This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0538
Case T-538/21: Judgment of the General Court of 8 February 2023 –PBL and WA v Commission (State aid — Aid to a professional football club — Refusal to register a complaint lodged by one of the members of a football club — Status of interested party)
Cás T-538/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún (Státchabhair – Cabhair do chlub sacair – Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair – Stádas páirtí leasmhar)
Cás T-538/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún (Státchabhair – Cabhair do chlub sacair – Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair – Stádas páirtí leasmhar)
IO C 112, 27.3.2023, p. 32–32
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún
(Cás T-538/21) (1)
(Státchabhair - Cabhair do chlub sacair - Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair - Stádas páirtí leasmhar)
(2023/C 112/40)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) (Bron, An Fhrainc) agus WA (ionadaí: J. Branco, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky agus G. Braga da Cruz, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann na hiarratasóirí go gcuirfí, de pháirt, cinneadh an Choimisiúin COMP/C.4/AH/mdr 2021(092342) an 1 Meán Fómhair 2021 maidir le stádas gearáin faoi chúnamh Stáit líomhnaithe a deonaíodh do chlub sacair Paris Saint-Germain (SA.64489) ar neamhní agus, den pháirt eile, go nglacfaí le roinnt orduithe a seoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) agus WA na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha. |