Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0331

    Cásanna Uamtha C-331/22 agus C-332/22, DG de la Función Pública, Generalitat de Catalunya agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarrataí ar réamhrialú ó Juzgado Contencioso-Administrativo no 17 de Barcelona – an Spáinn) – KT (C-331/22), HM, VD (C-332/22) v Dirección General de la Función Pública, adscrita al Departamento de la Presidencia de la Generalitat de Catalunya (C-331/22), Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya (C-332/22) (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích ag CES, UNICE agus CEEP – Conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe san earnáil phoiblí – Gníomhairí sealadacha – Clásal 5 – Bearta chun mí-úsáid conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe comhleantacha a chosc agus pionós a ghearradh ina leith)

    IO C, C/2024/4556, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4556/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4556/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4556

    29.7.2024

    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 13 Meitheamh 2024 (iarrataí ar réamhrialú ó Juzgado Contencioso-Administrativo no 17 de Barcelona – an Spáinn) – KT (C-331/22), HM, VD (C-332/22) v Dirección General de la Función Pública, adscrita al Departamento de la Presidencia de la Generalitat de Catalunya (C-331/22), Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya (C-332/22)

    (Cásanna Uamtha C-331/22  (1) agus C-332/22  (2) , DG de la Función Pública, Generalitat de Catalunya agus páirtithe eile)

    (Tarchur chun réamhrialú - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích ag CES, UNICE agus CEEP - Conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe san earnáil phoiblí - Gníomhairí sealadacha - Clásal 5 - Bearta chun mí-úsáid conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe comhleantacha a chosc agus pionós a ghearradh ina leith)

    (C/2024/4556)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Juzgado Contencioso-Administrativo no 17 de Barcelona

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: KT (C-331/22), HM, VD (C-332/22)

    Cosantóirí: Dirección General de la Función Pública, adscrita al Departamento de la Presidencia de la Generalitat de Catalunya (C-331/22), Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya (C-332/22)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le Clásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích an 18 Márta 1999 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích ag CES, UNICE agus CEEP,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina n-éiríonn mí-úsáid as conarthaí nó caidrimh fostaíochta téarma shocraithe comhleantacha san earnáil phoiblí i gcás nach gcomhlíonann an riarachán poiblí lena mbaineann na teorainneacha ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta chun an post ina bhfuil an t-oibrí sealadach lena mbaineann a líonadh, ós rud é, i gcás den sórt sin, nach gcumhdaíonn na conarthaí nó caidrimh fostaíochta téarma shocraithe comhleantacha sin riachtanais shealadacha, ach riachtanais bhuana agus mharthanacha an riaracháin sin.

    2)

    Maidir le Clásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích an 18 Márta 1999 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na comhréireachta agus an chúitimh iomláin as an damáiste a rinneadh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar chásdlí agus ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos mar bhearta chun pionós a ghearradh ar mhí-úsáid conarthaí nó caidrimh fostaíochta téarma shocraithe comhleantacha, faoi seach, an t-oibrí lena mbaineann a choinneáil go dtí go ndéanfaidh an riarachán fostaíochta na nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú agus a dhúnadh, chomh maith le nósanna imeachta den sórt sin agus cúiteamh airgeadais a íoc lena socraítear uasteorainn dhúbailte don oibrí sin nach n-éiríonn leis sna nósanna imeachta sin, i gcás nach bhfuil na bearta sin comhréireach nó éifeachtach agus athchomhairleach go leor chun lánéifeachtacht na rialacha arna nglacadh de bhun Chlásal 5 a áirithiú.

    3)

    Maidir le Clásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna tabhairt i gcrích an 18 Márta 1999 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    in éagmais bearta leordhóthanacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta chun cosc a chur, agus i gcás inarb iomchuí, pionós a ghearradh, de bhun Chlásal 5, ar mhí-úsáid a eascraíonn as úsáid a bhaint as conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma shocraithe comhleantacha, d’fhéadfadh tiontú na gconarthaí nó na gcaidreamh fostaíochta comhleantacha sin go conradh fostaíochta nó caidreamh tréimhse éiginnte a bheith ina bheart den sórt sin, a mhéid nach bhfuil léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta i gceist leis an tiontú sin.


    (1)   IO C 359, 19.9.2022.

    (2)   IO C 472, 12.12.2022.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4556/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top