Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0692

    Cás T-692/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2022 – AL v an Coimisiún (Seirbhís Shibhialta – Imscrúdú OLAF – Gníomhartha OLAF – Aitheantas an chosantóra – Níl aon ghníomh a dhéanfadh dochar ann – Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta – Do-ghlacthacht)

    IO C 71, 27.2.2023, p. 30–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 71/30


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2022 – AL v an Coimisiún

    (Cás T-692/21) (1)

    (Seirbhís Shibhialta - Imscrúdú OLAF - Gníomhartha OLAF - Aitheantas an chosantóra - Níl aon ghníomh a dhéanfadh dochar ann - Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta - Do-ghlacthacht)

    (2023/C 71/40)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Páirtithe: AL (ionadaí: R. Rata, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr, J. Baquero Cruz agus A.-C. Simon, Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir, go ndéanfar gníomhartha éagsúla de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a neamhniú ar dtús, ar gníomhartha iad a glacadh i gcomhthéacs imscrúdú a bhaineann leis agus lenar dhiúltaigh OLAF, inter alia, do dhá ghearán a chuir sé isteach i gcoinne na tuarascála deiridh agus na moltaí a rinneadh san imscrúdú sin agus, ar an dara dul síos, nóta ón gCoimisiún Eorpach an 3 Márta 2021 inar chuir an Coimisiún in iúl dó go raibh sé ar intinn aige liúntais áirithe a íocadh leis a aisghabháil, ar an tríú dul síos, cinneadh an 22 Márta 2021 ón gCoimisiún lenar chinn sé na liúntais sin a aisghabháil, ar an gceathrú dul síos, nóta inmheánach ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 22 Eanáir 2021 lena moltar imeachtaí araíonachta a thionscnamh ina choinne agus, den pháirt eile, cúiteamh as an damáiste do mhaoin agus neamhábhartha a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar shuimeanna éagsúla a aisghabháil óna thuarastal in 2021 agus mar thoradh ar iompar imscrúdú OLAF ina choinne a líomhnaítear go neamhdhleathach agus na hiarmhairtí a bhain leis.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2)

    Ní gá rialú a dhéanamh ar an iarratas ar idiragairt ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

    3)

    Ordaítear do AL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

    4)

    Ordaítear don Chomhairle a costais féin maidir leis an iarratas ar idiragairt a íoc.


    (1)  IO C 37, 24.1.2022.


    Top