Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CA0008

    Cás C-8/22, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Dídeanaí a rinne coir thromchúiseach): Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 6 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Bheilg) – XXX v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2011/95/AE – Caighdeáin maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú – Airteagal 14(4)(b) – Stádas dídeanaí a chúlghairm – Náisiúnach tríú tír arna chiontú i mbreithiúnas críochnaitheach i gcoir fhíortrhomchúiseach – An baol don phobal – Tástáil comhréireachta)

    IO C 296, 21.8.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 296/7


    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 6 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Bheilg) – XXX v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

    (Cás C-8/22 (1), Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Dídeanaí a rinne coir thromchúiseach))

    (Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2011/95/AE - Caighdeáin maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a dheonú - Airteagal 14(4)(b) - Stádas dídeanaí a chúlghairm - Náisiúnach tríú tír arna chiontú i mbreithiúnas críochnaitheach i gcoir fhíortrhomchúiseach - An baol don phobal - Tástáil comhréireachta)

    (2023/C 296/07)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Conseil d’État

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: XXX

    Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Maidir le hAirteagal 14(4)(b) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    nach féidir a mheas gur ann do bhaol do chomhphobal an Bhallstáit ina bhfuil an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i láthair, agus ar an ábhar sin amháin, gur ciontaíodh é nó í i mbreithiúnas críochnaitheach i gcoir fhíorthromchúiseach.

    2.

    Maidir le hAirteagal 14(4)(b) de Threoir 2011/95,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    go bhfuil cur i bhfeidhm na forála sin faoi réir an údaráis inniúil lena suitear gur fíor, láithreach agus tromchúiseach go leor atá sa bhagairt a dhéanann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar cheann de leasanna bunúsacha shochaí an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí agus gur beart atá comhréireach leis an mbagairt sin atá i gcúlghairm an stádais dídeanaí.


    (1)  IO C 148, 4.4.2022.


    Top