EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CB0229
Case C-229/22: Order of the Court (Eighth Chamber) of 2 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Tribunalul Specializat Cluj — Romania) — NC v Compania Naţională de Transporturi Aeriene Tarom SA (Reference for a preliminary ruling — Article 99 of the Rules of Procedure of the Court of Justice — Air transport — Regulation (EC) No 261/2004 — Article 5(1)(c)(iii) — Compensation and assistance to passengers — Cancellation of a flight — Right to compensation in the case of an offer of re-routing — Conditions — Divergence between different language versions of a provision of EU law — Re-routing allowing passengers to depart no more than one hour before their scheduled time of departure)
Cás C-229/22: Ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) an 2 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Cluj – an Rómáin) – NC v Compania Naţională de Transporturi Aeriene Tarom SA (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 5(1)(c)(iii) – Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí – Eitilt a chur ar ceal – An ceart chun cúitimh i gcás tairiscint an athródaithe – Coinníollacha – Neamhréireacht idir na leaganacha teanga éagsúla d’fhoráil de dhlí an Aontais – Athródú a chuirfidh ar chumas paisinéirí imeacht níos luaithe ná uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe)

IO C 35, 30.1.2023, p. 21–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/21 |
Ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) an 2 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Cluj – an Rómáin) – NC v Compania Naţională de Transporturi Aeriene Tarom SA
(Cás C-229/22) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 5(1)(c)(iii) - Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí - Eitilt a chur ar ceal - An ceart chun cúitimh i gcás tairiscint an athródaithe - Coinníollacha - Neamhréireacht idir na leaganacha teanga éagsúla d’fhoráil de dhlí an Aontais - Athródú a chuirfidh ar chumas paisinéirí imeacht níos luaithe ná uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe)
(2023/C 35/24)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunalul Specializat Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: NC
Cosantóir: Compania Naţională de Transporturi Aeriene Tarom SA
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 5(1)(c)(iii) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
i gcás ina gcuirfear eitilt ar ceal, beidh ceart ag na paisinéirí lena mbaineann chun cúitimh a fháil ón aeriompróir oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin mura gcuirfear ar an eolas iad faoin gcealú sin níos lú ná seacht lá roimh an am imeachta sceidealaithe, agus má chuireann an t-aeriompróir sin athródú ar fáil dóibh a chuirfidh ar a gcumas imeacht níos luaithe ná uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe agus a gceann scríbe deiridh a bhaint amach níos lú ná dhá uair an chloig tar éis an am teachta sceidealaithe.
(1) Dáta an taiscthe: 29.03.2022.