Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0175

Cás T-175/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – RH v an Coimisiún (Ionstraim um chúnamh réamhaontachais – An Rialachán Airgeadais – Imscrúdú de chuid OLAF – Cinneadh ón gCoimisiún lena ngearrtar pionóis riaracháin – Eisiamh ó imeachtaí dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais agus CEF – Clárú i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiata – Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dliteanas neamhchonarthach – Sárú atá sách tromchúiseach ar riail dlí lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair)

IO C 134, 17.4.2023, p. 9–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/9


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – RH v an Coimisiún

(Cás T-175/21) (1)

(Ionstraim um chúnamh réamhaontachais - An Rialachán Airgeadais - Imscrúdú de chuid OLAF - Cinneadh ón gCoimisiún lena ngearrtar pionóis riaracháin - Eisiamh ó imeachtaí dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais arna maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais agus CEF - Clárú i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiata - Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Dliteanas neamhchonarthach - Sárú atá sách tromchúiseach ar riail dlí lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair)

(2023/C 134/11)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: RH (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.Estrada de Solà, P. Rossi agus R. Pethke, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Feabhra 2021 lena n-eisiatar í ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais mar chuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus den 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta mar aon le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí i gcomhthéacs Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus in nósanna imeachta maidir le páirt a ghlacadh in imeachtaí dámhachtana cistí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1877 agus, sa dara háit, ar bhonn Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a bhain di mar thoradh air sin.

An chuid oibríochtúil

(1)

Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Feabhra 2021 lena n-eisiatar RH ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana conarthaí poiblí agus deontais mar chuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus den aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag mar aon le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí i gcomhthéacs Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i nósanna imeachta maidir le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana cistí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1877;

(2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean;

(3)

Íocfaidh gach páirtí as a chostais féin.


(1)  IO C 206, 31.5.2021.


Top