Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0628

Cás T-628/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – Tequila Revolución v EUIPO – Horizons Group (London) (Revolution Vodka) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Revolution Vodka – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin TEQUILA REVOLUCIÓN – Forais choibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa fíorúsáide – Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001)

IO C 303, 8.8.2022, p. 44–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 303/44


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Meitheamh 2022 – Tequila Revolución v EUIPO – Horizons Group (London) (Revolution Vodka)

(Cás T-628/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Revolution Vodka - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin TEQUILA REVOLUCIÓN - Forais choibhneasta le diúltú - Airteagal 8(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa fíorúsáide - Airteagal 47(2) de Rialachán 2017/1001)

(2022/C 303/55)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Tequila Revolución S.A.P.I. De C.V. (Meicsiceo, Meicsiceo) (ionadaí: M. Pomares Caballero, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Pétrequin agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Horizons Group (London) Ltd (Reading, an Ríocht Aontaithe)

Maidir le:

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an chúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Iúil 2021 (R 2266/2020-5) a chur ar neamhní agus a athrú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Tequila Revolución S.A.P.I. De C.V. na costais a íoc.


(1)  IO C 490, 6.12.2021.


Top