EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0492
Case C-492/22 PPU: Judgment of the Court (First Chamber) of 8 December 2022 (request for a preliminary ruling from the Rechtbank Amsterdam — Netherlands) — Execution of a European arrest warrant issued against CJ (Reference for a preliminary ruling — Urgent preliminary ruling procedure — Judicial cooperation in criminal matters — European arrest warrant — Framework Decision 2002/584/JHA — Article 6(2) — Determination of the competent judicial authorities — Decision to postpone surrender adopted by a body not having the status of executing judicial authority — Article 23 — Expiry of the time limits provided for surrender — Consequences — Article 12 and Article 24(1) — Keeping the requested person in detention for the purposes of criminal proceedings in the executing Member State — Articles 6, 47 and 48 of the Charter of Fundamental Rights of the European Union — Right of the accused person to appear in person at his trial)
Cás C-492/22 PPU: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam – an Ísiltír) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne CJ (Iarraidh ar réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála – Cinneadh Réime 2002/465/CGB – Airteagal 6(2) – Na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a chinneadh – Cinneadh tabhairt suas arna ghlacadh ag comhlacht nach bhfuil stádas an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh aige a chur ar athló – Airteagal 23 – Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas – Iarmhairtí – Airteagal 12 agus Airteagal 24(1) – An duine iarrtha a choinneáil, chun críche ionchúisimh choiriúil sa Bhallstát forghníomhaitheach – Airteagail 6, 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart an duine atá cúisithe teacht i láthair go pearsanta ag a thriail)
Cás C-492/22 PPU: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam – an Ísiltír) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne CJ (Iarraidh ar réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála – Cinneadh Réime 2002/465/CGB – Airteagal 6(2) – Na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a chinneadh – Cinneadh tabhairt suas arna ghlacadh ag comhlacht nach bhfuil stádas an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh aige a chur ar athló – Airteagal 23 – Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas – Iarmhairtí – Airteagal 12 agus Airteagal 24(1) – An duine iarrtha a choinneáil, chun críche ionchúisimh choiriúil sa Bhallstát forghníomhaitheach – Airteagail 6, 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart an duine atá cúisithe teacht i láthair go pearsanta ag a thriail)
IO C 35, 30.1.2023, p. 19–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/19 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam – an Ísiltír) – Forghníomhú barántais gabhála Eorpaigh arna eisiúint i gcoinne CJ
(Cás C-492/22 PPU) (1)
(Iarraidh ar réamhrialú - Nós imeachta práinne um réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Barántas gabhála - Cinneadh Réime 2002/465/CGB - Airteagal 6(2) - Na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a chinneadh - Cinneadh tabhairt suas arna ghlacadh ag comhlacht nach bhfuil stádas an údaráis bhreithiúnaigh fhorghníomhaithigh aige a chur ar athló - Airteagal 23 - Dul in éag na dteorainneacha ama le haghaidh tabhairt suas - Iarmhairtí - Airteagal 12 agus Airteagal 24(1) - An duine iarrtha a choinneáil, chun críche ionchúisimh choiriúil sa Bhallstát forghníomhaitheach - Airteagail 6, 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An ceart an duine atá cúisithe teacht i láthair go pearsanta ag a thriail)
(2023/C 35/21)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Amsterdam
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CJ
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir le hAirteagal 24(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: is ionann an cinneadh chun an tabhairt suas dá dtagraítear san fhoráil sin a chur siar agus cinneadh maidir le barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú nach mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach, faoi Airteagal 6(2) den Chinneadh Réime sin, a ghlacadh. I gcás nach ndearna an t-údarás sin cinneadh den sórt sin agus go bhfuil na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 23 (2) go (4) den Chinneadh Réime sin imithe in éag, ní mór an duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a scaoileadh saor, i gcomhréir le hAirteagal 23(5) den Chinneadh Réime sin. |
2) |
Maidir le hAirteagal 12 agus Airteagal 24(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: Ní chuirtear cosc le duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach, ar cuireadh a thabhairt suas d’údaráis an Bhallstáit eisiúna siar chun críche ionchúisimh choiriúil arna dtionscnamh ina choinne sa Bhallstát forghníomhaitheach, a bheith faoi choimeád ansin, ar bhonn an bharántais ghabhála Eorpaigh, fad atá na himeachtaí coiriúla i gceist á bpróiseáil. |
3) |
Maidir le hAirteagal 24(1) de Chinneadh Réime 2002/584, arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299, arna léamh i gcomhar leis an dara mír agus leis an tríú mír d’Airteagal 47(2) agus (3) agus 48(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc ar tabhairt suas duine is ábhar do bharántas gabhála Eorpach a chur siar, chun críche ionchúisimh choiriúil arna dtionscnamh ina choinne sa Bhallstát forghníomhaitheach, ar an bhforas amháin nár tharscaoil sé a cheart chun teacht i láthair go pearsanta os comhair na gcúirteanna ar tugadh na himeachtaí os a gcomhair i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin. |