EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0033

Cás T-33/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Eanair 2023 – an Rómáin v an Coimisiún (CERT agus CETFT – Caiteachas arna eisiamh ó mhaoiniú – Caiteachas arna dtabhú ag an Rómáin – Clár forbartha tuaithe náisiúnta 2007-2013 – Modhanna rátaí tacaíochta a ríomh faoi fhobheart “1a” de bheart 215 – Íocaíochtaí i leith leasa “muca lena ramhrú” agus “céiseanna” – Méadú 10 % ar a laghad ar an spás atá ar fáil ag gach ainmhí – Oibleagáid cúiseanna a lua – Ionchais dhlisteanacha – Deimhneacht dhlíthiúil – Aicmiú dlíthiúil na bhfíoras – Airteagal 12(6) agus (7) de Rialachán Tairmligthe (AE) Uimh. 907/2014 – Treoirlínte maidir le ceartuithe airgeadais a ríomh i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le himréiteach comhréireachta agus cuntas)

IO C 83, 6.3.2023, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 83/18


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Eanair 2023 – an Rómáin v an Coimisiún

(Cás T-33/21) (1)

(CERT agus CETFT - Caiteachas arna eisiamh ó mhaoiniú - Caiteachas arna dtabhú ag an Rómáin - Clár forbartha tuaithe náisiúnta 2007-2013 - Modhanna rátaí tacaíochta a ríomh faoi fhobheart “1a” de bheart 215 - Íocaíochtaí i leith leasa “muca lena ramhrú” agus “céiseanna” - Méadú 10 % ar a laghad ar an spás atá ar fáil ag gach ainmhí - Oibleagáid cúiseanna a lua - Ionchais dhlisteanacha - Deimhneacht dhlíthiúil - Aicmiú dlíthiúil na bhfíoras - Airteagal 12(6) agus (7) de Rialachán Tairmligthe (AE) Uimh. 907/2014 - Treoirlínte maidir le ceartuithe airgeadais a ríomh i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le himréiteach comhréireachta agus cuntas)

(2023/C 83/21)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: an Rómáin (ionadaithe: E. Gane agus L.-E. Baţagoi, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina, A. Biolan agus M. Kaduczak, Gníomhairí)

Maidir le:

Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an Rómáin go ndéanfar Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1734 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021 lena n-eisítear ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2020 L 390, lch. 10) a neamhniú, sa mhéid a ndéantar leis an gcinneadh sin caiteachas áirithe arna thabhú ag an Rómáin do na blianta airgeadais 2017 go dtí 2019 arb ionann é agus EUR 18 717 475,08.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1734 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021 lena n-eisítear ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar neamhní, sa mhéid a ndéantar caiteachas áirithe arna thabhú ag an Rómáin faoi CETFT do na blianta airgeadais 2017 go dtí 2019 a eisiamh arb ionann é agus EUR 18 717 475,08.

2.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.


(1)  IO C 163, 3.5.2021.


Top