EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0358

Case C-358/22, Bolloré logistics: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Bolloré logistics SA v Direction interrégionale des douanes et droits indirects de Caen, Recette régionale des douanes et droits indirects de Caen, Bolloré Ports de Cherbourg SAS (Tarchur chun réamhrialú – Aontas Custaim – Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 – Cód Custam an Chomhphobail – Airteagal 195 – Airteagal 217(1) – Airteagal 221(1) – Comhtharaif Chustaim – Oibleagáidí ar ráthóir d’fhéichiúnaí fiach custaim – Nósanna imeachta maidir le a chur in iúl an fhiaigh – Dleacht a ghabhann leis an bhfiach sin nár cuireadh in iúl don fhéichiúnaí mar is cóir de réir an dlí – Cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fiach custaim iníoctha ag an ráthóir comhpháirteach agus leithleach)

IO C 164, 8.5.2023, p. 18–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/18


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Bolloré logistics SA v Direction interrégionale des douanes et droits indirects de Caen, Recette régionale des douanes et droits indirects de Caen, Bolloré Ports de Cherbourg SAS

(Case C-358/22, (1) Bolloré logistics)

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas Custaim - Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 - Cód Custam an Chomhphobail - Airteagal 195 - Airteagal 217(1) - Airteagal 221(1) - Comhtharaif Chustaim - Oibleagáidí ar ráthóir d’fhéichiúnaí fiach custaim - Nósanna imeachta maidir le a chur in iúl an fhiaigh - Dleacht a ghabhann leis an bhfiach sin nár cuireadh in iúl don fhéichiúnaí mar is cóir de réir an dlí - Cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fiach custaim iníoctha ag an ráthóir comhpháirteach agus leithleach)

(2023/C 164/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bolloré logistics SA

Cosantóirí: Direction interrégionale des douanes et droits indirects de Caen, Recette régionale des douanes et droits indirects de Caen, Bolloré Ports de Cherbourg SAS

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 195, Airteagal 217(1) agus Airteagal 221(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 648/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2005,

ní mór léiriú a dhéanamh orthu amhail nach féidir leis na húdaráis custaim íocaíocht ar fhiach custaim a éileamh ón ráthóir dá dtagraítear in Airteagal 195 más rud é nár cuireadh méid na dleachta in iúl don fhéichiúnaí mar is cóir de réir an dlí.


(1)  IO C 340, 5.9.2022.


Top