Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0442

    Cás C-442/22 Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie (Calaois ag fostaí): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 30 Eanáir 2024 (Iarraidh ar réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – P sp. z o.o. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie (Tarchur chun réamhrialú Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 203 – Oibleagáid íocaíochta – An duine a chuireann CBL ar shonrasc – Duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc – Bréagshonraisc arna n-eisiúint ag fostaí lena n-áirítear sonraí an fhostóra gan a fhios ná a thoiliú – Dícheall cuí an fhostóra)

    IO C, C/2024/1996, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1996/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1996/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1996

    18.3.2024

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 30 Eanáir 2024 (Iarraidh ar réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – P sp. z o.o. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie

    (Cás C-442/22 (1) Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie (Calaois ag fostaí))

    (Tarchur chun réamhrialú Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 203 - Oibleagáid íocaíochta - An duine a chuireann CBL ar shonrasc - Duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc - Bréagshonraisc arna n-eisiúint ag fostaí lena n-áirítear sonraí an fhostóra gan a fhios ná a thoiliú - Dícheall cuí an fhostóra)

    (C/2024/1996)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Naczelny Sąd Administracyjny

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: P sp. z o.o.

    Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Lublinie,

    Páirtí leasmhar: Rzecznik Małych i Średnich Przedsiębiorców,

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    a léiriú sa chaoi go gciallaíonn, i gcás inar eisigh fostaí de chuid duine inchánach chun críocha cánach breisluacha (CBL) sonrasc bréige a léiríonn CBL ag baint úsáide as aitheantas an fhostóra mar dhuine inchánach, gan fios nó toiliú an fhostóra sin, nach mór an fostaí sin a mheas mar an duine a chuireann CBL ar an sonrasc, de réir bhrí Airteagal 203, murar fheidhmigh an duine inchánach sin an dícheall cuí a cheanglaítear go réasúnach chun faireachán a dhéanamh ar iompar an fhostaí sin.


    (1)   IO C 380, 3.10.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1996/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top