Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0749

    Cás T-749/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Gerhard Grund Gerüste v EUIPO – Josef-Grund-Gerüstbau (Josef Grund Gerüstbau) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Josef Grund Gerüstbau – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe grund – Foras coibhneasta neamhbhailíochta – Ní dócha go mbeidh mearbhall ann – Níl ann d’aon chosúlacht idir na comharthaí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    IO C 189, 30.5.2023, p. 29–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/29


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – Gerhard Grund Gerüste v EUIPO – Josef-Grund-Gerüstbau (Josef Grund Gerüstbau)

    (Cás T-749/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Josef Grund Gerüstbau - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe grund - Foras coibhneasta neamhbhailíochta - Ní dócha go mbeidh mearbhall ann - Níl ann d’aon chosúlacht idir na comharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2023/C 189/37)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Gerhard Grund Gerüste e.K. (Kamp-Lintfort, an Ghearmáin) (ionadaí P. Lee, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, i gcáil Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Josef-Grund-Gerüstbau GmbH (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Staupendahl, Dlíodóir)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Meán Fómhair 2021 (Cás R 1925/2020-1) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do Gerhard Grund Gerüste e. K na costais a íoc.


    (1)  IO C 37, 24.1.2022.


    Top