, de réir analaí, ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Rantos in CRRC Qingdao Sifang agus Astra Vagoane Călători (C‑266/22, EU:C:2023:399). Déantar tagairt freisin d’aithris 10 de Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí ó thríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain ar oibreoirí eacnamaíocha, ar earraí agus ar sheirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais thríú tíortha (Ionstraim Soláthair Idirnáisiúnta – IPI) (IO 2022 L 173, lch. 1; ‘Rialachán IPI’) agus do Roinn 1 den Teachtaireacht ón gCoimisiún lena soláthraítear Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí ó thríú tíortha i margadh soláthair an Aontais (IO 2019 C 271, lch. 43; ‘Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí ó thríú tíortha’).

( 17 ) Ar mhaithe le hiomláine, tugaim faoi deara go mbaineann Airteagal 85 de Threoir 2014/25 le táirgí de thionscnamh tríú tíortha nach bhfuil comhaontú iltaobhach ná déthaobhach tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach leo chun rochtain oibreoirí an Aontais Eorpaigh ar mhargaí na dtíortha sin a áirithiú. Faoin bhforáil sin, féadfaidh na Ballstáit tairiscintí a dhiúltú i gcás inar mó ná 50 % de luach iomlán na tairisceana cion na dtáirgí de thionscnamh tríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe.

( 18 ) Faoin bhforáil sin, féadfaidh an tAontas Eorpach dámhachtain conarthaí seirbhíse d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe a chur ar fionraí nó a shrianadh i gcás nach dtugann an tír ina bhfuil siad bunaithe rochtain éifeachtach d’oibreoirí an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoirí intíre. Dealraíonn sé go moltar in Airteagal 86(6) de Threoir 2014/25 go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin maidir le hoibreoirí ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe, ós rud é go bhféadfadh glacadh le beart aontaobhach ag an Aontas Eorpach a bheith i gcoinbhleacht leis na hoibleagáidí atá ar pháirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóidí a réiteach. Tacaíonn Wang agus Arrowsmith leis an léiriú sin ar Airteagal 86 de Threoir 2014/25: féach Wang, P., agus Arrowsmith S., ‘Trade Relations with Third Countries in Public Procurement’, in Arrowsmith, S., The Law of Public and Utilities Procurement – Regulation in the EU and UK, Imleabhar 2, Sweet & Maxwell, 2018, lgh. 881 go 895.

( 19 ) Cé nach bhfuil feidhm ag Rialachán IPI maidir le fíorais an cháis reatha ratione temporis, beartaítear leis bearta a ghlacadh chun srian a chur ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha, seachas iad siúd a chumhdaítear leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais nó le comhaontú idirnáisiúnta eile, ar nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas Eorpach. Dá gceadófaí d’oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe rochtain a fháil ar nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí i ngach cás, ní fhéadfadh feidhm a bheith ag Rialachán IPI riamh sa chleachtas. Dá bhrí sin, tacaíonn Rialachán IPI leis an gconclúid ar thángthas uirthi anseo.

( 20 ) Tugtar aghaidh, le míreanna 42 go 54 den Tuairim seo, ar fheidhmiú na hinniúlachta sin.

( 21 ) Breithiúnais an 11 Bealtaine 2000, Savas (C‑37/98, EU:C:2000:224, mír 46); an 20 Meán Fómhair 2007, Tum agus Dari (C‑16/05, EU:C:2007:530, mír 46); agus an 24 Meán Fómhair 2013, Demirkan (C‑221/11, EU:C:2013:583, míreanna 37 agus 38).

( 22 ) Breithiúnais an 11 Bealtaine 2000, Savas (C‑37/98, EU:C:2000:224, míreanna 64 agus 69); an 21 Deireadh Fómhair 2003, Abatay agus páirtithe eile (C‑317/01 agus C‑369/01, EU:C:2003:572, mír 66); agus an 19 Feabhra 2009, Soysal agus Savatli (C‑228/06, EU:C:2009:101, mír 47).

( 23 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2007, Tum agus Dari (C‑16/05, EU:C:2007:530, mír 55).

( 24 ) Ina Thuairim in CRRC Qingdao Sifang agus Astra Vagoane Călători (C‑266/22, EU:C:2023:399), tháinig an tAbhcóide Ginearálta Rantos ar an gconclúid chéanna maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/14 maidir le hoibreoir eacnamaíoch atá bunaithe sa tSín a bhí eisiata ó nós imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí san Aontas Eorpach.

( 25 ) Kolin, Rialtas na hEastóine agus Rialtas na Polainne.

( 26 ) Rialtas na Danmhairge, Rialtas na Fraince agus Rialtas na hOstaire.

( 27 ) Ós rud é nach bhfuil toirmeasc ginearálta ann ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil gealltanais maidir le rochtain ar an margadh tugtha ag an Aontas Eorpach leo i gcomhaontú idirnáisiúnta, is cosúil go ndeimhníonn Rialachán IPI an tairiscint sin.

( 28 ) Lch. 43.

( 29 ) Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála AE-Singeapór) an 16 Bealtaine 2017 (EU:C:2017:376; Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála AE-Singeapór)’) agus aithris 3 de Rialachán IPI.

( 30 ) Leasaíodh Airteagal 207(1) CFAE le Conradh Liospóin chun a shoiléiriú gur inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh é trádáil seirbhísí, arna roinnt le Ballstáit an Aontais roimhe sin. Tá tuairisc ar éabhlóid na forála sin agus anailís ar raon feidhme reatha an chomhbheartais tráchtála le fáil in Wouters, J., Hoffmeister, F., De Baere, G. agus Ramopoulos, T., The Law of EU External Relations: Cases, Materials, and Commentary on the EU as an International Legal Actor, Oxford University Press, 2021, lgh. 230 go 288.

( 31 ) Airteagal 4(2)(a) CFAE.

( 32 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Iúil 2013, Daiichi Sankyo agus Sanofi-Aventis Deutschland (C‑114/11, EU:C:2013:520, mír 50), agus breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2013, an Coimisiún v an Chomhairle (C‑137/12, EU:C:2013:675, mír 56).

( 33 ) Luaitear in Aithris 2 de Threoir 2014/25 go bhféachann sí, go háirithe, le saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar a áirithiú. Tagann na breithnithe céanna ón mbrollach agus ó aithris 1 de Threoir 2014/25.

( 34 ) Breithiúnais an 12 Bealtaine 2005, Regione autonoma Friuli-Venezia Giuliaagus ERSA (C‑347/03, EU:C:2005:285, mír 75), agus an 18 Iúil 2013, Daiichi Sankyo agus Sanofi-Aventis Deutschland (C‑414/11, EU:C:2013:520, mír 51).

( 35 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 2013, an Coimisiún v an Chomhairle (C‑137/12, EU:C:2013:675, míreanna 57 agus 76).

( 36 ) Tuairim 2/15 (Comhaontú Saorthrádála AE-Singeapór) an 16 Bealtaine 2017 (EU:C:2017:376), míreanna 75 go 77.

( 37 ) Chun tacú leis an moladh sin, féach, mar shampla, Wouters, J., Hoffmeister, F., De Baere, G. agus Ramopoulos, T., The Law of EU External Relations: Cases, Materials, and Commentary on the EU as an International Legal Actor, Oxford University Press, 2021, lch. 255.

( 38 ) Guidance on the participation of third-country bidders [Treoracha maidir le tairgeoirí ó thríú tíortha], Roinn 1.

( 39 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Pitruzzella i gCásanna Uamtha Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2020:756, mír 37).

( 40 ) Chinn cásdlí na Cúirte go bhféadfadh bearta neamhcheangailteacha arna nglacadh ag Ballstát fiú cúngú ar inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Feabhra 1986, Bulk Oil (Zug) (174/84, EU:C:1986:60, mír 9).

( 41 ) Airteagal 2(1) CFAE.

( 42 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 53). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Pitruzzella i gCásanna Uamtha Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2020:756, mír 44).

( 43 ) Breithiúnas an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 54).

( 44 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Pitruzzella i gCásanna Uamtha Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2020:756, mír 38).

( 45 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Szpunar in an Coimisiún v an Chomhairle(Aontachas le hIonstraim na Ginéive) (C‑24/20, EU:C:2022:404, mír 81).

( 46 ) Breithiúnais an 15 Nollaig 1976, Donckerwolcke agus Schou (41/76, EU:C:1976:182, míreanna 29 agus 32); an 17 Deireadh Fómhair 1995, Werner (C‑70/94, EU:C:1995:328, mír 12); agus an 17 Deireadh Fómhair 1995, Leifer agus páirtithe eile (C‑83/94, EU:C:1995:329, mír 12). Léirítear sampla d’údarú sonrach arna dheonú le reachtaíocht an Aontais i mbreithiúnas an 18 Feabhra 1986, Bulk Oil (Zug) (174/84, EU:C:1986:60, míreanna 31 go 33).

( 47 ) Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Pitruzzella i gCásanna Uamtha Hessischer Rundfunk (C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2020:756, mír 43).

( 48 ) Féach breithiúnas an 5 Bealtaine 1981, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (C-804/79, EU:C:1981:93).

( 49 ) Bhí an neamhghníomh mar thoradh ar an mBallstát céanna a ghlac na bearta aontaobhacha, an Ríocht Aontaithe, a bheith ag cur bac ar phróiseas cinnteoireachta na Comhairle (ibid., mír 9).

( 50 ) Ibid., mír 22.

( 51 ) Ibid., mír 30.

( 52 ) Ibid., míreanna 27 agus 31.

( 53 ) Breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 1990, Dzodzi (C‑297/88 agus C‑197/89, EU:C:1990:360, mír 13; ‘an breithiúnas in Dzodzi’).

( 54 ) Ibid., mír 28.

( 55 ) Ibid., míreanna 34 go 37.

( 56 ) Áitíonn Rialtas na hEastóine, de bhua Airteagal 80(3) de Threoir 2014/25, go bhfuil feidhm ag Airteagal 59 de Threoir 2014/24 maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/25, amhail an ceann os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

( 57 ) Tháinig Airteagal 56(3) de Threoir 2014/24 in ionad Airteagal 51 de Threoir 2004/18. Is ar théarmaí comhionanna iad Airteagal 56(3) de Threoir 2014/24 agus Airteagal 76(4) de Threoir 2014/25.

( 58 ) Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2013, Manova (C‑336/12, EU:C:2013:647; ‘an breithiúnas in Manova’).

( 59 ) Breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras (C‑927/19, EU:C:2021:700, mír 93).

( 60 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2013, Manova (C‑336/12, EU:C:2013:647, mír 28), agus an 11 Bealtaine 2017, Archus agus Gama (C‑131/16, EU:C:2017:358, mír 25).

( 61 ) Breithiúnais an 10 Deireadh Fómhair 2013, Manova (C‑336/12, EU:C:2013:647, mír 31), agus an 7 Aibreán 2016, Partner Apelski Dariusz (C‑324/14, EU:C:2016:214, mír 62).

( 62 ) Breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Archus and Gama (C‑131/16, EU:C:2017:358, mír 28).

( 63 ) Ibid., míreanna 29, 31 agus 37. Féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Aibreán 2016, Partner Apelski Dariusz (C‑324/14, EU:C:2016:214, mír 64), agus an 28 Feabhra 2018, MA.T.I. SUD agus Deumme SGR (C‑523/16 agus C‑536/16, EU:C:2018:122, mír 52).

( 64 ) Breithiúnais an 11 Bealtaine 2017, Archus agus Gama (C‑131/16, EU:C:2017:358, mír 33), agus an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliek tvarkymo centras (C‑927/19, EU:C:2021:700, mír 93).

( 65 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Feabhra 2018, MA.T.I. SUD agus Deumme SGR (C‑523/16 agus C‑536/16, EU:C:2018:122, mír 49).

( 66 ) Breithiúnas an 11 Bealtaine 2017, Archus agus Gama (C‑131/16, EU:C:2017:358, mír 30).

( 67 ) Breithiúnas an 10 Samhain 2022, Taxi Horn Tours (C‑631/21, EU:C:2022:869, mír 48).

( 68 ) Ibid., mír 49.

( 69 ) Ibid., míreanna 56 agus 57.

( 70 ) IO 2016 L 3, lch. 16.

( 71 ) Breithiúnas an 4 Bealtaine 2017, Esaprojekt (C‑387/14, EU:C:2017:338, míreanna 26 go 30 agus 34).

( 72 ) Ibid., míreanna 41 go 43.

( 73 ) Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2013, Manova (C‑336/12, EU:C:2013:647, míreanna 39 agus 40).

( 74 ) Breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2018, Roche Lietuva (C-413/17, EU:C:2018:865, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

Top