Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0453

    Cás C-453/22, Schütte: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Münster an Ghearmáin) – Michael Schütte v Finanzamt Brilon (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Prionsabal na neodrachta CBL – Prionsabal na héifeachtachta – Ráta CBL ró-ard ar shonrasc ceannaigh – Aisíocaíocht na cánach ró-íoctha – Gníomh díreach in aghaidh na n-údarás cánach – Éifeacht an riosca go n-aisíocfar an CBL céanna faoi dhó)

    IO C, C/2023/201, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/201/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/201/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/201

    23.10.2023

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Münster an Ghearmáin) – Michael Schütte v Finanzamt Brilon

    (Cás C-453/22 (1), Schütte)

    (Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Prionsabal na neodrachta CBL - Prionsabal na héifeachtachta - Ráta CBL ró-ard ar shonrasc ceannaigh - Aisíocaíocht na cánach ró-íoctha - Gníomh díreach in aghaidh na n-údarás cánach - Éifeacht an riosca go n-aisíocfar an CBL céanna faoi dhó)

    (C/2023/201)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Finanzgericht Münster

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Michael Schütte

    Cosantóir: Finanzamt Brilon

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2010/45/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010, agus prionsabal na neodrachta maidir le cáin bhreisluacha (CBL) agus prionsabal na héifeachtachta,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

    ceanglaítear ar ghlacadóir soláthairtí earraí an ceart díreach a éileamh ó na húdaráis chánach aisíocaíocht CBL a sonrascadh go míchuí a íocadh lena sholáthraithe nó lena soláthraithe agus a d’íoc na soláthróirí sin leis an sparán poiblí, mar aon le hús gaolmhar, in imthosca inar féidir, ar dtús, an glacadóir sin a cháineadh mar gheall ar chalaois, mí-úsáid nó faillí ach nach féidir leis a éileamh go ndéanfar aisíocaíocht ó na soláthróirí sin mar gheall ar an tréimhse teorann dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus, ar an dara dul síos, go bhfuil féidearthacht nós imeachta ann go n-éileoidh na soláthraithe sin ina dhiaidh sin go n-aisíocfaí an cháin ró-íoctha ó na húdaráis chánach tar éis na sonraisc a eisíodh ar dtús chuig glacadóir na soláthairtí sin a choigeartú. Má mhainnítear aisíocaíocht CBL a ghearr na húdaráis chánach go míchuí laistigh de thréimhse réasúnach ama, ní mór an damáiste a rinneadh mar gheall ar neamh-infhaighteacht an mhéid arb ionann é agus CBL a gearradh go míchuí a chúiteamh trí ús mainneachtana a íoc.


    (1)   IO C 368, 26.9.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/201/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top