Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CC0535

    Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta arna thabhairt ar an 2024 Márta 14.


    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:233

    Eagrán sealadach

    TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

    ĆAPETA

    arna tabhairt an 14 Márta 2024 (1)

    Cás C535/22 P

    Aeris Invest Sàrl

    v

    an Coimisiún Eorpach,

    Bord Réitigh Aonair (BRA)

    (Achomharc – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas Baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair – Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Airteagal 18 – Coinníollacha maidir le réiteach – Airteagal 15 – Cuspóirí réitigh – Airteagal 22 – Gnáthphrionsabail uirlisí réitigh – Airteagal 296 CFAE – Dualgas chun cúiseanna a lua – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Caingean le haghaidh neamhniú agus caingean le haghaidh damáistí – Réiteach Banco Popular)






    I.      Réamhrá

    1.        Bunaíodh an Sásra Réitigh Aonair (SRA) in 2014. (2) Ar an 6 Meitheamh 2017, úsáideadh é den chéad uair, i ndáil le Banco Popular Español, SA (‘Banco Popular’).

    2.        Is duine dlíthiúil é an t‑achomharcóir, Aeris Invest Sàrl (‘Aeris Invest’), faoi dhlí Lucsamburg, agus ba scairshealbhóir é in Banco Popular sular cuireadh an scéim réitigh (3) den bhanc sin i bhfeidhm. Chuir daoine nádúrtha agus dlíthiúla a raibh caipiteal in Banco Popular acu roimh a réiteach ar an 7 Meitheamh 2017 níos mó ná 100 caingean dhíreach isteach don Chúirt Ghinearálta.

    3.        Lena chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta, rinne Aeris Invest agóid ar an scéim réitigh agus formheas an Choimisiúin dá chuid mar gheall ar roinnt earráidí arna líomhain chomh maith le bailíocht forálacha áirithe de Rialachán SRA. Díbheadh an chaingean sin de réir an tuillteanais i mbreithiúnas an 1 Meitheamh 2022, Aeris Invest v an Coimisiún agus BRA (T‑628/17, EU:T:2022:315) (‘an breithiúnas atá faoi achomharc’).

    4.        In éineacht leis seo, tá achomharc eile ar feitheamh i gCás C‑541/22 P, García Fernández agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA, (4) ina ndéantar agóid ar an mbreithiúnas comhthreomhar den Chúirt Ghinearálta maidir leis an scéim réitigh chéanna (‘an t‑achomharc comhthreomhar’). Tá forluí suntasach sna hargóintí a rinneadh. Tá mo Thuairim san achomharc sin á tabhairt ar an lá céanna (‘an Tuairim chomhthreomhar’), agus ba cheart an dá Thuairim chomhthreomhara sin a léamh le chéile.

    5.        Agus an caighdeán athbhreithnithe arna chur in iúl i bpointí 5 agus 7 den Tuairim chomhthreomhar á chur san áireamh, molfaidh mé go seasann an Chúirt leis an dá bhreithiúnas faoi achomharc.

    II.    Imeachtaí as a dtagann na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

    6.        Is ionann na fíorais atá ábhartha don achomharc seo, a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe i míreanna 25 go 83 den bhreithiúnas faoi achomharc, leo siúd sa Tuairim chomhthreomhar. Ar an gcaoi sin, treoraím an léitheoir go pointí 9 go 24 den Tuairim sin.

    III. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

    7.        Lena chaingean a taisceadh os comhair na Cúirte Ginearálta ar an 18 Meán Fómhair 2017, thionscain Aeris Invest caingean ag iarraidh an scéim réitigh agus formheas an Choimisiúin a neamhniú.

    8.        Ar an 6 Lúnasa 2018, tugadh cead do Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh chun idirghabháil a dhéanamh agus ar an 12 Aibreán 2019, tugadh an cead céanna do Banco Santander. Rinne siad go léir idirghabháil chun tacú leis an gCoimisiún agus an Bord Réitigh Aonair (BRA).

    9.        Le hordú an 12 Bealtaine 2021, d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta do BRA leaganacha iomlána na scéime réitigh a sholáthar chomh maith le luacháil 2, measúnú ar institiúid atá ag cliseadh nó ar dóigh di cliseadh (‘FOLTF’) den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) an 6 Meitheamh 2017, litir Banco Popular an 6 Meitheamh 2017 chuig BCE, lena n‑áirítear iarscríbhinn na litreach sin, agus litir BCE an 18 Bealtaine 2017 chuig Banco Popular.

    10.      Le hordú an 9 Meitheamh 2021, chinn an Chúirt Ghinearálta, tar éis di na doiciméid sin a iniúchadh, nach raibh gá leo chun an cás a réiteach agus bhain sí leaganacha rúnda na ndoiciméad den chomhad, agus sheol sí litir an 6 Meitheamh 2017 ón Banco Popular chuig BCE, gan iarscríbhinn den litir sin, chuig an achomharcóir (an t‑iarratasóir ag an gcéad chéim), an Coimisiún, Ríocht na Spáinne, an Pharlaimint, an Chomhairle agus Banco Santander.

    11.      Dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean ina hiomláine mar chaingean a bhí gan bhunús.

    IV.    Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

    12.      Lena achomharc arna thionscnamh ar an 9 Lúnasa 2022, iarrann Aeris Invest ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    –        an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, agus i gcomhréir leis an ordú a bhí á lorg ag an achomharcóir ar an gcéad chéim os comhair na Cúirte Ginearálta:

    –        go gcuirfí an scéim réitigh de BRA ar neamhní,

    –        go gcuirfí formheas an Choimisiúin ar an scéim réitigh ar neamhní, agus

    –        Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA a dhearbhú mar infheidhme, de bhun Airteagal 277 CFAE;

    –        ordú a thabhairt don Choimisiún agus do BRA costais an nós imeachta sa chéad chéim agus san achomharc a íoc;

    –        mar mhalairt rogha, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta agus, i gcás amhlaidh, na costais a fhorchoimeád.

    13.      Maíonn an Coimisiún, BRA, an Chomhairle, Ríocht na Spáinne, agus Banco Santander gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:

    –        an t‑achomharc ina iomláine a dhíbhe;

    –        a ordú don achomharcóir na costais a íoc.

    14.      Iarrann an Chomhairle sa bhreis ar an gCúirt Bhreithiúnais gur cheart di:

    –        i gcás ina gcuireann an Chúirt an breithiúnas atá faoi achomharc ar neamhní agus cinneann sí an chaingean de bhun Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart di an phléadáil neamhdhleathachta d’Airteagail 15, 18, 20, 21, 22 agus 24 de Rialachán SRA a dhíbhe.

    15.      Maíonn Banco Santander freisin, má chloíonn an Chúirt Bhreithiúnais leis an achomharc agus má chinneann sí, i gcomhréir le hAirteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, breithiúnas a thabhairt í féin maidir leis an gcaingean le haghaidh neamhniú, gur cheart di an méid seo a leanas a dhéanamh:

    –        i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 264 CFAE, teorainn a chur le raon feidhme a breithiúnais trí bhíthin seasamh le héifeachtaí díola Banco Popular le Banco Santander.

    V.      Anailís

    16.      Maíonn an t‑achomharcóir ocht saincheist dlí mar thaca lena achomharc. Líomhnaítear leis an gcéad fhoras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 18 de Rialachán SRA, an dualgas cúraim, agus an dualgas chun cúiseanna a lua. Líomhnaíonn an t‑achomharcóir leis an dara foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 14 agus 20 de Rialachán SRA, an dualgas cúraim, agus Airteagal 296 CFAE. Líomhnaítear leis an tríú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a dualgas cúraim, Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), agus Airteagal 14 de Rialachán SRA. Líomhnaítear leis an gceathrú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an ceart chun cosaint a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt, agus Airteagal 296 CFAE. Líomhnaítear leis an gcúigiú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 296 CFAE agus an ceart chun cosaint a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt i dtaobh rúndacht na scéime réitigh agus luacháil 2. Líomhnaítear leis an séú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) trí dhiúltú iarratas an achomharcóra ar dhoiciméid. Líomhnaítear leis an seachtú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 17 agus 52 den Chairt ós rud é gur dhiúltaigh sí an phléadáil neamhdhleathachta Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA, a mhéid gur cuireadh isteach go díréireach ar an gceart chun maoine iad. Líomhnaítear leis an ochtú foras achomhairc gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 17 agus 52 den Chairt chomh maith le hAirteagal 5(4) CAE.

    17.      Is ionann roinnt de na forais achomhairc den achomharc seo agus iad den achomharc comhthreomhar. Mar gheall ar na naisc idir an dá achomharc, roinnfidh mé an Tuairim seo ina dá chuid í: i Roinn A, déileálfaidh mé leis na forais achomhairc a mhaítear sa dá achomharc araon, agus i Roinn B, déileálfaidh mé leo siúd a bhaineann go sonrach leis an achomharc seo.

    A.      Forais achomhairc ag Cás C535/22 P agus Cás C541/22 P araon

    18.      Tá dhá ábhar i gcoiteann ag an dá achomharc. Baineann an chéad ábhar le hAirteagal 18 de Rialachán SRA (5) a ndéileálfaidh mé leis i Roinn 1.

    19.      Baineann an dara hábhar atá ag an dá achomharc leis an sárú arna líomhain a rinne an Chúirt Ghinearálta ar an dualgas chun cúiseanna a lua agus ar Airteagal 47 den Chairt. (6) Déileálfaidh mé leis na ceisteanna sin i Roinn 2.

    1.      Airteagal 18 de Rialachán SRA

    (a)    Airteagal 18(1)(a) de Rialachán SRA

    20.      Áitíonn an t‑achomharcóir sa chéad fhoras achomhairc go rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí (7) nuair a chinn sí gur féidir le ceisteanna leachtachta a bheith ina gcúis dá measfaí banc a bheith FOLTF, mar cé go raibh ceisteanna leachtachta á bhfulaingt aige, bhí sé fós sócmhainneach. San achomharc comhthreomhar, áitíonn na hachomharcóirí freisin, sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, gur mheas an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach riachtanas é dócmhainneacht chun a bhunú go bhfuil banc FOLTF.

    21.      Ar an dara dul síos, áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar freisin go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart chun glacadh le héighníomhaíocht BRA i ndáil leis an ngá le cúnamh éigeandála leachtachta (‘ELA’) a dheonú do Banco Popular, ós rud é go bhfuil dualgas cúraim ag BRA, lena n‑áirítear oibleagáid ELA a áirithiú sula n‑éiríonn banc FOLTF. (8)

    22.      I ndáil leis an gcéad mhaíomh, de réir an dá bhreithiúnas araon faoi achomharc, rialaítear na coinníollacha chun FOLTF a bhunú níos mionsonraithe le hAirteagal 18(4) de Rialachán SRA (9) agus ní gá leo go bhfuil banc dócmhainneach agus ní chuirtear as an áireamh leis na coinníollacha sin gur féidir le cinneadh FOLTF a bheith ann i gcás ina bhfuil fadhbanna leachtachta ann nach bhfuil sealadach.

    23.      Rinne an Chúirt Ghinearálta measúnú ansin ar na foinsí agus ar na mínithe éagsúla lenar chomhlíon BCE (ina mheasúnú FOLTF) agus BRA (sa scéim réitigh) Airteagal 18(1)(a) de Rialachán SRA, a rinne siad i bhfianaise na bhfadhbanna géara leachtachta de Banco Popular.

    24.      Áiríodh leis seo tuarascáil bhliantúil 2016 Banco Popular, an t‑íosghrádú a rinne gníomhaireachtaí rátála éagsúla ar Banco Popular, an clúdach preasa diúltach sna meáin faoi, cumhdach leachtachta an bhainc (a thit faoin íostairseach de 80 %), Treorlínte ÚBE (10) lena leagtar amach na coinníollacha le haghaidh mheasúnú FOLTF, agus an litir ó Bhord Stiúrthóirí Banco Popular é féin. (11)

    25.      Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt d’aithris 57 de Rialachán SRA, ar dá réir ba cheart go mbeadh cinneadh réitigh ann sula n‑éiríonn an t‑eintiteas dócmhainneach agus sula mbánaítear an caipiteal gnáthscaireanna ar fad. Chinn sí, agus an ceart aici, nach é dócmhainneacht an t‑aon chás ina bhféadtar cinneadh a dhéanamh ar réiteach. (12)

    26.      Níl faic i dtéacs Rialachán SRA ná sna Treorlínte ÚBE lena dtugtar le fios nach féidir le ceisteanna leachtachta nach bhfuil sealadach a bheith ina gcúis chonclúid FOLTF. Ar an gcaoi sin, rinne an Chúirt Ghinearálta Airteagal 18(1) agus (4) de Rialachán SRA a léiriú mar is ceart agus bhain sí an tátal as gur comhlíonadh leis an gcinneadh go raibh Banco Popular FOLTF an choinníoll a leagtar amach in Airteagal 18(4)(c) de Rialachán SRA, ar dá réir ‘níl an t‑eintiteas in ann na fiacha ná na dliteanais eile atá air a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go gairid amach anseo’.

    27.      I ndáil leis an dara maíomh, maíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar go rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, lena cinneadh nár chuir BRA le teip Banco Popular. Áitíonn siad gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach ionann na cúiseanna de bhanc FOLTF agus an bunú gur comhlíonadh na riachtanais d’Airteagal 18(1)(a) de Rialachán SRA leis an réiteach. (13)

    28.      Áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar go gcuirtear BRA faoi oibleagáid le haithris 52 de Rialachán SRA (14) chun a áirithiú go bhfaigheann banc ELA sula gcinneann sé faoi réiteach. Mar fhreagra, bhí an Chúirt Ghinearálta ceart, i mo thuairim, chun diúltú leis an argóint sin agus chun a rá go dtagann ELA faoi réir raon feidhme banc ceannais náisiúnta. (15) Go deimhin, mar a dhírigh an Coimisiún agus BRA an aird, agus an ceart acu, ina n-aighneachtaí i scríbhinn, ní fhéadtar aithris 52 de Rialachán SRA a léamh mar bhunús dlí le haghaidh oibleagáid a bhunú chun ‘an banc a tharrtháil’ sula gcinntear faoi réiteach.

    29.      Áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an prionsabal nemo auditur propriam turpitudinem allegans, ar dá réir nach féidir le duine pléadáil a dhéanamh faoina mhí-iompar nó a mí-iompar féin d’fhonn buntáiste a fháil. (16) Laistigh den chomhthéacs sin, áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar go ndearna an Chúirt Ghinearálta prionsabail an dea-riarachán a scaradh go mícheart ó dhlíthiúlacht na scéime réitigh. (17)

    30.      I mo thuairim, dhírigh an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, ar thascanna BRA faoi Rialachán SRA agus na coinníollacha a gcuirtear i bhfeidhm leis d’fhonn cinneadh ar réiteach faoi Airteagal 18(1) de. Ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid ach oiread nuair a chinn sí chun déileáil leis an mí-iompar de BRA arna líomhain faoi chuimsiú an éilimh ar dhamáistí ó na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar, seachas i ndáil le dlíthiúlacht na scéime réitigh. (18)

    31.      Ar an iomlán, measaim gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais na forais achomhairc ar fad a bhaineann le hAirteagal 18(1)(a) de Rialachán SRA a dhíbhe.

    (b)    Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA

    32.      I dtosach báire, áitíonn Aeris Invest go raibh bearta eile ann seachas réiteach agus dá bharr sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta léiriú ar Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA go mícheart. (19) Níos cirte air sin, cáineann sé an Chúirt Ghinearálta nár éiligh sí ón BRA scrúdú a dhéanamh ar bhonn mionsonraithe neamhchlaonta cén fáth nár tugadh ELA breise do Banco Popular. Mar an gcéanna, áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid chun cúiseanna a lua, go ndearna sí measúnú earráideach ar an bhfianaise, agus gur léirigh sí Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA go mícheart. (20)

    33.      Scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta (i) an fíoras gur chuir BRA ELA a deonaíodh do Banco Popular san áireamh, (ii) an formheas BCE, agus (iii) an easpa tionchair de chúnamh amhail sin ar ‘laghdú sheasamh leachtachta Banco Popular’. (21) Scrúdaigh sí freisin na litreacha a seoladh idir BCE agus Banco de España (Banc na Spáinne) i ndáil le ELA, lenar léiríodh, i ndearcadh na Cúirte Ginearálta, luas mheath Banco Popular. (22) Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt freisin ar chinneadh BCE, fiú dá mba rud é go dtabharfaí cead do ELA ar an 5 Meitheamh 2017, ní bheadh Banco Popular in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh ar an 7 Meitheamh 2017 ag an dáta is déanaí. (23) Ar deireadh, chinn an Chúirt Ghinearálta nach de dhualgas ar BRA faoi Rialachán SRA an cur ar fáil de ELA. (24)

    34.      Agus an méid roimhe seo á chur san áireamh, is é mo thuairim go ndearna an Chúirt Ghinearálta athbhreithniú go ceart ar na dualgais a bhfuil BRA faoina réir faoi Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA.

    35.      Ar an dara dul síos, pléann an t‑achomharcóir na méideanna a mheasann siad a raibh ar fáil i ndáiríre mar ELA, gan maíomh a dhéanamh, áfach, gur shaobh an Chúirt Ghinearálta na fíorais. Easaontaíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar freisin an measúnú ar an bhfianaise a rinne an Chúirt Ghinearálta i ndáil leis an méid ELA a d’fhéadfaí a dheonú, an méadú caipitil, an deighilt sócmhainní, an díol príobháideach do thríú páirtí, agus an chabhair ó Stát féideartha agus úsáid an Chiste Réitigh Aonair (CRA).

    36.      Measaim go bhfuil na hargóintí sin do-ghlactha, ós rud é nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais na fíorais a bhunú ná fianaise a scrúdú, ach amháin i gcás ina n‑áiteodh na hachomharcóirí gur shaobh an Chúirt Ghinearálta na fíorais agus gur léir saobhadh den sórt sin ó na doiciméid atá i gcomhad na Cúirte. (25)

    37.       Ina theannta sin, ní mór don pháirtí a líomhnaíonn saobhadh a léiriú go beacht an fhianaise a líomhnaítear a bheith saofa ag an gCúirt Ghinearálta agus na hearráidí breithmheasa a léiriú, dar leis an bpáirtí sin, a raibh saobhadh den sórt sin mar thoradh air. (26)

    38.      Teorannaíonn na hachomharcóirí iad féin chun na fíorais a mheas an Chúirt Ghinearálta cheana féin a athdhearbhú, gan a léiriú gur shaobh an chúirt sin an fhianaise.

    39.      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, agus a mhéid go bhfuil siad inghlactha, ba cheart go ndiúltófaí d’argóintí na n‑achomharcóirí maidir le hAirteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA.

    (c)    Airteagal 18(1)(c) de Rialachán SRA

    40.      Áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar ar dtús, sa tríú cuid dá gcéad fhoras achomhairc, go ndearna an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart ar an mbealach ar cheart aimsiú cothromaíochta suimeanna a chur i gcrích faoi Airteagal 18(1)(c) agus Airteagal 14(2) de Rialachán SRA.

    41.      Ar an dara dul síos, áitíonn siad go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid lena cinneadh nach ndearnadh idirdhealú maidir leis an tslí inar caitheadh le bainc Iodálacha a bhí FOLTF, ach nach ndearnadh réiteach dóibh ina leith. (27)

    42.      Ar an tríú dul síos, cuireann siad i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta go raibh na hargóintí nua do-ghlactha mar ardaíodh iad ródhéanach le linn na nósanna imeachta ag an gcéad chéim. (28)

    43.      Maidir leis an gcéad argóint, áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar gur cheart do BRA agus an Coimisiún cothromaíocht a aimsiú idir leas an phobail agus na scairshealbhóirí.

    44.      Ag diúltú don argóint sin, agus bhí an ceart aici i mo thuairim, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 246 den bhreithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, agus cinneadh a dhéanamh faoi leas an phobail sa réiteach, níl ról ag suimeanna na scairshealbhóirí amháin, ach freisin dóibh siúd de chuid taisceoirí, fostaithe agus creidiúnaithe eile den bhanc, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán SRA. Ina theannta sin, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís ar na tairbhí (29) a fhritháiríonn na caillteanais a thabhaíonn na scairshealbhóirí de Banco Popular, i gcodarsnacht le cás ina gcuirfí deireadh le banc faoi ghnáthnósanna imeachta dócmhainneacha.

    45.      Maidir leis an dara pointe, measaim nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid lena cinneadh nach cás inchomparáide é an easpa réitigh ar bhainc Iodálacha as a dtiocfadh idirdhealú. Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt i gceart don fhíoras nach raibh na bainc sin, dar le BRA, ag cur feidhmeanna tábhachtacha i gcrích agus nach ndéanfaí éifeachtaí tábhachtacha díobhálacha do chobhsaíocht airgeadais le deireadh a chur leo (i gcodarsnacht le réiteach). Bhí an ceart ag an gCúirt Ghinearálta freisin nuair a dhearbhaigh sí go mbeadh banc a ndearnadh nós imeachta réitigh air ina chomparadóir cuí sa chás sin.

    46.      Ar deireadh, measaim gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart argóint nua na n‑achomharcóirí san achomharc comhthreomhar mar gheall ar a moill. I mír 261 den bhreithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mhínigh an Chúirt Ghinearálta gur ardaigh na hiarratasóirí ag an gcéad chéim argóint go déanach maidir le hAirteagal 24 de Rialachán SRA, agus údar a thabhairt le moill na hargóinte sin agus iad ag dearbhú nach raibh na doiciméid ar fáil ag an tráth inar cuireadh isteach an cás.

    47.      Mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, áfach, déantar tagairt leis na doiciméid d’fhíorais a raibh a fhios ag na hiarratasóirí ag an gcéad chéim fúthu, agus nár cuireadh isteach an argóint nua déanach mar gheall ar ábhair dhlí ná fhíorais nach raibh na hiarratasóirí ar an eolas faoi ag an gcéad chéim.

    48.      Molaim, mar sin de, go ndiúltaíonn an Chúirt Bhreithiúnais argóintí na n‑achomharcóirí san achomharc comhthreomhar maidir le hAirteagal 18(1)(c) de Rialachán SRA mar go bhfuil siad gan bhunús.

    2.      Dualgas chun cúiseanna a lua agus  Airteagal 47 den Chairt

    49.      Sa cheathrú, cúigiú agus séú forais achomhairc sna himeachtaí seo chomh maith leis an gcúigiú agus séú codanna den dara foras achomhairc san achomharc comhthreomhar, áitíonn na hachomharcóirí gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a dualgas chun cúiseanna a lua agus Airteagal 47 den Chairt maidir leis, ar an gcéad dul síos, an scéim réitigh agus luacháil 2 agus, ar an dara dul síos, rúndacht roinnt de na doiciméid sa nós imeachta réitigh, chomh maith leis an gcinneadh ón gCúirt Ghinearálta gan bearta fiosrúcháin a ordú ag an gcéad chéim.

    50.      I dtaobh le dualgas na Cúirte Ginearálta chun cúiseanna a lua, cén oibleagáidí ar cheart don Chúirt Bhreithiúnais a athbhreithniú?

    51.      Chinn an Chúirt Bhreithiúnais ‘is gá go bhfoilsítear go cinnte soiléir le ráiteas na gcúiseanna ar bhunaigh breithiúnas na Cúirte Ginearálta orthu réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta ionas gur féidir leis na daoine lena mbaineann in ann na cúiseanna den chinneadh arna ghlacadh a oibriú amach agus gur féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais a cumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú’. (30) Fós féin, ní hionann é sin go gcaithfidh an Chúirt Ghinearálta cloígh go hiomlán leis na hargóintí go léir a chuir na páirtithe sa chás isteach, ceann i ndiaidh ceann eile, is é gur féidir le réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta a bheith intuigthe, a mhéid is ‘gur féidir leis na daoine lena mbaineann in ann na cúiseanna den chinneadh arna ghlacadh a oibriú amach agus gur féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais a cumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú’. (31)

    52.      Chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór ‘méid bheachtas an ráitis maidir leis na cúiseanna atá le cinneadh a mheas i bhfianaise réaltachtaí praiticiúla agus an ama agus na saoráidí teicniúla atá ar fáil chun an cinneadh a dhéanamh’. (32)

    53.      Chun críocha an achomhairc seo, ar an gcaoi sin, is é ról na Cúirte Breithiúnais a chinntiú ar mhínigh an Chúirt Ghinearálta na cúiseanna a dóthain a bhí mar bhonn a cinnidh maidir leis na saincheisteanna dlí ag an gcéad chéim.

    (a)    Luachálacha agus an scéim réitigh

    54.      Áitíonn an t‑achomharcóir, lena cheathrú foras achomhairc, nár chuir an Chúirt Ghinearálta dóthain réasúnaíochta in iúl a bhí frithráiteach ina hathbhreithniú ar an scéim réitigh, go háirithe maidir le luacháil 2 (33) sa scéim réitigh, agus aithrisí 23, 24, agus 26 den scéim réitigh i ndáil le tromchúis na bhfadhbanna leachtachta a bhí ag Banco Popular. Áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar, sa séú cuid dá ndara foras achomhairc, gur tháinig an Chúirt Ghinearálta in áit BRA agus an dualgas a bhí ar BRA chun cúiseanna a lua.

    55.      Ba cheart a chur leis sin go bhfuil amhras ar an achomharcóir sna himeachtaí seo maidir leis na fíorais (34) a ghlac an Chúirt Ghinearálta mar fhíorais a bheith cruthaithe, gan a mhaíomh go ndearna an Chúirt Ghinearálta saobhadh ar na fíorais. (35) Ina theannta sin, tá saincheist dlí do-ghlactha i gcás ina ‘[n]déantar athrá nó athchruthaítear verbatim na saincheisteanna dlí agus na hargóintí arna gcur isteach chuig an gCúirt Ghinearálta roimhe sin, lena n‑áirítear iad siúd arna mbunú ar fhíorais a rinne an Chúirt sin neamhaird orthu go sonrach ... Níl aon rud eile in achomharc amhail sin i ndáiríre ach iarratas ar athbhreithniú eile ar an iarraidh arna cur isteach chuig an gCúirt Ghinearálta, nach bhfuil an dlínse sin ag an gCúirt Bhreithiúnais le cur i gcrích’. (36)

    56.      Measaim nach ndéantar ach athrá leis an gceathrú foras achomhairc ar na hargóintí a ardaíodh ag an gcéad chéim, gan tabhairt faoi na hargóintí a rinne an Chúirt Ghinearálta. Ar an gcaoi sin, a mhéid is a bhaineann na maímh fhíorasacha leo, ba cheart go gcinnfeadh an Chúirt Ghinearálta iad mar do-ghlactha.

    57.      Mura n‑aontaíonn an Chúirt Bhreithiúnais leis an méid sin, measaim go mba cheart an foras achomhairc a dhiúltú mar fhoras gan bunús maith. Chinn an Chúirt Ghinearálta, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh aon neamhréiteach idir an dá chinneadh i luacháil 2, os rud é go ndearnadh an dá cinneadh sin chun críocha éagsúla: ba chur in iúl de luach an bhainc de réir na leabhar ab ea an cinneadh a rinne BRA go raibh Banco Popular sócmhainneach, cé gur cuireadh luach margaidh an bhainc in iúl leis na meastacháin ar a luach. (37)

    58.      D’fhéadfaí an cur síos is éasca a dhéanamh ar luach de réir na leabhar mar luach na cuideachta dá ndéantar taifead air ar a chlár comhardaithe. Is é luach margaidh an phraghais reatha a gheobhadh an banc ar an margadh. (38) I bhfianaise an mhíniúcháin sin, is é mo thuairim go raibh an Chúirt Ghinearálta ceart chun a chinneadh nach raibh neamhréiteach ann i luacháil 2 ina luaitear go raibh Banco Popular sócmhainneach, fad is a measadh a luach margaidh ar EUR 8.2 billiún diúltach sa chás is measa.

    59.      Leis an dara chuid den cheathrú foras achomhairc, maíonn an t‑achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a dualgas chun cúiseanna a lua agus í á ghlacadh go raibh aithrisí 23, 24 agus 26 den scéim réitigh leordhóthanach chun staid Banco Popular atá ag dul in olcas agus an gá i leith réitigh a thuiscint. Áitíonn siad go bhfuil an fhaisnéis sin cineálach agus d’fhéadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm ar aon ghéarchéim leachtachta.

    60.      Ba cheart don Chúirt Bhreithiúnais na hargóintí seo a dhiúltú. Mar a thugann BRA faoi deara ina fhreagra, agus an ceart aige, teipeann ar an achomharcóir a léiriú an bonn a bhfuil an fhaisnéis maidir le meath Banco Popular bunaithe air cineálach agus teipeann air a shonrú céard atá in easnamh d’fhonn a ghéarchéim leachtachta agus an gá i leith réitigh a thuiscint i gceart.

    61.      Áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar, sa séú cuid dá ndara foras achomhairc, gur cheart roinnt argóintí (39) a dhearbhú mar do-ghlactha. Cé go gcuireann siad an mhír ábhartha in iúl sa bhreithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, ní dhéanann na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar tagairt ach do mhainneachtain ghinearálta chun cúiseanna a lua, gan an earráid arna líomhain a rinne an Chúirt Ghinearálta a shonrú. (40) Ina theannta sin, ardaíonn siad argóintí nua maidir leis an leagan neamh-rúnda de luacháil 2 ag an gcéim achomhairc, nach bhfuil inghlactha. (41)

    62.      Maidir le tuillteanas an cháis, tá dhá argóint fós ann le tabhairt faoi. Ar an gcéad dul síos, áitíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart gur chomhlíon an Coimisiún a dhualgas chun cúiseanna a lua agus cead á thabhairt aige do scéim réitigh. (42) Ar an dara dul síos, áitíonn siad go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart ina cinneadh go raibh moill ar a n‑argóint, ina leith ar bhraith siad ar shárú ar fhoirceadal Meroni i ndáil leis an méid atá an Coimisiún páirteach sa nós imeachta réitigh. (43)

    63.      I ndáil leis an gcéad argóint, chinn an Chúirt Ghinearálta gur comhlíonadh an dualgas chun cúiseanna a lua le formheas an Choimisiúin, agus mínítear leis na tagairtí a dhéantar don scéim réitigh. Bhraith an Chúirt Ghinearálta ar Airteagal 18(7) de Rialachán SRA, ar dá réir féadfaidh an Coimisiún tacaigh leis an scéim réitigh nó féadfaidh sé cur i gcoinne a ghnéithe lánroghnacha. Ciallaíonn sé sin, dar leis an gCúirt Ghinearálta, nár cheart don Choimisiún athrá a dhéanamh ar réasúnaíocht BRA atá mar bhonn na scéime réitigh, ach ba cheart dó tacú leis amháin.

    64.      Ba cheart a rá gur thug an Chúirt Ghinearálta faoin gceist ar leordhóthanach formheas an Choimisiúin, nó ceadú mar dhea de chinneadh BRA, cheana féin i gceann de na cásanna píolótacha, Algebris, (44) nach ndearnadh achomharc air roimh an gCúirt Bhreithiúnais. Chinn an Chúirt Ghinearálta gur comhlíonadh an dualgas chun cúiseanna a lua le tagairt an Choimisiúin don scéim réitigh agus na cúiseanna a luadh ann. Mheas sí ‘gur cuid den chomhthéacs í an scéim réitigh agus a ráiteas ar chúiseanna’ (45) inar glacadh formheas an Choimisiúin.

    65.      Aontaím leis an gcinneadh sin. (46) A mhéid is atá réasúnaíocht a dóthain leis an scéim réitigh í féin, tacaíonn an Coimisiúin freisin gur chomhlíon BRA a dhualgas chun cúiseanna a lua. I bhfocail eile, dá measfadh an Coimisiún nach gcomhlíontar an dualgas sin leis an scéim réitigh, ní mór dó cuir ina choinne agus éiligh do BRA an scéim réitigh a athrú.

    66.      Ar an gcaoi sin, ní chinnim go bhfuil aon earráid i réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta maidir le formheas an Choimisiúin.

    67.      Ar deireadh, chinn an Chúirt Ghinearálta gur chuir na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar argóint ar bhonn Meroni (47) den chéad uair ina bhfreagra, agus mar gheall air sin chinn sí go raibh sé do-ghlactha.

    68.      Mhínigh an Chúirt Ghinearálta ina gcás ag an gcéad chéim, gur mhaígh na hiarratasóirí gur sháraigh an Coimisiún a dhualgas chun cúiseanna a lua, cé gurbh é sin a dhualgas faoi fhoirceadal Meroni. Ina bhfreagra ag an gcéad chéim, mhaígh siad sa bhreis air sin go sáraítear prionsabal an tarmligin faoi Airteagal 291 CFAE agus foirceadal Meroni le ról an Choimisiúin, níos ginearálta, sa nós imeachta réitigh.

    69.      Is dhá argóint éagsúla iad, a d’fhéadfaí an dara ceann a léamh mar phléadáil neamhdhleathachta i dtaobh Airteagal 18 de Rialachán SRA, lena soiléirítear ról an Choimisiúin i gcás ina ndéantar gníomhaíocht réitigh.

    70.      Dá bhrí sin, measaim nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid lena cinneadh go raibh moill ar an argóint agus go bhfuil sé do-ghlactha dá bharr sin.

    (b)    Rúndacht na scéime réitigh agus doiciméid eile

    71.      Sa chúigiú foras achomhairc, áitíonn an t‑achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid (48) agus í á chinneadh nach raibh an t‑achomharcóir i dteideal an leagan iomlán (rúnda) den scéim réitigh a fháil. Ina theannta sin, áitíonn siad go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid lena cinneadh nár sáraíodh Airteagal 88(1) de Rialachán SRA le leagan neamh-rúnda den scéim réitigh.

    72.      Áitíonn an t‑achomharcóir freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid lena cinneadh go raibh sí in ann caingean dhíreach a thabhairt i gcoinne na scéime réitigh, agus go raibh siad in ann ráiteas a dhéanamh ar leagan níos lú rúnda de a foilsíodh ina dhiaidh sin a tharla le linn na n-imeachtaí ag an gcéad chéim, sular chuir siad a bhfreagra isteach. Ar deireadh, cáineann an t‑achomharcóir an Chúirt Ghinearálta as a cinneadh nach raibh na leaganacha iomláine (lena n‑áirítear faisnéis rúnda) den scéim réitigh, luachálacha 1 agus 2, agus doiciméid eile a bhaineann leis an réiteach, ábhartha le haghaidh réiteach na caingne. (49)

    73.      Maíonn na hachomharcóirí san achomharc comhthreomhar, sa chúigiú cuid dá ndara foras achomhairc, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid, i míreanna 503 agus 504 den bhreithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, lena cinneadh nár sáraíodh a gcearta chun cosanta de bharr a n‑easpa rochtana ar na cáipéisí go léir sa nós imeachta réitigh.

    74.      Go bunúsach, an ndearna an Chúirt Ghinearálta athbhreithniú ceart sa dá bhreithiúnas faoi achomharc ar ghá na n‑iarratasóirí ag an gcéad chéim chun rochtain a bheith acu ar na leaganacha rúnda den scéim réitigh agus ar na doiciméid lena mbaineann? Measaim go ndearna.

    75.      Bhunaigh an Chúirt Ghinearálta an caighdeán athbhreithnithe ar dtús i ndáil le hAirteagal 47 den Chairt agus comhthéacs Rialachán SRA á chur san áireamh go sonrach, lena leagtar síos, in Airteagal 88(5), an oibleagáid do BRA a áirithiú nach bhfuil aon fhaisnéis rúnda le fáil in aon nochtadh a dhéanann sé, (50) agus Airteagal 88(1) de, ar dá réir ‘[nach ndéanfar] faisnéis atá faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’eintiteas poiblí nó príobháideach ach amháin i gcás go ndéanfar an nochtadh sin chun críche imeachtaí dlíthiúla’.

    76.      Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta freisin d’argóintí an achomharcóra gur cheart na leaganacha iomláine den scéim réitigh agus de na doiciméid eile a chur in iúl dó, a luaigh siad cásdlí maidir le bearta sriantacha ina leith. Chinn an chúirt sin nach beart aonair an scéim réitigh a fhorchuirtear ar scairshealbhóirí bainc, neamhchosúil le beart sriantach a reonn acmhainní aonair. (51)

    77.      Ba í an loighic chéanna bonn chinneadh na Cúirte Ginearálta a dhiúltú d’argóint na n‑iarratasóirí ag an gcéad chéim sa bhreithiúnas comhthreomhar, ar dá réir ba cheart go mbeadh rochtain acu ar an gcomhad faoi Airteagal 90(4) de Rialachán SRA. Dar leis an gCúirt Ghinearálta, tugtar rochtain amhail sin don eintiteas amháin atá ainmní na scéime réitigh, is é sin Banco Popular, seachas a scairshealbhóirí nó a chreidiúnaithe. (52)

    78.      Rinne an Chúirt Ghinearálta idirdhealú breise idir an oibleagáid rúndachta atá ar BRA faoi Rialachán SRA agus an ceart chun rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán 1049/2001 (53) ar bhraith na hiarratasóirí air. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an chomparáid sin, mar bunaíodh riail ghinearálta le Rialachán SRA go bhfuil cosc ar nochtadh faisnéise rúnda atá ag BRA. (54)

    79.      Ina ionad sin, agus analach á dhéanamh le Treoir 2004/39, (55) Airteagal 54(1) de atá comhionann le hAirteagal 88(1) de Rialachán SRA, chinn an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici i mo thuairim, nach é cuspóir an dá fhoráil sin rochtain ar dhoiciméid a thabhairt don phobail.

    80.      Rinne an Chúirt Ghinearálta mionanailís ansin ar na hoibleagáidí rúndachta a bhaineann leis an scéim réitigh, luacháil 2, agus na doiciméid ar bhraith BRA orthu agus a chinneadh á dhéanamh aige. Rinne sí cur síos ar na hiarmhairtí díobhálacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí nochtadh iomlán i bhfeidhm. (56)

    81.      Mhínigh an Chúirt freisin go mbaineann Airteagal 88(1) de Rialachán SRA leis an bhféidearthacht go n‑ordaíonn cúirt nochtadh más gá chun críoch imeachtaí breithiúnacha, seachas, mar a d’áitigh an t‑iarratasóir ag an gcéad chéim, go n‑éiríonn nochtadh riachtanach am ar bith a thionscnaítear imeachtaí breithiúnacha i gcoinne cinnidh. (57)

    82.      I ndáil leis an argóint gur chuir BRA teorannú go héagórach ar rochtain na scéime réitigh, mar d’fhoilsigh sé leaganacha neamh-rúnda níos lú leasaithe den scéim réitigh agus luachálacha 1 agus 2, luaigh an Chúirt Ghinearálta gur cúinse í imeacht an ama (sa chás seo, ocht mí eatarthu) atá claonta tionchar a imirt an gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear rúndacht ag am áirithe. (58) Mhínigh sí, i mo thuairim, le go leor sonraí, nár imir tionchar leis an bhfoilsiú ina dhiaidh sin ar cheart an iarratasóra ag an gcéad chéim chun caingean dhíreach a chur isteach, agus chun freagra a thabhairt d’fhaisnéis bhreise ina fhreagra.

    83.      Ina shéú foras achomhairc, maíonn an t‑achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a dhiúltaigh sí, i míreanna 721 go 728 den bhreithiúnas faoi achomharc, dá n‑iarratas ar bhearta fiosrúcháin, lena n‑áirítear ordú chun doiciméid éagsúla a sholáthar agus go gcuirtear ceisteanna i scríbhinn ar Ríocht na Spáinne.

    84.      Agus an Chúirt Ghinearálta á ordú do BRA leaganacha faoi rún den scéim réitigh agus doiciméid éagsúla eile a sholáthar, (59) chinn sí nach raibh siad ábhartha chun an chaingean a réiteach. (60) Maíonn an t‑achomharcóir gur sáraíodh a chearta cosanta leis sin, ós rud go raibh na leaganacha faoi rún de na doiciméid feicthe ní hamháin ag BRA agus ag an gCoimisiún ach go bhfaca an Chúirt Ghinearálta iad freisin. Os a choinne sin, maíonn an t‑achomharcóir nach raibh sé in ann argóintí nua a chruthú ná a thuairimí ar na hargóintí a bhí ann cheana a athrú gan rochtain ar an bhfaisnéis sin.

    85.      I mo thuairim, bhí an Chúirt Ghinearálta ceart chun braith ar chásdlí de chuid na Cúirte Breithiúnais ar dá réir gurbh í an Chúirt Ghinearálta amháin a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an ngá go ndéanfar forlíonadh ar an bhfaisnéis atá ar fáil di i ndáil leis na cásanna atá os a comhair. Ar an gcaoi sin bhí an fhéidearthacht ann di cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfoirmeacha den ordú arna iarraidh. (61)

    86.      Ba cheart go ndiúltódh an Chúirt an cúigiú agus an séú foras achomhairc agus an cúigiú agus séú codanna den dara foras achomhairc san achomharc comhthreomhar mar go bhfuil siad gan bunús maith.

    B.      Forais achomhairc atá sonrach do chás C535/22 P

    87.      Cuireann an t‑achomharcóir sa chás seo i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta i ndáil leis na neamhrialtachtaí arna líomhain i bpróiseas díola Banco Popular (Roinn 1), chomh maith leis an sárú ar an gceart chun maoine maidir le forálacha áirithe de Rialachán SRA (Roinn 2) agus den scéim réitigh (Roinn 3).

    1.      Próiseas díola Banco Popular

    88.      Maíonn an t‑achomharcóir (62) gur chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 14 de Rialachán SRA i bhfeidhm go mícheart (63) i ndáil leis an bpraghas díola a uasmhéadú. Áitíonn sé gurb é ceann de na cuspóirí réitigh faoi Airteagal 14 de Rialachán SRA, ar cheart é a léamh i gcomhar le hAirteagal 39 de Threoir 2014/59. Ar deireadh, áitíonn an t‑achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid a chinneadh nach raibh ceangal ar BRA trial a bhaint as bearta malartacha sula gcinntear faoi réiteach. (64)

    89.      Leis an dara agus tríú codanna den tríú foras achomhairc, cáineann an t‑achomharcóir an Chúirt Ghinearálta os rud é: (i) gur sháraigh sí a dualgas cúraim agus na hargóintí maidir leis na hearráidí líomhnaithe i bplean réitigh 2016 a dhiúltú mar do-ghlactha, agus (ii) gur sháraigh sí a chearta cosanta.

    90.      I ndáil leis na maímh dá dtagraítear i bpointe 88 thuas, chinn an Chúirt Ghinearálta nach ceann de na cuspóirí réitigh dá n‑áirítear sa dara fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán SRA é uasmhéadú an phraghais díolta. Ina theannta sin, chinn sí go bhfuil Airteagal 39(2)(f) de Threoir 2014/59 ábhartha do dhíol Banco Popular. Leagtar amach leis an Airteagal sin na riachtanais nós imeachta le haghaidh na huirlise díolacháin gnó, lena ndearbhaítear go mbeidh i gceist leis an bpróiseas margaíochta ‘an praghas díola a uasmhéadú, chomh hard agus is féidir, ar na scaireanna nó uirlisí eile úinéireachta, sócmhainní, cearta nó dliteanais lena mbaineann’.

    91.      Mhion scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta gach céim den phróiseas díola Banco Popular, agus mínithe BRA sa scéim réitigh agus a chinneadh margaíochta á gcur san áireamh. Gné thábhachtach a chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh ab ea an gá go mbeadh an nós imeachta margaíochta chomh rúnda agus is féidir, d’fhonn cosc a chur ar sceitheadh lena bhféadfaí cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol de bharr neamhchinnteacht breise agus laghdú ar mhuinín an mhargaidh. (65)

    92.      Mar a chéile, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís ar oibleagáid BRA arna líomhain chun bearta malartacha a úsáid roimh an réiteach, trí bhíthin anailís a dhéanamh ar Airteagal 14(2) de Rialachán SRA. Chinn an Chúirt Ghinearálta nár thuig an t‑achomharcóir an fhoráil sin i gceart, ina luaitear go ndéanfaidh na gníomhaithe atá páirteach sa réiteach sin ‘[...] iarracht chun costais an réitigh a íoslaghdú agus seachnóidh siad scrios luacha mura bhfuil gá leis chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach’. (66) Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin nach bhféadtar cothromaíocht idir na suimeanna a dhéanamh agus comhréireacht an réitigh i bhfianaise an chur isteach ar an gceart chun maoine de na scairshealbhóirí amháin. (67)

    93.      Rinne an Chúirt Ghinearálta athbhreithniú ansin ar ráiteas na gcúiseanna sa scéim réitigh maidir leis an bhfáth nach mbeadh uirlisí réitigh in ann cuspóirí an réitigh a bhaint amach, an fáth a d’fhág BRA a phlean réitigh 2016 i leataobh, agus an fáth nach rogha a bhí ann chun úsáid a bhaint as CRA. (68)

    94.      Measaim gur léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 14(2) de Rialachán SRA i gceart maidir le cothromaíocht na suimeanna éagsúla atá faoi thioncar gníomhaíochta réitigh. Rinne sí athbhreithniú mionscrúdaithe freisin ar ráiteas na gcúiseanna sa scéim réitigh maidir le bearta malartacha nár glacadh leo.

    95.      Maidir leis na dara agus tríú codanna den tríú foras achomhairc, a leagtar amach i bpointe 89, is é mo thuairim nach bhfuil siad inghlactha. Ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta nár ardaíodh na hargóintí i gcoinne phlean réitigh 2016, (69) nár glacadh leo i scéim réitigh dheireanach Banco Popular ach sa fhreagra agus dá bharr sin bhí siad do-ghlactha. Chuir an Chúirt Ghinearálta leis sin nach raibh siad ábhartha, ar aon nós, chun bailíocht na scéime réitigh a glacadh sa deireadh a chinneadh. (70)

    96.      Aontaím. Ar an gcéad dul síos, ag an gcéad chéim, is cosúil gur mhaígh an t‑achomharcóir ina fhreagra nár ullmhaíodh plean réitigh 2016 i gceart, (71) cé gur athraíodh an argóint ó shin chun a mhaíomh gur cheart plean réitigh 2016 a uasdátú. Toisc gur argóint nua san achomharc é seo, níl sí inghlactha. (72)

    97.      Fiú i gcás ina n‑easaontaíonn an Chúirt agus ina gcinneann sí go bhfuil na hargóintí seo inghlactha, measaim go bhfuil siad gan bhunús. Dearbhaítear leis an tríú mír d’Airteagal 23 de Rialachán SRA: ‘Nuair a bheidh scéim réitigh á glacadh acu, déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur san áireamh agus a leanúint, mura rud é gurb é measúnú an Bhoird, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh aige, go mbainfear na cuspóirí réitigh amach ar bhealach níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh.’

    98.      Mhínigh an Chúirt Ghinearálta nach féidir le plean réitigh 2016 an ghéarchéim leachtachta a bhí ag Banco Popular ó Aibreán 2017 amach a chur san áireamh. (73) Ina theannta sin, déanann an Chúirt Ghinearálta tagairt d’aithrisí 44 go 46 den scéim réitigh, inar mhínigh BRA ‘an fáth nach bhfuil an uirlis réitigh arna beartú i bplean réitigh 2016 iomchuí i leith na gcúinsí a bhí ann ag dáta an réitigh’. (74) Mar thoradh, leasaigh BRA an uirlis réitigh a bhí le cur i bhfeidhm i ndáil le Banco Popular ó uirlis fortharrthála go dtí an uirlis díolacháin gnó. (75)

    99.      Ar an gcaoi sin, bhí an Chúirt Ghinearálta ceart chun an mhaíomh a dhíbhe mar neamhábhartha.

    100. Leis an tríú cuid den tríú foras achomhairc, áitíonn an t‑achomharcóir gur chuir an Chúirt Ghinearálta isteach ar a chearta cosanta, mar chinn sí nár suíodh le barúlacha an achomharcóra agus an tuairisc saineolaithe arna dtabhairt di conas a bheadh na bearta malartacha in ann na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

    101. Molaim go gcinneann an Chúirt go bhfuil na maímh seo do-ghlactha go soiléir, mar, ar neamhréir le hAirteagal 169(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, (76) ní shonraítear leo na codanna den bhreithiúnas faoi achomharc atá siad ag iarraidh cur i gcoinne.

    102. Mar chonclúid, molaim gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais an t‑ochtú foras achomhairc, a mhéid agus atá sé inghlactha, a dhiúltú.

    2.      An phléadáil neamhdhleathachtad’Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA

    103. Áitíonn an t‑achomharcóir sa bhreis air sin, lena sheachtú foras achomhairc, measúnú na Cúirte Ginearálta ar bhailíocht Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA.

    104. Áitíonn sé, ar an gcéad dul síos, gur chuir an Chúirt Ghinearálta (77) cásdlí de chuid na Cúirte Breithiúnais i bhfeidhm go mícheart maidir le bainc a bhí dócmhainneach; ar an dara dul síos, go sáraítear le hAirteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA an ceanglas riachtanais, mar tá a raon feidhme róleathan, agus ligtear gníomhaíocht éagórach leo dá bharr sin; ar an tríú dul síos, go dtagann na forálacha céanna sin salach ar Airteagal 5(4) CAE mar ní fhoráiltear réitigh éagsúla leo do bhainc a bhfuil fadhbanna leachtachta acu ar thaobh amháin, agus dóibh siúd a bhfuil fadhbanna dócmhainneacha acu ar an taobh eile; ar an gceathrú dul síos, tagann na forálacha céanna sin salach ar Airteagal 52 den Chairt agus Airteagal 5(4) CAE mar ní fhoráiltear leo don fhéidearthacht go gceartaítear an díluacháil scaireanna tar éis na luachála deiridh faoi Airteagal 20 de Rialachán SRA; agus ar deireadh, áitíonn an t‑achomharcóir go bhfuil Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA díréireach mar ní fhoráiltear do chúiteamh leordhóthanach leo, agus déantar idirdhealú idir na bainc a bhfuil fadhbanna leachtachta acu agus bainc atá dócmhainneach mar gheall ar roghnú idir na huirlisí réitigh éagsúla.

    105. Ba cheart a rá ar dtús nach bhfuil an ceathrú cuid den fhoras achomhairc seo inghlactha, mar ní dhéantar tagairt léi do na codanna den bhreithiúnas faoi achomharc atá sé ag cur ina gcoinne. (78) Ina theannta sin, a mhéid is a luaitear idirdhealú a thagann chun cinn as roghnú na huirlise réitigh, níl an cúigiú cuid den fhoras achomhairc seo inghlactha mar is argóint nua í a ardaítear tráth an achomhairc. (79)

    106. Ag féachaint do thuillteanais an cháis, agus an Chúirt Ghinearálta ag freagairt don phléadáil neamhdhleathachta, lean sí na céimeanna riachtanacha chun a chinneadh cé go mbeadh údar maith a bheith ag cur isteach faoi Airteagal 52 den Chairt ar an gceart chun maoine a chosnaítear le hAirteagal 17 de. (80)

    107. Agus tús á chur leis an gcuspóir den leas ginearálta a bhí mar chúis teorannú an chirt chun maoine, chuaigh an Chúirt Ghinearálta siar ar an gcásdlí fairsing de chuid na Cúirte Breithiúnais i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais, agus í á míniú na rioscaí atá i gceist le cliseadh bainc do chobhsaíocht airgeadais agus an chórais baincéireachta sa limistéar euro, agus an riosca chaillteanais na dtaisceoirí. (81)

    108. Tá na roghanna arna ndéanamh in Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA, mar a mhínigh an Chúirt Ghinearálta go mionsonraithe, ann mar thoradh ar na ceachtanna a foghlaimíodh tar éis na géarchéime airgeadais de 2008 agus bunaíodh iad ar an bprionsabal gurb iad na scairshealbhóirí na céad daoine a iompraíonn na caillteanais de bhanc atá ag cliseadh. Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid, ar bhonn chinntí na Cúirte Breithiúnais in Kotnik go sonrach, go gcaithfidh na scairshealbhóirí riosca a n‑infheistíochtaí a iompair ina iomláine, lena n‑áirítear na hiarmhairtí eacnamaíocha teipe bainc, nach bhféadtar ar an gcaoi sin a mheasadh mar shárú ar a gceart chun maoine. (82)

    109. Ní fhéadtar glacadh le hargóint an achomharcóra, i mo thuairim, go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart chun an cásdlí a bhaineann le bainc dhócmhainneacha a chur i bhfeidhm ar an staid seo. Baineadh úsáid as Kotnik agus na breithiúnais eile den Chúirt Bhreithiúnais a bhaineann le leas an phobail i gcobhsaíocht airgeadais le léiriú go gcaithfidh scairshealbhóirí riosca a n‑infheistíochta a iompair nuair atá banc ag cliseadh. Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl freisin, áfach, go gcuirtear coinníollacha le hAirteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA ar BRA agus ar an gCoimisiún nuair a chinneann siad chun agus conas gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. Agus tagairt á déanamh d’Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA, luaigh an Chúirt Ghinearálta nach mbaintear úsáid as gníomhaíocht réitigh ach amháin mura mbeadh bearta eile, amhail gnáthdhócmhainneacht, Státchabhair, nó iasachtaí ar fáil i gcás ar leith. (83)

    110.  Lena dhara hargóint, maíonn an t‑achomharcóir gur chinn an Chúirt Ghinearálta go bhfuil bunús maith ag teorannú ar an gceart chun maoine i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha réitigh. (84) Mhínigh an Chúirt Ghinearálta a thuilleadh, áfach, na coinníollacha sa bhreis a fhorchuirtear le hAirteagail 18 agus 21 de Rialachán SRA, lena gcuirtear teorainn ar shaoirse BRA agus an Choimisiúin agus na paraiméadair á gcinneadh acu le haghaidh gníomh réitigh ar leith. (85)

    111. Cáineann an t‑achomharcóir an Chúirt Ghinearálta ina thríú agus ina chúigiú hargóintí, ina n-áitíonn sé go ndearna sí earráid nuair a chinn sí go raibh Airteagail 15 agus 22 de Rialachán SRA comhréireach, cé nach ndéantar idirdhealú idir bainc a bhfuil ceisteanna leachtachta acu, agus iad siúd atá dócmhainneach, i dtéarmaí na huirlise réitigh arna húsáid agus an tslí ar caitheadh leis na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe.

    112. Agus an anailís maidir leis na coinníollacha réitigh in Airteagal 18(1) de Rialachán SRA á cur san áireamh, níl aon chúis go gcuirfí rialacha éagsúla i bhfeidhm faoi Rialachán SRA maidir le réiteach banc atá dócmhainneach, agus maidir le bainc a bhfuil ceisteanna leachtachta acu.

    113. Mar chonclúid, molaim go ndiúltaíonn an Chúirt Bhreithiúnais don seachtú foras achomhairc.

    3.      An ceart chun maoine agus prionsabal na comhréireachta i scéim réitigh Banco Popular

    114. Ina ochtú foras achomhairc, áitíonn an t‑achomharcóir ar an gcéad dul síos gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart go dtoimhdítear dócmhainneacht le Rialachán SRA, agus dá bharr sin, gurb é an gnáthnós imeachta dócmhainneacha an t‑aon rogha mhalartach ar réiteach; ar an dara dul síos, go ndearna sí earráid lena cinneadh nach raibh an nós imeachta roimh an scéim réitigh éagórach agus é ag brath ar luacháil 2; agus ar an tríú dul síos, go ndearna sí earráid lena cinneadh go bhfuil an easpa cúiteamh cóir comhréireach.

    115. I ndáil leis an gcéad argóint, tá cuid de neamh-inghlactha, mar bheith ar neamhréir le hAirteagal 169(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní shonraítear léi an chuid den bhreithiúnas faoi achomharc inar chruthaigh an Chúirt Ghinearálta go mbraitheann Rialachán SRA ar thoimhde dócmhainneachta.

    116. Áitíonn an t‑achomharcóir freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le bainc dhócmhainneacha a chur i bhfeidhm ar chás Banco Popular. (86) Ar an gcaoi sin, le haghaidh na cúiseanna céanna arna leagan amach roimhe sin i ndáil leis an seachtú foras achomhairc, (87) ba cheart an argóint seo a dhiúltú.

    117. Tá na dara agus tríú hargóintí, ar dá réir a ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid toisc nár chinn sí go raibh an scéim réitigh éagórach mar bhraith sí ar luacháil 2 agus go raibh sí díréireach mar bhí cúiteamh cóir in easnamh uirthi, do-ghlactha mar ardaíodh iad den chéad uair ag an bpointe achomhairc. (88) Go sonrach, ní dhéileáltar le luacháil 2 ná le cúiteamh cóir leis na míreanna den bhreithiúnas faoi achomharc (89) a ndéanann an t‑achomharcóir tagairt dóibh. Go deimhin, níor dhéileáil an Chúirt Ghinearálta leis na hargóintí seo ag an gcéad chéim.

    118. Mar chonclúid, molaim go ndiúltaíonn an Chúirt Bhreithiúnais, a mhéid agus atá sé inghlactha, an t‑ochtú foras achomhairc.

    VI.    Conclúid

    119. I bhfianaise an mhéid sin thuas, molaim go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais an méid seo a leanas:

    –        an t‑achomharc a dhíbhe;

    –        a ordú don achomharcóir na costais a íoc.


    1      Bunteanga: an Béarla.


    2      Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1) (‘Rialachán SRA’).


    3      Cinneadh SRB/EES/2017/08 den Bhord Réitigh Aonair an 7 Meitheamh 2017 ina sheisiún feidhmiúcháin maidir le scéim réitigh a ghlacadh i ndáil le Banco Popular Español, S.A. (‘an scéim réitigh’). Rinneadh an scéim réitigh a fhormheas le Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español S.A. (IO 2017 L 178, lch. 15) (‘formheas an Choimisiúin’).


    4      Ag agóid i gcoinne Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022, Eleveté Invest Group agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA (T‑523/17, EU:T:2022:313) (‘an breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc’).


    5      Tá na maímh seo sa chéad fhoras achomhairc i gCás C‑535/22 P agus sa chéad fhoras achomhairc i gCás C‑541/22 P.


    6      Tá na maímh seo sa cheathrú, cúigiú agus séú foras achomhairc i gCás C‑535/22 P, agus sa chúigiú agus séú codanna den dara foras achomhairc i gCás C‑541/22 P.


    7      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 275 go 304.


    8      Breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 118 go 177.


    9      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 288; breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 130.


    10      Treorlínte den Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) an 6 Lúnasa 2015 maidir le léiriú na gcúinsí éagsúla ina measfar go bhfuil institiúid ag cliseadh nó ar dóigh di cliseadh faoi Airteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE (EBA/GL/2015/07).


    11      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 291, 292, 297 agus 298. Féach freisin, breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 118 go 145.


    12      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 286; an breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 132.


    13      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 166.


    14      ‘Ba cheart go mbunófaí an SRA faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 [ón gComhairle] [an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar tascanna aonaracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le maoirsiú stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63)] agus ar Threoir 2014/59/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190)]. Dá bhrí sin, ba cheart an Bord a chumhachtú chun idirghabháil a dhéanamh ag céim luath i gcás ina mbeidh staid airgeadais nó sócmhainneacht eintitis ag meathlú. Beidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Bord ó na húdaráis réitigh náisiúnta nó ó BCE ag an gcéim sin sár-riachtanach ó thaobh cinneadh ar an mbeart a d’fhéadfadh sé a dhéanamh d’fhonn réiteach an eintitis lena mbaineann a ullmhú.’


    15      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 175.


    16      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 167 go 168.


    17      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 173.


    18      Pléifidh mé an foras achomhairc a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh sa Tuairim chomhthreomhar, mar chuid den cheathrú foras achomhairc den achomharc comhthreomhar (pointí 63 go 87).


    19      Baineann an foras achomhairc seo leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 305 go 327.


    20      Baineann na líomhaintí seo leis an mbreithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 178 go 231.


    21      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 308.


    22      Ibid., mír 310.


    23      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 308; an breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 184.


    24      A mhalairt air sin, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta na doiciméid ar bhraith BRA orthu agus é a chinneadh nach féidir glacadh le haon rogha mhalartach ar réiteach (ELA breise arna cheadú, nár feabhsaigh an suíomh; agus an easpa ELA breise ó Bhanc na Spáinne). An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 314 agus 315.


    25      Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2010, an Coimisiún v Deutsche Post (C‑399/08 P, EU:C:2010:481, mír 63); breithiúnas an 29 Deireadh Fómhair 2015, an Coimisiún v ANKO (C‑78/14 P, EU:C:2015:732, mír 54).


    26      Breithiúnas an 10 Samhain 2022, an Coimisiún v Valencia Club de Fútbol (C‑211/20 P, EU:C:2022:862, mír 55).


    27      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 254.


    28      Tá na hearráidí seo arna líomhain le fáil sa bhreithiúnas faoi achomharc, míreanna 243 go 247, 254, agus 261.


    29      Is é, faoi fhoirm na bhfeidhmeanna tábhachtacha a chaomhnú, éifeachtaí díobhálacha don gheilleagar agus cobhsaíocht airgeadais a theorannú, chomh maith le cosc a chur ar chaillteanais de chuid creidiúnaithe. An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, mír 247.


    30      Breithiúnas an 19 Nollaig 2019, HK v an Coimisiún (C‑460/18 P, EU:C:2019:1119, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).


    31      Breithiúnas an 18 Eanáir 2024, Jenkinson v an Chomhairle agus páirtithe eile (C‑46/22 P, EU:C:2024:50, mír 131).


    32      Breithiúnas an 6 Samhain 2012, Éditions Odile Jacob v an Coimisiún (C‑551/10 P, EU:C:2012:681, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).


    33      Le haghaidh cur in iúl luachálacha éagsúla, féach pointí 16, 19 agus 23 den Tuairim chomhthreomhar.


    34      Baineann siad leis na méideanna a aimsíodh i luacháil 1 agus luacháil 2.


    35      Féach an cásdlí dá dtagraítear sna fonótaí 25 agus 26 thuas.


    36      Breithiúnas an 28 Eanáir 2021, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (C‑466/19 P, EU:C:2021:76, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).


    37      Mheas an luacháil sin, inter alia, gurbh ionann luach eacnamaíoch Banco Popular agus EUR 1.3 billiún sa chás is fearr, lúide EUR 8.2 billiún sa chás is measa agus lúide EUR 2 bhilliún don mheastachán is fearr.


    38      Féach an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 343. Le haghaidh míniúchán ar na difríochtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn as an dá mhodh, féach Macit, F., agus Topaloğlu, Z., ‘Why bank market value to book ratios are so different: evidence from Turkish banking sector’, Economic and Business Review, Iml. 14(2), 2012, lch. 169. Le haghaidh anailís ar na difríochtaí idir an dá mhodh de thomas fiachais, féach Bowman, R.G., ‘The Importance of a Market‑Value Measurement of Debt in Assessing Leverage’, Journal of Accounting Research, Iml. 18(1), 1980, lch. 242, go háirithe ag leathanaigh 245 go 246.


    39      Baineann siad le hargóintí a dhírítear i gcoinne BRA agus a shárú arna líomhain chun cúiseanna a lua i ndáil leis an scéim réitigh maidir leis an rogha de Deloitte mar mheastóir neamhspleách. Is athrá roinnt de na hargóintí sa chuid seo ar na hargóintí a ardaíodh i ndáil le hAirteagal 18 de Rialachán SRA, ar déileáladh leo thuas (cé gur bonn í géarchéim thromchúiseach leachtachta le haghaidh cinneadh go bhfuil banc FOLTF; cé go bhfuil ról ar bith ag BRA agus ELA á dheonú).


    40      Meastar go bhfuil sé sin do-ghlactha, tar éis bhreithiúnas an 28 Aibreán 2022 ón gCúirt Bhreithiúnais, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún (C‑666/19 P, EU:C:2022:323, míreanna 187 go 189). Ina theannta sin, ‘ní chomhlíonann achomharc nach bhfuil aon argóint ann atá dírithe ar earráid dlí lena líomhnaítear go bhfuil an breithiúnas nó an t‑ordú i dtrácht curtha ó bhail an cheanglais sin’. Breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2021, NRW. Bank v BRA (C‑662/19 P, EU:C:2021:846, mír 36).


    41      Faoi Airteagal 170(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadtar ábhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a athrú san achomharc. Féach freisin, breithiúnas an 1 Feabhra 2007, Sison v an Coimisiún (C‑266/05 P, EU:C:2007:75, mír 95).


    42      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 570 go 578.


    43      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 579 go 581. Breithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd-Údarás don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (9/56, EU:C:1958:7).


    44      Breithiúnas an 1 Meitheamh 2022, Algebris (an Ríocht Aontaithe) agus Anchorage Capital Group v an Coimisiún (T‑570/17, EU:T:2022:314).


    45      Ibid., mír 151.


    46      Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta in an Coimisiún v BRA (C‑551/22 P, EU:C:2023:846, pointí 123 go 128).


    47      Tagann an foirceadal ó bhreithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd Údarásdon Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach  (9/56, EU:C:1958:7). Le míniú ar an bhfoirceadal seo agus mo thuairimí maidir lena chur i bhfeidhm sa nós imeachta réitigh, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta in an Coimisiún v BRA (C‑551/22 P, EU:C:2023:846, pointí 75 go 97).


    48      Sa bhreithiúnas faoi achomharc, míreanna 356 go 402.


    49      Ibid., mír 723.


    50      Ibid., míreanna 356, 363 go 365.


    51      Ibid., míreanna 358 agus 359.


    52      An breithiúnas comhthreomhar atá faoi achomharc, míreanna 503 agus 504.


    53      Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).


    54      Bhraith an Chúirt Ghinearálta ar bhreithiúnas an 19 Meitheamh 2018, Baumeister (C‑15/16, EU:C:2018:464, míreanna 38 agus 39), sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 383 agus 384.


    55      Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO 2004 L 145, lch. 1).


    56      Cur i gcás d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ‘scairshealbhóirí a spreagadh i leith a n‑urrúis a dhíol ar na margaí agus aistarraingtí ollmhóra a thabhairt siar ó chuntais freisin, leis an éifeacht go ndéantar níos mó dochair do staid airgeadais an bhainc agus, mar sin de, éifeachtúlacht a bhaint ó ghníomhaíocht BRA agus feidhmiú an mhargaidh’. An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 373.


    57      Béim arna cur. An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 376 agus 377.


    58      Ar bhonn bhreithiúnas an 19 Meitheamh 2018, Baumeister (C‑15/16, EU:C:2018:464, míreanna 48 agus 49), sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, mír 390.


    59      A liostaítear i mír 95 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


    60      Seachas litir an 6 Meitheamh 2017 ón Banco Popular chuig an BCE, a cuireadh in iúl do na páirtithe. Bhunaigh an Chúirt Ghinearálta a cinneadh ar Airteagal 103 dá Rialacha Nós Imeachta. Féach an breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 380 agus 723.


    61      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 725 go 727.


    62      An dara foras achomhairc agus an chéad chuid den tríú foras achomhairc.


    63      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 520 go 569.


    64      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 669 go 697.


    65      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 545 go 552.


    66      Béim arna cur. Féach freisin, an breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 671 agus 672.


    67      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 486, 487, 673 agus 674. Rinne an Chúirt Ghinearálta athbhreithniú ar ráiteas na gcúiseanna freisin arna chlúdach sa scéim réitigh a thugann aghaidh ar chothromaíocht na suimeanna (míreanna 675 go 679).


    68      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 680 go 697.


    69      Féach pointe 10 den Tuairim chomhthreomhar.


    70      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 490 agus 491.


    71      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 688.


    72      Féach fonóta 41 thuas.


    73      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 689.


    74      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 691.


    75      Luaigh BRA ‘nach raibh sé cinnte go gcuirfí ar fáil leis an uirlis fortharrthála, arna beartú sa phlean sin, leigheas láithreach éifeachtúil do ghéarchéim leachtachta Banco Popular’. An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 691.


    76      Féach freisin, breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2020, BCE v Estate of Espírito SantaFinancial Group (C‑396/19 P, EU:C:2020:845, mír 24).


    77      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 150 go 219.


    78      Féach pointe 101 agus fonóta 77 thuas.


    79      Féach fonóta 41 thuas.


    80      An breithiúnas atá faoi achomharc, 159 agus 160.


    81      Déanann an Chúirt Ghinearálta tagairt, i míreanna 161 go 164 den bhreithiúnas faoi achomharc, don chorpas clúiteach cásdlí de chuid na Cúirte i ndiaidh na géarchéime: breithiúnais an 19 Iúil 2016, Kotnik agus páirtithe eile (C‑526/14, EU:C:2016:570); an 20 Meán Fómhair 2016, Ledra Advertising agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BCE (C‑8/15 P go C‑10/15 P, EU:C:2016:701); an 8 Samhain 2016, Dowling agus páirtithe eile (C‑41/15, EU:C:2016:836); agus an 25 Márta 2021, Balgarska Narodna Banka (C‑501/18, EU:C:2021:249).


    82      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 172 go 174.


    83      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 180 go 188.


    84      An breithiúnas atá faoi achomharc, mír 169.


    85      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 170, 171, 179 agus 180.


    86      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 198 go 208.


    87      Pointí 111 agus 112 thuas.


    88      Féach fonóta 41 thuas.


    89      An breithiúnas atá faoi achomharc, míreanna 466, 467, 474 go 476 agus 481.

    Top