EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0760

Cás C-760/22, FP agus páirtithe eile (Triail trí fhíschomhdháil): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 4 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne FP, QV, IN, YL, VD, JF, OL (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir (AE) 2016/343 – Ceart chun freastal ar an triail – An fhéidearthacht do chúisí páirt a ghlacadh in éisteachtaí a thrialach trí fhíschomhdháil)

IO C, C/2024/4932, 19.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4932/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4932/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4932

19.8.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 4 Iúil 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne FP, QV, IN, YL, VD, JF, OL

(Cás C-760/22  (1) , FP agus páirtithe eile (Triail trí fhíschomhdháil)]

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir (AE) 2016/343 - Ceart chun freastal ar an triail - An fhéidearthacht do chúisí páirt a ghlacadh in éisteachtaí a thrialach trí fhíschomhdháil)

(C/2024/4932)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

FP, QV, IN, YL, VD, JF, OL

páirtí eile sna himeachtaí: Sofiyska gradska prokuratura

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar chúisí, arna iarraidh sin aige, páirt a ghlacadh in éisteachtaí a thrialach trí fhíschomhdháil, agus an ceart chun triail chóir a fháil á áirithiú, thairis sin.


(1)   IO C 71, 27.02.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4932/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top