Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0298

    Cás T-298/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA) [Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA – Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001]

    IO C 257, 4.7.2022, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 257, 4.7.2022, p. 29–29 (GA)

    4.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 257/29


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Bealtaine 2022 – Bodegas Beronia v EUIPO – Bodegas Carlos Serres (ALEGRA DE BERONIA)

    (Cás T-298/21) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ALEGRA DE BERONIA - Focalmharc náisiúnta níos luaithe ALEGRO - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

    (2022/C 257/43)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Bodegas Beronia, SA (Ollauri, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Bodegas Carlos Serres, SL (Haro, an Spáinn) (ionadaithe: F. Pérez Álvarez agus J. Pérez Itarte, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Caingean arna tabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Márta 2021 (Cás R 2013/2020-1), maidir le himeachtaí freasúra idir Bodegas Carlos Serres agus Bodegas Beronia.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Márta 2021, (Cás R 2013/2020-1) ar neamhní.

    2)

    Ordaítear do EUIPO a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, SA, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

    3)

    Ordaítear do Bodegas Carlos Serres, SL a chostais féin chomh maith le leath na gcostas arna dtabhú ag Bodegas Beronia, lena n-áirítear leath na gcostas riachtanach arna dtabhú acu chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.


    (1)  IO C 278, 12.7.2021.


    Top