Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0404

    Cás C-404/22, Ethnikos Organismos Pistopoiisis Prosonton & Epangelmatikou Prosanatolismou: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 6 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Dioikitiko Protodikeio Athinon – an Ghréig) – Ethnikos Organismos Pistopoiisis Prosonton & Epangelmatikou Prosanatolismou (Eoppep) v Elliniko Dimosio (Tarchur chun réamhrialú – Faisnéis agus comhairliúchán le fostaithe – Treoir 2002/14/CE – Raon feidhme – An coincheap ‘gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch’ – Duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh atá ag feidhmiú san earnáil phoiblí – Deireadh a chur le hoibrithe atá ceaptha i bpoist bhainistíochta – Easpa faisnéise agus comhairliúcháin roimh ré le hionadaithe na bhfostaithe)

    IO C 296, 21.8.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 296/11


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 6 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Dioikitiko Protodikeio Athinon – an Ghréig) – Ethnikos Organismos Pistopoiisis Prosonton & Epangelmatikou Prosanatolismou (Eoppep) v Elliniko Dimosio

    (Cás C-404/22 (1), Ethnikos Organismos Pistopoiisis Prosonton & Epangelmatikou Prosanatolismou)

    (Tarchur chun réamhrialú - Faisnéis agus comhairliúchán le fostaithe - Treoir 2002/14/CE - Raon feidhme - An coincheap ‘gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch’ - Duine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh atá ag feidhmiú san earnáil phoiblí - Deireadh a chur le hoibrithe atá ceaptha i bpoist bhainistíochta - Easpa faisnéise agus comhairliúcháin roimh ré le hionadaithe na bhfostaithe)

    (2023/C 296/12)

    Teanga an cháis: an Ghréigis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Dioikitiko Protodikeio Athinon

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Ethnikos Organismos Pistopoiisis Prosonton & Epangelmatikou Prosanatolismou (Eoppep)

    Cosantóir: Elliniko Dimosio

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Maidir le hAirteagal 2(a) de Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh leis an bhforáil sin do dhuine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh a ghníomhaíonn mar dhuine faoi rialú an dlí phoiblí agus a fheidhmíonn cumhachtaí poiblí i gcás ina bhforáiltear leis freisin, maidir le luach saothair, seirbhísí atá in iomaíocht leo siúd a sholáthraíonn oibreoirí margaidh.

    2.

    Maidir le hAirteagal 4(2)(b) de Threoir 2002/14,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    níl feidhm ag an oibleagáid maidir le faisnéis agus comhairliúchán a leagtar síos ann i gcás athrú poist do líon beag fostaithe a cheaptar ar bhonn eatramhach ar róil bhainistíochta, i gcás nach féidir leis an athrú sin difear a dhéanamh don staid, don struchtúr sin nó d’fhorbairt dhóchúil na fostaíochta laistigh den ghnóthas lena mbaineann, nó i gcás ina gcuirtear fostaíocht i mbaol níos ginearálta.


    (1)  IO C 359, 19.9.2022.


    Top