Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0460

    Cás T-460/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2022 – MCO (IP) v EUIPO – C8 (C2 CYPRUS CASINOS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh C2 CYPRUS CASINOS – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe C8 – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Idirspleáchas fachtóirí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua)

    IO C 472, 12.12.2022, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    12.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 472/36


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Deireadh Fómhair 2022 – MCO (IP) v EUIPO – C8 (C2 CYPRUS CASINOS)

    (Cás T-460/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh C2 CYPRUS CASINOS - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe C8 - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Idirspleáchas fachtóirí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Oibleagáid cúiseanna a lua)

    (2022/C 472/41)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: MCO (IP) Holdings Ltd (Tortola, Oileáin Bhriotanacha na Maighean) (ionadaí: A. Roughton, Barrister)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Hamel agus D. Hanf, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: C8 (Issy-les-Moulineaux, an Fhrainc) (ionadaithe: M. Georges-Picot agus C. Cuny, Dlíodóirí)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Bealtaine 2021 (Cás R 908/2020-2) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Déantar an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Bealtaine 2021 (Cás R 908/2020-2) a neamhniú a mhéid a bhaineann le seirbhísí nach bhfuil ach méid beag cosúlachta cinnte ina leith;

    2.

    Déantar an chuid eile den chaingean a dhíbhe;

    3.

    Ordaítear do MCO (IP) Holdings Ltd, EUIPO agus do C8 a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 412, 11.10.2021.


    Top