EUR-Lex Ingång till EU-rätten

Tillbaka till EUR-Lex förstasida

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Dokument 62022CA0466

Cás C-466/22, V.B. Trade: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 29 Feabhra 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) – V.B. Trade OOD v Direktor na Direktsia « Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika » Veliko Tarnovo (Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach – Ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart – Rialachán (AE) Uimh. 9/10/2014 – Airteagal 25 – Sínithe leictreonacha – Éifeacht dlí agus luach fianaiseach in imeachtaí dlíthiúla – An coincheap maidir le ‘ríomhshíniú cáilithe’)

IO C, C/2024/2572, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2572/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2572/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2572

22.4.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 29 Feabhra 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Veliko Tarnovo – an Bhulgáir) – V.B. Trade OOD v Direktor na Direktsia «Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika» Veliko Tarnovo

(Cás C-466/22  (1) , V.B. Trade)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach - Ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart - Rialachán (AE) Uimh. 9/10/2014 - Airteagal 25 - Sínithe leictreonacha - Éifeacht dlí agus luach fianaiseach in imeachtaí dlíthiúla - An coincheap maidir le ‘ríomhshíniú cáilithe’)

(C/2024/2572)

Teanga an cháis: an Bhulgáir

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: V.B. Trade OOD

Cosantóir: Direktor na Direktsia «Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika» Veliko Tarnovo

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 25 de Rialachán Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaítear ar chúirteanna na mBallstát, má chomhlíontar ceanglais Airteagal 3, pointe 12 den Rialachán sin, a aithint go bhfuil luach fianaise ag an ríomhshíniú cáilithe atá coibhéiseach le luach an tsínithe lámhscríofa faoi chuimsiú an méid a sholáthraíonn an dlíchóras náisiúnta ábhartha don síniú lámhscríofa sin.


(1)   IO C 389, 10.10.2022


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2572/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Upp