Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0164

    Cás T-164/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – QM v Europol (Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Gan conradh ar théarma seasta a athnuachan ar feadh tréimhse éiginnte – Leas na seirbhíse – Earráid dlí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Ceart éisteachta – Prionsabal an dea-riaracháin – Dualgas cúraim)

    IO C 15, 16.1.2023, p. 37–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 15/37


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – QM v Europol

    (Cás T-164/21) (1)

    (Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Gan conradh ar théarma seasta a athnuachan ar feadh tréimhse éiginnte - Leas na seirbhíse - Earráid dlí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Ceart éisteachta - Prionsabal an dea-riaracháin - Dualgas cúraim)

    (2023/C 15/48)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: QM (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

    Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (ionadaithe: A. Nunzi, O. Sajin agus C. Falmagne, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron agus D. Waelbroeck, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) an 27 Bealtaine 2020 gan a chonradh fostaíochta a shíneadh ar feadh tréimhse éiginnte a chur ar neamhní agus, a mhéid is gá, cinneadh an 18 Nollaig 2020 lena ndiúltaítear dá ghearán a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean;

    2)

    Ordaítear do QM na costais a íoc.


    (1)  IO C 189, 17.5.2021.


    Top