This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0223
Case T-223/21: Judgment of the General Court of 5 July 2023 — SE v Commission (Civil service — Members of the temporary staff — Recruitment — Contract of employment — Article 2(b) of the CEOS — Rejection of an application — Promotion — Reclassification — New contract — Expiry of the contract — Article 8, second paragraph, and Article 10(3) of the CEOS — Error of law — Equal treatment — Action for annulment — Admissibility)
Cás T-223/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Iúil 2023 – SE v an Coimisiún Eorpach (Státseirbhís – Foireann shealadach – Earcaíocht – Conradh fostaíochta – Airteagal 2(b) de CFSE – Diúltú d’iarratas – Ardú céime – Athaicmiú – Conradh nua – Conradh in éag – Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(3) CFSE – Earráid dlí – Cóir chomhionann – Caingean le haghaidh neamhniú – Inghlacthacht)
Cás T-223/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Iúil 2023 – SE v an Coimisiún Eorpach (Státseirbhís – Foireann shealadach – Earcaíocht – Conradh fostaíochta – Airteagal 2(b) de CFSE – Diúltú d’iarratas – Ardú céime – Athaicmiú – Conradh nua – Conradh in éag – Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(3) CFSE – Earráid dlí – Cóir chomhionann – Caingean le haghaidh neamhniú – Inghlacthacht)
IO C 296, 21.8.2023, p. 29–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 296/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Iúil 2023 – SE v an Coimisiún Eorpach
(Cás T-223/21) (1)
(Státseirbhís - Foireann shealadach - Earcaíocht - Conradh fostaíochta - Airteagal 2(b) de CFSE - Diúltú d’iarratas - Ardú céime - Athaicmiú - Conradh nua - Conradh in éag - Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(3) CFSE - Earráid dlí - Cóir chomhionann - Caingean le haghaidh neamhniú - Inghlacthacht)
(2023/C 296/31)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SE (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Bohr, L. Vernier agus I. Melo Sampaio, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 4 Lúnasa 2020 lena ndiúltaítear dá iarratas ar an bhfolúntas a foilsíodh faoin tagairt COM/2020/1474 agus freagra an 28 Deireadh Fómhair 2020 ar a iarraidh faoi Airteagal 90(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhaineann lena incháilitheacht le hardú céime, le hathaicmiú nó le sannadh go post eile, a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an díobháil a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige de thoradh na gcinntí sin.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 4 Lúnasa 2020 lena ndiúltaítear d’iarratas SE ar an bhfolúntas a foilsíodh faoi thagairt COM/2020/1474 a chur ar neamhní. |
2. |
Ordaítear don Choimisiún suim EUR 10 000 a íoc le SE mar chúiteamh ar an damáiste ábhartha a bhain dó. |
3. |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
4. |
Ordaítear don Choimisiún na costais a íoc. |