Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0243

    Cás T-243/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 – Pshonka v an Comhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Úcráin – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur ghlac údarás tríú Stát cinneadh de réir chearta na cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)

    IO C 71, 27.2.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 71/20


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Nollaig 2022 – Pshonka v an Comhairle

    (Cás T-243/21) (1)

    (Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Úcráin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur ghlac údarás tríú Stát cinneadh de réir chearta na cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)

    (2023/C 71/25)

    Teanga an cháis: an tSeicis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Viktor Pavlovych Pshonka (Cív, an Úcráin) (ionadaí: M. Mleziva, Dlíodóir)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Vobořil, R. Pekař agus S. Van Overmeire, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle, an 4 Márta 2021, lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Úcráin (IO 2021, L 77, lch. 29), chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Úcráin (IO 2021, L 77, lch. 2), a mhéid a ndéantar ainm an iarratasóra a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintitis, agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha sin maidir leo.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle, an 4 Márta 2021, lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Úcráin, chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, a neamhniú, a mhéid a ndéantar ainm Viktor Pavlovych Pshonka a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintitis, agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha sin maidir leo.

    2)

    Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.


    (1)  IO C 263, 5.7.2021.


    Top